Seanchus Grinn na Tuaithe.
MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh.
IX. - BÁS AGUS AISÉIRGHE AN RIANAIGH.
Trát éigin dá rabhas ar cuaird i dtigh mo 
sheancharad Séamus Ó Muircheartaigh thárla
gur tagradh don mheasardhacht.
"Táim dá chlos le tamall," arsa Séamus,
"go bhfuil curtha rompa ag Ord na gCap-
uisíneach muinntear na hÉireann do chasadh 
ar an meadaracht.  Is uasal an obair í, agus 
guidhim go dílis óm chroidhe Dia dá neartughadh i n-a comhair.
Cuireann ár gcainnt i gcuimhne dham cleas greannmhar a d'imirigh-
eadh ar fear atá i n-a chomhnuidhe i ngiorracht leithmhíle dhon áit seo.
Ní raghadh oiread uaim-se gan lámh a bheith agam ann.  Ní fonn
díoghbhála bhí orm ná ar éinne dá raibh im fharradh, agus ní díogh-
bháil a tháinig as acht an uile mhaitheas.  Mara bhfuil codladh ort,
inneósa mé an scéal ó thúis deireadh dhuit."
Dubhart leis ná raibh codladh ná tuirse orm, agus d'áthchuin-
gheas air an scéal a innsint dom.
"Ní fheadar," ar seisean, "an bhfeacaís an tigh breagh cinn
slinne ar thaoibh do láimhe clé agus tú ag gabháil aniar Bóthar 
na Faille Deirge?  Bhí ceithearnach mór láidir i n-a chomhnuidhe
san dtigh sin fiche bliadhain ó shoin.  Féach go mbíonn an roth ag 
casadh coitchianta.  Albanach a b'eadh é siúd, agus bhí sé sealad
i n-a aodhaire bó ag máighistir na talmhan.  Is maith an bhail ar 
an ndúthaigh máighistreacht an mháighistir chéadna a bheith chomh
leaghtha leis an gcubhar a ghluaiseann le tuile na habhann, mar 
do b'olc an ceann dá thunóntathaibh é.  Caitheadh ceathrar feirm-
eoirí as seilbh a gcoda d'fhonn inead fairsing a dhéanamh don 
aodhaire seo.  Tá an t-aodhaiire, leis, imthighthe agus gan duine 
fágtha a chaoinfeadh é.  An talamh a fuair sé go héagcórach tá 
sí indiu i seilbh an fhir gur imrigheamair an cleas air.
"Ba shuarach agus do b'aindeis an saoghal a bhí ag Donnchadh 
Ó Riain, an fear so go bhfuil a scéal agam dá luadh dhuit,
tamall ó shoin.  Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.  Bhí 
athair an Rianaigh an-thugtha do dhiúgadh na gcárt.  Cá hiongnadh
má bhí an t-ógánach mic ag foghluim uaidh agus ag déanamh aith-
rise air?
"D'imthigh an bheirt deirbhshéar a bhí ag Donnchadh thar fairrge
ag soláthairt dóibh féin; agus, an uair cailleadh an t-athair, do 
fágadh an mháthair bhocht dhrochshláinteach ag braith ar Dhonnchadh.
B'fhuar fánach é a braith, i meas na gcomharsan.  Acht ní mar 
soin a bhí.  Thréig Donnchadh na tighthe tábhairne agus lucht na 
póite feasta, agus bhí suaimhneas aigne agus compórd ar a 
mháthair i n-earball a saoghail.
