Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ó Scanail, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Óráid



A thug Tadhg Ó Scannail uaidh roimh cruinniughadh
oideadh scoile i nDoire an 7adh lá deug do Abrán.



A chathaoirligh agus a dhaoine uaisle - is mór an t-áthas
atá orm go bhfeicim go bhfuil an spriod cóir a spion-
nadh na maighistiridhe sgoile chum neartughadh agus cabhrughadh
le teanga mhilis bhlasda ár sinsear - an teanga is
binne dár labhradh riamh i n-aon tír i ndeilbh an domhain
- an teanga go bhfuil inntleacht agus léigheann ag lucht a
labhartha. Ní hé sin amháin, atá creideamh agus náisiúntacht
a spreagadh i gcroidhe na muintire ag a bhfuil sí aca
mar cheanamhain nach féidir d'fhághail ar aon chór insan
mhuintir ná fuil aca acht an Beurla Sasanach, nósanna
agus béusanna iasachta nách linn féin acht le daoinibh atá
ag tabhairt "Dranntúgadh an mhadraidh orainn" agus ag
gáiridhe fúinn mar gheall ar ár ndíchéille. Is dearbhtha
go deimhin gur mithid dúinn ar súile d'fhosgailt agus
breitheamhaint cheart a tabhairt ar cad is ceart dúinn
a dhéanamh chum sinn féin do chur ar an mbóthar cóir.



Samhluighim go n-airighim guth éigin a labhairt dá
fhiafraighe cad is féidir dúinn a dhéanamh do'n teanga
Ghaedhilge? A cháirde, is baoghlach go maslóchthar ár
n-ainmeanna fós ag daoine a thiocfaidh 'nár ndiaidh gur
sinne maighistiridhe sgoile na hÉireann atá tar éis
níos mó na ár gceart a dhéanamh chum ar dteanga do
chur chum báis ar fuaid na tíre. Critheann gach oirleach
díom le náire nuair airighim nidhthe mar sin curtha i 'nár
leith acht faraoir ní féidir iad go léir do sheunadh. Is
cinnte an sgeul go bhfuil na sgoileanna náisiúnta tar
éis níos mó díoghbhá do dhéanamh ná mar a thuigimid-
ne. Do deineadh an díoghbháil nuair nár tuigeadh go
rabhathas dá dhéanamh, agus anois deanamaois iarracht ar a
leigheas.



Tá aos óga na tíre faoi ar lámha agus bhudh chóir dhúinn
anois cur le n-a chéile ar cad é an chuma do b'fhearra
dúinn ár nguth do chuir go dtí an Clár Léighinn chum
go ndeanadh na daoine uaisle so riaghlacha a bhéadh
oireamhnach do gach conntae agus do gach áit ar fuaid na
hÉireann. Tá beagán do na hoidíbh sgoile gur dóich
leó nach feidir an Ghaedhilg d'fhoghluim ar aon chor.
Deir siad "tá grádh agam do m' theanga dhúthchais, acht
ní féidir liom í do mhúineadh i m'sgoil mar ná fuil sí
agam féin." Is cathughadh liom go bhfuil na focail seo
ráidhte ag mórán atá annso romham le dá lá.



A cháirde is mór an dearmhad atá oraibh (ar chuid
agaibh). Is féidir le gach duine agaibh annso romham a
maighistreacht i n-aon sé mhí amháin, le beagán stuidéir
gach aon tráthnóna. Is fíor gurab iad maighistiridhe
sgoile na hÉireann a mhaslóchfar fós leis an Ghaedhilg
do chur chum báis, agus ní féidir linn a rádh ná go bhfuilimíd
cionntach, mar a múinfeam í do na haosóga. Is olc
an chóir inar n-aghaidh í acht anois ímpighim oraibh agus orainn
go léir iarracht do dhéanamh chum an obair mhaith seo
tá anois ar siubhal a chur chum cinn. Foghluimighmís
féin ar dtúis í agus is furuisde í do mhúineadh do na
sgoláiríbh na dhiaidh sin.



Tá brath agam as na riaghlacha nuadha atá ag an
gClár léighinn dá ndéanamh dúinn go gcuirfidhe
Gaedhilg arís insan seasamh budh chóir di a bheith. Do bhí na
sean-riaghlacha bacach beag-mhaitheasach neamh-thairbheach,
agus budh dheacair puinn tairbhe do dhéanamh faid a bhiódar
so i gcuma agus i gclódh. Tá 'fhios agaibh cad iad na
riaghlacha iad so, agus ní gá'dh dhomh-sa aon nídh níos mó do
rádh mar gheall ortha. B'fhéidir anois le congnamh Dé
go bhfuil an ghrian chum músgailt amach mar budh chóir
agus go gcuirfidhe ar bun teanga na hÉireann do mhúineadh
ó'n ceád lá leigfeadh an t-aos óg a gcos ar thaírseach
na sgoile. Sin é an chuma gur féidir í do leathnughadh
go coitchionnta ar fuaid na tíre. Dá mbéadh trí focail
Gaedhilge os cionn gach ceacht Beúrla, sul a mbeadh an
cúigeadh leabhair ag an scoláire, do bhéadh canamhain
bhreágh 'na dteangain féin aca. Le tosnughadh mar seo
is eadh is féidir an obair do dhéanamh 'na cheart.
Bímís anois ar aon intinn chum ár dteanga bhinn bhlasda
d'aithbheódhughadh.



Tá léighthe aluinn go léir ná fuil aon teanga eile
le fagháil is breaghdha agus is foghlamtha ná an Ghaedhilg.
Feuchamaois siar ar an am a tugthaoi "Oileán na
Scoláire agus na Naomh" ar ár dtír féin. Cad í an
teanga a bhí dhá teagaisg an t-am sin? Ní féidir a
sheunadh gur Gaedhilg. Trí blasdacht agus brígh na teangan
so do tugadh Críosdamhlacht agus foghluim do Eoraip.


L. 146


B'fhéidir go bhfuil cuid agaibh ná fuil 'fhios agaibh gur
feárr chum foghlamtha go mór scoláire ag a bhfuil
dá theanga - Gaedhilg agus Beurla - ná an té ná fuil
aige acht aon teanga amháin. Chidhim gach lá insan
sgoil ina bhfuilim ná fuil a leath oiread meabhra ná
clisteacht ag lucht an Bheurla a's tá ag an mhuintir a
labhrann Gaedhilg agus Beurla. Taisbeanann sain go
soiléir go bhfuil tairbhe agus sochair 'na foghluim i dtaobh
amuigh dá náisiúntacht ins an Ghaedhilg.



Cuirimís mar sin lena chéile agus tugaimís cabhair do
bhuidhin "Chonnradh na Gaedhilge" ar fuaid na hÉireann
agus le congnamh a chéile agus congnamh Dé is geárr go
mbéam arís i n-ár náisiún mar budh cheart dúínn a bheith.
Tugamaois i n-ainm Dé an t-eólas dos na haos óga agus
is ró-ghearr go sgeithfear a glór binn ar fuaid na tíre
ó Androim go Corcaigh agus ó Mhuigheó go Baile-Átha-
Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services