Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - IV

Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - IV
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - IV



Bríghid - Sílim gur bean dí-mhúinte thú. Ná, tá mé
cinnte dhe, 'léir do chuid cainte. Bíodh 's agat gur
bean fhoghlaimiste fhad-cheannach mise, agus badh chóir go
mbeith náire ort a leitheide sin d'fhocal a rádh in mo
láthair-sa. Innis dom ar an toirt cé hiad na fir ar
thug tú cacairí orthu.



Máire - Ó bú! a bhean chroidhe, caidé an coláisde a
bhfuair tú d'oideas ann? Sé mo bharamhail gur i
gceann do na sgoltacha náisiúnta i gcead duit-se, a
a fuair tú do léigheann. Ná labair smig ná smaig anois,
nó go n-innsidh mise duit ce hiad na cacairí, nuair
atá tú féin chomh dí-mheabhrach gan eolas agat orthu.
Na codaidhthe fallsóirí atá againn i nÉirinn gan maith
ná maoin, gan bláth gan slacht, gan meabhair gan
arann, gan bruithean gan griongal, gan sgrúdadh ná
coinsias ina gcroidhe, acht iad a' cuimhniughadh agus a'
smaoineadh gach uile lá don bhliadhain le 'ch uile chineál
do-bheart níos tuataighe agus níos fealltaighe ná a chéile
a dhéanamh orainn agus ar ar dtír le náire agus sgannal a
thabhairt dúinn. Má tá dúil agat fios a fhagháil cia
hiad na cacairí, siad sliocht agus bunadh na gcuartaidhthe
tháinic i n-ar dtír iad. Bhí siad ro-fhallsa le slighe
bheathadh shaothrughadh dhóbhtha féin le allas a gcnámh, agus
chruinnigh siad ina sluaighte as roinn do na conndhaethe,
agus thón siad iad féin ar riaghaltas Shasana le congnamh
thabhairt dóbhtha na Bóraigh agus an Cruaidh-fhear a chlaoidh.
Rinne a leithéidí an saothar céadna orainne bliadhain
na bhFranncach, agus badh iad na cacairí na hifreannaigh ba
mheasa bhí i n-arm na Sasanach an bhliadhari sin, mar bhí
siad fealltach tuatach, agus ní raibh gníomh ar bith onórach
anntu. Agus a bhean chroidhe, Éireannaigh bhréige bhí
anntu an uair sin, go díreach mar na cacairí atá
againne an t-am tá i láthair. Shíl siad go mbeith an
cogadh thart sul má sroichfeadh siad tír na mBórach, agus
nuair thiocfadh siad ar ais arís go hÉirinn, go mbeith
siad ina ndaoine uaisle do bharr an árd-phosta gheobhfadh
siad ó Riaghaltas Shasana. Acht a dheirbhshiúr mo chroidhe,
bad i sin síle chaoch orthu. Thuit an trioll ar an treall
orthu. Tá an farrasbárr acu gabhtha ag an gCruaidh-
fhear anois. Tá an sgiotán beag eile acu faoi ocras
agus faoi chaill, faoi ghorta agus faoi annró, agus iad a' sméar-
acht na gcréadán díobhtha féin i lár mhachaire an chatha.
Agus an íd sin ar an gcuid eile dhíobh!



B. - A Mháire, caithfidh mé a rádh go bhfuil do teanga
ar do chomhairle féin agat. Nach bhfuil 'fhios agat nach
bhfuil sé ceart agat an diabladh sin a thabhairt do na
fir bhríoghmhara fearamhla sin a chuaidh i n-arm na Sasanach
leis na Bóraigh a chlaoidh? Nach bhfuil a fhios ag do
chroidhe istigh gurab é cóir Dhia na Bóraigh a chur dá
gcosaibh.



M. - Coisg do bhéal, a raibléire, nó tairrngeó' mé
do chnámha ó chéile.



B. - Bíodh foighid agat anois, agus leig agat mo sgéal.
Nach bhfaca tú ar na páipéir nuaidheachta an slad a bhí
na Bóraigh a dhéanamh ar na mná riaghalta agus ar na
Rómhánaigh go hiomlán? Agus mar a gcéadna, thug
siad an úsáid chéadna ar lucht an chreidimh Ghallda.
Nuair a thigeadh am na toilidheacht, ní raibh toil fhocail
ag aon fhear a bhí annsin acht an méid a bhain do
chreideamh na mBórach. Ní thiocfadh le aon bhean
riaghalta ná le sagart ná ministéir siubhal ar na
sráide do bhárr géir-dhligheadh na mBórach. Agus badh
'in é an t-adhbhar ar chothuigh lucht riaghaltais Shasana
an cogadh i n-aghaidh an Chruaidh-fhir. Sílim, léir mo
bharamhla féin, go raibh sé thar am a leithéidí sin a chur
faoi smacht.



M. - Ara! a strabóig gan bhláth, an bhfuil tú dá ríre
led chaint, mó ar b' in é do bharamhailsa i dtaobh an
chogaidh thuataigh a thóig brothairí Shasana i n-aghaidh na
mBórach? Tá sgrúdadh agus coinsias i gcroidhe gach
Bóraigh, agus tá siad diadhanta, 'léir a gcreidimh, agus ní'l
siad ag athrughadh ó chreideamh go creideamh mar tá na
daoine atá 'troid ina n-aghaidh. Thnúth lucht riaghaltais
Shasana leis na claiseacha óir agus airgid agus seoide agus
muileach atá i dtír na mBórach, agus chuir siad a gcinn i
gceann a chéile, agus chothuigh siad riaghail leis an gcogadh
tuatach so a thógáil i n-aghaidh na mBórach. Agur rud
eile de, dubhairt siad nach raibh ionntu acht lán glaice
d'fheilméirí agus ar a' móiméid a loisgfeadh siad an chéad
ruathar piléar, go rithfeadh na Bóraigh mar shealbhán
caorach a ruaigfeá madadh ina ndiaidh. Acht ní amhlaidh
atá. Rud' eile de, a strabóig, bhéarfaidh na Bóraigh a
seacht gcéad mallacht ar bhunadh na gcuartaidhthe atá
againn i nÉirinn. Acht beag na cuartaidhthe, ní bhéadh
mórán Éireannach i n-arm Shasana.



Méarthóg Ghuill



Míniughadh - dí-mhúinte, ignorant, uncivilised; léir
(dialect) = do réir; foghlaimiste = foghlamtha; ar an
toirt, immediately; cacairí = lucht khaki, dar linn;
i gcead duit, by your leave; codaidhe, sluggard;
fallsóir, a lazy man; arann, intelligence, perception;
tuatach, mean; bunadh, family, race; fallsa, lazy;
tón (= tafann?) press, urge; ifreannach, an infernal
wretch; posta, post, position, rank; síle chaoch, dis-
appointed expectation; thuit an trioll ar an treall
orthu, they failed utterly; farrasbárr, majority;
sgiotán, flock, crowd; call, want; sméaracht, rubbing
with the tips of the fingers; créadáin, vermin; íd,
fate, disposal of anything; bríoghmhar, courageous;
raibhléire, hussy; toilidheacht, election; brothaire,
butcher; tnúth, envy, covet; muileach, diamond;
cothuigh, invent, get up, also maintain, support; acht
beag, only for.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services