Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Méarthóg Guill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Cuairt chum an Oireachtais



II.



Seórsa. - Á chonach sin orthu, a Mhártain, agus congnamh
agus cuidiughadh ón Spiorad Naomh acu!



Mártain. - Ámén! Ní indiu ná indé a bhí an bhuaidh
sin ag na Muimhnigh i dtaobh na Gaedhilge. Tá sgoláirí
Gaedhilge i gcúigeadh Mumhan le cuimhne na ndaoine,
agus ar an adhbhar sin de, béidh siad ag gul (dul) i maitheas
gach uile bhliadhain i dtaobh na duaiseanna ghnóthachan ag
an Oireachtas.



S. - Ara a Mhártain dílis, ar dochar dom fiafraighe
dhíot a' bhfuair na Connachtaigh aon duais?



M. - Fuair siad beagán agus ní fiú a n-áireamh.



S. - Agus cé acu conndae i gConnachta a fuair na
duaise?



M. - Conndae na Gaillimhe. Agus acht mbadh bheag
lucht na Gaillimhe, bheith na Connachtaigh go léir ar chúl
an chlaidhe, agus an cath ag gul ar aghaidh i lár a' mhachaire.



S. - Ní'l an griongal ceart ins na Connachtaigh agus tá
iomarcaidh dúile acu i nós na Sasanach, agus ní'l aon
chúigeadh eile i nÉirinn is mó seóiníní agus boicíní ná
cúigeadh Connacht.



M. - Tá an ceart sa méid sin agat. Tá aithne
agam ar an lán daoine i gconndae Mhuigeó agus ní raibh
siad i n-ann aon fhocal amháin Béarla labhairt tá fiche
bliadhain ó shoin, agus anois, dá gcuirtheá bior cléithe
thríotha, ní labhróchadh siad aon fhocal amháin Gaedhilge,
agus d'fhuilngeóchadh siad an phian-pháis sin, sul má labhró-
cadh siad aon fhocal amháin do theangaidh a sheacht
sinnsear. Agus nuair atá amhais mar iad seo againn
ar fud na tíre, is doiligh dhár nGaedhilge gul 'un cinn.



S. - Agus a Mhártain na gcarad, nár shíl mé, go
mbadh i conndae Mhuigeo an darna chonndae is mó
Gaedhilgeóirí i nÉirinn?



M. - Bhí sí amhlaidh tá a cheathair nó a cúig déag
bliadhanta ó shoin. Acht fairíor fuair cuid acu bás agus
fuaidh (chuaidh) cuid eile acu thar muir, agus na seóiníní
atá 'na ndiaidh, ní fiú dhúinn ar mbéal a shalughadh a'
labhairt fútha.



S. - Agus a dhearbhráthair mo chroidhe, a' bhfuair duine
ar bith as conndae Mhuigheo aon duais?



M. - Ní raibh aon chomórtaidhe acu ag an Oireachtas,
agus nuair nach raibh, badh dhoiligh dhóbhtha (dhóibh) duais
fhagháil.



S. - A Mhártain, ná bí ró-dhian orthu, tá 'fhios agat
go raibh an t-aisdear an-fhada, agus go bhfuil siad an-
ghrálach a' lánughadh na bhfataidhe agus a' bhaint na mónadh.



M. - Tá 'fhios a'am sin go maith. Acht a' measann
tú nach bhfuil an obair chéadna le déanamh i gcúigeadh
Mumhan, agus an t-aisdear chomh fada? Agus, nach bréagh
go dtáinig siad chum an Oireachtais, nuair a bhí an
spioraid cheart anntu (ionnta)?



S. - 'Sé mo bharamhail go bhfuil an ceart agat. Ná
d'innis cara dham gur cuireadh trí nó ceathair do
chraobha do Chonnradh na Gaedhilge ar bun i gconndae
Mhuigheó, agus tá a mbunáite smiogtha amach 's amach.



M. - Nach bhfeiceann tú anois go bhfuil mo chaint-sa
fíor?



S. - Ó go deimhin tá. Acht a' ndeir tú liom nach
ndeachaidh aon duais do Chonndae Mhuigheó?



M. - Ghnóthuigh fear atá 'na chomhnuidhe sa Charraig
Dhuibh i mBaile-Átha-Cliath dhá dhuais, agus d'innis cara
dham gur thárluigh sé as Conndae Mhuigheó.



S. - Agus cé air ar ghnóthuigh sé na duaise?



M. - Ghnóthuigh sé ceann acu ar ainmne Gaedhilge a
chuir ar gach nidh a bhain le ceird iasgaireacht', agus an
duais eile ar óráid a rinne sé ar chuairt na gcuar-
taidhthe ar fud Éireann agus an darna óráid i dtaobh an
chogaidh fhealltaigh atá ag gul ar aghaidh san Aifric
ó dheas.



