Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cipín Draoidheachta

Title
An Cipín Draoidheachta
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Cipín Draoidheachta



I.



Timcheall dá fhichid bliadhain ó shoin do mhair i gconndae
Chiarraighe fear go nglaodhaidís Seaghán na sguab mar
leas-ainm air. Do bhíodh capaillín aige i gcomhnuidhe
ag tarraing giúise móna, agus c., isteach go Cill-Áirne agus
dá ndíol ann.



Aon lá amháin bhí sé ag seasamh lena ualach, mar budh
gnáthach i gceart-lár na sráide, nuair a bhuail duine
uasal chuige agus d'iarr ar Sheaghán a ndíolfadh sé an
capall leis.



Táim ag tabhairt fógra dhuit arsa Seaghán go
feargach gan aon luach do chur ar mo chapall nó mo
chorp on riabhal má dhineann tú go ndíolfair as.
Ní'l a leithéid sin de chapall le fagháil i gCúige
Múmhan indiu, agus dá mbeinn-se chum sgaramhaint leis
b'fhurasa dom fear a fhagháil do cheannóchadh é.



Lena linn sin d'fhéach an sean-chapaillín air, díreach
mar a bhéadh sé le rádh, "tá an ceart sa mhéid sin
agat."



Ná bac sin, ars' an duine uasal, is minic a dhíoladh
capall níos fearr ná é. Cad a bheidh agat 'ghá chur ar?
agus b'fhéidir go ndeanfamaois margadh.



Anois, arsa Seághan, má dhíolfadh an capall so, ní'l
aon gnó abhaile agam. Marbhóchaidh mo bhean mé, agus
tá sé chomh maith dom aghaidh a thabhairt ar a dtaobh
eile de'n tír uaithi. Tá rud eile ann leis; dá
mbéinn a' siubhal go dtí lá an chunntais ní chasfar a
leithéid orm arís. Ó airiú mhaise mo ghearráinín
gleóidhte agus leis sin do chrom Seághan ar ghol.



Éisd, éisd! ars an duine uasal ná bí a' lógóireacht
mar sin os comhair na ndaoine mar a bheadh leanbh.



Ní'l leigheas agam air, a dhuine uasail, arsa Seághan,
agus é ghá mhúchadh le deóra, mar eadh.



Seadh i ndeireadh thiar thall do cheannuigh an duine
uasal an chapall ó Sheághan ar fiche púnt agus b'éigin dó cur
síos a thabhairt uaidh, agus a ainm do chur leis go raghadh an
capall fá charáisde, fá dhiallaid nó aon obair eile go
gcuirfidhe chuige é. Dúbhairt an duine uasal le Seaghan
agus iad ag sgaramhaint muna raibh an capall do réir
an sgríbhinn go n-aireóchadh sé arís uaidh. D'ól Seaghán
sláinte an chapaill, agus do chuir a thrucaill i gcoiméad,
agus d'imthigh abhaile annsain go meidhreach, agus níorbh aon
iongnadh é bheith amhlaidh mar níor b'fhiú fiche feóirling
an capall. Ní raibh Seághan sásta 'na aigneadh ámh,
mar bhí a fhios aige ná h-ionntóchadh an capall amach mar
do gheall sé, agus bhí sé ag tnúth leis an duine uasal gach
lá.



Roinnt laetheanna 'na dhíaidh sin, ar theacht aimsire
dínnéir, do chonnairc sé beirt fhear ag tabhairt aghaidh
ar a theach, agus bhí aithne mhaith ag Seagháin ar cheann aca.
Do ruith sé isteach agus dubhairt sé lena bhean dínnéir
d'fhagháil ullamh i gcómhair beirt duine uasal do bhí ag
déanamh ar an dtigh, agus gan aon mhoill a dhéanamh leis.
Dubhairt sé léi prátaoi, íasg, piobar, agus c. d'fhagháil agus
iad go léir a chur síos i gcorcán, muin mhairc a chéile.
Fuair sé mála beag annsain, agus do chuir sé mín agus
prátaoi brúighte isteach ann, agus do chuir ar a mhnaoi
annsain é, mar bheadh aprún. Is ar éigin a bhí an méid
sin déanta aige, nuair a tháinig na daoine uaisle
isteach, agus ní h-aon an-fhuadar a bhí faoi cheann aca.



Dé bheatha, arsa Seaghán. Féach a bhean, faghaidh a
ndínnéir dos na ndaoine uaisle seo.



Ó ná bac é, arsa an fear do cheannuigh an capall.



Nár fhagad bás choidhche, arsa Seaghan, má fhágfaidh
sibh an teach gan rud éigin d'ithe.



Leis sin do chaith an bhean a raibh insa chorcán amach
ar an mbórd, agus ní misde a rádh gur greannmhar an
ádhbhar dínnéir é. D'fhéach Seaghán go feargach uirri agus
dubhairt:



Dhe do chroidhe 'ón ríabhal, a shean-dhranntarnaigh
caillighe, caidé sin mar shaghas bidh do chur os comhair
aon'ne?



