Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
ó Thomás Ua Concheannainn
"Tiocfaidh an t-earrach is rachfaidh an lá 'na shíneadh,
'Gus teacht féile bríghidhe tóigfead mo sheól,
'S ó chuir mé 'n mo cheann é ní stadfaidh mé choidhche,
Go seasfaidh mé shíos i lár Chondae Mhuigheó.
I gCláir Chloinne Muiris chodló's mé an chéad oidhche,
'S ag balla taobh shíos de toiseóchad ag ól,
Go Coillte-Magh rachfad go ndéanfad cuairt mhíosa,
Bh'fuisgeacht dhá mhíle do Bhéal-an-Átha-Mhóir."
Ba lá breágh Earraigh bhí ann nuair chroch mé mo chuid
seólta, rug mé ar an holmadóir, sgaoil mé scód le
mo bháidín, bhí lán na dtrí seólta de ghaoith aice agus
níor fhág mé an stiúr, ná níor leag mé na seólta, go
ndeacha mé síos go lár Chondae Mhuigeo. I gClár
Chloinne Muiris is eadh chodail mé an chéad oidhche, acht
fós ní fhacas ag balla taobh shíos de agus sílim nach
dtosóchad ag ól acht an oiread nó go sraofaidh
mé an áit sin. Sé mo mheas nach bhféadfaidh sé gan
cionál maith óil beith ann, ná go deimhin in áit ar bith
eile chuirfeadh fonn óil ar fhile, is nuair rachas mé ann,
blaisfidh mé dhe, acht má théidhim ag ól agus a tuitim
ar meisge diabhal a innseóchaidh mé dhíbh é, ná ceapaidhídh
go n-innseóchad.
Nuair sgríobh Antoine Raithbheartaigh "Pláinéad
Mhuigheó," bhí an Chondae a mhol sé chomh breágh agus chomh
maith i bhfad níos Gaedhealaighe ná mar tá sé anois, cé
go deimhin nach bhfuil sé acht fíor-bheagán bliadhanta ó
sgríobh sé é, agus tá na céadta daoine le fagháil indiu
a chuimhneanns ar an bhfear bocht, agus is iomdha paidir tá
dhá chur len' anam fós ar fuid Chondae Mhuigheó agus Condae
na Gaillimhe ag daoine fuair sult, spórt agus greann 'na
chomhluadar. Innsínn lán sgéalta greannmhara i dtaobh
Raithbheartaigh. Bhí sé na cheóltóir maith go leór, chomh
maith le bheith in' fhile.
An bhial (violin) is minice bhiadh aige agus ceann a rinne
sé féin agus deir siad seo a chonnaic í nach maith, ná go
deimhin leath-reasúnta bhí sí déanta.
Chuaidh sé 'uig bainis aon uair amháin agus bhí bean,
bhreágh, shlachtmhar ag tigh na bainse. (Tá an bhean seo
beó fós, agus í na comhnuidhe, bhfoisgeacht trí mhíle dho'n Ghort,
i gCondae na Gaillimhe. Chualaidh mé an sgéal seo ó
dhuine a fuair é ó'n a béal féin). Ghlac an file práinn
mhór innte, chuaidh sé 'un cainte léi. "Is maith an Siúinéir
rinne thusa a chailín óig agus is breágh géar an úrnais
(tools) bhí aige" ar seisean.
"Ní's fearr go mór, ná an té rinne do bhial"
d'fhreagair an cailín.
Bhí fhios aice go maith gurab é féin a rinne an gléas
ceóil agus cheap sí builleadh faoi shúil thabhairt do - builleadh
ar bhuilleadh. Thosaidh sé a gáire annsin agus a smuaineadh
sgaith beag chomh maith as dá mbeadh sé ceapadh abhráin a'
chumadh moladh na mná a d'fhreagair chomh gasta é.
Ins an am sin chomh maith leis an an am atá faoi lá'ir,
níor mhaith leis na seandaoine an mhuintir óg a bheith le
chéile ró-fhada, ná go ró-mhinic.
Bhí máthair an chailín san teach 's chonnaic sí go raibh
Raithbheartaigh a' caitheamh súl caorach anonn ar a
hinghin agus chuaidh sí 'na haice. Ó'n lá sin go dtí
an lá atá indiu ann tá an bhean seo dhá caoineadh.
