Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Fhir Iomtha.

Title
A Fhir Iomtha.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

A Fhir Iomtha.



A fhir iomtha an aosa téd,
sirim ar Chríost do choimhéd;
a moirt iomloisceach an fhuinn,
a dhomblais-deoch ghuirt gathfuinn.



Deithneas mall do mheoir thuisligh
isí an ghrafuinn ghreannmhair-sin;
tug a lighe mh'éga inn,
a théda cridhe caorthainn.



Cluinim uait, a hucht Mhuire,
foghar garbh do ghlaodhuighe,
i gcomhar an cheoil chridhe
nach foghar eoin ainglidhe.



Greannmhar an ghabháil dána
an bhúirtheach ard arránda,
do-ní tinn an uile fhear,
a Mhuire is binn an bhéiceach.



Fuaras uait, is nír iarr mé,
naoi ndánta i ndiaidh a chéile;
ba ghearr uam an deachmhodh dán
mar nuall seanchon ar seachrán.



Cuir a lán i gcluasaibh cáigh,
is nár bheag dénamh tormáin;
seinn do chura is cruaidh dochta,
buail umha go harrochta.



A fh.i.r.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services