Oghmóracht - VII.
COIMHMEAS NA nGUTAÍ.
Dha chineál gutaí atá san Ogham-Ghaedhilg mar atá
gutaí fada agus gutaí gairide. Ní sonnruigh-
thear fad ná gar orthu san oghmóracht. Ar an
adhbhar sin ní fios dúinn ce acu fada nó gairid
a bheadh guta ar bith san ogham go dtí go gcuiri-
míd eólas ar aithghin an fhocail ina bhfuil sé, nó
ra sic shean-chruth an fhocail sin sa teangaidh Chealtaigh.
Má's guta fada atá san ogham, is é an guta céadna
atá ina ionad sa Sean-Ghaedhilg.
VALUVI (á) - Fáilbi - Fáilbhe.
DULICI (ú) - Dúilich, Dúilg - Dúiligh.
RIGAS (í) - ríg - ríogh.
Act i dtaobh ó agus ú tá an méid seo le rádh. Bhí dhá ó agus
dhá ú san Ogham-Ghaedhilg agus sa Sean-Ghaedhilg. Bhí "o" fada ó
bhunadh ann, agus "o" fada ó chúiteamh; "e" fada ó bhunadh
agus "e" fada ó chúiteamh.
Is é is fad ó bhunadh ann, nó fad bunaidh, nó fad bunadhasach
.i. fad nó síneadh do bhí isan nguta sa nGaedhilg Chianda.
An guta atá fada ó chúiteamh nó fada tré chúiteamh (nó
chúitiughadh) is guta gairid a bhí ann sa nGaedhilg Chianda, agus bhí
dhá chonsaine na dhiaidh, mar atá "nt" nó "nc". D'éirigh dhe sin
go ndeachaidh "n" i neimhní agus go ndeárna "d" den "t", nó
"g" den "c". Le dul i neimhní don "n" mar sin, d'fhág
sé síneadh ar an nguta do bhí roimhe go ndeárna guta fada dhe.
An uair is amhlaidh sin do thárla, is é deir an sanasóir gur le
cúiteamh san "n" do chuaidh ar neimhní, 'seadh tháinig fad sa
nguta. Is é sin an guta atá fada tré chúiteamh.
Deismireacht air sin "céad" (.i. cúig fichid). Is "centon"
a bhí ar sin sa nGaedhilg Chianda, i gcosamhlacht "centum" sa
Laidin. Do chuaidh "n" i neimhní, do rinne "d" den "t", agus
le n-a linn sin tháinig síneadh san "e". Gan amhras dá mbeadh
an focal sin ar fagháil san Ogham-Ghaedhilg is é riocht ina bhfuigh-
fidhe é .i. CEDAN agus E fada ann. Is de sin tháinig "cét"
i litriughadh na Sean-Ghaedhilge agus na Meadhón-Ghaedhilge agus
"céad" sa nGaedhilg seo againne.
"Cúig" mar sin ó *qonqe sa nGaedhilg Chianda (= quinque
sa Laidin) = * QOGE (o) san Ogham-Ghaedhilg = cóic sa Sean-
Ghaedhilg = cúig indiu.
Gach E agus gach O do bhí fada tré chúiteamh san Ogham-
Ghaedhilg, maireann sé ina "É" nó ina "Ó" sa Sean-Ghaedhilg
agus sa Nua-Ghaedhilg. Ní'l deismireacht againn air sin, acht a
rádh go bhfuil a lorg curtha go beacht ag na sanasóirí.
Gach E do bhí fada ó bhunadh san Ogham-Ghaedhilg, is "é" fada
atá ina ionad sa chuid is sine den tSean-Ghaedhilg. Acht ag
tarraing ar an mbliadhain 900, nó faoi thuairim na haimsire sin,
rinne "ia" den "é" bhunaidh, agus is "ia" atá ina ionad ó shin
ale.
Deismireacht air sin NETAS: sin "néth" sa sgríbhneór-
acht is sine, mar tá "Oissene-us mocu Neth Corb" ag
Adhamhnán; "niath" nó "niad" sa Meadhón-Ghaedhilg, agus
"niadh" anois.
Dia mbeth Cú Ruí na niurt niath
Ropad sciath dingbála dó
(Dá mbeith Cú Raoi 'na neart niadh
Do badh sgiath diongbhála dhó).
Nia .i. tréinfhear, sa réim ainmneach.
"O" mar a gcéadna, má's fad bunaidh atá ann, maireann sé
ina "ó" sa S.G. go dtí tuairim 's an bhliadhain 900. Do ghní
"ua" dhe ón am sin ale. Deismireacht air sin -LOTI = lóith =
Luaith. GOSUCTIAS = Gósochte Gósachtae - Guasachta.
