Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Feirmeóireacht' saothrughadh cruithneachta! Feirmeóireacht' saothrughadh cruithneachta!

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Feirmeóireacht' saothrughadh cruithneachta! Feirmeóireacht' saothrughadh cruithneachta!
Author(s)
An Feirmeoir Gaodhalach,
Pen Name
An Feirmeoir Gaodhalach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Feirmeóireacht' saothrughadh cruithneachta!



Ní fhuil acht beagan cruithneachta ag cur i nÉirinn
fós. Ní mar sin do bhíodh an sgéal is an aimsir do
ghabh thorainn, do bhíodh roinnt mhaith di curtha ag gach
feirmeoir go mbíodh talamh oireamhnach aige chum a
fasta, agus do bhuaidhidís go maith léi. Ní h-é amháin go
ndeunaidís mórán airgid de'n bharra, acht do chothuighdís
a lín-tighe furmhór na bliadhna le arán a gcruithneachta
féin - an biadh is fearr agus is folláine d'ith aon'ne riamh -
seachas an t-arán "breagh geal" deuntar as an bplúir
truaillighthe díoltar is na siopaíbh do chuireann tinneas
fiacla ar na leanbhaibh óga, rud nar chloiseamar riamh
'sa' tsean-aimsir. Is dóigh le morán feirmeoirí nach
fiú cruithneacht do chur anois, mar gheall ar an luach
fiach atá le fághail uirri ar an margadh; acht is é ar
dtuairim-ne, gur cheart do gach n-aon, 'nar bh'féidir
leis, stráice beag éigin cruithneachta do chur mar
chongnamh cothuighthe d'á mhuirghin i n-ionad a bheith ag
rith go dtí an siopa ag caitheamh airgid uaidh ar thogha
droch-earra.



Deireadh an fhóghmhair nó tosach na Samhna an t-am is
fearr chum cruithneacht do chur. Ní fuláir tosnughadh
ar an dtalamh d'ullmhughadh chomh luath agus bhíonn na prátaí
bainte as. Ar dtús is ceart an talamh d'fhoirseadh
chum na fiadhailreacha do ghlanadh as, agus 'na dhiaidh sin é
threabhadh go h-eudtrom timcheall cheithre órlaigh ar
dhoimhneas agus an síol do chur faoi'n bhfód. Is fearrde
an barra an talamh bheith láidir agus ní h-aon díoghbháil an
ithir d'fhágaint coimheasach garbh, mar deunann na
cnapáin fosgadh do'n tsíol ón sioc. Fá dheireadh nuair
bhíonn an geamhar fásta san Earrach is cóir é ath-fhoir-
seadh agus do rolladh chum é do chluthmharughadh agus do
thiúghchaint.



Aontuighe



Ar aonach Thuama an mhí so ghabh thorainn, do bhí
glaodhach maith ar chaorachaibh, go mór mhór ar chaorchaibh
bliadhna agus mullacháin, agus do bhí a bhfurmhór go léir
ceannuighthe ar a naoi a chlog ar maidin. Bhí an luach
fiach maith go leor - mullacháin sé déag ar fhichid go trí
déag agus dá fhichid agus réal an ceann, caoirigh bhliadhna deich
fichead go seacht déag ar fhichid, agus uain, scilling agus fiche
go dtí sé fichead an ceann.



Do bhí an t-aonach mar an gcéadna go h-an-mhaith ar
bheithidheachaibh. Do bhí níos mó stuic ann na mar budh
ghnáthach, agus a lán ceannuightheoirí. Do thosnuigheadar ar
cheannach ar a sé a chlog agus ar theacht a deich do bhí
an chuid is mó aca ceannuighthe. Do bhí aonach na
gcapall an-mhaith agus bhí an-éileamh ar shearrachaibh feir-
meoirí. Do díoladh a raibh ar an aonach díobh ar cheithre
púint go dtí ocht bpúint.



Bhí a lán stuic ar aonach Bhaile-na-hinse. Bhí an-
ghlaodhach ar loilgheachaibh ann. Do díoladh togha an
aonaigh aca ar seacht bpúint déag go dtí fiche púnt
an ceann an dara saghas dhá phúnt déag go dtí cheithre
púint déag, agus do díoladh tuilleadh aca ar seacht
bpúint go dtí deich bpúint; ba thórmaigh, - an cheud
saghas ocht bpúint déag go dtí dhá phúnt is fiche an
ceann, an dara saghas cheithre púint déag go dtí sé
púint déag agus as san siar go h-ocht bpúint; ba seasga
agus gamhnaigh, ocht bpúint go dtí dhá phúnt deág; Sean
fuidhigh agus buláin reamhra ar thrí puint déag go dtí cuig
phúint déag an ceann; collaidhe dhá bhliadhan go leith
ar aon phúnt déag go dtí dhá phúnt déag an ceann;
collaidhe bliadhan go leith, sé go dtí ocht bpúint deich;
agus gamhna óga dhá phúnt go trí púint an ceann.



Margaidhe



Do bhí cúig céad soitheach ime ar mhargadh Chorcaighe
an seacht madh lá fichead an mhí so ghabh thorainn, bhí ocht
déag agus cheithre fhichid an céad ar im trom-salainn is
fearr; cúig déag agus cheithre fichid an céad ar an dara
saghas agus trí déag agus cheithre fichid an céad ar an trío-
mhadh saghas. Im ar bheagán salainn an chéad shaghas
ocht déag agus cheithre fichid an céad; agus ar an dara
saghas cúig déag agus cheithre fichid an céad. Im úr i
mboscaibh an chéad shaghas cúig púint dó an céad, agus an
dara saghas seacht agus cheithre fichid an céad.



An lá céadna do bhí roinnt mhaith ubh ar mhargadh
Bhaile Atha Cliath. Do bhí a h-aon dhéag agus tuistiún go


L. 530


dtí a h-aon dhéag, agus dá tuistiún an céad ar uibhibh
nuadh-bheirthe; ar uibhibh feirmeoirí deich agus réal go dtí
deich agus naoi bpinginne an céad; agus ar uibhibh beaga ocht
scillinge go h-ocht agus réal an céad.



An Feirmeoir Gaodhalach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services