Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deagh-Ghaedhealg na hAimsire seo.

Title
Deagh-Ghaedhealg na hAimsire seo.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Deagh-Ghaedhealg na hAimsire seo.



Ní hé is "cuspóir" dam dul d'infhiúchadh na Gaedhilge
d'fhonn lochta d'fhagháil - a mhalairt de "chuspóir" atá agam
den bhfeacht so .i. gabháil lem' ais a dhearbhughadh go bhfuil an
Ghaedhealg do réir a gluine agus a glinne ag cuid de lucht a
sgríobhtha agus a labhartha fá láthair.



Do bhíos-sa ar na "Cruinnighthe Gaedhilge" do "fearadh" i rith
na bliadhna agus fógraim do chách an méid seo .i. nách fíor a
ndubhairt fear canntrach 'na dtaoibh, "ba bhreagh an Béarla do
dhéinfeadh na hóráideacha acht a dtionntódh." Ní bheirim aonta
leis, gidh go mb'fhéidir roinnt den cheart aige; acht ba éig-
cneasta uaidh a rádh d'eagla go nglacfadh uamhan agus sgann-
radh na mic léighinn - agus daoine nách iad ambasa!



Do bhíos ar "chruinnighthe Béarla" na hÁrd-Chraoibhe freisin
agus is leasc liom a luadh a mhéid faillighe do thug "baill" na
craoibhe ionnta, óir ní tháinig acht fánaire chuca agus b'olc sin
an tslighe chum a mbuidhe do ghabháil leis an "leictiúrthóir". Is
minic do bhíodh an chéad chodladh dhe aige sul má bhíthi chuige.
Chím san tuarasgabháil bliadhna do chuir an Árd-Chraobh amach go
bhfuaireadar £111 "tré díoluidheachtaibh ball" i rith na bliadhna.
Is móir farsing é líon "na mball" dá réir seo.



Acht cheana, is beag nach ndeachaidh i ndearmad orm cuid
den "chuspóir" do bhí agam nuair do bheartuigheas an aiste
seo do sgríobhadh: ní dhearnaidh mé tagairt do lucht sgríobhtha
na Gaedhilge go soiche seo, agus do bhí fonn orm gan a dhéanamh
mar is duine leisgeamhail diamhaoin mé; agus is é is gnás dom,
gach nidh dár féidir liom do chur ar athlá, ionnus gurab ionann


L. 354


dáil dam ar uairibh agus don éan iongantach úd na breasnaigh-
eachta dá ngoirthear an "Parrot" tráth do chuaidh tar a eólas
i Lonndain ag déanamh fóisidheachta. Ní raibh a fhios aige cá
treo 'na raibh a árus féin agus ní raibh sé de chneastacht i n-aon
éan ná duine dár bhuail uime eólas na slighe do dhéanamh do.
Do ghabh taom bhaidhrimh agus bróin an gamal bocht ar bhfeiscint
do a mhéid do bhí sé ar seachrán agus an oidhche ag druidheamhaint
leis. Tarla iomorro páirc aoibhinn crannach craobhacha comhgar-
ach do agus do thug a aghaidh uirthi d'fhonn an oidhche do bhreith as
innti. Acht ní fheadar éinne cá mbíonn an ciotruinn, agus ba
chruaidh an chinneamhain do bhí i ndáil dár dtimchire mar níor
luaithe do ghabh leithead a dhá chois de ghéig crainn daire ná
táinig sguaine préachán droch-mhúinte chuige agus do chromadar
ar a phriocadh. Do mheas sé nach raibh ag fagháil cothruim fir
uatha agus adubhairt.



"One at the time, gentlemen, please; one at the time".
Ní aithristear tuilleadh dá imtheachtaibh.



Ionann dam agus don bpearóid sin tráth chuirim neithe ar
athlá, is amhlaidh ná feadar ciaca rud ba cheart dam gabháil i
láimh ar dtúis. Níl dá fhaide leanfad don mbéas so nach
móide mo leisge é.



Is fearr an dul agus an deachta a bhíonn ar an gcaint ag
lucht sgríobhadh anois ná mar do bhíodh, óir is sia isteachi n-achrann
is na leabhraibh iad ná riamh, agus má leanaid de mheabhrughadh
agus de sgrúdughadh leabhra na n-ughdar as ar fiú muinghin, is é
déanmhas neith do thiocfaidh de, an chruit do chuir an Béarla
agus a ngabhann leis ar an mheabhair aca, do bhaint de, agus í
d'fhágaint go slán innealdha, agus faobhar uirthi. Gidheadh, tugadh
cách dá aire nách fuiris so do dhéanamh óir táimíd i n-achrann
san mBéarla an mhéid sin go mba fuiris a rádh go mbeidh a rian
ar a sgríobhfar de Ghaedhilg ag dá dtrian againn go hearr ár
rae.



(Ní dá chríoch fós.)



N.B. - Na focail úd do chuireas idir na comáin ("") san aiste seo síos
romham bíodh a fhios ag cách nach dem' dhéantús féin iad.



Timchire. - Bíodh a fhios ag cách leis go bhfuil brigh eile leis an bhfocal so
seachas organiser. Is ionann é agus stroller, rambler agus is é is foghar do
imeasg lucht labhartha na Gaedhilge ná "timpire".



"BÁS GAN SAGART".



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services