Anonn agus Anall
(ar leanamhaint)
(ó Thomás Ua Conceannainn)
Baile ceannasach bhí i dTuaim ariamh. Is ins an mbaile
seo d'aistruigh "León na Treibhe," Seaghan Mac Éil
Illiad Homer go Gaedhilge, agus abhráin dheasa, bhinne
Thomáis Uí Mhóire mar an gcéadna.
Sgríobh an t-Athair Uileog de Búrca an chuid is mó
de Sheanachas an Leoin, agus na leabhra eile, sgríobh sé
chuns (while) bhí sé 'na chomhnuidhe ann, mar Uachdarán
ar Choláisde Naomh Searlait. Sé mo bharamhail nach
bhfuil baile ar bith eile ar a mhéad i nÉirinn bhfead-
faidhe an oiread sgoláirí Gaedhilge fhághail ann le
Tuaim agus tá súil agam nach mbeidh sé 'bhfad le conghnadh
Dé go dtiubharfaidh siad rud eicínt do léightheoiribh
An Chlaidhimh Sholuis fhosgalóchas a gcuid súilibh agus a
choinneo's cáil agus clú Thuama suas le léigheann agus
sgoláireacht, le creideamh agus le tír-ghrádh mar bhí sé
ariamh.
Deir siad gurab iad na glincíní, na cloigne cipíní,
na daoine gan fóirneart gan éirim ghníonns an gleo
agus an rírá. Is maith leofa a nglór is a mac-alla féin
a chloistint anois agus arís ar nós an mhaidin bhig bhíos a
sioraidhe a' tafan agus a' sgeamhaoil is gan fios aige 'san
mí-ádh goidé an fáth.
'S iad na fir agus na mná fóghlumtha théidheann thríd an
saoghal gan gleo, gan torm, go mín, go reid agus go
macánta.
Tá iomad daoine de'n tsórt sin i mbaile mhór
Thuama. An dochtúir Ua Coisdealbhaigh, Gaedheal chomh
maith agus chomh fíor is sheas ar bhonn bróige annso ná
annsúd ariamh é. Pádraic Ó Laoinn (Lyons) an
Gaedhilgeóir cliste, agus thiubarfainn do chómhairle do
dhuine ar bith, is cuma céard sórt nídh bheadh uaidh, má's
deoch biadh ná Gaedhilge é, dul go teach ósda Phádhraic.
Gheabhaidh sé gach uile nidh theastó's uaidh.
Tá Mícheál Ó Cathain, Pádraic Ua Conceannainn, An
Brúnach, Cléireach tighe na mbocht, Mícheál Ó Seadhain
agus lán daoine eile nach gcuimhnighim orra anois.
'Ar ndóigh maidir le Seaghán MagFhloinn, tá eolas
ag gach duine ar Sheaghán, an feairín do'n triollús
do'n ghleo, an té bhí faoi gciathánaibh an Leóin agus an
Chanónaigh Uileog de Búrca ar feadh bliadhanta fada
mar Oide Gaedhilge agus Gréigise i gColáisde Naomh
Searlait agus le tarraint ar fiche bliadhain in' Fhear
Eagair ar an gcolamhain Gaedhilge i "Nuaidheacht
Thuama."
Ní bheadh fhios agad an ann ná as é Seaghan, agus 'na
dhiaidh sin ní'l móir-sheisear fear i nÉirinn 'bhfuil an
oiread eolais aige ar an teanga is tá ag Seaghan.
Tá an oiread fios ;na laoiricín is tá idir chorp agus
cholainn na gcéadta daoine eile leigeanns goití móra
orra féin.
Tá Seaghan in' fhile freisin. D'aistrigh sé go Gae-
dhilge an dán breágh chun Tadhg Ó Súilliobháin a' moladh
Árd-Easboig Mhac Éil. Bhéarfad aon cheathramhadh
amháin de dhíbh:
"'S beidh fir a teacht is ag imtheacht thart
Le dólas agus le néim,
Is meathfaidh righte mór gan neart,
'S gan cuimhne air a réim,
Acht trí uile am 's le uile dhream,
Do fhiarfaidh Clann na nGaedheal
Ar chlú 's ar cháil Árd Easboic mhóir
Seaghán Lonnrach mór Mac Éil."