Aon'ne nár mhaith leis suidhe isteach, fágadh sé 'na
dhiaidh é, ars' an mhnaoi.



Ó a dhiabhail, arsa Seaghán, níor chaillis an droch-
fhreagra riamh; agus leis sin do rug sé ar sgian agus do
shághaidh an bhean bhocht sa bholg. Do chur sí liúgh aisti agus
do thuit sí i marbh-phleist ar an urlár. Shaoilidh na
daoine uaisle go raibh a putóga ag teacht amach 'nuair
chonncadar na prátaoi agus an mhín ag stealladh amach as
an máilín. Ó a bhitheamhnaigh, adubhradar, tá an bhean
marbh, crochfar tú gan amhras. Caithfimíd dearbhad
ort.



Ná bac leis, arsa Seaghán, tá leigheas annso agam,
agus leis sin do tarraing sé chuige cipín go raibh poll ag
rith tríd, mar bheadh deócán, agus do chur sé ceann an
chipín isteach i mbéal na mná, agus an ceann eile 'na
bhéal féin, agus do chrom sé ar bheith 'ghá shéideadh annsain.
I gcionn tamaillín do chorruigh sí í féin, agus fá mar bhíodh
Seaghán 'ghá séideadh bhíodh sí ag éirghe suas fá dheireadh
do sheas sí suas, agus luigh ar bheith ag déanamh a gnó ar
fúd a' tighe, agus gan focal aisti acht ionann a's ná raibh
ao' rud ríamh a' gabháil di. Bhí iongnadh an tsaoghail ar
na daoine uaisle nuair a chonncadar an bhean slán
folláin arís, agus ní shásóchadh ao' rud iad acht an cipín
d'fhághail ó Sheaghán. Má bhí greim daingean ag Seaghán
ar an capall, budh mhó go mór an greim a bhí aige ar
an chipín.



Má sgaraim leis an gcipín, ars' eisean, tá sé chomh
maith agam an teach d'fhágaint aici seo ar fad. Tá
an diabhal sa mháthair uirri le mí-náireacht agus muna
mbeadh an chipín ní fhéadfainn aon lámh a dhéanamh di.



An capall sin a dhíolais liom ars' an duine uasal, ní
dhéanfadh sé pioc dom, agus do thánag annso indiu chum
mo chuid airgid d'fhagháil ar ais uait, acht ó'n uair gur


L. 51


thuit gach ao' rud amach, mar a rinne anois, maithfidh mé
dhuit é go léir acht an cipín a thabhairt dom.



Airiú an é Tomáisín a ndeireann tú ná déanfadh
ao' rud duit? arsa Seaghán.



Sé, ars' an duine uasal.



Rinnis éagcóir éigin air, arsa Seaghán.



Ní chreidfinn thu, ars' an duine uasal.



Cad tá ort, mar sin? ars' an fear eile, mar do
chonnaic sé Seaghán ag leigint deóra síos.



Ní'l ao' rud arsa Seaghán, acht ní'l aon uair a chuimh-
nighim ná tráchtaim ar an gcapaillín sin ná bím mar
seo.



Do bhí Seaghán a' gol annsin dóibh, ar dtús go ciúin,
acht fá mar a bhí sé ag bogadh chuige, bhí sé ag liúghraigh
agus ag sgreadadh i dtreó go n-aireóchthá míle ó bhaile é.
Bhí na daoine uaisle ag féachaint air agus ag iarraidh cosg
do chur leis, acht ní raibh aon mhaith ann. Dul i n-olcas
a bhí sé. Is gearr gur thosnuigh na daoine ar bheith ag
bailiughadh timcheall an tighe mar shaoileadar go raibh
duine éigin marbh ann. B'é leomhnughadh Dé go bhfuair
sé sos beag, agus fá dheireadh do thug sé suas de'n ghol.
Do ghlaodhaigh na daoine uaisle amach air annsain agus
dubhradar leis go gceannóchaidís an cipín uaidh. B'é
deireadh an sgéil gur thugadar deich bpunt do, chúig
phúnt an duine, agus an cipín a bheith gach re seachtmhain ag
gach nduine aco.



Do sgaradar le chéile annsin, agus do rug an duine
uasal do cheannuigh an capall an cipín abhaile leis.
An-bheárrthóir mná do b'eadh a bhean súd, a dubhairt sé
leis féin ag dul abhaile dhó, dá ndéarfadh sí ao' rud
'na coinnibh nuair a raghadh sé isteach, go dtiubhradh
sé sgannradh dhi. Nuair a chuaidh sé abhaile ní raibh
ao' rud na cheart roimhe. Chrom sé ar bheith a casaoid
le n-a bhean nuair ná raibh biadh ullamh aici, agus so is siúd
déanta aici acht i mbasa féin dubhairt sise leis ná
raibh aon tsásamh aige le fagháil ann, mar gur thug sé
féin an lá go diomhaoin faillightheach ag triall 'na
fánaidhe ó áit go háit. Ní dubhairt sé focal acht do
rug ar sgein agus do sháthuigh sa mhuinéal í. Do chuir sí
sgread aisti agus do thuit ar an urlár. Bhí fuil ag
stealladh amach as an gcréacht chómh tiugh le caise, do
ruith na seirbhísigh go léir isteach sa tseómra 'na
raibh sí sínte agus cad a bheadh ná mo dhuine uasal agus é
dubh-ghorm ó bheith ag séideadh cipín Sheagháin. Ní raibh
aon mhaith ann, ámh, ní raibh cor ag an mhnaoi dá cur aisti.
Do ruith buachaill ag iarraidh an dochtúra, agus do bhí sé
ag innsint an sgéil do gach aon'ne fá'n bhóthar, i dtreó
gur airigh na connstablaí é, agus thángadar i n-aoinfheacht
leis an dochtúir.



