Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Filleadh na Féinne Filleadh na Féinne

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Filleadh na Féinne Filleadh na Féinne
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Filleadh na Féinne



Ná bíodh droch-mheisneach go deó
Ag síor-chur an cheó ar bhur gcroidhe
Agus sibh-se ag smuaineadh 's ag rádh,
Go bhfuil Éire bhocht cráidhte gan bhrígh.



Atámaoid ag fanamhaint le fad,
Ag gol gan stad a's ag caoi,
Ag súil go dtiucfaidh an lá
Dhíbeóras an crádh so dhínn,
A's go dtiucfaidh go goirid an Fhiann,
An bhuidhean nár ghéill do'n Aois,
Agus fásfaidh an crann bhí críon
Fá bhláth agus sgéimh arís
Is goirid go dtiucfaidh an Fhiann.



Cad é an dorchadas so ar an spéir? Cad é an
duibhe seo ar an ngréin? Cad é an smúid seo os
ár gcionn, ag baint dínn soluis an lae, agus ag ár
dtachtadh, tá sí chomh trom sin? Feuch an néall
dubh ag leathnughadh agus ag síor-leathnughadh, feuch é ag
cur amach dhá sgiathán dé féin mar phreáchán mór, ó
thaoibh go taoibh na spéire. Cad é? Agus feuch na
daoine ag dorus a dtightheadh ag dearacadh suas air,
agus ag osnaoil. Cad fáth bhfuilid ag tarraing a n-anála
comh trom sin, amhail agus dá mbeithdís d'á múchadh.
Cad fáth a bhféachann siad chomh bán agus chomh mí-litheach
sin, mar dhaoine do chaill gach meisneach do bhí aca,
mar dhaoine atá ag fanamhaint leis an bhfarraige d'
éirighe os a gcionn, no leis na sléibhtibh do thuitim 'na


L. 578


mullach? Cad é an sórt spéire í sin, cad é an tír í
seo, cia h-iad na daoine?



Óra! a charaid mo chroidhe, innseochaidh mise sin duit.
Ar thalamh geal na h-Éireann atá tú i d'sheasamh, agus sin
spéir na h-Éireann os do chionn, agus sin muinntir
na h-Éireann atá ag dorus na dtightheadh.



Acht cad do bheir orra féachaint mar sin, cad fáth
bhfuil siad d'á múchadh agus dá dtachtadh ag rud éigin
nach léir dhóibh, agus cad é an néall aidhbhéal dubh sin os a
gcionn?



Is é an néall do chídh tú atá d'á múchadh, tá siad
tachtta ag an aér ó'n néall sin. Amhail préachán mór
dubh, atá an néall sin agus a dhá sgiathán sínte amach aige
eidir sinn agus solus na gréine beannuighthe agus é ag séideadh
neimhe as a ghob, ag baint a n-aigne agus a meisnigh de na
daoinibh agus ag cur ceó agus fuachta ar a gcroidhe.



Cia h-é an draoidheachta tug cumhacht do'n phréachán
an nídh sin do dhéanamh?



Innseóchaidh mé sin duit. Sin spiorad na Sacsanach,
sin an Béarlachas. Tá an ghrian múchta aige, tá an
spéir fuaraighthe aige, tá an solus díbirthe aige, agus is
é do sgap an ceó agus an tsioc ar chroidhthibh na ndaoine
bocht atá indiu ar thalamh fhód-ghlas na h-Éireann. Do
bhí uair, ann, agus do lonnruigh an ghrian chomh geal agus chomh
teith os cionn na tíre seó agus do lonnruigh sí os cionn
aon tíre dá'r phóg sí ariamh. Do bhí uair, ann, a raibh an
spéir seo chomh glan agus chomh geal sin gur bhain sí gáir
lúthgháire as na daoinibh le teann-áthas iad do bheith beó
fúithí. Do bhí uair, ann, a raibh meisneach agus mór-
mheanma, aigeantacht agus árd-inntleacht in sna daoinibh
sin, atá anois chomh truaighmhéileach agus chomh lagbhrígheach
sin. Tháinig athrughadh orra agus feuch anois.



Agus innsim duit an fhírinne munar h-innseadh dhuit
riamh go dtí seó í. Tá an bogha déanta cheana a
gcuirfeas mac máthar éigin urchar, leis, tríd an
bpréachán ur-ghránna neimhneach do rinne an díoghbháil
sin agus do bhain dínn teas na gréine.



Innseochaidh mise an fhírinne dhuit. Ní'l bógha ar an
domhan a chuirfeas urchar tríd an éan sin, acht an bógha
atá anois d'á chumadh agus dá ghléasadh ag dream beag
de ghaisgidhibh a bhfuil a n-áit-cruinnighthe ann san
gCONNRADH, agus tá siad sin ó lá go lá ag ullmhughadh a
gcuid saighead, agus ag lúbadh a gcuid bógha, agus ag fághail
réidh le n-a gcuid urchar do chaitheamh leis an éan, agus
tá sé in san tairngireacht go rachaidh saighead uatha
fós, tríd an bpréachán sin ó thaoibh go taoibh de, agus is é
an t-ainm a bhéidheas ar an saighid sin, "ar dteanga
féin," agus imtheochaidh an t-éan uainn agus é ag seilt a chuid
fola go trom, agus ag cur na mílte sgread as, agus na
mílte ochón. Adeirim leat go bhfeicim an lá ag
teacht, nuair bhéidheas ruaig ar an dá sgiathán dubh sin,
agus tógfaidh na daoine atá leath-mharbh agus leath-mhúchta,
a gcinn arís, agus mórán aca do theich go tíorthaibh a bhfad
thar sáile, le dul ó anál marbhthach bréan an éin mhóir
sin, fillfidh siad arís, agus cómhnóchaidh siad go socair
sásta ameasg a gcáirde agus a ngaoil. Agus tiucfaidh
árd-mheanma agus meisneach mór ar ais arís ameasg na
ndaoine agus tuigfidh arís na daoine nár thuig agus léighfidh
arís na daoine nár léigh, agus sgríobhfaidh na daoine nár
sgríobh agus déanfaidh gníomhartha na daoine nach ndear-
naidh gníomh riamh, oibreóchaidh na daoine nár oibrigh,
planndóchaidh na daoine nár phlanndaigh, fásfaidh na
daoine nár fhás, meabhróchaidh na daoine nár mheabhraigh,
cuimhneóchaidh na daoine do dhearmad, agus na daoine do
bhí ag gol béidh siad ag gáire, na daoine bhí ar mí-chéill
béidh siad lán-chríonna na daoine bhí na dtost cuirfidh
siad liúgh asta. Seasfaidh muinntir na tíre seo arís
gan slabhra ar chorp ná ar anam chomh saor agus bhíodar
ariamh, i láthair Dé agus na ndaoine. Agus ní fada
uainn an t-am sin. "Is goirid go bhfillfidh an Fhiann."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services