"Im briathar nách fada go raibh malairt crota ar Dhonnchadh
agus ar a phaiste talmhan.  Go dtí so bhíodh sé faillightheach i 
n-obair na feirmeach.  Ní raibh claidhe ná cosaint ar foghnamh
uirthi; agus is maith a bhí a fhios san ag asalaibh na dúthaighe mór-
dtimcheall, mar is aca bhíodh rith an ráis isna páirceannaibh a 
b'fhearr a bhí innti.  Thóg Donnchadh na claidhtheacha a bhí ar lár 
agus chuir sé treó mhaith ar an dtalamh i ndiaidh a chéile.  Má 
bhí adhbhar ag a ghaoltaibh ó chianaibh, ní mar soin a bhí anois.  Níor 
bh'fhada go raibh cuimhne a dhrochthréithe díbeartha glan.
"I gceann bliadhna d'éis bháis a mháthar do deineadh cleamh-
nas do Dhonnchadh le hinghean feirmeora a chomhnuigh i n-aon 
bhaile leis.  Ní raibh gaol ar an dtaoibh istigh den chúigeadh glún
ná fuair cuireadh ar an bpósadh.  Bá ró-dheacair do Dhonnchadh 
an t-ól a sheachaint lá an phósta.  Is iomdha duine a dhein tathaint
air a gheall a bhriseadh an lá san agus go bhféadfadh sé aith-
cheangal a chur air féin.  Acht ní ghéillfeadh sé.
"Bhí fiadhaire feadha ó'n mbaile mór ar an bpósadh.  I gcaith-
eamh na hoidhche amach, ní riabh sé sásta gan cromadh ar shéideadh 
fé Dhonnchadh.
"A Dhonnchadh," ar seisean, "nár chóir, ó's é seo do phósadh 
féin, go ndéanfá an oiread onóra dhó is go n-ólfá braon i 
gcuideachtain na bhfear ngroidhe tháinig annso ar do chuireadh."
"Déan, a Dhonnchadh, agus tóg braon bríoghmhar i gcomh-
luadar na sean-gcarad atá cruinnighthe annso," ars' an dear-
bhráthair céile."
"Fé dheireadh do ghéill mo Dhonnchadh don tsíorthathant.  D'ól 
sé gloine biotáille d'aon iarracht, agus bhí sé ó ghloine go 
gloine nó go raibh sé súgach go leor.
"Má tá deamhan i ngach gloine biotáille, fé mar deirtear
go minic linn, ní fuláir nó is bladartha an buachaill é agus a 
dheacaracht is thagann do dhaoinibh áirithe scaramhaint leis.  Is 
saoráideach a tháinig a thuiteam chun Donnchadh; is fada a bhí sé 
ar mearbhall sular tháinig an aiséirghe.  Oidhche a phósta is eadh
thug sé an choiscéim ar gcúlaibh; is iomdha lá d'imthigh thairis 
sul ar thug sé coiscéim ar aghaidh.  Ní fada go bhfeacathas i 
tábhairne é, agus ní raibh sé pósta an dá bhliadhain shlána go dtí
go raibh sé chomh tugtha do'n ól is mar bhí riamh.
"Mara mbeadh an truagh bhíodh againn dá mhnaoi is iomdha 
greann a bhainfimís as gníomharthaibh meisceamhla Dhonnchadh.
Bhainfeadh sise deor as an gcloich ag cur síos ar aindeise a 
saoghail is a beathadh.  Bhí Donnchadh lá aonaigh ar shráid an 
Daingin agus a dhá dhóthain droichdhighe ar iomchur aige.  D'éirigh 
aighneas idir é agus Seán an Ghréasuidhe, buaileamsciath gan 
áird a chaitheadh leath a chuid aimsire ar meisce.  Bhí gach duine 
aca ag maoidheamh as a neart féin.  Thárla go raibh rábaire
leisceamhail eile ag éisteacht leó.  Dubhairt sé leó go raibh an 
iomad cainnte déanta aca, agus go mb'fhearra dhóibh réidhteach
na ceiste d'fhágaint faoi féin.  D'fhágadar.