Ba chóir buidheachas a thabhairt ó'n ar gcroidhe amach
do'n bheirt fhear a sgríobh mar sin ar Sheaghán Mhac Éil,
do Thadhg Ó Súilliobháin a chum é i mBéarla agus do
Sheaghán MagFhloinn a thug dúinn é 'san teanga bhinn,
uasail sin a raibh an oiread gradh ag an Léon uirri.
Bhí Seaghán Mac Éil 'na Shagart, 'na Easpog, 'na
Sgoláire, 'na Fhile agus 'na Dhuanaire i n-éinfheacht, agus ar
rugadh ar talamh na cruinne aon fhear ná bean a
dhéarfas nach raibh sé ar an Éireannach dob' fearr agus
ba thír-ghrádhamhail a bhí ar an saoghal seo le n-a linn.
Dá mbeadh sé againn indiu, leabadh bheith thuas ins
na flaithis a' dearcadh anuas orrainn agus ag árdughadh a
ghutha do Rígh na Glóire, saoghal agus sláinte, neart agus
misneach do thabhairt go saighdiúiribh bochta Chonnartha
na Gaedhilge, dá mbeadh sé againn indiu a deirim,
d'árdóch' a chroidhe i lár a chléibh le luthgháir agus le bród
go bhfuilimíd ag dúisiughadh faoi dheireadh ó'n gcodladh
agus ó'n trom-shuan bhí orrainn le n-a linn, go bhfuilimid
a' déanamh cúitiughadh anois ar son ar gcion failighe, agus
a Thighearna Dia nach é dhéanfadh an CRANN TACA do
na fearaibh agus na mnáibh bochta, tá a' seasamh i mbeárna
an bhaoghail, crann nach gcríonnóch' go deo agus taca mhair-
feadh le linn na saoghal.
A Sheagháin Mhig Fhloinn, sgríobh chugainn anois agus arís.
Ní'l sé ceart ná cóir agad an inntleacht mhór sin
a gheall Dia dhuit a choinneáil agad féin. Tabhair do'n
domhan mór é thríd an "Chlaidheamh Soluis," claidheamh
an dá fhaobhar, an t-arm, líomhtha, géar seo atá i n-ár
láimhibh anois.
Faraoir, ní'l an oiread sgríbhneóiridhe againn go
bhféadfamuid déanamh id' fhoiris.
Coruigh suas a Seagháin mo chroidhe agus nocht dúinn
Claidheamh na haigne, agus nuair beidheas sé nochttha,
an Claidheamh níos géire, an Soluis níos fearr agus na
buillí níos bríoghmhara, chomh láidir agus chomh géar go
mbainfidh siad an ceann de'n dúdán do na leath-Shasan-
naigh atá 'na gcomhnuidhe san tír beannuighthe seo againn
is a cheapanns gur chruthuigh Dia neamh agus talamh dhóibh
féin amháin. Má ghnídheann gach duine againn an méid
atá 'na chúmhachta, ní'l baoghal ar bith nach mbeidh an
báire againn.
Go deimhin, 'sé ar sruthán dul i n-aghaidh an chnocáin
na Gall-ghaedhil i na Sasannaigh 'féachaint le sinne
choinneáil ar lár má bhíonn muid dílis dá chéile.
Tháinig cruinniughadh de na daoinibh is ceannasaighe 'san
mbaile i dteannta a chéile le go socaireo'dís an lá
le craobh chur ar bun. Bhíodar go léir ar aon toil leis
an Árd-Easbog agus an Sagart Paráisde (nó b'fhearr
liom a rádh le stiúrthóir na deoisthidhe) go mba cheart
an tionól chur ar gcúl - nó ar cáirde - go mbeadh an
toghadh thart. Ceapadh amach fuireann ghnótha leis an
obair chur chum cinn agus innseochamuid go gairid chomh
maith is rinneadar é.
Gaedhil mhaithe fir áilne is eadh iad muintir Thuama
bail ó Dia orraibh.
Tuilleadh
(coinneo's = coinneochas; rírá = fuss, noise;
laoiricín = little finger; goití = pretensions;
freisin = mar an gcéadna; id' fhoiris = without
you)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11