Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Gidh go mbíonn muintir na tíre saothrach go leór ins
an bhfóghmhar, mar sin féin, is meidhreach an uain í -
féar mín 'na shrathaibh ar mhóinfhéaraibh agus boladhtha cúmhra
uaidh, ceol an chláir ar an speil, guth na bhfear agus gáir
na mban. Má bheidheas an uain bagarthach is gnáthach
leis na fóghmaróirí imeasg na ngleannta leath-shúil do
thabhairt fá mhullaighibh na gcnoc, mar tugann an ceó
an cioth leis, acht is iad na sgamail dhúbha, dhorcha an
cómhartha is fírinnidhe go mbeidh droch-uain ann. Tá
sgamal gránna, dubh ins an domhan theas, má bhriseann


L. 402


sé beidh tóirneacha agus éirleach againn. Tá mórán ag
fáireadh ar an sgamal úd an aimsir seo. Is ós cionn
a hAifrice theas atá sé. Deir daoine go bhfuil sé
croidhearg ar a imeallaibh agus gur cómhartha fola é sin.
Acht deir daoine eile nach bhfuil sgamal ann i n-aon
chor, agus má tá féin go sgaipfidh solus na gréine é, agus na
beidh cogadh na cor so idir na Bóraigh agus na Sasanaigh.
Bíodh foidhne againn agus chífeam cad do thiocfaidh as. Tá
an Bórach go dána, borb, ag féitheamh le n-a namhaid,
greim ar a ghunna aige agus casúr an ghunna glan. Ní
féidir gan meas do bheith againn ar a chalmacht, agus ar a
mhuinighin as féin, nuair do smuainimíd go bhfuil trí fichid
míle fear gléasda, cóirighthe 'na chomhair na capaill
is fearr acu agus na gunnaí is áilne, acht tá seisean go
dóchasach, agus ceapaim go ndeir sé leis féin, "níor dhruid
Dia bearna riamh nách bhfosglóchadh Sé ceann eile."
Chím go bhfuil cipe calma ó chúige Mumhan fá ordúghadh
chum triall go hAfric theas i gcómhair troid leis na
Bóraigh. Beidh cuid acu so sínte fá'n gcré annsúd,
fillfidh a thuilleadh acu abhaile is dócha, gheobhaid siad-
san dualgus beag seachtmhaineamhail ó'n Riaghaltas,
beidh cosa adhmhaid ar chuid acu, agus i ndeireadh a saoghail
beidh a bhfurmhór i dtighthibh na mBocht dhá mbeathughadh le
h-íoc na bhfeirmeoirí. Acht ar a shon sain ní bheidh aon
chúis gearáin ag na feirmóirí ní furusda a dtír do
bhaint de na Bóraigh dhána so, agus cloisim go bhfuil an
tír úd an-shaidhbhir, mianaigh óir agus seóid innte, agus ní
thabharfadh na Bóraigh seilbh uatha gan troid. Ríoghacht
mhór fhairsing si eadh an Transbhaal gídh nách bhfuil
mórán daoine innte agus deir an sean-fhocal ná fuighfear
ríoghacht gan duadh.



Is í an Táil nó Dúisis teanga na mBórach, agus gear-
ánann na Sasanaigh go gcuireann Riaghaltas na Trans-
bhaala d'fhiachaibh ar na Sasanaigh óga an teanga sain
d'fhoghluim ar sgoil. Is cor sa tsaoghal é, dar leis an
Sasanach, go measann na Bóraigh nách bhfuil an Béarla
maith a dhóthain mar theanga do'n aos óg, acht tá an lámh
i n-uachtair fós ag an mBórach agus do réir dheallraimh is
measa leis a theanga féin 'ná teanga an allmhúraigh.



Ní h-é an Bórach amháin go bhfuil cion aige ar a
theanga dhúthchais. Ní hé go deimhin acht gach fear ar
domhan go bhfuil meas fir aige ar féin. Bhí treibh ann
suas le dhá mhíle bliadhain ó shoin dár bh'ainm na Boí agus
bhaisteadar a n-ainm féin ar thír, Bóithím do gairmthear
iurthi.