"Téanaibh oraibh mar sin," ar seisean, "go cúl tighe an 
Laoithigh.  Tá chloch mhór annsúd, agus ní fheaca éinne dá tógaint
ón dtalamh ón lá fuair Tadhg Sítheach an buadh ar an bhFaoit-
each, an ceannuightheoir muc ó Luimnigh.  Chonnaic mo dhá shúil
Tadhg ag árdughadh na cloiche sin troigh go leith ón dtalamh,
agus chaith an fear eile admhughadh gur threise d'fhear Tadhg 'ná é
féin, ar a shon nár sáruigheadh riamh go dtí soin é i gcleasaibh
nirt."
"Chaith Donnchadh dhe a chasóg, agus siúd fé dhéin na cloiche é.
Máiseadh do theip air í thógaint.  B'é an scéal céadna ag an 
bhfear eile é.  An uair bhí na hiarrachtaidhe tabhartha aca, rug an 
rábaire gréasuidhe ar chasóig Dhonnchadha agus dubhairt leis a 
lámha sháthadh amach innti.  Ghaibh Donnchadh amach fén tsráid dó
féin, agus gan amhras ar domhan aige go raibh gach nídh i n-a 
cheart.  Ní raibh, ámhthach.  Cionnus a bheadh 'ná a chasóg iom-
puighthe síos suas air, cába na casóige ar chaol a dhroma agus a 
híochtar ar a shlinneánaibh.
"Cá hiongnadh má mheas na daoine go raibh a mheabhair 
caillte aige.  Theith cuid aca as a bhealach.  Chrom tuilleadh aca 
ar mhagadh faoi.  Fé dheireadh, d'innis comhursa dhó cad a bhí bun
os cionn, agus do leaghasadh gan mhoill é.  Acht ní raibh Donnchadh
scartha fós leis an bpótaireacht.
"Ba dhá dhóbair dó é féin a chur i ngreim an oidhche theang-
mhuigh sé leis na Soupers.  Bhí cúlshráid de shráidibh an Daingin
fútha so ar leithligh an uair sin.  Bhí buidhean mhaith aca ann; 
mar do b'é an gnáth le linn an droch-shaoghail lucht iompuighthe
na mbréideann a bhailiughadh isteach ón dtuaith, d'fhonn go 
mbeidís coitchiannta fé shúil an fhir bheannuighthe úd, an ministéir
Gallda.  Mo thruagh iad, na daoine bochta dalla!  Ní'l a rian
ná rian a sleachta le fagháil 'san Daingean indiu.  Leaghadar 
féin agus a gcuid.
"Bhí sé abhfad d'éis tuitim oidhche sarar fhág Donnchadh an 
tsráid agus thug aghaidh ar an mbaile.  Thárla go raibh aindeis-
eoir eile mar é féin le n-a chois.  Chuireadar díobh chomh maith is 
do b'fhéidir leó - agus níor ró-mhaith san - go ndeaghadar chomh 
fada le Baile an Bhrúnaigh, míle slighe amach ón nDaingean.
Bhíodar ar tí scartha le chéile annso, an uair dubhairt Donnchadh
gur mhaith an t-am é chum sásamh a bhaint de sna Soupers, mar 
dhíol fiacha as masladh éigin a tugadh dóibh araon tráth áirithe
roimlhe sin.  D'fhilleadar fé dhéin an bhaile mhóir.  Níor fhág 
Donnchadh fuinneóg slán i n-aon tigh go raibh Souper chum comh-
nuidhthe ann.  Ghaibh sé ortha le n-a dhórnaibh; agus cé gur ghearr
sé go doimhin dóighte é féin, ba chuma leis.  D'airigh muinntir
na dtighthe an cipineach dá dhéanamh.  Sháthaigh fear aca a cheann
thar doras.  Ní túisce dhein 'ná bhí sé pléasctha le buille de 
bhata draighin ag Liam na Ciotóige, congantóir Dhonnchadh.
