Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuaraisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuaraisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuaraisg ó'n Tuaisceart



Atáid lucht na Gaedhilge i mBéilfeirsde gnothach ag
fearadh fáilte fá choinne an Chraoibhín Aoibhinn, atá
faoi gheasaibh le comhrádh nó óráid do thabhairt uaidh
'san gcathair sin ar an dara lá deug de'n mhí so
chugainn sa bhFó-halla Ultach; agus atá an uile chomhartha
go mbéidh cruinniughadh mór aca an oidhche sin. Go
dearbhtha is fiú fáilte righeamhail an Chraoibhín. Ó fuair
an t-Athair Ó Gramhna bás ní'l fear againn mar an
gCraoibhín; chomh fial, chomh foghlumtha, chomh múinte,
chomh árd-mheanmnach, chomh dímhéirceach i gcúis na
Gaedhilge, agus chomh treun misneamhail dána i n-aghaidh
ar námhad. Mar sheabhac i measg mion-eun, nó mar
leomhan i measg ainmhidhe an fhásaigh, nó mar thur
cosanta i mbeul cathrach, seadh tá an Chraoibhín i measg
Gaedhilgeóirí. Agus siúd 's gur iomdha buille trom
treunmhar bhuaileann sé ar son ar dteangan agus ar
son ar náisiúintachta, ní mheasaim go bhfuil námha aige
ar an tsaoghal. Chualas cuid mhór daoine ag trácht
air, daoine éagsamhla nach dtiocfadh le chéile ar sgeul
ar bith eile, agus ní raibh aca uile acht moladh ar an
gCraoibhín. Atáim féin ar na huairibh so ag léigheadh
dá leabhar dá chuid .i. an dá sgeul do chuir sé i n-eagar
do Bhuidhin na Sgríbheann Gaedhilge, agus an leabhar úd
eile, Stáir Litreachta na hÉireann, agus is í mo thuairim
dá mbeadh sé gan dadadh do dhéanamh leis an Ghaedhilge
do chur ar aghaidh acht an dá leabhar sin do sgríobhadh
nach bhfuil fear eile i nÉirinn a dtiocfadh leis an
oiread céadna do dhéanamh. Atá an Stáir sgríobhtha
i mBeurla acht má tá féin atá an oiread sin de
chúntas innti ar litireacht Ghaedhilge go mbrosdóchadh
sí Éireannach ar bith a b'fhiú é salann le n-a chuid
prátaidhe chum stuidéire do dhéanamh ar ar sean-
teangaidh i modh go bhfeudfadh sé beagán de'n tsean-
léighinn úd do bhlasadh ina bheul féin.



I dtaoibh de'n leabhar eile .i. na sean-sgeulta úd.
Is mór an truaighe liom-sa go ndeantar iad d'athrughadh
go Gall-Bheurla. Ní'l brígh ins an mBeurla agus is
éigin dúinn díol ar a shon. Dá gcuirfidhe i gcló an
Ghaedhilg amháin agus foclóir maith do chur i ndeireadh


L. 628


an leabhair, go dtí an t-am go mbéidh foclóir maith
againn diomaoidhte de na leabhraibh úd, thiocfadh le gach
Gaedhilgeóir na sgeulta do léigheadh, agus ní misde
dhúinn gan lucht an Bheurla dá léigheadh, óir ní'lid acht
ag gáiridh magaidh fútha. B'fhéidir do Bhuidhin na Sgrí-
bheann a dhá oiread leabhar do chur amach agus bheidís i
lámhaibh gach Gaedhilgeóra.



Acht iarraim maitheamhnas ort, a léightheoir mhacánta.
Bhíos ar tí tuaraisg áirithe do thabhairt duit ar im-
theachta an Tuaiscirt. Atá na Craobha i mBéilfeirsde
ag saothrughadh leo go fíor-mhiotallach. Ní'l siad ag
tógbháil fuama ná fothroim fá láthair acht atáid ag dul
ar aghaidh le n-a gcuid oibre. Bhíos istigh Dia Domhnaigh
so chuaidh thart i sgoil Naomh Phádraig i sráid Dún-na-
nGall, mar a bhfuil Craobh Bhéilfeirsde Thuadh aitighthe,
agus bheadh aoibhneas ar do chroidhe istigh dá bhfeicfeá
chomh tábhachdach agus do bhí na hoidí agus na mic léighinn
i gcionn oibre. Bhí dhá sheomra i gcomhair bheith líonta
le daoinibh acht ar a shon sin, ní raibh fuath as no ráflaigh
no raiplethiúta le chluinsin acht duine annso nó annsúd
ag teacht tar a cheacht agus an t-oide ag a gceartughadh
agus ag a múnadh. Bhí Tadhg Mac A' Bháird 'na shuidhe
i gcathaoir i gcúinne de sheomra agus sguaine de
sgoláiribh thart thimcheall air, agus ní bheadh athrughadh de
thuairim agat acht gur árd-ollamh i sgoil Bhárdaigheachta
do bhí ann, agus a mhic léighinn fá smacht. Bhí an
t-óglaoch Bonsfield i gcionn ranga eile, agus bhí Labhras
Ó Cléirigh i seomra leis féin agus an seomra sin líonta
go dorus le sean agus óg i gcionn a leabhar aige.
Ní lamhfaidhe labhairt ó árd, óir bhí cuma shacráilte ar
an áit, bhí gach duine chomh dian sin i gcionn oibre. Ní
baoghal do'n áit ina bhfuil a leithéid d'obair ag dul
ar aghaidh nach bhfásfaidh an Ghaedhilg arís innti agus ní hí
amháin an Ghaedhilg acht fós sean-spioraid na nGaedheal
i n-aoinfheacht leis. Go bhfásaidh an teanga agus an
spioraid agus go dtéid siad i bhfeabhas, is é mo ghuidhe.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services