Marach a máthair tá sé cinnte go ndéanfadh an file
abhrán di chuirfeadh a cáil agus a clú ar fuid na hÉireann
go léir. "Da ndéanfadh ar ndóigh ní bheidhinn mar
atá mé indiu" arsa an bhean bhocht.
Seo sgéal eile innstear air féin agus ar ghréasaidhe
darb ainm Peadar MagFhloinn.
Bréagadóir mór bhí i bPeadar.
Chuaidh cailín beag bhíodh a fosuigheacht beithidheach
(herding cattle) agus a raibh cosa tinne aice le léasa-
chaidhe (blisters) go dtí é lá go ndéanfadh sé péire
bróg di.
Thóg sé a miosúr, agus dúbhairt léi theacht amárach go
mbeidís déanta. Tháinig an gearchaile amárach acht ní
rabhadar déanta agus dubhairt sé léi theacht arú'márach.
Tháinig sí arú'márach acht diabhal a raibh siad críoch-
nuighthe.
Nuair shroich sí chomh fada leis an teach san oidhche bhí
cosa an chréatúir a gcroth tuitim (ready to fall off) di le
aireachaídhe (sores caused by cold and hardship. The
cuticle reddens, swells up, and becomes full of blisters,
particularly in people who get wet in salt water).
Bhí Raithbhéartaigh istigh nuair a tháinig sí abhaile.
Dubhairt sé léi dul leis féin go dtí an gréasaídhe
amárach agus go rachadh sé i mbannaidhe (would go
bail) go bhfuigheadh sí a cuid bróga. Chuadar ann agus
dubhairt sé léi dul isteach san teach agus go bhfuireóch'
sé féin taobh amuigh. Chuaidh an cailín isteach agus
sér'd dubhairt an gréasaídhe léi theacht amárach. Sin
é an t-am a d'aimse (grabbed) Raithbhéartaigh é.
"A chailín bhig óig gan chéill tá a' réabadh talamh do
bhoinn.
Ní'l tú sáitheach oilte fós ar bhréaga Pheadair
MhigFhloinn,
Peadar MagFhloinn na mbréag is a theachín ar
thaobh an bhó'ir.
'S gan é de bhrígh na chuid géag go lastfadh sé péirín
bróg."
"Aro do chara is do choimirc," adeir Peadar, "ná
abair níos mó, agus diabhal sáith meanna* cuirfidh mé
choidhche go ndéanfaidh mé iad."
Mo léan ghéar ní'l aon fhile i gCondae Mhuigheó ná
a gConndae na Gaillimhe indiu atá in-ann dán a chumadh,
ná croiceann a chur ar a chuid cainte i mBéarla ná i
nGaedhilge mar an té atá mé caint air, siúd is go
bhfuil na "Sgoilte Náisiúnta" againn le os cionn trí
scór bliadhanta. Ar feadh na haimsire sin agus tar éis
na mílte, mílte punt do chaitheamh ar "OIDEACHAS",
oideachas bacach, oideachas ar leath-chois - an cineál
oideachais a bhris a réir a chéile an spiorad Ghaedhealach,
a bhruidh agus a bhasg agus dhall ar n-inntleacht agus ar
n-aigne. Ar feadh na haimsire sin ní dheachaidh an
oiread is aon fhear amháin amach as na sgoilte sin - ins
na ceanntair seo a labharthar an Ghaedhilge go h-áirid,
muna rinne sé staidéar taréis imtheacht astab, agus
a lán don phráiseach bhí na cheann aige, is nár thuig sé,
a ligean uaidh arís, deirim arís nach ndearnaidh aon
duine aca aon ainm do féin ná dhá thír ar feadh na
haimsire sin muna rinne duine fánach, annso agus
annsúd.
Ná ceapadh aon nduine de na máighistiridhe sgoile
gur a fagháil locht orra féin atá mé, ní h-eadh go
deimhin, tá siad na bhfir foghlamtha an chuid is mó aca
gach uile órlach chomh maith, agus b'fhéidir níor fearr, ná
aon mháighistirídhe eile san domhan. Tá aithne agam ar
chuid mhór aca, agus is maith liom aithne beith agam orra,
agus na cáirde is fearr atá agam is oídidhe sgoile iad
ní a fágháil locht orra atáim, acht ar a gcuid ceannphóir-
tídhe. Caithfidh na hoidídhe bochta damhsadh a réir an
phoirt, port deacair ar a rinnce go minic, agus gan
a leath-oiread tuarasdail fhagháil as a ocht is ba chóir.
