Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Ba bhreágh an triall do bhí ag na hÉireannaigh Lá
Féile Pádruig i Nua Eabhrac. Bhí trí fichid míle acu
ag triall thríd an tsráid mar onóir do Phádruig do
bheannuigh Éire. Go raibh an rathamhnas ortha agus ar a
sliocht i gcómhnuidhe. Is ait an smuaineadh é ar a shon
sain go mbeidh clann a gcloinne cómhaireamhtha imeasg
an tSagsan-tréibh má chaillid an Ghaedhilg. Cúis gháire
chugainn adéarfaidh duine éigin, beidh clann a gcloinne
súd na nÉireannaigh mar iad féin agus clann a gcloinne
sin do réir dheallraimh. Na bí chómh dearbhtha sain a
dhuine mo chroidhe. Féach air so agus machtnuigh air. D'fhág
os cionn trí mhilliúin fear tír na hÉireann fá dhéin
roinn na hEorpa ins an aois seo ghabh tharainn agus airíghim
gur shroich suas le dhá mhilliún acu súd tír na Fraince.
Fir chalma do b'eadh iad, phós a bhfurmhór agus bhí clann
acu. Bhí Gaedhilg acu go léir an uair úd, chuaidh an
Ghaedhilg amúgha leis an tríomhadh glún agus labhradar
Fraincis 'na hionad. Cá bhfuil clann chloinne na
"nGéanna Fiadhna" indiu? Táid siad 'sa bhFrainc
gan amhras acht rachaidh sé dhíotsa mar do chuaidh sé
dhíomsa iad d'fhághail amach mar is Francaigh iad anois.
Chuir an teanga Fhraincis i bhfolach iad, ní h-amháin iad
féin acht a n-ainmneacha sloinneadh. Rinne an Ghear-
máinis, an Rúisis agus an Spáinnis an rud céadna leis
na hÉireannaigh d'áitigh ins na tíortha sain agus imreóchaidh
an Béarla Sagsan an cleas chéadna ar chlainn na
nÉireannach atá i nAmericá indiu. Go bhfóiridh Dia
orainn nách orainn atá an tubaiste gan ghábhadh. Ba
chóir gur bhfurasda do threibh a teanga féin do chong-
bháil agus teanga eile d'fhoghluim leis má theasduigheann sí
uatha, siúd agus gurab í an Fhraincis, an Ghearmáinis nó
an tSagsanais í.
Ní fhuil mórán tuairisge ó'n gcogadh le seachtmhain.
Bhí na Sasanaigh ag feitheamh le sgéal ó Mhafecing go
neamh-fhoidhneach mar tá na Bóraigh timcheall ar an
mbaile úd le fada agus tá na chosantóirí agus muintir an
bhaile i ndroch-chás le hocras. Tháinig Plumer ó'n dtaobh
thuaidh le h-arm i gcómhair fóirithin do thabhairt ar an
mbaile úd, agus ba mhór an misneach dó bhí ar Sheághan mar
is mór leis Baden-Pouell, an fear atá ag cosaint
an bhaile úd. Sniman is ainm do'n Bhórach atá ag
cur ar Mhacfecing agus ní túisge do tháinig Plumer i
ngiorracht fiche míle do'n áit ná gur bhuail Sniman
'na choinnibh agus is beag ná'r ith sé Plumer bocht. Do
theich Plumer ins an oidhche agus níor stad sé go raibh sé
céad míle ó Shniman. Maith an fear Plumer.
Cloisim nách bhfuil aon eagla ar Phól dá mhéid an
t-arm atá 'na choinnibh. Deirthear nách bhfuil aige acht
fiche míle agus tá ós cionn dhá chéad míle fear ag Seághan
annsúd, sin deichneabhar i gcoinnibh gach Bóraigh. Má's
maith leat fhios do bheith agat cad é an saghas ruda
troid le deichneabhar, éirigh amach ar lár an aonaigh,
chas do bhata agus cuir air dheichneabhar preabairí. Bain
an chluas díom munar mheath fir na tuatha ó bhí aithne
agamsa ortha ná cuirfir rómhat a leithéid sin de chleas
go deó arís. Agus nách mór an náire é ar fad
adéarfair! Mo thruagh thú, ní raibh náire riamh ar
Sheághan. Is cuma leis an bhfear gciallmhar sain cad'
déarfair leis, beidh leathsgéal aige i gcomhnuidhe.
Teasduigheann an Transbhaal uaidh, agus mar adubhairt
Ioubert an lá eile, cad é an mhaitheas dúinn fiche
míle Sasanach do mharbhadh nuair atá dá fhichead míle
eile ullamh le teacht 'na n-ionad. Tá an Fuíteach ag
teacht abhaile droch-shláinteach. Loit Ioubert é féin agus a
shluagh sul ar sgar sé leo agus tá chúig mhíle Bórach annsúd
fós ins an Natál agus Buller ag féachaint ortha agus faitchíos
air theacht 'na ngoire. Bíonn an eagla ar an leanbh a
dóightear. Ní chorróchadh Roberts, Buller, 'ná aon
cheann eile acu cos anois go mbíonn an oiread fear
acu agus dhéanfadh cuar timcheall ar na Bórachaibh, agus má
thárluigh go mbiadh an buaidh leó annsain pil-il-iú
cromann na scaothairí ag baile ar liughriagh gurab iad
na Sasanaigh an aicme is cródha ar dhruim an domhain.
Ins an gcogadh Francach-Gearmánach do thóg an
prionnsa Cormac Dearg, Mets, daingean láidir na
Fraince agus céad míle go leith Francach, agus fá cheann trí
lá bhí sé féin agus a arm ag gluaiseacht seacht míle dhéag
'sa ló fá dhéin Pháris. Do b'é sin an bheart gur chóir
maoidheamh as, acht ní airíghim go bhfuil aon eirghe
n-áirde ar na Gearmánaigh 'na thaobh.
Mo thruagh Cronghe. Bhítheas go han-mhaith leis ar feadh
trí seachtmhaine acht thosnuigh na páipéir ar chnámhdán
go rabhthas ag tabhairt breis onóire dhó, agus tóghadh ó
Bhaile na Rinne go hoileán ins an Mhuir Iarthair é sé
chéad déag míle ó'n áit úd. Éist leis na tonnaibh
ag briseadh ar oileán uaigneach Naoimh Eibhlín a Chronghe
an iarainn.
Rinne Iustís atá thuas i mBéalfeirsde áireamh ár
an méid saighiúirí atá annsúd i dTigh na mBocht, agus
d'fhoillsigh ins na páipéaraibh é. Tá ceithre fichid
seanduine acu ann. Bhuadhdar súd leis bruigheannta
do Sheághan agus bhí maoidheamh asda lá, mar tá as ama-
dánaibh buile eile indiu. Mo mhíle greann tu indiu
ith an leite agus ól a phraiseach imbárach.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11