Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



An obair a dhein an Strachánach ar son na Sean-Ghaedhilge, tá sé déanta
aige sa leabhar so i gcóir na Sean-Bhreathnaise. Isé seo an leabhar go raibh sé
ag obair air an tráth fuair an slaghdán gur cailleadh dá bhárr é. Sa Remhrádh
deirtear:



… D'éis na léigheacht
san a thabhairt uaidh do bhuail sé isteach i n-aigne an Strachánaigh gur mhaith an
rud an t-eolus a bhí cnuasta aige a chur amach i bhfuirm leabhair. An fhaid a bhí
soin dá dhéanamh aige dubhrathas leis gur mhaith an mhaise dhon leabhar "leigh-
theóir," nó giotaí chun léightheóireachta a chur i dteannta an ghraiméir. Tá na
giotaí soin i gcló sa leabhar leis. Do baineadh iad as na láimhscríbhnibh is
seannda dá bhfuil sa Bhreatain. Dá cheann déag aca ar fad atá ann idir
chainnt scurtha agus filidheacht. Má éirigheann duine tuirseach de léigheamh
graiméir féadfa sé iompódh chun scéil no chun giota d'fhilidheacht bhreagh.



Ní féidir locht d'fhagháil ar an gcuma n-ar cuireadh an leabhar amach. Ní
raibh sé ullamh ar fad ag an ughdar nuair fuair sé bás. N-a dhiaidh-san do
thuit duadh na hoibre ar an nDochtúir Cúno Meighear is ar a lucht chabhrach. Do
socruigheadh idir é féin agus lucht stiurtha Ardscoile Mhanchester na
hearraidhe is fearr i leith cló is pháipéir is cheangail a chur sa leabhar. Do
deineadh amhlaidh, agus ní miste a rádh gur creideamhaint dóibh go léir an
crut atá air. Seo mar atá tagartha dho-san sa leabhar féin:


L. 190


I dtaobh na n-earraidhe sa leabhar féin ní gábhadh a moladh annso. Gach nídh
dá bhfuil ann tá sé go cruinn agus go soiléir. An rud ná raibh ar eólus ag
an Strachánach d'admhuigh sé os cionn buird é, agus ar an gcuma soin do
thespeáin do dhaoinibh eile cad iad na rudaí nur theastuigh tuilleadh scrúduighthe
uatha. An duine a thuigeann graiméar na Gaedhilge agus a dheineann stuidéar
ar an leabhar so beidh sé ag síordhéanamh iongnadh den ghaol atá idir an dá
theangain go háirithe i ndálaibh seanndachta. Tá an "Forainm Láir" aca
araon. Tá "ro" (nó ry) an Fhoirbhthigh aca, agus is mar a chéile do-bheirid leó
usáid an fhorainm Ghaolmhair. Is ionann, focal ar fhocal "y gwr a doeth"
agus "an fear a tháinig"; "y kymerth y marchawc y march" agus "do ghlac
(.i. con-bert) an marcach an marc (capall)," agus mar sin dóibh. I ndálaibh
focal agus foclaidheachta braithfar an gaol céadna eatortha.



Do fuair an Strachánach amach a lán rudaí i dtaobh graiméir na Sean-
bhreathnaise, rudaí a bhí i bhfolach ar scoláiríbh go dtí so. D'admhuigh sé féin
gur bh'é an t-eólus a bhí aige ar ghraiméar na Seanghaedhilge ba mhó thug congnamh
dó chun na nidhthe sin a thabhairt amach is do mhíniughadh. Is deimhnitheach gur mó
an tuigsint a bheadh againne, ar nGaedhil, i n-ar dteangain féin dá ndeinimís
stuidéar ar an mBreathnais ná mar bheadh de bhárr foghluma teangan iasachta
ar bith eile. Tuigid scoláirí na Breatan cionnus mar cabhruighidh an Ghaedhilg
is an Bhreathnais le chéile, agus tá flosc is fuadar ortha chun Gaedhilge
d'fhoghluim. Níor cheart dúinne an saothar go léir a chur ortha-san. Díolaimís
an comhar leo chomh maith agus is féidir linn é. Is fuirist é dhéanamh anois.
Tá an áise againn chuige .i. an leabhar so an Strachánaigh.



