Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid

Title
Óráid
Author(s)
De Henebre, An tAthair Risieird,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Athair Risieird de henebre ag cur
fáilte roimh* an Athair Peadar Ua Eirc
i gcomhair an Chomhthionóil mhóir i
mBaile Átha-Cliath



A mhuintear Bhaile Átha-Cliath agus eile mar athá sibh,
IS balbh mo ghlór-sa tar éis leomhan na teangadh
liomhtha, acht doghéanadh mo dhícheall ar aon chuma. Do
cuireadh i n-áirde innso mise chum go mbéarainn
buidheachas leis an duine uasal so anois, acht is é mo
mheas ná beadh innsin acht leanmhaint de nós na
Sassanach agus is baoghal liom go bhfuil tuille 'sis
cóir de ghalldacht ag gabháil linn. Dá mba é Béarla
mo fhriotal anocht libh is amhlaidh dogheanainn .i. buidh-
eachas do bhreith leis ar nós na Sassanach, mar b'é sin
ba dhual dam, agus ní bhfuighbhinn dada eile do
fhriothálamh. Óir ní'n aon uair dá labhrainn Béarla nár
gheall le slisne tur nó le ceap cnopánach gréasuidhe
an teanga im' chraos agus ná ghabhann an croidhe agam
caolughadh chuige ar an tslighe sin ná bíonn de thoirt
ann acht oiread le gráinnín gainne coirce nó croidhe
suarach spiodóigín i lár mo chléibh. Acht a bhuidhe re
Dia do chuireadh d'fhiachaibh orm Gaedhilg do labhairt
libh agus ar an adhbhar san sgaoilfeadh dem' theangaidh,
raobfadh gach cruaidh-cheangal atá dá nasg i ngéibheann,
agus dobhéaradh ar mo chroidhe a mhéadughadh orm mar
ós Gaedhilge mo labhartha béil anocht ní'l fál na nGall
feasda idir é agus comhchroidhthibh mo chomh-Ghaedheal.
Dá bhrígh sin ní buidheachas béarad leis mar chleachtaid
Gaill acht doghéanad a mholadh amhail do molfaidhe lem'
athair é, lem' sheanathair, lem' shinseanathair, agus le
gach duine eile is glún dom' chineadh ó bhun mo shloinnte
anall.



Molfad ar d-túis é mar gheall orm héin, mar gur
duine atá ar na fearaibh is gile liom ar domhan é.
Molfad an croidhe mór, fíor-chroidhe sean-Ghaedhil ná
dearótadh tír na hÉireann go deo gidh gur minic fada
soir uaidh talamh beag an ghrinn agus taithneamh gréine
ar Bheinn Éadair. Ní hionann dálta do agus do na
míltidhibh Gaedheal suarach do chuaidh tar calaidh roimhe
do reic agus do dhíol sean-oighreacht a ndúthchasa ar
ghrágallach gharbh-ghránda na barbarachta. A mhalairt
san d'fhuadar atá faoi; mar is crann seoil bagartha
ag cosnamh clú na hÉireann é, is fál daingeán do-
sgaoilte ag cumhdach clann nGaedheal é, agus is cleithire
groidhe, agus is laoch lán-chalma é ag seasamh i mbeár-
nainn bhaoghail fear ná casfadh a chúl re diabhal ná
deamhan is gan acht leanbh amháin de chlannaibh Gaedheal
ag béice d'iarraidh chabhartha air.



Molfad arís é mar gheall orraibh-se, tré go dtáinig
anall ón duthaigh mhóir sin is dual anois dó agus go
bhfuil sé eadrainn féin anocht. Is beag a chás orrainn
ar a dtaoibh-se dhe'n fhairrge sgéala na tíre móire úd
thall agus is fánach aguinn fíos imtheachta a muintire.
Mar is dian le triall an bóthar ann, cheann ná fuighbheadh
sí bheith níos sia-shiar thall uainn, agus rud eile, atáid
súla muintire ná hÉireann iar n-a gcaochadh agus iar
n-a ndalladh le páipéaraibh bréagacha Sassanach. Acht
pé acu abhfuil nó ná fhuil fios aguinn uirre is talamh
leathan líonmhar í thar tír ar domhan dá bhfaca súil
riamh. D'aindeaoin sin is minic gur anacrach an áit
do Ghaedheal í. Mar is ann atá dream agus cineadh
ó gach fód fe'n ngréin bailighthe isteach i dteantaibh a
chéile, cuid acu nár fearrde talamh ar domhan i mbeidis
'na seasamh istigh ann. Má tharraingeann a leithéid
siúd sgléip nó bruighean ar mhuintir na hÉireann
atá túr daingean mar dhíon acu nár thoghail duine
nó daosgar-shluagh riamh, atá lannaire luath re lead-
radh agus ridire an áthais do chreachfadh agus do reab-
fadh reathacha agus cnámh ag namhaid do leomhfadh pléidh
le duine de shean-phór na hÉireann. Agus sin é aguibh
os comhair bhur súl anois é, fear gur leath a cháil 'sa
chlú thar réidh is cnoc is bántaibh ó lár na duthaigh go
ric dá fhairrge teorann Sassna Nua. Breathnuighidh
go géar gach alt is féith leis mar is annamh go deo arís
dochífear a leithéid.



Ar an ádbhar san, agus de bhrigh go dtáinig thar
treathain na dtonn dtaobh-uaine dár bhfios, nó gur
chuir a chomhfhad san do shlighe thairis dár n-ionsuidhe,
agus go dtug uaidh a cheacht 'sa chomhairle le brigh agus
binneas briathar, le faobhar agus fuinneamh focal, gur
dhóigh le n-bhur gcluasaibh gur mhil tré uachtar bhí dá



* Father P. C. Yorke


L. 418


sgéitheadh thar béalaibh aige, agus uair eile, gurab é
bhí ann tórnach tréan an tsamhraidh agus na spéartha
ag cur frasa fiucha; ar an adhbhar san go léir agus
tuilleadh do thuill sé, fearaim-se fíor-chaoin fáilte
roimhe agus bídh-se ag déanamh an oiread céadna gach
féile. Mar is fear groidhe dár gcineadh féin é, fear
sgléipire aguinn i gcomhair an bhaoghail é, fear gur
measa leis ár g-cás thar cách é, fear ná ringne feall
ar a dhúthchas riamh é, fear bhfuil mór-chuid dár gcúram
air, fear le féile, fíor-dheigh-mhéinne, fear gur breágh
dhuinn a rádh gur Gaedheal é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services