Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhilig na hAimsire seo.

Title
Gaedhilig na hAimsire seo.
Author(s)
Ó Dubhda, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 130


"Gaedhilig na hAimsire seo."



O's rud é go bhfuil díospóireacht ar siubhal fá dtaobh de'n
cheist seo .i. an chuma atá ar sgeultaibh nuadh-dheunta ag
sgríobhnóiríbh na Gaedhilge, agus a lán cainnte dá dheunamh as
Beurla na Sagsanach, b'fhéidir nár mhisde de dhuine a bharamhail
a thabhairt agus ceist a chur ort-sa agus ar léightheoiribh an IRIS-
LEABHAIR ar an tseort Gaedhilge atá le fagháil le déannaighe,
agus é seo a dheunamh as teangaidh na nGaedheal.



Ná saoiltear gur úghdar teangadh mise agus go bhfuilim ag
iarraidh locht d'fhaghail ar na sgríobhnóiríbh móra mór-chlúmhla
cliste atá ag sgríobhadh gach lá beagnach agus atá ag cur síos
ar gach cor dá gcuireann an saoghal Fódla de. Chan fhuilim. Is
mac léighinn mé, agus, mar sin de, badh mhaith liom 'fhios 'fhagháil
cé aca ar nós nó ar chuma sgríobhtha na Gaedhilge nó ar chuma
sgríobhtha an Bherla atá cuid de na giotaí agus sgeultaí a
bhíos 'san IRISLEABHAR.



Bíodh an ceart agam nó bídhim contráilte, 'seadh shaoilim-se
go bhfuil cuid de na sgríobhnóiribh Gaedhilige ag cur cuma an
Bheurla ar a gcuid sgeultaí san aimsir atá 'nois ann. Chan
feasach damh go rabh siad mar seo ariamh - saoilim fhéin nach rabh
- ar dhóigh ar bith cha dtug é fá ndear go dtí le déannaighe
iad.



Mar shompla, léigh an tús atá curtha ar an "Mac Mallacht-
ain" i n-uimhir na Nodlag agus i n-uimhir na hEanrach! Feuch
fósta ar "An Bhean Feasa". An saoileann tú, nó an saoileann
duine ar bith a thuigeas cuma na Gaedhilge agus caoi a sgríobhtha,
gur as a' Ghaedhilg do rinneadh na smaointí agus do cumadh na
ráidhtí atá ins na sgeultaí seo?



"Cé'rbh é an buachaill báire seo a tharraing an méid seo
cainnte? Cé'n cineál duine bhí ann chor ar bith? Ní raibh ag a
mháthair acht é. Bhí a athair caillte. D'fhás sé suas fiadháin go
leor. Ní raibh rud ar bith ag dul uaidh. Ní raibh cleas ar bith
nach raibh sé i n-ann imirt. Ní fhéadfá 'bheith suas leis. Bhí a shrón
sáighte i ngach áit. Bhí a mheur i ngach nídh bhí ag imtheacht," agus
mar sin de. As "An Mac Mallachtain," cuid a II, é sin.


L. 131


Ar léigheadh an sgéil seo damh-sa, b'éigin damh é aistriughadh
go Beurla sul ar thuigeas i gceart é.



An aistriughadh ar an bheurla é? Acht marab eadh, is cinnte
gur do réir an chumtha Bheurla a sgríobhadh é.



Chan abraim nach bhfuil na cuir cainnte ceart go leor, acht
an dóigh i n-a n-innistear an sgéal.



Cuir an sgeul seo i gcomórtas le "Sgeul Oidhre an Fheasa"
a sgríobhadh fá thuairim sé bliadhain ó shoin, agus atá taobh leis
san IRISLEABHAR. Nach mór an difridheacht atá eatortha?



"A bhfad ó shoin ins a' t-sean-aimsir bhí oidhre óg ann agus bhí
sé an-ghlic. Bhí eolas aige ar a lán neithe nár fheud na hóghán-
aigh bhí ann le n-a linn meabair ar bith a bhaint astú. Bhí go maith
's ní rabh go dona. Ba é bunáite a chuid oibre rith an gheimhridh
ag léigheadh na bpláinéad 's ag baint mórán eolas astú. Bí sé
mar sin ar feadh tamaill fhada, agus, a dhearbhráthair mo chroidhe
thú, thug sé faoi deara aon oidhche amháin, l'éis ceann de na
réaltógaibh dhul os cionn an bhuaile-bhodach, go mbeith sé pósta
ag inghean ceárduidhe," agus mar leanas de.



Cuir tús an sgéil seo i gcomórtas le tús na "Mna Feasa"
(An Bhean Feasa): "Bhí aimsir na Nodlag chugainn - ba léir
nach fada ó bhaile bhí sí," agus mar sin de.



Thuigfeadh duine ar bith a léigh na sgeultaí seo go rabh cuma
cumtha an Bheurla ar a' dá cheann agus cuma ceart cumtha na
Gaedhilge ar a' cheann eile.



Is leur, soileur, agus ion-tuighte as seo go bhfuil a lán de
na sgríobhnóiribh ag iarraidh an sean-nós simplidhe a bhaint
díobhtha fhéin agus nós nuadh a chur 'n-a áit i sgríobhadh na
sgeultaí.



Cailltear brigh na teangadh 'n-a léithid sin. Nach ionnan na
giotaí sin agus "Cnoc na nGabha." Má's mian leat an sgeul
mór breagh seo a thuigbheál i gceart caithfidh tú é aistriughadh go
dtí an Beurla arís.



Tá a lán giotaí eile ann, agus gach ceann aca níos measa
'ná a chéile. 'Sa "Chlaidheamh Soluis" thugas fá ndear giota ar
"Dhroichead Áth' Luain" agus an cineál ceudna túis air. Duine
eile bhí ag sgríobhadh ann agus "Bhíodhamar" i n-ionad "mé"
aige, go díreach ar nós an Bheurlóra. Ag cur síos ar rud a
thárlaigh do fhéin do bhí sé.


L. 132


Má leantar don nós so - nós an Bheurlóra - is goirid go
mbéidh brígh na teangadh caillte ar fad ins na sgeultaí. Cha
bhídheann ionnta acht aistriughadh. Tá a lán de'n fhírinne i n-a
n-abrann an "Dochtúir" fá dtaobh den cheist seo.



Badh mhaith liom, a Fhir Eagair, a chara, agus a léightheoirí fhogh-
lumtha, bhur mbaramhail a chloisint, agus a innsighe an ceart nó
contráilte mé.



PEADAR Ó DUBHDA
Tráigh Bhaile Mhic Buain.



[Ní curtha i leith an Eagarthóra tuairim na ndaoine a bhíonn ag scríobhadh
san IRISLEABHAR. Acht, ós rud é gur mian le Gaedhilgeóirí trácht i nGaedhilg
ar an gceist seo atá anois le tamall ag déanamh buadhartha dhúinn, fágfam
beagán slighe n-a gcóir gach mí feasta. Tá súil againn ná beifar liosta ná
drochmhúinte. - F. an I.].

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services