Ní chun daltaí an Strachánaigh amháin atáim ag díriughadh mo chainnte. Tá
fhios agam go bhfuighidh an uile dhuine aca-san an leabhar. Acht badh mhaith liom a
chur i n-umhail do dhaoinibh i gcoitchinne a fheabhas atá an leabhar agus a liacht a
chaillfid mara mbeidh an chaoi aca ar é léigheadh. Badh chóir go mbeadh cóib de i
ngach leabharlainn i nÉirinn agus tá súil agam go bhféachfar chuige go mbeidh.
A léightheóir, má's duine thu a chuireann spéis i gcúrsaí na Seanghaedhilge, cuir
fios ar an leabhar so, agus geallaim duit go bpiocfair as léasa taitneamhacha
eolais a raghaidh chun tairbhe dhuit i leith do theangan duthchais féin. Ní bheidh a
chathughadh ort an dá lá 's an fhaid mhairfir.



TÓRNA.



SGÉALAIGHEACHT CHÉITINN



Isé earradh atá sa leabhar so ná cnuasach de scéaltaibh a baineadh a "Forus
Feasa" Chéitinn. Tá aon cheann déag ar fhichid aca ann. Is iad súd sean-
scéalta na nGaedheal - nó cuid aca ar aon tslighe - a thaitin chomh maith sain
leis an gCéitinneach nár fhéad sé gan a bhfighe i ndlúith an tSeanchuis a scríbh sé
ar Éirinn. B'fhéidir gur mheas Céitinn gur chuid den tSeanchus iad agus is
dócha go bhfuil bunadhas agá bhfurmhór sa Seanchus, dá bhféadfaidhe a bhfromhadh.
Deir an tAimhirgineach n-a dtaobh:



Chífar, ar an adbhar-san, go bhfuil baililghthe le chéile sa leabhar so na
milseáin is fearr san bhForus Feasa. I dtaobh an eagair a deineadh ortha is
leor dúinn a rádh go raibh a churam ar an nDochtúir O hAimhirgin. Tá a ainm i
n-áirde i dtaobh cruinneasa léighinn agus i dtaobh eoluis ar an nGaedhilg.
Bheimís ag súil le hobair mhaith óna lámhaibh. Níor mealladh sinn. Do dhein sé


L. 191


a chuid go dicheallach is go beacht; do réidhtigh snadhmanna dhúinn, agus do
thespeáin dúinn na háiteanna go bhfuilid innil ionnta ar eagla go satlóghaimís
ortha. Tá an sean-thaithighe ag an nDochtúir ar shaothar Chéitinn, is ar a
nósaibh cainnte. N-a theannta-san tá an t-aneólus aige ar an nGaedhilg - óna
sean go dtí n-a hóg - is ar a graiméar. Tá a rian súd ar an leabhar, rian na
scoláireachta nach scoláireacht bhréige agus rian na taithighe ar shaothar an
tsean-ughdair. Tá Introduction nó Brollach ar an leabhar ag cur síos ar
"fhuirmeacha" graiméir do-gheibhtear isna scéaltaibh, agus agá miniughadh-san.
Isé seo, dar liom-sa, an chuid is luachmhaire dhen leabhar. N-a dhiaidh-san tá
áireamh ar na foclaibh do fríth ar iasacht ón Laidin. Indeireadh an leabhair tá
Tagra ag miniughadh cruadhfhocal is cor casta cainnte. Tá an leabhar lán
d'eolus nach féidir a fhagháil i n-aon bhall eile ag dhaoinibh i gcoitchinne. Níor
mhiste do chuid d'ár "n-ughdaraibh" 's scrúdughadh. N-a dhiaidh-san tagann foc-
lóirí i gcóir mac léighinn agus foghluma.



Tá d'fheabhus ar dheilbh is ar inne is ar fholadh an leabhair seo gur mhaith linn
tuilleadh dá saghas ón Aimhirgineach. Tá técsanna maithe ughdarásacha i
n-easnamh orainn i gcóir lucht foghlama ar fuid na scol, agus badh mhaith an
áise dhúinn dosaon éigin leabhar den tsórt so a bheith ullamh againn dóibh. B'é
Pádraig O Briain a chuir an leabhar i gcló, agus dhein sé a chuid féin go
slachtmhar is go maith fé mar is gnáthach leis.



MAC UÍ RUDAIGHE.