Nuair a shroicheadar an teach is amhlaidh a bhí mo
dhuine uasal tar éis tuitim i laige, óir do shéid sé ro-
dhian agus ní raibh sé ábailt ar a anál do tharraing i
ndeireadh na preibe. Do chuir an dochtúir trí greim
i muinéal na mná uaisle, agus do stop sé an fhuil, agus do
thug saghas éigin deoch di do chorruigh suas í. D'orduigh
sé í chur a chodladh annsain, agus aire mhaith a thabhairt di.



Do bhí mo dhuine uasal tar éis teacht as a thaom
annsain, acht nuair a dubhairt na connstáblaí go
gcaithfidís é thógaint, mar gur thug sé iarracht ar a
bhean a mharbhadh, do thuit sé i laige arís, agus do thuitfeadh
agus arís acht go raibh a neart imthighthe, is ní raibh sé
láidir a dhóithin an tríomhadh fanntais d'fhagháil. Do
rug na Connstáblaí leó é, agus do triailleadh é an lá 'na
dhiaidh sin, acht tugadh amach saor é, mar giúistís do
b'eadh é agus bhí na giúistísí eile an-mhór leis.



Nuair a fuair sé cead a chos, níor stop sé riamh ná
choidhche chum go dtáinig sé go dtí tigh Sheagháin, do
chonnaic Seaghán a' teacht é agus do sgíuird sé an doras
amach agus budh mhaith a bhail air é. Chuaidh an duine uasal
isteach is d'fhiafruigh cá raibh Seaghán, agus dubhairt sise
nach feadair sí sin.



Thugais d'éitheach, a chailleach, ars' eisean agus díolfaidh
sibh as.



Do bhí maide droighin na láimh aige, agus do chrom sé
ar bheith a' briseadh gach ao' rud a bhí istigh ag lorg
Sheagháin. Nuair d'airigh Seaghán an fothram ar fad
istigh do rith sé leis féin síos chum an bhóthair, agus ar
ádhbhraighe an tsaoghail cad a bheadh ann roimhe na beirt
chonnstáblaí.



Ó a dhaoine uaisle, ars' eisean, tá fear éigin ag
briseadh an tighe big orm, agus is é mo thuairim láidir go
bhfuil sé as a mheabhair, slán beó mar n-innstear é,
teannaidh suas lem' chos, airiú mhaise.



Suas leó i dteannta a chéile, agus do bhí sé a' déanamh
roiltheach rómpa. Nuair chonnaic sé Seaghán chuige do
rith sé 'na choinnibh.



Tabhair dom mo chuid airgid, a bhitheamhnaigh! ars'
eisean, nó beidh t'anam agam ag tarraing an bhata
chum Seagháin do bhualadh acht do rug na connstáblaí
air.



Ó! Dia is Muire linn! arsa Seaghán, tá sé an-olc.
Ní'l fasg i n-ao' chor aige. Níl aon chiall ná brígh
le n-a chaint. Seachain sibh féin air, airiú. Go bhfágaidh
Dia ár gciall is ár meabhair againn, 'pé n-Éirinn é!



Do bhí na connstáblaí ag sleamhnughadh an duine
uasail leó, a' rádh leis go mb'fhearra dho dul abhaile.
Fá dheireadh do chuaidh sé leó go ciúin macánta.



Ó maise, arsa Seaghán, nuair a chonnaic sé ag
imtheacht iad, go bhfágaidh Dia bhar saoghal is bhar sláinte
agaibh, is go gcuiridh Sé ar bhar leas sibh, is nár chuiridh
Sé brón ná mairg choidhche oraibh. Muna mbeadh sibh,
ní fios cad a dhéanfadh sé liom.



Ó a chladhaire, ars' an duine uasal, agus é ag imtheacht,
cuirfead-sa brón fós ort.



Chuaidh an duine uasal abhaile, é féin is na conn-
stáblaí, agus um thráthnóna nuair d'fhág na connstáblaí
é, do rug sé an gunna amach leis, agus do lámhaigh sé
capaillín Sheagháin. Do tháinig a bhean chuici féin, acht
bhi rian na sgine 'na muineál go lá a bháis. D'fhág
Seaghán an dúthaigh ar fad agus do chuaidh siar i n-aice
Tráigh-lí. Acht is fada na dhiaidh sin do bhí trácht air
féin 'sa chapaillín timcheall an h-áite sin.



Taisdeal na Tíre

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services