Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oghmóracht. VIII.

Title
Oghmóracht. VIII.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Oghmóracht - VIII.



Do chúrsaidhe na ngutaidhe feasda.



Céad shiolla gach focail is é is treise
forba. An dara siolla, ámh, is é is luige
forba. Dá bhrígh sin, an tráth gheobhas tú
ainm san ogham agus trí siolla ann, má
mhaireann an treas siolla dhíobh sa sgríbh-
neóracht, ní mhairfidh guta an dara siolla.
LUGUDECAS, cuir i gcás. Téid -AS i
n-éag i ndeireadh an fhocail, sin LUGUDEC san oghmóracht
déidheanaigh. Imthigheann guta an dara siolla, agus fágann
soin Lugdech sa Sean-Ghaedhilg - Lughdhach nó Luighdheach sa Nua-
Ghaedhilg.



Guta fada sa gcéad shiolla, ní ghabhann sé atharrach crotha
chuige sa sgríbhneóracht. VALUVI = Fáilbhí. VEQOANAI =
Féchnai. Acht amháin go ngabhann é agus ó atharrach crotha sa
sgríbhneóracht féin, mar adubhramar cheana .i. Féchnai, Fiachna, agusrl.


L. 194


Guta gairid sa gcéad shiolla, agus guta ar bith isna siollaibh
eile, imthigheann claochlódh ortha nó ní imthigheann, do réir ciníl
an ghuta atá ina ndiaidh san oghmóracht.



Cuirfeam síos annso na riaghlacha asa ngabhthar atharrach
crotha sa sgríbhneóracht i ngutaidhe na n-ogham. Gach guta le
nach mbaineann riaghail díobh maireann sé de ghnáth gan athar-
rughadh sa sgríbhneóracht.



U san ogham agus A nó O ina dhiaidh, sin "o" sa sgríbheann.



MUCOI = moccu. Ní mhaireann an focal soin ó aimsir na
Lochlannach anuas.



CUNAS = con. GAMICUNAS, Gaimhchon. CUNAMAQI,
Conmhaic. CUNACENA, Conchenn. CUNAMAGLI, Con-
mháil. CUNAGUSOS, Congosso. CUNANETAS, Connath,
Connadh.



ULCCAGNI, Olcáin.



AVI TURANIAS, Uí Torna. Is uatha hainmnighthear
Mainistir Ua dTorna i gCiarraighe Luachra.



TTRANALUGOS, Trianlogo.



I san ogham agus A nó O na dhiaidh, sin "é" sa sgríbheann.



IVACATTOS, Eochada; de sin Ó hEochadha.



DOVVINIAS, DOVINIA, Duibhne; de sin Corca Dhuibhne.



RITTAVVECCAS, RITTAVVECC, Rethach; de sin Íbh
Reathach. (Chím Íbh Rathaig ag cuid dár sgríbhneóirí. Má
labhartar féin mar sin é, níl ann acht dul i mudha).



GRILAGNI, Grelláin, Grealláin.



SCILAGNI, Scelláin, Sgealláin.



Mar sin do na defhoghrachaibh AI agus OI.



COIMAGNI, Coemáin, Caomháin.



MAILAGNI, Maeláin, Maoláin.



COILLABBOTAS, Coelboth, Caolbhadh.



A agus U na diaidh = au, u.



MAILAGURO, Mael Augro, Maol Ughra.



MANU, Maun, Mun.



MAGU, maug, mugh .i. duine fo dhaoirse.



CALUNO(-VICA), *Caulonn, Caulann, Culann, de sin Cú
Chulainn.


L. 195


U agus U ina dhiaidh = u.



*VORUDRAGNI, VURUDDRANN, VURODDRAN, Fur-
udhráin.



Mar an gcéadna, O agus V ina dhiaidh = u.



DOVALESCI, Duibhleisg. DOVATUCI, Dubhthaigh.



E agus U ina dhiaidh = i.



MEDDUGENI, Midgen nó Midgna.



VEDUCURI, Fidchuiri, Fiodhchuire.



O agus I nó E ina dhiaidh = U.



MOCOI, moccu.



DOVVINIAS, Duibhne.



BROCI, Bruicc .i. bruic anois.



CORBBI, Cuirb. I n-aghaidh sin, CORREBRI = Coirbri.



E, agus I nó E ina dhiaidh, = i.



VELITAS, filed, fileadh.



Ina aghaidh sin, DECEDDAS, Dechet, Deichead; ERCIAS,
Erce, Ercae, Erca, Earca.



Ní beag soin don chor so. D'éis a bhfuil sgríobhtha againn
gonuige seo, badh cheart go bhféadfadh sgoláire ar bith, ag
a bhfuil tuisgin bheag aige i litriughadh na Sean-Ghaedhilge, an
chum anaithnidh atá ar ainmnibh na n-ogham do bhaint díobh, agus
lorg na n-anmann soin do chur isna leabhraibh gan measgadh gan
mearughadh.



EÓIN MAC NÉILL.



Sasanaigh, cé mór a mbrígh
Is mic ríogh ón dtaoibh theas,
Tuitfid bunn ar bhunn
Fá lifear na dtunn glas.



Ní thiubhra Tighearna Caisil,
Gibé fáth fá bhfuil a rún,
Ar chéad marg den ór is áille
Máistreacht Áine do Sheón Brún.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services