EACHTRA AN MHADRA MHAOIL agus EACHTRA MHACAOIMH-AN-IOLAIR;



Sidé an deichmhadh leabhar de leabhraibh Chumainn na Scríbheann nGaedhilge.
Tá saghas gaoil idir an leabhar so agus an chéad leabhar dar chuireadar an
cumann soin amach .i. leabhar an Chraoibhín Aoibhinn. Scéalta atá ionnta
araon. B'iad "Eachtra Ghiolla an Fhiugha" agus "Éachtra Cloinne Ríogh na
hIoruaidhe" na scéalta a chuir an Craoibhín fá eagair. Táid "An Madra
Maol" agus "Macaomh an Iolair" againn annso. Leis an bhFianaidheacht a
bhaineadar scéalta ar Chraoibhín. Le cúrsaí Artúir, rí na Breatan, a bhainid
an dá scéal so. Táid coitcheanta go leór i láimhscríbhinnibh.



Tá Remhfhocal ón Eagarthóir i dtosach an leabhair; annsoin an dá scéal agus
aistriughadh ortha i mBéarla, gach re leathanach; annsoin foclóir ag áireamh na
bhfocal ná fuil ar fagháil i bhfoclóir an Athar Pádraig Ua Duinnín; agus i
ndeireadh bárra Aguisín ag áireamh na bhfocal go ndearnadh atharrughadh ortha
ón láimhscríbhinn.



Sa dá scéal só níor bhac Mac Alastair le haon choimhmeas a dhéanamh idir
láimhscríbinnibh. Go deimhin admhuigheann sé ná raibh sé d'uain aige dul thar an
mBritish Museum, agus ná dearna sé coimhmeas idir na láimhscríbhinnibh
annsúd féin. Is mór an truagh é sin. Nuair bhí na scéalta dá gcur i gcló,
badh dhóigh linn gur chóir na cóibeann is fearr agus is seannda a chuardach agus
a chur amach ar dtús. Ar shon gur cóibeanna maithe iad so, ní fhágann soin ná
go mbeadh cinn níos fearr ann, agus admhóchaidh aon duine nar bh'aon díoghbháil
cuardach dhóibh.



I dtaobh an dara scéil, .i. Macaomh an Iolair tán an innsint is seannda dá
bhfuil ann anois air san Agadaimh i mBaile Átha Cliath. Innistear dúinn ann
cionnus a tháinig an scéal san nGaedhilg ar dtúis, agus ciar bh'é an duine a
chéadscríbh é. Tá an scéal i Reeves 826, leathanaigh 217-275. Ag deireadh an
scéil atá an t-eolus so n-a thaobh:



"Ar n-a scríobh dam-sa agus ar n-a chríochnughadh ar an Oiléan Ruadh istigh
ar Loch Measg, .i. i dtigh Ruaidhrí mhic Thaidhg Óig Uí Fhlaithbheartaigh, an cúigmhadh
lá déag don Oibreán 1651. David Duigenan.



"Bíodh a fhios agat, a léightheóir an sceóilsi gurab amhla do fuair misi .i.
Brian O Corcráin cnámha an scéilsi ag duine uasal adubhairt gurab as
Frainncis do chualaidh sé féin dá innsin é; agus mar do fuair mise sbéis ann
do dheasuigh mar so é; agus do chuirim na laoithe beagasa mar chumaoin air;
agus ní raibh an scéal féin i nGaedhilg ariamh gonuige sin."



Féach anois gur mhór an deis ar leabhar Mhic Alastair an méid sin féin
eoluis a bheith ann, agus do bheadh ann dá gcuarduighthí dho. Leis sin is mór an
truagh gan clár iomlán na leabhar san Agadaimh a bheith ar fagháil.


L. 192


Dhá scéal mhaithe sholéighte is eadh iad so, agus ní fuláir nó beidh ceannach ar
an leabhar dá réir. Ní baoghal ná go gcabhrógha sé chun daltaí nua a sholáthar
do Chumann na Scríbheann, agus badh mhaith linn go léir dá ndéanfadh. Tuillid
uainn gach congnamh is féidir linn a thabhairt dóibh.



S. Ó B.



AN TIACHÓG. Eoghan Ó Neachtain do sgríobh. Baile Átha Cliath: Muinntir
Mhac an Ghoill, Teo.: Sé pinginne, glan.



Sidé an leabhar is déadhnaighe do fríth ó Eoghan Ó Neachtain. Is iongantach
an saothraighe é Eoghan. Is cuma cad a thairngeann sé chuige mar adhbhar
cainnte, Stair, nó Céimseata, nó Tiachógaidheacht, tagaid go léir go saoráideach
chuige. Cuireann sé maise uaidh féin ortha leis.



