Freagra ar Thomás Ó hOdhráin
Tá trácht san dá litir seo nar ndiaidh ar dhá cheist.
An chéad cheist, nach ceart dúinn na litreacha Rómhán-
acha do chleachtadh i n-ionad na litreach nGaedhealach.
An cheist eile, nach ceart dúinn malairt litrighthe do
chur ar bun i n-ionad an nóis litrighthe atá againn ar
bun fá láthair. Ceapann Tomás Ó hOdhráin gur ceart
an dá atharrughadh so do dhéanamh, agus is é fháth go
gceapann sé sin, mar tá na sean-litreacha agus an sean-
litriughadh ag cur coisg agus toirmisg, dar leis, ar na
daoinibh, gan léaghthóireacht agus sgríbhneóireacht na Gae-
dhilge d'fhoghlaim. Is é freagra bheirimid air sin, nach
amhlaidh atá ar aon chaoi, agus ní'l duine i n-aghaidh an
chéid de lucht léighte an pháipéir seo nach bhfuil a fhios
sain aca. Ní abrann nach bhfuighfidhe dream beag
fallsóirí agus leisgeóirí gan brígh annso agus annsúd gur
bréagh leó a shamhail sin do chaint do stealladh leat
mar leithsgéal ar a bhfallsacht féin. Muna mbéadh
an leithsgéal sin aca, bhéadh leithsgéal eile aca, agus dá
bhfágthá gan aon leithsgéal iad, bhéadh a slighe féin aca
sa deireadh, mar bhí ag an madradh alla fad ó.
Má bhíonn duine ar bith ag casaoid orainn fá litir
do leigean i gcló agus i litrighthe ar an chuma so thuas,
deirimíd leis, nach misde linn cead chainte do thabhairt
do dhuine ar bith mheasas go bhfuil cúis ghearáin aige,
agus ina theannta sain, gurab é ar mbaramhail féin nach
bhfuil aon Fhreagra le fagháil do réiteóchadh an cás
leath chomh maith leis an sompla so chur os comhair na
ndaoine. Togha Gaedhilgeóra is eadh an fear do
sgríobh an litir, acht má bhí an cás cheana chomh dona agus
is dóigh leis, is follus do chách go bhfuil sé seacht
n-uaire níos dona aige féin anois. Gabhann an sean-
litriughadh (nó an sean-sbeileál, má's breágh libh) chomh
nádurtha sain leis an teanga nach féidir do dhuine
dealughadh leis agus é ag iarraidh é sheachaint ar chnáimh a
dhíchill. An chuid de nach litriugheann sé ar an sean-
nós, ar nós an Bhéarla atá sé litrighthe. Anois, is é
baramhail gach ughdair ar litriughadh, i Sasanaibh féin
chomh maith agus taobh amuigh de, nach bhfuil ar thalamh an
domhain teanga is dona litriughadh ná an Bhéarla
Sasanach, agus dá chomhartha sain na ndaoine do chaith
bliadhanta móra fada ag foghlaim Béarla do léigheadh,
tagaid siad isteach ar léigheadh na Gaedhilge fá cheann
beagáin seachtmhainí, 'má bhíonn eólas dá laighead cheana
aca ar an urlabhra. Rud eile dhe, dá mbadh litriughadh
ar foghnamh féin an litriughadh Sasanach, ní oireann sé
do'n Ghaedhilg agus ní dhéanfadh sé a gnó, mar tá fuamanna
an dá chaint chomh neamh-chosmhail agus chomh eidirdhealuighthe
ó chéile le haon dá theangaidh sa chruinne. Féach ar
fhocailín beag amháin sa litir seo romhainn, 'sé sin
"chaela." "Chéile" a litriughadh sain i nGaedhilg, acht
ca bhfios d'aonduine an "chéile" is mian leis an sgríbh-
neóir do rádh, nó "chaele" nó "chaola" nó "chéala"?
Ní mar a chéile cantar aon dá fhocal do na ceithre
foclaibh seo, agus ó nach eadh, an cóir nó ceart iad do
litriughadh ar aon nós amháin? Féach arís mar theip ar
an sgríbhneóir aon difiridheacht ghotha do chur i dtuigsin
idir na foclaibh seo - fior ("fíor" badh cheart ann),
smionav (smaoineamh), chiol (chiall), diotach (d'fhéadfach,
d'fhéadfadh), dionna (duine), nios ('nois, anois), siolim
(sílim), pioc (pioc). Sin ocht bhfocail agus malairt gotha
in gach dá fhocal aca, agus táid na hocht ngotha sain ar
aon litriughadh amháin (io) ag ár gcaraid Tomás. Dá
ngéillimís dá leitheid sin do litriughadh do chur ar
bun, badh é an sgéal do bhéadh againn, mar bhí ag ár
ndaoinibh fad' ó, "dá olcas é Séamas, is seacht measa
bheith ina éagmais."
Ní hé seo an chéad uair do hiarradh litriughadh
úrnua do cheapadh do'n Ghaedhilg. Ní'l aon fiche
bliadhain le breis agus dá chéad go leith bliadhain
anois, nár iarr duine éigin an cleas chéadna do
dhéanamh. Fágann sain, dar leat, nach gan adhbhar do
hiarradh. Go dearbhtha ní fhágann. Is amhlaidh do chuir
na daoine úd eólas ar dtús ar litriughadh Laidne nó
Béarla, gur mheasadar annsain an céad litriughadh
d'fhoghlaimeadar gur bh'é an t-aon nós amháin é do bhí
cumtha do réir nádúra, agus go mbadh cheart do gach
teangaidh eile an nós céadna do chleachtadh. Ba mhór
an dearmad dóibh é sin agus bhí a shliocht air, níor cuireadh
pioc shuime sa litriughadh nua do cheap gach fear aca, agus
níor luaithe rugadh é ná cailleadh é. Is ró-bhaoghlach
linn nach taise do'n leanbán bhocht so atá ag sgread-
ghail sa chliabhán os ar gcomhair anois.