"Ní fios cad é an méid díoghbhála dhéanfadh an bheirt mara 
mbeadh gur tháinig na connstáblaidhthe ar an láthair.  Fuair an 
bheirt lóistín na hoidhche úd i n-aiscidh, acht is iad a dhíol go 
daor as na fuinneóga a bhriseadh.  Ní'l amhras ná go gcaith-
fidís mí nó dhó i gcarcair, mara mbeadh go raibh giuistís a bhí
fabhrach leó ar an mbinnse lá na cúirte.
"Bíonn eagla na teine ar an leanbh a dóightear.  Sheachain 
Donnchadh an t-ól go ceann ráithe ón lá soin, agus annsan bhí an 
Inid chughainn.  Bhí comhursa agus comhghaol do Dhonnchadh dá 
phósadh.  Tugadh cuireadh dhó.  D'imthigh sé i dteannta an chóisire.
Níor bhlais sé braon de dhigh dhíoghbhálach i rith an lae.
"Bhí go maith go rabhamair ag teacht abhaile tráthnóna.  Shuidh
triúr eile i dtrucaill i n-éinfheacht le Donnchadh.  Ar an mbóthar
dóibh, do tharraing duine aca buidéal a bhí lán go scrogal de 
bhiotáille as a phóca.  Thug sé na mionnaidhe móra ná raghadh sé 
ar aon phósadh an oidhche sin nó go n-ólfadh Donnchadh braon fé 
thuairim a sláinte.  Dáltha an scéil ó chianaibh, bhí sé anois, leis,
i gcás idir dhá chómhairle.  Ní raibh ionntaoibh ar bith aige as féin.
"Má ghéillim anois," ar seisean, i n-a aigne féin, "béad ar 
na stárthaibh láithreach."  
"Agus cad a dhein sé 'ná géilleadh.  Mo thúirse!  Bhí sé 
tuitthe glan amach sarar tháinig an meadhon oidhche.  Chualamair 
i n-a dhiaidh sin go raibh sé i n-a throscadh ó mhaidin roimhe sin,
agus dar ndóigh ní raibh iomchur na dighe ann.
"An uair chonnaic Tomás Ó Raghallaigh an aoide bhí ar 
Dhonnchadh tháinig sé agus do thug cogar domhsa.  D'árduigh-
eamair linn amach fé aer na hoidhche ár gcara mhíoádhmharach, ar 
eagla éinne a shatailt air.  Níor chuir sé chor as ná níor mhothuigh
sinn dá iomchur.
"'Seadh," arsa Tomás, "chuir cúrsaidhe an lae agus na
hoidhche seo Donnchadh ar seachrán.  Is baoghalach, má leigtear 
leis, gur fada fhanfaidh sé ar a aimhleas.  Cabhruigh liomsa, a 
Shéamuis, agus leaghasfam araon roimh mhaidin é."
"Do gheallas dó go ndéanfainn mo dhícheall dá n-inneosadh
sé dhom cad a bhi ar aigne aige a dhéanamh.
"Tá," ar seisean, "scannradh croidhe a chur air."
"Mhínigh sé dhom annsan cad air go raibh ceaptha aige.  Rug-
amair Donnchadh linn isteach i scioból Thaidhg Mhic Gearailt.  Bhí 
flúirse tuighe ann, agus do cóirigheadh leabaidh bhreagh dhí faoi.
Ghaibh Tomás amach ar lorg beirte eile discréideacha a bheadh 
chun cabhartha linn.  Ní fada gur thángadar a dtriúr.
