Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis

Title
An Ghaedhilg ins an am atá le teacht - nídh a bhfuil súil leis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"An Ghaedhilg ins an am atá le teacht -
nídh a bhfuil súil leis."



Páipéar do léigheadh ós comhair Árd-Chraoibhe Chonnartha na
Ghaedhilge i mBaile-Átha-Cliath an tríomhadh lé deug de mhí na
Nodlag, 1899.



(ar leanamhain)



Múnann siad í dá gclann. Cuireann siad páipéir
ar bun inti, agus bíonn sí in úsáid aca na gcuid teampall.
I mBaile Átha Cliath féin tá teampall aca na mbíonn
seanamóir agus paidreacha i mBreathainis gach uile
Dhomhnach, siúd is nach bhfuil san gcathair ar fad acht
tímcheall le ceud duine a bhfuil Breathainis aca.
Anois is follusach go bhfuil a dteanga sábháilte ag na
Breathanachaibh agus nach bhfuil aon bhaoghal ann go bhfuighe
sí bás go deo.



Thuit an rud ceudna amach i mBóhémia. Céad
bliadhain ó shoin bhí an Bhóhémis i riocht bháis. Ní raibh
sí dhá labhairt san bpárlamuid, ní raibh sí in úsáid ins na
cúirtibh dlighthe, ní raibh sí dhá múnadh ins na scoilean-
naibh, agus i measg na gcléireach féin is beag suim a bhí
inti, acht bhí ama níos fearr le teacht. Thosuigh na
daoine ag troid ar a son, agus is troid tréan fhada a bhí
aca. Ní'l sí críochnuighthe go fóill, acht muna bhfuil
féin tá an teanga as contabhairt. Tá sí ag fághail
bhuadha gach bhliadhain ar an nGearmáinnis, an teanga
a bhí dá cur chum báis. Áite nach raibh ionta deich
mbliadhna fichead ó shoin focal acht Gearmáinnis ní'l
ionta anois acht Bóhémis. Tá sí dá labhairt sa bpárl-
amuid, ins na cúirtibh dlighthe, agus san Eaglais. Tá sí dá
múnadh ins na scoileannaibh. Tá na páipéir agus litreacht
na tíre i mBóhémis, agus san amharclann féin is í Bóhémis
bhíos ann. Mar na Breathanachaibh, nuair théidheas na
Bóhémiacha thar sáile coinnigheann siad a dteanga ar
bun. Labhrann siad agus múnann siad í dá gclann.
Cuireann siad páipéir ar bun inti. Tá cúig páipéir
laetheamhla in Ameriocá clodhbhuailte i mBóhémis.
Ní'l aon tír san Éoraip indiu ag dul ar aghaidh chomh
mór i maoin saoghalta le Bóhémia. Tá na daoine dhá
meudughadh ó bhliadhain go bliadhain. Tá gach uile shaghas
obair ar bun aca. Tá meas aca féin orra féin agus ar a
dtír, rud nach raibh aca nuair bhíodar ag leigint a
dteanga chum báis.



Is é an sgeul ceudna é san Ungáir. Tuilleadh agus
ceud bliadhain ó shoin bhí an teanga dhuthchais i gcruadh-
chás. Ní raibh pioc measa airri in aon áit. Bhí sí
díbeartha amach as an bpárlamuid, as an Eaglais. Ní
raibh sí dá múnadh ins na scoileannaibh, agus is beag scoil
a bhí ann ar chor ar bith. Ní raibh sí dhá labhairt féin,
acht ag na daoinibh bochta. Budh chomhartha ísleachta í an
teanga dhúthchais. Acht thosuigh na daoine ag smuain-
eadh. Chonnaiceadar nár bh'fhada go mbeidís na
nGéarmáinneachaibh. Chuireadar le chéile. Throidea-
dar go dian ar son a dteangadh, agus ar son cáile agus clú
a dtíre. Níor gan toradh é. Tá an Ungáiris dá
labhairt ins gach áit faoi an tír anois. Is í an teanga
atá na daoine óga ag déanamh foglamtha airri ins na
scoileannaibh, agus as sin suas go dtí an phárlamuid féin
is i an teanga atá in úsáid ins gach áit faoi an riaghal-
tas. Tá leabhra agus páipéir na míltibh ag teacht amach
intir gach uile bhliadhain, agus ar an airgiod féin is í an
Ungáiris atá air.



