An Demostuine Gaedhealach - II
Thuiteamar anuas ins an saoghal ó'n Náisiún ba
dhuineamhla agus ba thréine fá'n ngréin - ó'n tír ba fhogh-
lumtha san domhan go dtí an dúthaigh is lugha oideachas
as thalamh na cruinne. A Thighearna Dia, nach ait na
daoine sinn agus tá cuid againn 'na dhiaidh sin cheapas,
mheasas agus shíleas go bhfuil siad 'na bhfearaibh maithe,
'na bhfearaibh agus 'na mnáibh misneamhala tír-ghrádhacha,
agus gan puinn de Sheanachas na hÉireann 'na gceannaibh
ná an oiread is "céad fáilte romhat" na bpliuc.
Mo ghreinn chroidhe iad spriosáin na huaire seo. Is
beag an dochar dóibh náire bheith orra agus dheamhan pioc
de tá ar chuid mhaith aca.
Acht a dhaoine mo chroidhe, do chailleamar rud ní
b'fhearr, agus i bhfad ní budh mheasa ná na nidhthe seo go
léir, dá fheabhas iad, agus dá ghéireacht atá siad ag teas-
táil uainn. 'S í sin an MHEABHAIR CHINN agus aige-
antacht bhí ag na sean daoinibh; agus bhí an mheabhair chinn
agus an aigeantacht a meathadh agus a meathadh mar an duil-
leabhair ar na crannaibh do réir mar bhí an teanga ag
imtheacht uainn. Sgaoilimíd uainn an teanga 'na raibh
brígh agus spreach, an teanga 'na raibh céol agus filidheacht agus
críostamhlacht ar son an chosamair bhréin sin go
dtugtar Béarla air, atá go díreach glan ar nós ime
an bhráthar nach bhfuil ceirt ná giobal ná tuinte do na
seacht n-éadaighibh nach bhfuil ceirt de fuaidhte ann -
teanga gan smaoineamh gan tuisgint, agus teanga tá chomh
seasg i dtaobh smaointeacht agus críostamhaileacht is tá
leomhain ocrach na coille do choinsias, nó pocaide
gabhair do bhainne i n-aimsir na riabhaighe.
Do réir mar thugamar suas 'ar dteanga nádúra
féin agus mar bhíomar ag fásgadh an chinn Allmhúraigh le
n-ar n-ucht bhímíd ag gearradh an droichid, ag gearradh
an chosáin choinnigh sinn féin agus an sliocht chuaidh romhainn
go dílis agus go dlúth-cheangailte le n-a chéile. Bhíomar
ag stracadh an dlúth ó'n inneach; bhíomar ag cur an
fhairrge mhór gharbh, stoirmeach, bhorb feóthnach fá n-a
cuid tonnta móra, millteacha idir sinn féin agus cuan agus
caladh na saoirse.
Mharbhamar an aigne Gaedhealach fuaireamar ó Righ
na Glóire nuair thug sé dhúinn an teanga Ghaedhilge, agus
anois ní'l ag cuid againn 'na hionad acht an driodar
de'n aigne Ghallda. Agus tá mé comh cinnte is tá
mé annso nach mbeidh rath ná slacht ná sgiorta do'n
ádh orainn go bráth nó go dtiubharamuid thar n-ais 'na
háit féin ar dteanga féin. Ní fhásann aon toradh, is
cuma cé an toradh ná síol é féin, i n-aon áit acht
i dtalamh agus i gcré fheileamhnaigh. Nach maith nach
bhfásann meacain ná prátaidhe ná tortha nach iad i
dtalamh uisgeamhail, trom mar nach bhfuil sé de
mhianach ná de nádúr ionta acht tá fhios againn go léir
go bhfásann seileastrom agus giolcacha 'san mbogach
céadna so? Agus cé an fath? Is é an fáth é, mar sin
é an cineál talaimh is nádurtha do thorthaibh do'n
tsaghas sin.
Is ionann sin is go mbeadh súil againne ar n-aigne
Gaedhealach féin d'fhuadháil ar an gceann gallda, í
leasughadh agus féachaint le toradh bhaint ná fhagháil aiste,
nuair tá intinn fhuar, fhliuch, shneachtaidh, an intinn
phutach, shiocach, na smaointe granda allmhuracha dár
ndalladh, agus a congbháil an radharc lonnrach, soillseach,
Gaedhealach amach as ar n-aigne.
Dubhairt mé cheana agus déarfaidh mé arís é nach bhfuil
aon tslighe le sinn do shábháil ó'n bpúicín agus ó'n dalla-
mullóg a tharraing sinn anuas ar ar gcuid súile féin,
acht sinn bheith Gaedhealach.