"Táim i n-amhras," arsa Tomas, "ná dúiseogha sé seo go 
fóill; acht, mar sin féin, ní mór dúinn brostughadh leis an 
obair.  Beidh na rinnceoiridhe ag gabháil amach as tigh an phósta 
ar ball dá bhfuaradh féin, agus b'fhéidir go seolfadh rud éigin 
an treo so iad.  Ní theastuigheann san uainn.  Téidhir-se anois,
a Shéamuis, agus pé áit i n-a bhfaghair ádhbhairín sughaidh bí annso 
thar n-ais leis gan ró-mhoill.  Gheobhair casóg mhór m'athar i 
mball éigin istigh.  Tabhair leat í.  Cuirim mar chúram ort-sa,
a Mhuiris," ar seisean le duine de sna buachaillibh eile, "lán 
galúin d'uisce a thabhairt leat ón dtobar.  Cuir-se do dhrom 
leis an ndoras so, a Mhichíl," - b'é Mícheál an tríomhadh duine - 
"agus ná leig d'éinne teacht isteach nó go gtiocfam-na chughat."
"D'imthigheamar go léir i bhfeighil ár ngnótha.  Fé cheann 
scathaimh bhig, bhíomar thar n-ais san scioból.  Chuimil Tomás an 
sugha fém aghaidh is fém lámhaibh-se.  Annsan do cuireadh an 
chasóg mhór umam, agus an taobh istigh amuigh.
"Ar mh'anam-sa féin, a Shéamuis," arsa Muiris, i gcogar, 
"ná feaca riamh oidhre ar an áidhbheirseóir go dtí thú.  Da 
mbuailtheá liom i n-áit uaigneach i meadhon gheal an lae, do 
theithfinn uait.  Cuirfir scéan i nDonnchadh."
"Cár chuiris-se aithne ar an áidhbheirseóir, a Mhuiris?" arsa 
mise.
"Ó! léan is léir air, is nár chuiread choidhche aithne air," ar
seisean.  "D'airigheas Seán na nGadhar ag cur síos ar a dhath
agus a dheilbh.
"Bhí an t-ughdar go maith agat, a Muiris," arsa Tomás;
"acht caithimís uainn é mar aighneas."
"Cuireadh an tarna coinneal ar lasadh.
"Glanaidh-se libh anois, a bhuachaillidhe," arsa Tomás leis an 
mbeirt eile.  "Is féidir libh dul i bhfolach ar scáth na cruaiche 
tuighe thíos; acht ná bíodh gíog asaibh agus ná feiceadh Donnchadh 
sibh an uair dhúiseogha sé.  Táim-se chun é mhúscailt anois."
"Chuaidh an bheirt i bhfolach.  Rug Tomás ar an ngalún, agus 
chaith steanncán as ar mhulach cinn Dhonnchadh.  Níor dhúisigh san
é, ar a shon gur baineadh cnead as.  Stealladh tuilleadh uisce 
san aghaidh air.  Bhain so cnead ba dhá mhó as.  Ar ball, tar éis
fuaradh eile thabhairt dó, shín sé amach a dhá chois agus chrom ar 
méanfuigheach.  Dhruideamair i leathtaoibh as a amharc.  Ba ghearr 
gur oscail sé a shúile.  Chonnaic sé an solus, acht ní raibh aon 
radharc aige ar na coinnlibh.  D'éirigh sé i n-a shuidhe, agus 
d'fhéach i n-a thimcheall.
"I n-ainm Dé, cá bhfuilim?" ar seisean.
"Cá mbeidhfeá," arsa mise, "acht i n-ifreann.  Is fada sinn
ag feitheamh annso leat, agus geallaim dhuit go bhfuil cúinne
deas cluthmhair tirim annso id chomhair."
"D'atharruigheas mo ghuth i slighe is ná haithneoghadh sé é, agus 
dhruideas suas i n-aice leis.
"Thug sé iarracht ar éirghe i n-a sheasamh.  Pé aca faitchíos
nó easbha nirt a bhí ag gabháil dó, do theip air.  I gcionn tam-
aillín eile chrom sé arís ar chainnt.
"Ar son Dé," ar seisean, "an fad ó thánga annso?"
"Bhí sé ag creathadh ar nós na duilleóige.
