Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Bhí litir ins na páipéaraibh an tseachtmhain seo
chuaidh thorainn, ó'n Dochtúir Ó Domhnaill Easbog
Ratha Bhoth. Is amhlaidh bhí sé ag cur deich bpúnt ag
triall ar lucht stiúruighthe Chonnartha na nGaedheal
nAontuighthe, agus thrácht sé 'na litir ar an nGaedhilg.
Dubhairt sé gurab í an Ghaedhilg fíor-theanga mhuintire
na hÉireann agus má dhéanfar í shaothrughadh agus í
chur fá réim ná coimeádann san sinn ó bhreis taithighe
do chur ar Bhéarla má's maith linn é.



Is dóigh le mórán daoine gurab é an rud atá ag
teastáil ó Chonnradh na Gaedhilge, an Ghaedhilg do chur
ar bun ar fud na hÉireann arís agus an Béarla do
sgriosadh amach. Ní hé sin an nídh atá uatha i n-aon
chor, acht is é atá uatha Gaedhilg agus Béarla bheith ag
gach aon Éireannach. Ba cheart dúinn an Ghaedhilg a
bheith againn mar is í ar dteanga dhuthchais féin í. Ba
cheart dúinn Béarla do bheith againn chómh maith mar
is fusa slighe mhaireamhna d'fhagháil leis an mBéarla
na le haon teanga eile ar domhan. Aon'ne go bhfuil
dhá theanga aige is mó le rádh é, agus is bríoghmhaire
agus is cliste an intleacht atá aige 'ná an té ná fuil
aige acht aon teanga amháin. Tá a fhios ag an saoghal
nach gábhadh dhúinn aon aire thabhairt do'n Bhéarla, acht
go bhfuil ár nGaedhilg féin i gcruaidh-chás le tamall
maith, agus go bhfuil gábhadh mór le n-a soláthar agus
a chur 'na hionad ceart i n-ár measg-na arís. Ná
fágaimís an obair sin ar fad fá Chonnradh na Gaedhilge.
Féadfaidh gach aon'ne a chuid féin do dhéanamh. Ní
ceart an iomarca do chur ar an mbeag-bhuidhin. Ná
bímís ag aidhneas más féidir é sheachaint. Bímís
carthannach cómh-pháirteach. Is maith agus is dian-mhaith
do thuigeann Dochtúir Ó Domhnaill ceist na Gaedhilge.
Ba dhual do féin agus d'á dtáinig roimhe bheith léi. Is
é leoghan láidir Thíre Chonaill é, agus bídh cinnte ná
fuil aon bhaoghal go gcaillfear taithighe na Gaedhilge
'san dúthaigh sin an fhad atá seisean, bail ó Dhia air,
'na bheathaidh.



Is clos dúinn go bhfuil Connradh na nGaedheal
nAontuighthe ag dul ar aghaidh go tréan. Tá roinnt
mhaith craobh dhe ar bun anois tríd an dúthaigh. Bhí
cruinnighthe aca an tseachtmhain seo caithte againn, i
nDúithche Ealla, i dTír Chonaill, i gConntae Thiobrad
Árann, agus i gConndae Luimnigh. Tá páipéar fá
leith aca anois d'á thabhairt amach i mBaile Átha Cliath.
The Irish People is eadh is ainm do, agus is é Uilliam
O Briain atá 'na fhear eagair do.



Ofráiltear an Paidrín Páirteach i nGaedhilg gach
aon tráthnóna Dia Luain ag leath-uair tar éis a seacht
'san Séipéal i Sráid Dhoiminic i mBaile Átha Cliath.
Ba mhaith linn gach aon Ghaedhilgeoir Caitliceach i mBaile
Átha Cliath d'feicsint ann.



Tá an Cairdinéal Ó Maoilmhaodhóg ag obair go
tréan ar an Bhasár seo atá aige d'a chur ar siubhal chum
Áird-theampoill Áird-mhaca do chríochnughadh. Beidh
an Basár so aca i n-Árd-macha, an bhliadhain seo
chugainn. Táid siad ag tosnughadh i n-am air, agus
ní'l amhras ar domhan ná go mbeidh soláthar maith aca
de bharr a saothair. Thuillid é, pé i nÉirinn é. Tá
an Cairdinéal ag bailiughadh daoine ins gach aon áit
i n-Íochtar na hÉireann chum cabhruighthe leis san obair
fhiúntaigh atá idir lámhaibh aige. Táthar ag teacht d'a
chongnamh 'na dtuiltíbh, agus fonn oibre orra leis.
Go n-éirighidh leis go binn, agus fad saoghail chum an
lucht cabhruighthe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services