S. - B'fhéidir le Dia agus le Muire go ndéanfadh na
Connachtaigh aithris ar fhear na Carraige Duibhe agus go
mbeith na céadta acu ag an Oireachtas aith-bhliadhain,
le caidreabh a dhéanamh le árd-sgoláirí na Muimhneach.



Méarthóg Guill



<A ghiolla na casaoide faoi Mhéarthóig Guill, badh
chóir nach gcuirfeá do ladar i meadar gan iarraidh.


L. 194


Ná bain le geis agus ní bhainfidh geis leat. Bhí tú ro-
chrabach droch-mheas a chaitheadh ar mo chuid Gaedhilge-se
gan fios god-chuige ná goidé an t-adhbhar. Ar a shon
sin de, nuair a thoisigh tú ag clamhsán ar mo Ghaedhilge-
se, budh chóir gur i dteangaidh na hÉireann a dhéanfá
do chasaoid, acht sé mo bharamhail gur fíor-bheagán di
a labhair tú i dtús d'óige. Ní hé sin domh-sa. Níor
labhair mé aon-fhocal don tSacs-bhéarla srón-mhúchta
go raibh mé ceithre bliadhna déag d'aois. Dá gcuirinn-
se mo chuid cainte sa bpáipéar i mBéarla ar réir
Gaedhilge, b'fhéidir go dtuigfeá í. Mur bhfuil aon
eólas agat ar theangaidh na hÉireann acht an méid a
bhaineas tú as an bhfoclóir, 's fíor-bheagán eólais atá
agat ar chanamhaint chuigidh Chonnacht. Má shíl tú go
mbadh é "Méarthóg Guill" "Fear a' Bhóthair," tá breall
ort ina thaobh. Níor cháin mise Gaedhilg "Beirt Fhear
ón tuaith" agus ní'l á nGaedhilge ion-cháinte. Bíodh a' fhios
agat a ghiolla an fhoclóra, go bhfuil níos mó Gaedhilge
in mo cheann-sa ná tá insa bhfoclóir is mó ar bhreathnuigh
tú air riamh. Tá na fíor-fhocla Gaedhilge bidhgeamhail
ar bharr mo theangadh-sa, agus béidh go dtéighidh mé ar
shlighidh na marbh. Rud eile dhe, deir tú gur fearr leis
na Muimhneachaibh Gaedhilg "Beirt Fhear" ná Gaedhilg
"Méarthóg Guill." Tá an ceart acu annsin. Le
fear na bó an gamhain. God chuige nach molfadh gach
duine a chúigeadh féin. Molaim-se Gaedhilg na
hÉireann ar fad. Is fear gan brígh gan spracadh a
cháinfeas Gaedhilg fir ar bith acht mholfainn an fear a
cháinfeadh Gaedhilg a bheith trí n-a chéile leis an Sacs-
Bhéarla. Má tá tusa i n-ann mo chuid Gaedhilge a
cháineadh, cuir do cainte i nGaedhilg os comhair na
ndaoine sa Chlaidheamh Soluis, go gcluinimíd blas do
theangadh. Is minic a bhínn-se ag caint le Muimhnigh agus
le hUltaigh agus le Laighnigh. Ní 'lim ag fagháil droch-
mheasa ar Gaedhilg cheachtair acu, acht bíodh a fhios agat,
agus ná déan dearmad de acht oiread, go bhfuilim i n-ann
a labhairt chomh soileartha, agus chomh cliste le haon-fhear
aca castar orm as aon cheard d'Éirinn. Nár chóir
duit bheith an-bhuidheach díom faoi beagán fíor-fhocal
Gaedhilge d'fhagháil uaim anois agus arís mar aguisín do'n
fhoclóir? Sin mar ghním-se nuair castar liom corr-
fhocal i gcaint na Muimhneach nó na nUltach nach raibh
cheana ar mo theangaidh féin. B'fhéidir anois go
dtuigfeá go bhfuil méarthóg i láimh Ghuill go fóill.



Mise so chara,
Méarthóg Guill>



Míniughadh - gnóthuigh, win; gnóthachan, to win; acht
beag, acht mbadh bheag = only for, if it were not for;
griongal, spirit, "grit"; bior cleithe, tine of a harrow;
pian-pháis, torture; amhas, clown; gul = dul; darna
= dara; comórtaidhe, competitor; doiligh = deacair,
difficult; grálach = gnóthach, busy; lánughadh fataidhe,
earthing up potatoes; aisdear, journey; ná = for;
bunáite, the greater part; smiogtha, extinguished,
done up; cé air, for what?; cuartaidhe, tourist;
aithris, imitation; aith-bhliadhain, next year; caidreabh,
acquaintance, society.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services