Bhíos i Sgibirín, i gCo. Chorcaighe tá tamall ó shoin
ann, agus chuaidh mé go dtí an cruinniughadh bhí ann le
craobh do Chonnradh na Gaedhilge chur ar bun. Bhí mé
ag éisteacht leis na cainteóiribh ar feadh trí uaire an
chluig ag sioscadh Béarla agus tá fhios ag mo chroidhe go
raibh "Béarla mór" ann agus Béarla maith leis, acht
tugadh aon óráid amháin dúinn i nGaedhilge agus níor fhág
sí putóg ar bith ionainn acht croidhe go léir. Bhain sí
an ghaoth go léir as séoltaibh na mBéarlóirí.
Ní fear leabhar na léighinn chuir an chaint seo as, ní
duine go bhfuil mórán cáile air i n-aon bhealach na
slighe é. Gearr-bhodach óg is eadh é, ní baileach gur
thosuigh sé dhá bhearradh féin fós. Tá a ghiall beag nach
chomh lom lé ceann-aghaidh chailín óig.
Is é mo mheas go siubhalóchamuis idir dhá cheann na
tíre sul gheabhadh sinn buachaill óg gallda ó'n tuaith a
sheasóchadh suas os comhair tionóil mhóir daoine agus óráid
do thabhairt uaidh i mBéarla mar thug Peadar óg Ó
hAnnracháin uaidh i Sgibirín os comhair sagart agus
bráithre, dochtúirí agus dligheadóirí agus na céadta tuatach
an Domhnach sin. Dá mbeadh aon fhear óg ann do
ghéanadh an iarracht do theipfeadh air. Chualamar ar
fad an sean-fhocal "ag baint an tuaighe as láimh an
tsaoir." Is ionann sin is an té chaitheas uaidh an tuagh
nó an úirlis nadúra AN GHAEDHILG. Ní'l mé á rádh nach
bhfuil brígh san mBéarla - go deimhin atá - agus is maith
liom bheith ag éisteacht le cainteóir cliste i mBéarla
agus leabhair agus páipéir mhaithe Bhéarla léigheadh mar an
gcéadna acht is fír-bheagán - ní'l duine san gcúigeadh
míle tá na gcainteóiríbh agus 'na sgríbhneóiribh maithe.
Acht cor-dhuine anois agus arís do na daoinibh árd-
léigheanta ar fad átá i n-ann an teanga Bhéarla
labhairt go maith ná go leath-mhaith.
Agus cé an tubaiste tháinig ar mhuintir na hÉireann,
go gceapann siad gur féidir leó an "Tuagh bhaint as
láimh an tsaoir" agus í úsáid chomh maith leis an saor
féin, dá dhonacht agus dá olcas é. Leath na cainte galla
bhíos muintir na hÉireann á sioscadh ní Béarla ar
aon chor é, acht cuir chainte agus ráidhte Gaedhealacha,
agus ní'l dá luaithe bhéaramuid fá deara é seo nach amhlaidh
is fearr dúinn é.
Tá eólas agam ar fhear meadhon-aosta agus dubhairt sé
liom aon uair amháin, nuair bhí sé ag ól agus dul chum na
sgoile. Bhí sé beagán bliadhanta air an sgoil cothrom
na h-aimsire seo agus d'iarr a mháthair de aon mhaidin
amháin: "Bhfuil mórán Béarla agad a Thaidhg?" "Tá
lán mo bhebí a Mham," arsa Tadhg, "acht ní fhéadaim
í labhairt."
Tá furmhór de mhuintir na hÉireann i bhfad níos
measa ná Tadhg, mar ní'l sí 'na mbebí ná na bpóca ná
i n-aon áit eile aca.
Is é Rí na bhFeart a thug agus a cheap teanga do gach
tír. Thug Sé an Ghaedhilg do mhuintir na hÉireann.
Cheap Sé teanga fheileamhnach dhóibh an teanga b'fhéil-
eamhnaighe le n-a gcuid smaointe chur i n-umhail dá
chéile agus tá sé chomh nadúra a cheapadh gurab í sin an
teanga, agus an t-aon teanga amháin, d'fhéadfaidís gach
nídh dheunadh i gceart tríd agus obair na haigne chur i
dtobhal a chéile is tá sé d'uisge na habhann rith le
fánaidh.
(ní críoch)
feileamhnach = oireamhnach = fitting, appropriate.
mianach, nature, breeding; seileastrom = water-flag,
iris; giolcach, -aighe, -aigh, a kind of reed or besom
which grows on marshy land and of which brooms are
made; dalla-mullóg, cloth used over the eyes in
blindman's buff, also dalla-phúicín; ceannaghaidh,
coutenance; tuatach, a lay-man; "ag baint an
tuaighe as láimh an tsaoir," taking the axe away from
the carpenter; úirlis iasachta, a foreign implement;
meadhon-aosta, middle-aged, from thirty to fifty;
bebí, is dócha gur belly do mheas Tadhg a rádh; Rí na
bhFeart, King of the miracles; do chur i n-umhail, to
make known
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11