Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aithrighe Sheagháin de hÓrdha

Title
Aithrighe Sheagháin de hÓrdha
Author(s)
Ó Loingsigh, Seagháin,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aithrighe Sheagháin de hÓrdha



I.



A Mhic Mhuire na ngrás, do cuireadh chum báis, is
d'fhuiling an pháis pheannaideach,
Do cheannuigh síol Ádhaimh le hallus do chnámh, fola agus
cneadha dearga;
Freagair mé, a ghrádh, - beir m'anam i dtráth go
Parrathas lán-ghradamach,
Ag caitheadh an tsóláis fhada ghil bhreaghdha idir Apstail
agus Árd-Aingealaibh.



II.



Freagair mé, a Chríosd, a chara mo chroidhe, - an
charraig seo am chlí, corruigh í;
Is mo dhearca leig síos 'na srothaibh aithrighe do bhéaras,
go crích Fhlaitheas mé;
Mar is peacthach mé, bhí sgannalach fíor-dhroich-bheartach
fíor-mhalluighthe,
Is ná tagair-se baois ar bheartaibh an tsaoghail ar
m'anam le linn sgarthain liom.



III.



Sgreadaim is éighim, aitchim go séimh ar Mhuire sa
hAon-Mac calma,
Teacht sealad fá dhéin m'anam a phléidh 'sa chosaint ó'n
maor malluighthe,
Deisgiobail Dé is a gcaraid go léir am tharraint sa
réim bheannuighthe,
Mo bhearta ar an saoghal cealgach claon gangaideach
baoth a mhaitheamh dham.



IV.



A Dhé atá thuas, féach anuas, is réidhigh mé ó ghuais
anbhfainn,
Is léig mé ad chuan gléigeal suain naomhtha buain
tseasmhach,
A Dhé na mbuadh, déin dom truagh ar théacht do'n uair
mharbhthaigh,
Is na léig mé uait féin le fuath i bpéin le sluagh
Acheron.



V.



Is deacair dam labhairt leat-sa gan dobhat ag tagairt
ar do chabhair chalma,
Is gur fada mé ag treabhadh tarsna le fonn aignidh do
mhodhmhail-aitheanta.
Ní'l insan domhan fairsing, mo lom! peacthach le togha
is measa loit
Ná mise atá bodhar balbh, am' lobhair ceangailte ag an
dream malluighthe.



VI.



Ní lia le rádh gainimh ar tráigh, ná drúcht ar bhárr
glasarach,
Ná peacadh le suidheamh ar m'anam, fóiríor! cean-
gailte am' chroidhe calcuighthe,
Is mór a dtrian reomham sa tSliabh - ní fhoghnann ciach
eagla,
Is gur le léigheadh grásda Dé ná a ndeárna an
saoghal d'ainbhfios.



VII.



Molaim-se Dia thar a bhfaca mé riamh, is ar Mhuire bhaín-
tighearna aitchim-se,
Peadar is Pól is na naoimh uile leó, is Tusa gan ghó,
a Athair ghil,
Admhuighim dóibh, do Mhícheál is d'Eóin, is do na
hApstailaibh ró-bheannuighthe,
Gur pheacuigheas am' dheoin, am' smaointibh go mór,
am' ghníomharthaibh 's am ghlór labhartha.



VIII.



An t-uabhar ar dtúis, an tsainnt 's an drúis, an craos
is an rún feargach,
Fórmad an tsaoghail, is an leisge go léir, ní sgarann
liom féin aga ar bith.
Is nach mairg do'n té mhaireas mar mé ins na seach
bpeacaidhe claon-mharbhthach!
Is nach dána é an ghnó do dhuine dom' shórt tagairt ar
choróin Fhlaitheas dul!



IX.



Féach mar do shéan Peadar Mac Dé, an tan laguigh an
tréad malluighthe é,
Is nuair d'aistirigh sé a ghreachaibh aithmhéil, gur glacadh
sa réim bheannuighthe é.
Dob' fheasach do'n tsaoghal fairsing go léir gur peacthach
bhí ar strae í Magdalén,
Is dá chuirptheach é a bheatha le léigheadh, go dtug
sileadh na mbraon Flaithis di.



X.



Ar n-Athair atá ins na Flaithis go hárd, go naomhthar
tráth t'ainm-se;
Go dtigidh do ríoghacht; do thoil ar an saoghal, mar
déantar i gcrích Pharrathais.
Ár n-arán laetheamhail tabhair é dhúinn, is maith dhúinn
ár gcionnta ainbhfis,
Már mhaitheamaoid do chách, is ná léig sinn i dtlás,
acht saor sinn ó bhás an-obann.



XI.



A Mhuire atá lán do thuile na ngrás, atá an Tighearna
grádha maille leat;
Is beannuighthe thú i bhFlaitheas idir mnáibh, go naomhthar
tráth t'ainm-se,
Is beannuighthe an radharc toradh do bhroinn, Íosa, dhá
roinn eadrainn,
Anois agus riamh is i n-am ár bpian go rabhair ó Dhia ag
seasamh dúinn.



Seagháin Ó Loingsigh do sgríobh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services