Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



An té go mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé um
thráthnóna air. Rug Mac Fhionnlaoigh an buaidh ar an
mBrianach agus tá sé 'na Uachdarán ar Americá. Beidh
seal cheithre mbliadhan aige asda, má bhíonn an méid
sin saoghail aige, agus i gceann na haimsire sin beidh fhios
ag na hAmericánaigh cia aca is feárr dóibh bheith 'gá
measgadh féin le gnóthaibh Chúmhachtaí na hEórpa, nó
bheith ar leithilgh mar do bhíodar go dtí so. Beidh sé
riachtanach ortha feasda Arm mór do bheith aca, agus loin-
geas agus máirnéalaigh agus ceangal do shnadhma le Cumhacht
éigin, siúd agus gurab í an Rúise nó Sasana í, le haghaidh
ceiste na Síne do shocrúghadh. Tá na céadta agus na
mílte fear díomhaoin thall, agus deir Americánach liom
gur furusda milliún fear do chóiriúghadh agus do ghléasadh
asda. Is mór an cosdus ar thír maithshluagh mar sin
do chóiriughadh agus do bheathughadh, acht má's maith le
hAmericá a leithéid do déanamh, is dóich, bíodh léi. Tá
an buaidh anois le fearaibh na sparán troma. Is
gnáthach leó so spré mhór do thabhairt d'á gcloinn, agus má
bheidheas inghean ag aon aca ní bhíd sásta go ndéinid
siad cleamhnas le tighearna nó ridire éigin i Sasana.
Is cuma leó gur sgulcaor nó fear póite é, fear mí-
iompair nó drúiseach, fear fiacha, nó fear feill, acht
amháin go bhfuil an fhuil uasal ann mar dh'eadh, agus go
nglaodhfar feasda "baintighearna" ar a mhnaoi.



Siúd agus go bhfuil an iomad daoine i nAmerica atá
uasal-chroidhtheach, deagh-mhéineach, tá mórán baicichíní
ann do chromfadh an ghlún ós cómhair fear earbaill, sé
sin tighearna, agus do chreachfadh iad féin i gcóir baint
éigin do bheith aca leis, siúd agus gur stráille é d'ólfadh
an sop as strathair. Má éirgheann leó so beidh Ímpire-
acht aca féin fós i nAmericá, i gcás go mbiadh sé
i gcumas an Ímpire uaisleacht bhréagach do bhronnadh
ortha féin. Tá an báire le MacFhionnlaoigh anois.
Fear glic is eadh é acht ní fear láidir é. Cloisim go
gcromann sé ar útamail agus ar chuardach timcheall air
nuair d'eirgheann aon cheist chruaidh i dtaobh Chúba no
Phorta Ricó, agus gurab iad a chómhairleóirí do réidhtigheann
na ceasta so. Muna bhfuil na cómhairleóirí go glic
beidh cáirdeas cogaidh idir Shasana, agus Americá, mar tá
Seaghán 'thré na chéile le heagla go ndéanfadh an
Fhrainc agus an Rúise margadh le MacFhionnlaoigh, agus go
mbiadh sé féin ag iarraidh déirce. Is deas an cluithche
atá 'gá imirt an aimsir seo i dtaobh na Síne. D'fhóbair
go mbiadh achrann idir shaighdiúiríbh na Rúise agus Shasana
an lá eile, mar ba bheag ná'r bhuaileadar a chéile
i dtaobh cheanntair ins an tSín. Dubhairt na Sasanaigh
gur leó féin an áit agus d'árduigheadar an brat Sasanach
ann. D'ísligh na Rúisínigh an brat láithreach agus bhagradar
go géar ar na Sasanachaibh. Do ghnídheadar síothcháin
fá dheireadh agus dubhradh gur mí-thuigsint do bhí eatortha.
Tá adhbhar dispóireacht ins an ngnó úd acht ní oireann
sé do Sheaghán aon chonspóid do bheith aige leis an
Rúiseach.



Thug Salisburi, príomh-fheisire Shasana, comhrádh uaidh
an lá eile i lannan Mhaoir i Lúnduin agus gidh go rinne sé
iarracht ar bheith go dóchasach ba dhuairc é a chuid cainte.
Níor cheil sé go raibh guais agus contabhairt roimh Shasana
ins an am atá le teacht, acht níor chuimhnigh sé ar sin
nuair do chuir sé ar na Bóracha, mar shílidh sé go mbeidís
sin claoidhte aige i gceann mí. Do mhol sé oifig an
chogaidh do ghléas ceathramha mhilliúin fear i gcóir an
chogaidh ins an Aifric, acht bhí sé ní b'fhurusda dul ann-
súd 'ná teacht ar nais, mar ní leigfidh na Bóraigh dóibh
filleadh. Do mhol sé cródhacht na saighdiúirí chum
cómhraic, acht ní dubhairt sé pioc i dtaobh a bhfeabhas
cum reatha. Níor chóir do sain mar cloisim gur b'iong-
antach an rás coisidheacht iad nuair do bhíonn na Bóraigh
'ná ndiaidh. Féach an turus sain do thug an Frínseach
ó Mhachado go Pretoria an tseachtmhain seo ghabh thart.
Bhí a leithéid sin de dheabhadh air gur chaill sé míle
bulán agus trí chéad fear. Moltar go mór é agus deirtear
ná tabharfadh aon fhear eile 'san Arm a bhuidhean slán
leis ach té, mar bhí dorn Bórach fá Hans Bota agus Smut
'ghá liúradh ar feadh na slighe. Do thuit a lán ag cómhrac
le De Bhet ins an Saor Stát acht ní bhfaghmuid acht
smiot de'n fhírinne 'na thaobh. Ní ísleochaidh callaireacht
an Bhiercleúr.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services