Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Croiceann agus a Luach

Title
An Croiceann agus a Luach
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CROICEANN AGUS A LUACH



Ba cheart daoibh a bheith tuirseach anois, a léightheóirí
an Chlaidhimh ó bheith ag léightheóireacht cúntais an chogaidh
ghránda so atá ins an Aifric theas, agus sgéal fiannuigh-
eachta. Ar an adhbhar sin 'neosfad sgéilín fíor daoibh
do airigheas ó sheanduine a bhí ag sgoruidheacht 'nar
dtigh-ne an oidhche fá dheireadh. Bhídheamar bailighthe
tímcheall na teineadh agus ghlaoidheas ar an seanduine
sgéal fiannuigheachta d'innsint. Dubhairt sé ná raibh
aon sgéal fiannuigheachta aige acht go neósfadh sé
sgéal fíor da mbhadh mhaith liom é. “Táim sásta,”
arsa mise. Do shocruigh sé é féin 'na chathaoir d'fheuch
suas ar an clabhra agus do thosnuigh mar leanas.



“Timcheall dá fhichid bliadhan ó shin” ar seisean
“thárla go raibh tinneas trom ar mo mháthair agus b'éigin
duinn fios do chur ar an dochtúir. B'é cómhairle an
dochtúra, mar is gnáthach, oileamhaint mhaith a thabhairt di.



Fuaramar mairtfheoil agus caoirfheoil agus do rinneadar
an t-anbhruith ba mhilse a bhláis duine riamh acht ní raibh
aon mhaith dhuinn ann. Ní ólfadh sí é, ná ní íosfadh sí an
fheóil. Ní raibh fios annsain againn cád do dhéanfa-
mhaois, acht fa dheireadh dubhairt sí go n-ólfadh sí anbhruith
coinín dá mbeadh sí aici.



Maidin an Domhnaigh a bhí chughainn agus mé ag dul go
dtí an t-aifreann do casadh orm buachaill dar bh'ainm
Tadhg Mac Suibhne. Fiagaidhe do b'eadh Tadhg agus
d'iarras air coinín d'fhágháil dom.



“Táim ag dul ag fiadhach indiu agus má gheobhad coinín
tabharfad duit í,” ar seisean, ag gáirí “ar aon raol
amháin.” “Tar go dtí an comhlán shuas ag an crois ins
an tráthnóna agus beidheadh ann.” Annsain do sgaramar.



Anois, ní raibh ins na seacht bparóistibh fear ní ba
mhagamhla na Tadhg agus cheapas gur breágh an rud bob
bheag do bhualadh air.



Tar éis teacht abhaile dom ó'n aifreann, fuaras
plaitín luaidhe a's do ghearras as do ghreanas le sgian
é go raibh sé cómh cruinn sin go dtabharfá an leabhar
gur raol a bhí ann.



Ins an tráthnóna chuadhas go dtí an cómhlán agus taréis


L. 676


beagáinín aimsire tháinig mo Thadhg agus coinín breágh
aige. Tháinig sé aníos chugham agus dubhairt, “Tabhair
annso dhom mo raol.”



“Ní thabharfad” arsa mise “gan an coinín d'fhagháil
ar dtús.”



“Ach eiriú” ar seisean “nách é an droch iontaoibh
atá agat asam. Ba dhóigh le duine gurab púnt atá
agat ag tabhairt dom, acht sínse chugham an raol agus
tabharfad duit an coinín agus sé mo thuairim go bhfuil tú
ceapaithe ruitheadh leis an gcoinín agus an croiceann agus a
luach a bheith agat.”



Annsain do shín sé an coinín chugham agus do thugas mo
raol breágh dó agus is é ghlac go fonnmhar é.



D'imthigheas abhaile go háthasach agus fuaras sgian cumh
an chroicinn do bhaint di acht nuair do ghearras í cád
do thuit amach cugham acht feur tirim. Níor fhág mo
Thadg macánta agam acht croiceann.



Nuair d'innseas dom' mháthair é mheasas go dtuit-
feadh an tanam aisti le tríthíbh gáirí, fuair sí an oiread
sin pléisúra ins an bob do buaileadh orm agus ins an
cleas eile do bhuaileas-sa ar Thadhg, acht in ionad sin
b'é lár a leasa é.



Lá ar na bháireach bhí sí 'na suidhe, agus geallaim duit
ná raibh aon easbaidh goile uirri chum aon saghas
anbhruithe, ná chum aon saghais feóla acht cómh beag.



Cúchulainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services