Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is gnóthach do bhíodar i n-Americá an Mháirt seo ghabh
thart ag déanadh uachdaráin. Má's fíor fir na bpái-
pear buaidhfidh MacFhionnlaoigh ar an mBrianach, agus ba
shoth liom é. Mar sin féin ní hé an chéad uair do bhí
muintir na bpáipéar ngallda ar mearbhall agus tá súil
agam go mbeidh an sgéal mar sin an cor so. Cloisim
go bhfuil furmhór na [nEireannach]{nÉireannach} thall ar taobh an
Bhrianaigh. Tá obair le fághail go fulúirseach, agus gnó
go tairbheach, i nAmericá an aimsir seo, agus tá congan-
tóirí Mhac Fhionnlaoigh ag áiteamh ar na daoinibh nách
beidh an sgéal mar sin má bheidheas an Brianach 'na
uachdarán ar an dtír. Is mar mhaithe leo féin atá
mórán aca súd ag caint, mar do gheall an Brianach
go gcuirfidh sé smacht ortha le slait atá 'gá leasúghadh
aige 'na gcomhair. Tá cuid de'n dream so an-shaidhbhir
agus is gnáthach leo cuideachtaí do chur ar bun, ní mar
mhaithe leis na daoinibh bochta, acht le haghaidh sochair
mhaith do thabhairt dóibh féin. Ceannuighid siad an
chruithneacht 'sa talamh, bainid agus meilid annsain í.
D'á gcuirfidhe an chruithneacht so ar fad ar an margadh
chum a díolta do thuitfeadh luach an phlúir agus bheadh biadh
saor, acht ní chuireann na cuideachtaí seo an plúr chum
an mhargaidh acht fá mar oireann dóibh féin, agus ar an
gcuma sain congbhuighid suas luach an bhídh. Muna
bhfuighid an chruithneacht le ceannach ceannuighid siad an
plúr agus cuirid i leathtaoibh é go n-éirigheann a luach. Ní
hiongnadh go bhfuil ár gcuid aráin daor i nÉirinn
adéarfaidh duine éigin. Ní hiongnadh go deimhin, acht
mar sin féin níor ghábhadh dhúinn bheith ag brath i n-aon-chor
ar Americá agus ar Shasana d'á mbiadh ciall againn. Do
mhair na sean Éireannaigh go maith sul a raibh fios aca
go raibh leithéid Americá ann i n-aon chor. Chuiridís
féin cruithneacht, seagal, agus arbhar, bhíodh an bhró i ngach
tigh an uair úd chum ath arbhair do mheilt, agus ba leathan
láidir na fir, agus ba dhathamhail na mná, d'fhás ar mhin
choirce.



Seadh chaitheamair uainn na sean-nósa i dteannta na
Gaedhilge agus támuid 'nár n-oilithreachaibh indiu ag brath
ar bhodaigh bhreána i nAmericá agus i Sasana chum bídh agus
éadaigh do thabhairt dúinn, agus bánta mine i [hÉireann][nÉirinn} do
bheathóchadh agus do chlúdóchadh a cheithre oiread daoine agus
atá innte. Is é mo dhóich go bhfuil deireadh leis an
mbuile seo mar tá sbioraid 'sa tsean-tír fós, gidh
go raibh sí 'na codladh le tamaill maith. Gidh go mbíonn
mórán cainte i nAmericá ní bhristear plaoisg ann i
n-aimsir an togha, bíonn cead ag gach duine gach aon
nídh is maith leis do rádh. Ní mar a chéile sin i Sasana
gidh go ndeir muintir na tíre sin gur aca féin atá na
nósa is feárr ar domhan.



Tá saghas éigin cáirdis snadhmtha ag Impire na
nGearmánach le Sasana i dtaobh na Síne. Bhí cuid
aca i Sasana go meidhreach 'na thaobh, acht ceapaim nách
mór le rádh é. Rinne Sasana coingheall leis an
nGearmáin ná leigfidís araon d'aon Chúmhacht eile
greim d'fhághail ar an tSín, acht deirthear go bhfuil níos
mó de bhárr an cháirdis sin ag an nGearmáin '[na]{ná} tá ag
Sasana. Tá Seaghan bocht ró lag chum aon ghnímh do
dhéanadh as féin anois, agus ní fuláir do congnamh d'fhághail
ó'n nGearmáin, mar tá crith cos is lámh air roimhe an
Rúise. Bhí saghas buanacht ag Seaghan ar Chúm na
Ghang-tse ins an tSín, agus díolachán maith aige le muintir
na háite úd. Má bheidheas éirghe amach ins an tSín
ar seisean leis féin ní fhuil sé ionnam-sa an áit úd do
chosaint. Tar annso i n-aonfheacht liom adeir sé leis
an nGearmáin agus beidh cead díolacháin agatsa ann chómh
maith liom féin. Nách fial an fear Seaghan. Thóg an
Ghearmáin an cuireadh go tapaidh. Deir an Rúisíneach
nách bhfuil baint aige féin i n-aon chor le Cúm na
Ghang-tse agus gur cuma leis cad do dheanfaidh Seaghan
leis. Is liom, ámh, an taobh thuaidh de'n tSín, adeir
sé, agus ní gábhadh dhíbh-se bheith ag cuimhneamh ná go mbeidh
sí agam ar ball. Is mar sin atá an sgéal indiu agus
is é an sean sgéal é, tá an tSín ró-mhór d'aon
Chumhacht amháin, tá faitchíos ortha roimpi agus roimh a
chéile, agus níor bh'iongnadh liom go mbeidís ar sgórnacha
a chéile fós nós sgata con timcheall ablaigh. D'á réir
sin do chuirfeadh sé áthas ar Sheaghan an buaidh do bheith
le MacFhionnlaoigh, i gcás cabhartha d'fhághail uaidh ar
ball, mar is mór leis an bhfear sain Sasana. "Is cóir


L. 546


do sain," adeir Seaghan, "nách dínn féin é, is ó Éirinn
do tháinig a shean-athair agus is deas-bhealach atá an Béarla
aige; nuair do bheidheas an teanga gallda, beidh an
croidhe gallda." T'anam do'n deamhan!



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services