Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha na Gaedhilge

Title
Beatha na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 14, 1900



Beatha na Gaedhilge



Is maith an nídh an Gaedhilg dhá teagaisg ar fud na
tíre. Is maith an nídh leabhair Gaedhilge agus páipéir
Ghaedhilge dhá gcur i gcló. Is maith an nídh cruinnighthe
agus coimhthionóla, abhráin agus óráideacha do bheith againn i
nGaedhilg. Is maith agus is tairbheach iad so go léir. Acht
na ndiaidh sin agus eile is é bun agus bárr an sgéil nach
féidir ar dteanga dhúthchais do chongbháil beó beathadhach
nár measg acht ar aon nós amháin.



Cia an nós é sin? Tá, í labhairt.



Muna mbídh teanga dá labhairt, ní teanga bheó í.
Má bhíonn teanga dá labhairt, is teanga bheó í, dá
mbadh nach mbéadh litir ná léigheann aici.



Tá daoine ag foghlaim Gaedhilge agus tá daoine ag
síor-chur síos ar mhór-mhaitheas na Gaedhilge, agus shílfeá
orra go dtuitfeadh an t-anam asta, dá gcluinidís
fuaim a ngotha féin ag labhairt focail amháin don
teangaidh ar nós cainte le duine. Tá daoine eile agus
ní féidir leó focal Gaedhilge do labhairt chugat gan
bheith ag smigeadh 's ag sgigeadh 's ag mion-gháire, maras
gur mhían leó a rádh leat - "is duine ciallmhar mé,
acht ní misde liom abhlóir nó amadán do dhéanamh díom
féin uaireannta mar mhaithe le duine a bhfuil spéis aige
ina leithéid." Is beag an tairbhe don Ghaedhilg í labhairt
ar an gcuma sin.



Más mian linn teanga na hÉireann do chur ar bun
dá ríribh, caithfimíd í labhairt dá ríribh. Caithfimíd í
labhairt mar chaint choitcheannta, mar chaint chéillidhe
nádúrtha do bhronn Dia orainn le n-ar smaointe agus ar
gciall do nochtadh dá chéile. Caithfidh na daoine í
labhairt coitcheannta. Gach aon uair dá leigeann siad
tharsa í labhairt agus iad ag caint le chéile, sáitheann siad
sgian i mbrollach a máthar Éire. Tá a dhóthain dá fuil
caillte cheana aici. Ná bainimís a thuilleadh aisti.
Má bhainimíd, béidh gach aon fhear agus gach aon bhean
againn chomh cionntach lena bhás, agus dá mbadh iad-san
amháin go bhásóchadh ar fad í.



Caithfimíd go mór-mhór Gaedhilg do labhairt leis an
aos óg, agus freagra fhagháil uatha i nGaedhilg. An
freagra Gaedhilge os cionn gach uile nídh. Acht amháin
Creideamh Phádraig, níor fhág ar sinnsir seó ná seilbh
againn do b'fhiú a cur i gcomhshuim ná i gcoimhmeas ar
uaisleacht ná ar luachmhaireacht le teangaidh Phádraig.
An mbéidh sé le rádh ag ar bpáisdíbh gur ghoideamar
uatha í, gur cheileamar agus gur shéanamar orra í? Bás
imirt ar ár máthair agus gadaidheacht imirt ar a cloinn -
nár bhreág an cháil í sin ag ár sliocht agus ag sliocht ár
sleachta, ar Éireannaigh na líne seo! Comh cinnte agus
tá an spéar os ar gcionn, sin í an cháil a bhéas orainn
aca, agus ag an domhan mór comh maith, muna seachnaimíd
féin í fhad's tá sé ar cumas dúinn í sheachaint.



"Béarla atá uatha." Is amadán adéaradh é, nach
mbéadh do chéill aige acht oiread le circ. Dá mb'áil
leat an Béarla do chongbháil uatha, theipfeadh ort. Tá
sé céad míle duine i nÉirinn, agus Gaedhilg agus Béarla aca.
Ní ina mbéal atá an dá theanga acht ina meabhair, an
áit i bhfuil slighe, agus achar go leór ag fiche teanga, dá
bhféadfadh siad a bhfoghlaim.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services