"Chaith uait an t-ainm sin feasta," arsa mise.  "Ba shuarach 
é do bheann ar Dhia an fhaid bhís ar an saoghal eile.  Tá sé fuar
agat a bheith ag éigheamh Air anos.  Seo í mo ríoghacht-sa.  Cuir-
fead d'fhiachaibh ort umhlaigheacht a thabhairt dam feasta agus ar 
feadh na síoruidheachta.  Táimíd anois ag geata ifirinn.  Creid
uaimse é gur mó na fáiltidhe bheidh le fagháil annso agat 'ná 
fuairis riamh i dtigh tábhairne agus airgead id phóca agat.  Acht,
dar teinte mo ríoghachta! díolfaidh an geatóir as muna leig-
fear isteach láithreach sinn."
"Phléasc na gáiridhe ar Mhichilín.  Chualaidh Donnchadh an gáire,
agus mheas sé, is dócha, go rabhathars chuige.
"Ó! a Mhuire dhílis," ar seisesan, "seo chugham iad.  Nach 
obann a sciobadh as an saoghal mé!  Dá bhfaghainn an oiread 
uaine féin is go bhféadfainn maitheamhnas iarraidh ar Dhia, bheinn
sásta.  Ó! mo thruagh í, Máire bhocht!  Is í fuair an droch-
nuachar.  Is uirthi bhí na scamail an lá cheangail sí í féin i
gcleamhnas liom-sa!  Tugaim mo mhallacht óm chroidhe d'éinne
chleachtann an t-ól!
"Bhí an fuarallus ag tuitim i n-a chaisidhibh anuas dá ghruadh.
Tháinig saghas faitchís orm go rabhamair ag dul ró-dhian air.
"Seo chugham amach Tomás agus braitlín bhán casta i n-a 
thimcheall.
"Cad tá déanta ag an bhfear so," ar seisean, "go bhfuilir 
dhá bhreith leat?"
"Tá an oiread is dhamnóchadh ceathrar," arsa mise.  "Fiaf-
ruigh de féin cad tá déanta aige."
"Máiseadh, cé dhein breitheamh díotsa: is é Dia na glóire
thabharfaidh breith air.  Aingeal is eadh mise.  Tá a fhios agam
gur minic a chuir an duine díchéillidhe seo fearg ar Dhia.
Is minic a chuir sé buaidhirt ar a mhnaoi.  Bhris sé mórán fuinn-
eóg tráth dá raibh sé ar meisce: bhíos féin ag féachaint air dá 
dhéanamh.  Sin taobh den scéal.  Bhí sé go maith do sna bochtaibh.
Níor eitigh sé riamh éinne aca ar dhéirc ná ar lóistín na hoidhche.
Bhí sé go maith dá mháthair, agus is í bhí go compórdach i ndeir-
eadh a saoghail."
"Ba léir go raibh an t-anaithe agus an lúthgháir ag troid le 
chéile i gcroidhe Dhonnchadh, agus, dar mo bhriathar! ní fada gur 
tháinig fanntais air.  Múchadh na soillse láithreach.  D'árduigh
Muiris agus Mícheál Donnchadh amach as an scioból.  Ghlanas-sa
dhíom rian an tsúghaidh, agus seo a d'iarraidh uisce mé.  Tháinig 
Donnchadh chuige féin ar ball.  Ní raibh faic air lá ar n-a bhárach.
"Bhí an leaghas déanta.  Ní fheacaidh éinne rian na dighe ar 
Dhonnchadh ó shoin.  Cheannuigh sé feirm an aodhaire deich mbliadhna 
i n-a dhiaidh sin, agus tá an saoghal ar a thoil anois aige."
Sí Katty ní Néill gan bhréag rug bárr ar an mhnaoi 
Fár treascradh na céadtha tréinfhear go lár san Traoi 
Ní samhail di Deirdre 's ní féidir a rádh nach í 
Fuair abhall na scéimhe d'aontoil as láimh mhic Phrímh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11