Tá an ríoghacht so i nÍmpireacht na hAustria agus gidh
gurab í an Gearmáinis teanga ríoghamhail na hÍmpi-
reachta tá a dteanga féin, an bóithímis nó an Czech,
ag na bóithímeacha. Bhí drong de shaighdiúiribh na bóithím
an tseachtmhain seo ghabh tharainn cruinnighthe i dteannta
a chéile i gcóir Lá bliadhna an Impire Próinséas Ioseph
do shoirbhiughadh mar ba ghnáthach. Bhailigh cinn-dreama
an airm i seomra leó féin agus bhí ól agus aoibhneas acu. Tá
an dá theanga, an Bóithímis agus an Gearmáinis dá
labhairt ins an tír agus biadh sé sin go maith muna mbiadh
go mbíonn na Gearmánaigh atá na gcomhnuidhe
annsúd ag iarraidh an barr do bheith ag á dteanga
féin. Fá mar dearfamuisne "do shláinte" nó
"fad saoghail chúgat," nó "siúd ort," d'ól na
cinn-dreama sláinte an Ímpire agus chuireadar liúgh
asda ag altughadh "fad saoghail," chuige, dubhairt an
ceann-dreama Bóithímeach, "Slava" ina theanga féin.
"Ba chóir duit "Hoch!" do rádh 'sé sin an focal
céadna i nGearmáinis" arsan ceann-dreama Gear-
mánach agus leis sin thug sé sop le n-a dhorn ins na heas-
nachaibh do'n Bóithímeach. Chas an ceann eile air agus thug
cnap nó buile de dhorn dó fá bhun cluaise agus dhírigheadar
ar a chéile leis na dóirnibh dá ríribh. Bhí a ndóthain,
nó go leór acu leis na dóirnibh agus fá dheireadh do
chosain an chuid eile iad, acht ní chum siothchána do bheith
eatortha mar is é nós na tíre go mbíonn do-dhreann -
dís-chath nó cath beirte le harmaibh - as a leithéid sin
de chonspóid. Cuireadh claidhmhe na láimh láithreach agus
do fearadh do-dhreann dísgireach idir an mbeirt. Do
thuit an Gearmánach ar láthair. Ní raibh aige acht uain
le "Dia lem' anam," do rádh agus chuir sagart an ola
air le haghaidh báis mar is de'n chreideamh Chaitilice
an chuid is mó de mhuintir na Bóithíme.



Is gnáthach le gach Árm bréag-bhruighean do bheith acu
i gcás go mbiadh taithighe acu ar chómhrac agus go mbeidís
ullamh lá an chatha mar ní h-é "lá na gaoithe, lá na
sgolb." Ní bhíonn ach púdar ins na gunnaibh an
aimsir sin. Bhí bréag-bhruighean ag Arm na hAustria
an lá eile fá shúil an Impire. Thárluigh go raibh fuireann
gunnaí mór ag cosaint bealaigh áirighthe. Do b'é
intinn an Ímpire triall thríd an mbealach sain agus
d'éaluigh sé go clisde go béal an bhealaigh, acht mo dhá
léir dhúisig na gunnaí móra i n-am, do bhodhsadar le
búithreadh é agus do raobadar a chipe, mar 'd eadh. Do
chas an tÍmpire ar a chois go cangcarach. Bhí Cor
capall ar taobh chnuic ann ag cogaint a mbéalbhach
agus mian ortha chum cómhraic. "Tagaidís i ndiaidh an
chúil ar na gunnóirí millteacha úd do choisg mé," ar an
tÍmpire. Thug an Feadhmannach an rabhadh do'n Chor
capall go tapaidh, acht níor chiur na capaill cor
díobh. Bhí iongantas ar an Ímpire. "Arú cad tá ortha?"
ar seisean. "Thugas an rabhadh-fhocal dóibh i nGear-
máinis ar an Feadhmannach, "acht ní ghéillfid acht i
mBoithimís." Do ghoill an méid seo go mór ar an
Ímrire mar ní maith leis easaontas ins an Arm.
Molaim na Bóithímeacha. Is mór d'fhulaingeadar ó am
go ham ar son a dteangadh. Bhí an Ghearmáinis dá
múchadh le fada, acht atá sí acu anois go daingean agus
go láidir agus iol-sgola acu, mar a bhfuil sí 'gá muineadh
fá choimirc an Riaghaltais. Is minic adubharthas leo
an teanga so do chaitheamh uatha agus an Ghearmáinis
d'fhoghluim na hionad, mar, dar leis na cómhairleóiri
bhí sí 'gá gcur ar gcúl agus is í an Ghearmáinis an teanga
is breághtha litridheacht i Roinn na hEórpa. Níor
ghéilleadar do'n chómhairleóir bhínn, mar mhaithe leo
bhí sé, dubhairt-se agus atá litridheacht ins an mBóithímis
indiu do thabharfadh sásamh do'n fhear is géarchúisighe.



Is í an Bhóithím an ríoghacht is saidhbhre i nÍmpireacht
na hAustria. Ní fhuil sí acht dhá dtrian na hÉireann
ar méid acht tá, foiríor, dhá mhilliúin duine innte níos
mó ná tá againne. Tá sé chéad déag muileann innte


L. 403


do chuireann amach gach bliadhain luach sé mhilliún fichead
púnt. Tá cúig agus cheithre fichid muileann cotúin innte
go bhfuil chúig céad míle fearsad ionnta. Déantar
leathar, gloine, páipéar, siúcre, stán, iarann, deilbhe
práis, innte agus an iomad oibreacha lámh eile na luadhaim
annso. Go n-éirighidh léi. Éirigh id' shuidhe a léightheóir.
Tá neart ionnainne leis. Cuirimís umainn ár n-éide
cogaidh. Tá baine an lae chúgainn.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services