Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra na Caillighe agus an Dailtín Tréithigh

Title
Eachtra na Caillighe agus an Dailtín Tréithigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


EACHTRA NA CAILLIGHE AGUS AN DAILTÍN TRÉITHIGH



Bean an tighe



Do ghluais chughainn cúpla ar dtúis na hoidhche
Go tuirseach dubhach ó shiubhal na tíre,
Ag iarraidh déirce agus ag éileamh cabhartha,
'S ag guidhe chum Dé ar son aoinne thabharfadh,
Bhí bean bheag chriosanta phiocanta bheártha ann,
Bhí an mac 'n-a shiota 'n-a snamachán dána;
An chailleach go fáidheamhail, bárdamhail, bréagach,
Fiosrach, fáiltheamhail, fáthamhail, faobhrach;
An siota go stuacach, buacach brónach
Faoi dhoithcheall, faoi ghruaim, gur fhuaduigh sé a dhóthain
Do fhorruidh sé suas nuair fhuaduigh sé a bhéile
As chuir sé suas do ghluaiseacht léithe.



An Dailthín



Cá bhfuil mo lón do ló ná d'oidhche?
Cá bhfuil mo stór do bhó ná chaoiribh?
Cá bhfuil mo cháil ó's náir dam innsint,
Acht a' sodar led' shála' a's mála im' thimcheall?



An Chailleach



Maidir le duais, ná luaidh í ar aon chor;
Ót' athair ní bhfuaras suairceas ná féileacht,
Dada ó'n Órd acht náire saoghaltha
Sagairt a's bráithre 'om chrádh 's 'om chéasadh.



An Dailthín



Tá m'fhoighdne-se caithte, 's ní fearra mar tá agam,
Is ruadh é mo hata, 's is stróctha é mo chába,
Tá mo bhróga briste a's ní'l luidh ar mo shálaibh,
A's ní'l sgáil ná tairbhe 'n-a n-abrair-se a mháthair.



An Chailleach



A mhéirligh mhalluighthe, mallacht mo chléibh ort,
DO liaigh ná do shagart ní cheapann tú géile,
A's go bhfuil an Eaglais dá shír-innsint,
Gur dos na bochtaibh do ceapadh na flaithis mar oighreacht.



An Dailthín



Má's áit na flaithis ná fuil obair ná gnó ann
'S go mb'fheárr le daoinibh bheith marbh ann, ná againne beó annso,
Dá bhfaghainn-se comhthrom agus codla mo dhóthain
Do rachfainn ins na Flaithis go dtigeadh an foghmhar orm.



An Chailleach



Móide malluighthe, peacaidh, 'gus aimhleas, -
Níor chuaidh riamh go Parrthas fear ded' gníomharthaibh
Agus fágfaidh do coirthe i n-Ifreann shíos tu.



An Dailthín



Muna raghaidh aon pheacach go Parrthas choidhche
Acht na daoine beannuighthe beidh ana-chuid slighe aco
Má's daor 's má's damanta an té leanas mo shlighe-se
Le bliadhain agus fiche tá Ifreann líonta
A's ní ghlacfaidh siad mise le huireasba slighe ann.



An Chailleach



Dlighe na n-apsal agus teagasg na ndraoithe,
An seachtmhadh caibidil, sé Peadar do sgríobh í,
Gurab é deir an Leanbh do cheannuigh na mílte
An té do dhéanfaidh an peaca nách iad na Flaithis is díon do.



An Dailthín



Níor ghádh do Pheadar labhairt danaid ar aoinne,
Mar budh gheárr an chaisimirt do sheasaimh sé féinidh;
Dá mbeadh sé a' pléidh le cailligh, gan earraidhe gan éadach,
Gan chóir gan chuirm, acht é a' codla ins gach aon tigh,
Na saróga dá phriocadh faoi ghiobail na déirce
Budh stuacach an duine é agus do chloisfeadh an saoghal é.



An Chailleach



A dhuine gan chéill fág 's nách breug adubhairt tú,
Is dual do'n mhac dhroch-mheasach sgiuirse;
Tá an t'athair nó an mháthair gan amhras cionntach
A thógann leanbh gan smacht gan stiúradh.



An Dailthín



Sguirimís d'ár n-achrann; is mithid dúinn réidhteach,
Is mithid dúinn stad, má stadamaoid ar aon chor,
Éirigh ar maidin a's ceannaigh dam léine;
Posfad a' chailligh, a's ní fhanfad a' pléidh leat.



Bean an Tighe



Sin í eachtra na caillighe, agus an dailthín bhréagaigh
Sgríobhtha síos le brígh a's le héifeacht
Léig go sáimh ó bhárr go cúl í
A's fiosruigh de chách cia 'ca b'fhearr de'n chúpla.



Críoch

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services