Is é an buaidh is mó atá ar ghnáth-litriughadh na
Geadhilge go réitigheann sé go cuibheasach maith le gach
canamhain Geadhilge ar fud cúig cúigeadh na hÉireann.
Ní oireann sé ar fad, agus ar leithead do aon chanamhain
ar leith aca, ní nach iongnadh, acht ní'l amhras ar bith
ann, nach n-oireann sé do Ghaedhilg na hÉireann
go léir níos seacht bhfearr ná ar ceapadh riamh do
mhalairt air. Cuir i gcás an focal sain "sgríobhadh," -
"sgríobhabh" (shgreew-aw) adeirtear i gCúig' Uladh, agus i
n-íochtar Connacht, "sgríobh" (shgreewh) i n-uachtar
Connacht, "sgríobh" (shgree-uv) i roinn do'n Mhumhain agus
"sgrí" i roinn eile dhi. Focal eile "gábhadh" -
"gábhabh" adeirtear i n-íochtar na hÉireann, "gábha"
cois cuain na Gaillimhe, agus "gá" sa Mhumhain. Focal
eile "dúthaigh" - tá a bhrígh féin ag gach cuid do'n
fhocal so i n-íochtar na tíre, díreach mar tá sé sgríobhtha;
ní airigheann tú acht "dú" ag muinntir Árann, agus
"dúthaigh" adeirtear ar fud na Mumhan. Acht bíodh
geall, má chuireann tú gnáth-litriughadh na bhfocal so
i lár focal eile os comhair léightheóra foghanta ar bith
i n-aon chúinne d'Éirinn, go mbainfidh sé a bhrígh féin
agus a chiall féin as gan duadh gan trioblóid ar domhan.
Ní bréag go bhfuil roinnt focal Gaedhilge ar an-
droch-litriughadh againn agus roinnt "iorball" atá coit-
cheannta i ndeireadh na bhfocal. Céad focal nó dhá
chéad ar a liacht, agus a trí nó a ceathair do na "hior-
ballaibh," a bhfuil ar mí-litriughadh. Táid siad ar na
rudaíbh is minice castar le duine agus é ag léightheóireacht,
agus dá dhruim sin is gearr go gcurtar eólas ortha.
Focal ar bith a castar go minic leis an súil, ní
staidéar ná maraidheacht a ghníthear air, acht é aith-
niughadh (nó aithneachdáil) ar an toirt. Mar a gcéadna,
sgríobhfaidh duine focal gnáthach gan aire bheag ná
mhór do thabhairt do'n litriughadh, agus sgríobhfaidh sé i
gceart é. Ar an adhbhar sain de, ó's focail ghnáthacha,
bunaithe, na focail atá ar mí-litriughadh, laghduigheann
an taithighthe an díoghbháil. Acht ar an taobh eile dhe, tá
na mílte agus na mílte focal ann, agus aon duine ag a bhfuil
eólas aige ar phríomh-riaghlachaibh litrighthe na Gaedhilge,
ní fhéadfadh sé a léigheadh acht ina gceart. Má fhaghann
daoine duadh nó deacracht i léightheoireacht Ghaedhilge
san am atá i láthair, is é rud is cionntach leis sin, go
gcaitheann siad, mar adeir Tomás Ó hOdráin, droch-
litriughadh an Bhéarla d'fhoghlaim ar dtús, agus ó chaitheann
's go gcaitheann, is é a ndícheall deagh-litriughadh aon
teangadh eile do thuigsin 'na dhiaidh. Ní locht ar
litriughadh na Gaedhilge muna féidir ar an gcéad-
amharc an t-eólas do chur air nár cuireadh ar feadh
bliadhanta fada ar litriughadh an Bhéarla. Béidh
malairt sgéil againn feasda le congnamh Dé nuair
cuirfear aos óg na Gaedhilge ag foghlaim Gaedhilge
i dtosach mar is dual dóibh.
I dtaobh an bheagáin d'fhoclaibh Geadhilge atá mí-
litrighthe b'fhéidir le congnamh Dé go dtiocfadh ár
sgoláirí i gceann a chéile uair éigin agus go leasóchaidís
a bhfuil inleasuighthe ionnta. Aimsir chogaidh í seo, agus
mar adubhramar le leasuightheóir eile, ní hé lá na
gaoithe lá na sgolb. Seanfhocal eile, an gad is goire
do'n sgornaigh is ceart do réiteach ar dtús.
Maidir le "deabheadh" - deabhadh an focal ceart
agus ní'l acht litir amháin ann gan bhrígh. Acht i gcúrsaidhe
"cow" de, ní thugann "ceabheadh" an fuaim ceart
ar aon tslíghe. Agus nach deas an litriughadh "cow"
i gcompráid le "crow", agus "crow" i gcompráid le
"crowd?" Cuir aon fhocal díobh so os comhair Gear-
mánaigh, Franncaigh, Rúisigh, Eadáiligh, agus an méid aca
nach dteipfidh ar fad ortha fuaim do bhaint asta, ní
thiocfaidh aon bheirt aca le chéile ar an bhfuaim agus ní
thiocfaidh aon fhear aca leis an mBéarlóir 'na thaobh.
Litriughadh gan chéill is eadh litriughadh an Bhéarla, agus dá
mb'fhéidir teanga chur chum báis le togha mí-litriughadh,
bhí an Béarla chomh marbh le bagún agus ní indiu ná indé é.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11