Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Do bhailigh feisirí Shasana i gceann a chéile an
tseachtmhain seo ghabh thart i gcómhair airgid do thoili-
ughadh le haghaidh an chogaidh. Teasduigheann sé milliúin
déag uatha an cor so, agus ní fhuil Seaghán ró-shocair 'na
aigne i dtaobh an cosduis sin, acht caithfir-se agus
caithfeadh-sa ár gcuid do dhíol de gibé olc maith linn
é. Is uathbhásach an roinnt airgid an méid sin, acht
deir Seaghán go gcaithfidh sé dul ar aghaidh. Tá náire
shaoghalta tabhartha ag na Bóraigh dhó, acht ba chuma leis
'na thaobh sain muna mbiadh go bhfuil sé creachda 'na
theannta sain. Tá ball seirce Sheagháin 'na phóca.
Ní chuireann sé sium i gcómhrádh daoine, 'ná na ndroch-
mheas air má leigid siad dó a sparán do líonadh.
Dubhairt a lán daoine go raibh Ártúr Balfour ar tí
geallamhaint do thabhairt uaidh ná dóighfídhe a thuilleadh
tighthe ins an Afric, acht i n-ionad bheith ag tabhairt
milleáin do Roberts agus d'á dhóighteóirí is amhlaidh do
bhí Ártúr ag gabháil a leathsgéil agus 'gá moladh i dtaobh
bheith chómh bog leis na Bórachaibh. Nách mór na hama-
dáin daoine gur dóich leó gur atharruigh méin na
Sasanach so. Táid siúd mar do bhíodar riamh, go mín,
mánla, fá mar do bhídís aimsir Elíse i nÉirinn. Do
theasbáin agus do nochtuigh na feisirí eile geal a súl faid
do bhí Ártúr ag caint, agus do mhachtnaidh gach duine aca
ar a deagh mhéin agus a mhacántacht féin.



Ní chreidim pioc de'n ráfla so atá amuich gur éaluigh
Roberts as Phretoria i lár na hoidhche agus ná'r leig sé
gíog as go raibh sé thíos ins an Natál abhfad ós na
Bóracha. Is fíor nár chualamar cionnus d'fhág sé an
áit úd 'ná an raibh a chuid éadaigh féin air, acht tá sé
deagh chainteach go leór ó shoin agus is beag an brígh tá
leis an urlabhra. Cloisim go rabhthas ag cómhrac le
Bhilgeóin cois Phretoria ar feadh trí lá acht ní fhuil
slígh againn le trácht thairis. Bhí buidhean ó'n Mumhan ann
agus cuireadh ar tosach iad mar ba gnáthach. Rinneadar
dhá iarracht chruadha ar na Bóraigh do thiomáint as
claiseacha ar taobh cnocáin acht briseadh ar na Muimhnigh
bhochta gach uair. Má fhilleann aon aca ar nais agus cos
adhmaid air, caithfeam mias phraisge do thabhairt dó i
dtigh na mbocht. Chuirfeadh mná Lúnduin an gadhar
leis o n-a ndorus siúd agus gur chaill sé cos nó lámh ag
déanadh saidhbhris dóibh ins an Transbhaal. Ní mheasaim
go bhfillfidh mórán aca abhaile. Goil a bhean Mhuimhnigh
i ndiaidh do leinbh, beidh síoda ar mhnáibh Shasana as a
chuid saothair. Is iomdha gníomh gaisge atá ag na
Bóraigh 'gá dhéanadh. Do loisg Delare trí fichid
trucaill lóin ar Sheaghán. Bhí builg fholamha ag na
saighdiúirí bochta bhí ag feitheamh leis an mbiadh sin.
Acht is é De Bhet atá ag déanadh an ghnímh. Tá sé ag
cómhrac le seachtmhain ag iarraidh briseadh ó dheas go
Tír na Rinne go ceanntar Sheagháin, agus tá trí fichid míle
fear ag iarraidh é chongbháil amach as an áit úd. Deir
gach duine go mbéarfar air an cor so. Tá dhá abha
dhoimhin leathan roimis ar a shlighe agus gunnaí móra na
Sasanach ar gach áth ionnta agus na sluaighte líonmhara dia
thiar agus ar gach taobh de. Má tá sé i gcumas aon fhir
gabháil ar fhiche fear is é an taon amháin sin ar druim
an domhain De Bhet.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services