Budh mhaith liom focal nó dhó a rádh i dtaobh tire na
Finne. Is tír shuarach í do réir baramhla a láin, tír
fhuar, fhliuch, shneachtach, acht, is breágh iad na daoine
atá inti. Is maith leo seasamh ós comhair an tsaoghail
mar fhearaibh a bhfuil anam agus spiorad ionta. Ag tar-
raint ar deireadh an t-ochtmhadh aois deug bhí a dteanga
i gcontabhairt mhór. Bhíodar san am sin faoi riaghaltas
ag na Suedeachaibh, agus iad bocht agus buailte síos ar fad.
Bhí an tír reubtha agus sgriosta le cogadh. Ní raibh ag na
Suedeachaibh, agus ag go leor dá ndaoinibh muintreacha
féin faraoir! acht tarcuisne ar an teangaidh dhuthchais.
Bhí fear maith nó dhó le fághail ann so agus ann súd ámh -
labhair siad-san ós árd leis na daoinibh ag rádh leo -
"Is fíor go bhfuil sibh bocht agus buailte, acht tá aon rud
amháin agaibh is fearr 'ná saidhbhreas an domhain, rud is
fiú troid treun do dhéanamh ar a son. Ní'l an teanga
a bhí ag bhur sinsear leis na ceudtaibh bliadhain imthighthe
fós, agus chomh fada is mhaireas sí beo in bhur measg ní'l
an tír caillte. Ná leigidh uaibh í. Cuiridh ar bun arís
í. Bidheadh meas agaibh uirri. Labhraidh i gcomhnuidhe í,
ionnas go mbeidh sí ag bhur gclann agus ag an sliocht thioc-
fas in bhur ndiaidh chomh maith is bhí sí ag bhur sinsear san
sean-aimsir." Ghlac na daoine a gcomhairle chríonna agus
ba mhaith agus ba mhór an troid do rinneadar ar son a
dteangadh. Bhíodar bocht agus lag agus ba mhaith a bhí a fhios
aca munar mhaith leo bheith sluigthe suas ag na daoinibh
láidre a bhí ós a gcionn, agus ainm agus clú a dtíre bheith
caillte go bráth, gur bh'éigin dóibh a dteanga do chosaint
agus do chongbháil beo. Sa mbliadhain (1809) míle ocht
gcead agus naoi g-cinn tháinic tír na Finne faoi smacht


L. 675


na Rusach. Ar feadh bliadhan indiaidh sin bhí na daoine
comh bocht agus chomh dona is bhíodar ariamh. Bhí párlamuid
aca, acht ní leigfeadh Ímpire na Rusach a teacht i gceann
a chéile. Thainic droch-bhliadhanta orra. Baineadh cáin
mór asta acht dá dhonacht a gcás níor leigeadar an
troid ar son a dteangadh agus ar son a dtíre ar gcúl, agus
faoi dheireadh bhí a rian orra. Sa mbliadhain míle ocht
gcéad trí cinn deug agus trí fichid (1863) cuireadh an
phárlamuid ar bun arís, agus ó'm am sin suas go dtí an
lá indiu tá an Fhinnis ag dul ar aghaidh go treun.
Ní'l aon ádhbhar dhá insint dhíbh gurab í an Fhinnis labhras
na feisirí sa bparlamuid. Tá sí dá múnadh ins na
scoileannaibh chomh maith ceudna, agus tá leabhra agus páipéir
go leor aca san teangaidh dhuthchais. Tá sí dá labhairt
ar feadh na tíre ar fad, agus ní hé sin amháin acht tháinic
gach uile dheagh-rud eile ar na daoinibh na theanta.
Tá siad dá meudughadh agus ag eirighe níor saidhbhre ó
bhliadhain go bliadhain. Tá siad fóghlmtha. Tá eolas
maith aca ar fheilmeoracht, agus ar gach uile shaghas oibre
eile bhaineas lena dtír.



(Tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services