Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Lorilei - aistrighthe

Title
An Lorilei - aistrighthe
Author(s)
Aistrithe ag Séamus ua Séagha,
Translator
ua Séagha, Séamus
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Lorilei - aistrighthe



(Séamus ua Séagha d'aistrigh)



Ní fheadar cad fá an brón so
Thig trá mar cheo 'r mo chroidhe
Oir tagann sean-ársacht sgeol chúgham
Ag crádhadh mo mheon gan sgíth;
Is geal 's is álúin an nóin seo
Is sám air fheor an laoi
'Gus taithneann grian árd á mhór-chnoc
Go sgáil-gheal glórmhar buidhe.



Air charraig tá'n óig-bhean mhánla
Go gleoidhte sámh na suidhe
Ag deasúghadh a h-ór-fholt cablach
De sheoidibh lán gan teimhiol;
Gus an fhaid do chóruigheann a bláth-fholt
Tígheann glór a dán go fuigheach
Ag sgagadh a cómhacht le fánaidh
I g-ceoltaibh aidbéil sídhe!



Bheir cantuin draoidheachta na stuaire
Air loingseach duairceas-chroidhe
Oir dearcann go síoruidhe suas uaigh
Gan suim in a ghuais leath-'s-tíos -
Mo chreach! óir os taoide bhus uaig do
'San iochtar-fuar gan moill,
Oir leanann droch-chrích mar dhualgas
Dá síreann suairceas sídhe!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services