Ní cóir iongantas ar bith dhéanamh nár thugadar fir
ná mná éirimeamhla ná ceannasach dúinn.
"Chum glóire Dé agus onóra na h-Éireann," an "Réalt
Eólais" ba cheart a bheith ag stiúrughadh sgoilte na tíre
seo. Ba cheart eolas thabhairt dóibh ar a gcreideamh, iad
a stiúrughadh i mbealach a leasa fá chomhair an lae dheir-
ionnaigh. Teanga na tíre agus Seanachas na tíre, céird,
ealadhain agus foghluim a mhúnadh dhóibh.
Fiafró mé de dhuine ar bith bhfuil sé sin dhá dhéanamh?
Ní'l a cháirde, acht sinn féin is cionntach leis sin, is
beidh an miolán orrainne 'na leaba seo (= i n-ionaid)
sé an réalt eólais atá aca. "Glóire na banríoghna
agus onóir Shasanna."
Ní'l mé a rádh dada i n-aghaidh na mná, seadh, ná ní
h-eadh; creidim gar bean mhaith i, ní'l sí níos fearr ná
níos measa ná mhiliúin ban san domhan, acht déarfaidh
mé an méid seo, go mb'fhearr do pháisdí na hÉireann
fios fhághail air bheatha Antoine Raithbheartaigh ná ar a
raibh de bhainrioghain ná de Ríghte i Sasanna ariamh, ná
bheidheas go deó.
Deirim freisin go mba chóir dúinn fios fhagháil ar
bheatha Oisín agus Cúchulainn agus ar an bhFéinn. Ar Naomh
Pádraic, Brighid agus Colum Cille, ar Bhrian Boróimhe, ar
Aodh Ruadh, ar Aodh Ó Domhnaill, ar Emmet, ar Tóne,
ar Mhac Gearailt, ar Thomás Dáibhis, ar Dhomhnall Ua
Connaill agus ar Phárnall, ná ar sgriosadóire na tíre -
ar Rígh 'Liam, Séamas a' Chaca is air Bhetti na Muice
ar Uarren Hastings, ná ar Chranmer, ná ar Chromail,
thug breith agus dhá roghainn d'ár n-athaireacha dhul go Con-
nachta nó go hIfrionn, acht mar bhí ciall aca, chuadar
go Connachta agus d'fhágadar Ifrionn ag an diabhal féin.
Gaill leabadh Gaedheail atá na sgoilte seo dhéanamh
dhínn. An inntleacht agus an éirim a gheall Dia dhúinn
chur faoi smúid agus faoi cheo, sinn a dhála, le seanchas
tír na námhad, púicín no dalamológ chur orrainn
ar ar gcuid súl go dtuitfeadh muid 'ina phoill (hole-)
agus ina sgalpracha (cliffs). Má théidheann bheithidheach
(animal) i sgailp an chéad duine fheiceanns é, glaoi-
dhean sé 'mach, "bó scailp, bó scailp, bó scailp bó."
Ní'l aon fhear ná bean ná páisde a chloiseas an
ghlaodh nach dtriallfadh ar an áit a bhfuil an beithidheach
bocht i ngeibheann, agus oibreó siad chomh cruaidh agus chomh
dian is dá mbeadh teine ar a gcolainn leis an
mbeithidheach a bhaint as an sgailp ó chontabhairt.
Acht céard atá le rádh leis an tír, an tír is uaisle
san domhan, atá i scailp agus faoi shlabharaídhe na
sglábhuidheachta, idir chorp agus cholainn, agam agus aigne
le beag nach míle bliadhain, agus tá ag éisteacht le
tír-ghrádhóirídhe anois aguas arís ar feadh na haimsire sin
a glaoch amach go árd ní "bó scailp, bó scailp, bó,"
acht "Síle bhocht ní Ghártha, atá gan teach gan árus,
díbrighthe amach as a háit féin, na bacach ag iarraidh
déirce san tír raibh sí na bainrioghain air. Cad chuige
nách dtagann sibh agus cuidiughadh linn le ceart fhagháil
di arís?"
Deirimse go bhfuil daoine de'n t-sórt sin na
gcladhairí.