Tá seódh Éireann de rudaí taitneamhacha sa Tiachóig seo Eoghain, idir
cheachtaibh beaga deasa soléighte sothuigsionna, agus giotaí géara is greann-
mhara filidheachta. Seo cuid dena ceachtaibh: "Cethardae na Seanghaedhal .i.
na cheithre neithe atá riachtanach do gach ealadhain .i. log, aimsir, pearsa agus
fath airec; an t-ól; madraí; an dá shaoghal; páisti na sráide; agus fiú na
seangán. Ní'l annsoin acht beagán aca. Is iad na giotaí filidheachta is fearr
a thaitneóchaidh le daoine. Tá "Laoi an Amadáin Mhóir" ortha-san, agus is
fiú fiacha an leabhair an laoi sin féin. Bheadh an leabhar so an-adhsáideach mar
adhbhar léightheóireachta ag an aos foghluma i scoileannaibh is i gcraobhchaibh de
Chonnradh na Gaedhilge. Tá súil agam go soláthróchaidh Eoghan tiachóg eile agus
luighe ar í líonadh dena hearraidhibh céadna. Gheobhaimíd go léir blas ortha.



TÓRNA.



Tá súil againn go bhfaghann gach léightheoir den IRISLEABHAR cóib dhen
LÓCHRANN gach mí. Bíonn rudaí maithe ann i gcomhnuidhe. I n-uimhir na Feabhra
nó na bhFaoilte tá aiste mhaith filidheacht a bhailigh Micheál Ó Conchubhair.
"Aithrighe Cheallacháin" an teideal atá air. Bíd sean-rócáin go leór ann, agus
mórchuid scéalta is drachtíní do bailightear thall is abhfus ar fuid na Mumhan.
Is iad Muinntir Raighill is Chuirc, i dTráigh-Lí a chuireann amach é, agus gheobh-
thar tríd an bpost go ceann bliadhna é ar scilling is réal.



Scéal ana-dheas i mBéarla is eadh "NUALA, THE STORY OF A
PERILOUS QUEST", by Miss L. McManus. Scéal i dtaobh an tseóid úd ar
dtugtar "An Cathach" is eadh é. Tá an Cathach i seilbh na mBráthar i Lúbhán.
Goidithear é. Macaomh mná de Mhuinntir Dhomhnaill is eadh Nuala, gur fhág a
hathair an Cathach le huadhacht aici. Téigheann sí ar a lorg i n-aimsir an chogaidh
idir an Impire is na Frangcaigh. Deintear éachta sara gheibhtear arís ar Chaladh
na gCeannaighthe i mBaile Átha Cliath. Scéal do dhaoinibh óga is eadh é. Muinn-
tir Bhrúin is Nualláin atá gá chur amach; agus a trí is réal a fhiacha.



Tá COMAIRLE FITHIL ón Athair Pádraig Ua Duinnín ar fagháil anois i
bhfuirm leabhair. Gheobhthar ar réal é ó Mhuinntir an Ghoill. Ní gábhadh acht é
mholadh do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR, mar beidh fonn ortha é fhagháil n-a
leabhar. N-a fhocair sin tá leabhar i mBéarla ag teacht amach ón Athair
Pádraig ar an gceist chéadna. "FITHEAL'S COUNSELS" an ainm atá air.
Gheobhthar soin leis ar réal i dtigh Mhuinntir an Ghoill. Beidh tuilleadh le rádh
againn n-a dtaobh.



An t-amhrán úd "'S a Mhúirnín Dílis" atá ar Chlár an Oireachtais le
haghaidh Buidhean Ceóil, tá sé ar fagháil anois ó Mhuinntir an Ghoill. Tá ceól
céadail socair do ag Ribeard Ó Duibhir i gcoir Soprano, Alto, Tenor agus
Bass.



Do cuireadh ag triall orainn Cunntus bliadhna Chumainn Bhuanchoimeádtha
na Gaedhilge. Tá anachuid eoluis ann i dtaobh na Gaedhilge, agus tuairisc ar
a cúrsaibh i rith bliadhna a 1908. Is maith linn a fheicsint gur ag dul i líon-
mhaireacht atáid na leitreacha Gaedhilge ann ó bhliadhain go bliadhain. Tá a
leath dhen leabhar fútha an taca so. Cuirtear fios air go dtí 6 Sráid
Molesuorth i mBaile Átha Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services