Mar dubhairt mé cheana is géarr ó bhí Raithbheartaigh
ag imtheacht ar fuid na tíre, agus tá na céadta daoine
beó ar a dhá gcois indiu chonnaic é agus dá mbeadh sibh ag
éisteacht le cuid aca seo mar bhímse a chur síos ar
áillteacht aigne an fhir, agus an fáilte bhíodh roimhe ins gach uile
áit, an sult agus an greann bheidheadh aca, a déanamh com-
órtas idir an t-am sin agus an t-am atá faoi lá'ir,
thiucfadh na deóra na dtuilte móra anuas le'n ar
súilibh.
Ins an am sin bhí croidhe agus neart agus misneach ins
na daoine, ní raibh eagla ná faitchíos orraibh roimh
éinneach. Bhí grádh agus cion aca ar cheól ar rinnce agus
ar gach béas Gaedhealach, air bheith ag innsint sgéalta
agus ag cumadh dánta, is dá n-aithris i n-aice an
teallaigh.
Bhí Seanachas agus stair na tíre dá innseacht mar
an gcéadna i n-ar dteanga féin. Chuirfidís síos ar
ghlóir na tíre, agus ar na laochraidhe tréanmhara "a
thuit in gach comhrac is gleo." D'innsidís ar feal-
thuigheacht (treachery) ar mhailís agus ar dhiabhluigheacht na
Sasannach.
Chuirfidís an fhuil a' corraidhe i gcuisleacha na
bpáisdí. 'San gcaoi sin coinnigheadh spiorad na
tíre suas le seacht gcéad bliadhain. Acht mo léan!
mo chreach! agus mo bhrón! tá an fhuil róithte (con-
* Devil a hole (lit. push of an awl will I ever make until I make
them)
gealed, frozen) i muintir na huaire seo. Cuid aca
ní'l aon fhuil ionnta acht an oiread le meacan (parsnip).
Ní'l suim aca ar rud ar bith bhaineanns leis an tír,
ná ní chuimhnigheann siad ar leabhairín beag a cheannach, a
thiubharfas cúntas ar an am atá thart. Ní'l faraoir,
níl!!!
I n-áit na nidhthe sin tá againn anois cur síos ar
neamhnídh, ar an méid a fuair Páidín Bacach ar an
mbudóig dheirg lá an aonaigh; agus ar laighead an
airgid fuair Micil Bán, agus Seaghán Phádraic ar an
dá phoicidhe gabhar a thug siad do haonach Chill-Lúrach.
Ar an troid mhóir bhí idir na tincéiridhe; an bualadh
diabhalta thug an Caoilteach do Pheadar Nóra, go
bhfuil cleamhain Pheadair le rása bhaint de'n Chaoilteach
nuair fheicfeas sé arís é ar mhargadh na muc i
nGaillimh.
An méid gloineacha uisge beatha agus coirneacha leanna
d'óladar ar bhainis Sheagháin Dan, an spraoi bhí aca an
oidhche chuaidh Diarmuid Dubh a déanamh cleamhnais le
Grádh na nDaoine (this is a proper name) is an chaoi
briseadh suas an cleamhnas nuair nach dtiubhradh an
t-athair coingir chaorach, an bulláinín breac, an bromach
bhfuil an sgead bhán in' éadan agus an chos deas
dheiridh bacach aige do'n inghin. Ó's ag caint ar mhná
agus ar chleamhnasa é innseóchaidh mé sgéal beag chualaidh
mé tá gairid ó shoin agus tá sé chómh fírinneach is tá
puláire ar phus an asail.
Béarfamuid Seaghán Buidhe ar a bhfear, agus go
deimhin ba bhuidhe an glugaire fir é deir an sgéaluidhe.
Cheap Seaghán gur theastuigh bean uaidh, chuaidh sé siar
go dtí an mhuing, an áit a raibh an capall, léim sé ar a
druim agus níor stad go deo go ndeacha sé de'n gheábh
sin go dtí teach - sílim nach n-innseóchaidh mé an teach
ná an áit, ní bheadh sé ceart.
Cébí caoi é chuaidh sé chomh fada leis an doras acht
dheamhan anuas thiocfadh sé de'n chapall. "Céad fáilte
romhat a Sheagháin" arsa bean an tíghe, "teiridh
anuas agus suidh síos." "Go raibh maith agad" adeir
Seaghán "ní le suidhe a tháinig mé, sé an gnó a thug
an bealach mé ag iarraidh Mary Ann agus muna bhfuil
a dá chois a' sgioradh (slipping) uaithe, fanadh sí, tá
mé a' dul i n-áit eile.
(Ar leanamhaint)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11