Má's ó chúiteamh, ámh, a tháinig síneadh san O, fanann O ina
O go dtí indiu. Ní bhfuaramar deismireacht air sin san Ogham-
Ghaedhilg.
Is follus as sin go ráibh dhá fhuaim le E fada agus dá fhuaim
le O fada san Ogham-Ghaedhilg agus sa Sean-Ghaedhilg. Teacht
aimsire na Sean-Ghaedhilge atá isna sgríbhnibh is seanda, níor
fhan síneadh i nguta ar bith do bhí fada san Ogham-Ghaedhilg acht
amháin sa méid díobh a raibh forba (nó luighe ghotha) orthu. Ar an
gcéad shiolla de gach focal is eadh luigheadh an forba san Ogham-
Ghaedhilg.
Forba ó'n ní is for-benim .i. benim fair .i. bainim nó buailim
air, chionn go dtuiteann béim gotha nó buille gotha ar shiolla
dhíobh thar a chéile sa bhfocal. An ní is aiccent leis an laid-
neóir, adeir an Uraiceacht, is é is forba leis an nGaedheal.
[Fobha mar sin ón ní is fo-benim .i. buailim faoi. Is de sin
adeirthear "thugas fobha faoi," agus c.]
Thárla dá bhrígh sin sa Sean-Ghaedhilg nár lean fad nó síneadh
do ghuta ar bith ón Ogham-Ghaedhilg acht do ghuta bhí sa siolla
tosaigh den fhocal. Ós mar sin atá an sgéal, cad as a dtáinig
gutaí fada bheith isna siollaí eile, agus go mbíonn siad go minic
ionntu? Tá, gur tré chúiteamh a tháinig síneadh ar na gutaí sin,
agus ní hó'n gcúiteamh úd adubhramar cheana .i. ní ó chúiteamh
san N do chuaidh i n-éag, rud do theangmhuuigh roimh aimsir
na n-ogham liag, acht ó chúiteamh eile a thárla le linn na n-ogham
sin .i. ó chúiteamh i gconsainí áirithe do bhí ann le céad ré
na n-ogham agus leis an dara ré. Ag teacht do ré dheiridh na
n-ogham, theasduigh na consainí sin, agus ní'lid ar fagháil i
nGaedhilg na leabhar, ní nach iongnadh.
Is iad na consainí atá i gceist annso D análuighthe agus G
análuighthe, agus ní theasduigheann siad sa ré dheiridh agus i ré
na leabhar acht ar choingheall amháin .i. leathghuta do theacht 'na
ndiaidh agus a bheith buailte leó (gan guta ar bith a bheith istigh
atorru).
Is féidir an riaghail so do nochtadh ar nós eile. Má theagann
guta san ogham (.i. sa gcéad ré nó sa ré mheadhóin den Ogham-
Ghaedhilg) roimh én dís de na diasaibh so consainí .i. DL, DN,
DR, GL, GN, GR, agus D nó G bheith ar análughadh ann,
téigheann D nó G i n-éag, agus fágann sé fad nó síneadh ar an
nguta tháinig roimhe.
Is iomdha deismireacht ar an riaghail sin. CUNAMAGL[AS]
= Conmhál (* MAGLAS = mál .i. tighearna nó flaith). NETA[S]
SAGR[I] = Natsáir. DROGNO[S] = Dróno = Dróna (mar tá
Uí Dhróna .i. aicme de Laighnibh, agus ar bharúntacht i gconndae
Cheatharlaigh atá a n-ainm anois).
Acht is ann is iomadamhla do chítear an cúiteamh so, an uair
a curtar -GNAS mar iarlainn le focal ar bith. Más fíor do
Mhac Alasdair agus tá cosamhlacht na fírinne ar a bharamhail,
is í ciall do bhí le -GNAS so i dtús an sgéil .i. mac no gein.
DALAGNI MAQI DALI = [ainm] Dhalláin mhic Dhaill. Ó
AGNAS mar sin tháinig -án isna céadta focal. Is iomdha ainm
ar n-a chumadh ó -AGNI san Ogham-Ghaedhilg, agus is -án atá ina
ionad sin i nGaedhilg na leabhar, AN fós san oghmóracht deiridh.
Ó -IGNAS a tháinig -ín mar iarlainn in gach focal ina bhfuil sé.
Is minic an toisg sin le n-airiughadh i nGaedhilg na leabhar.
Cuir i gcás "agim": briathar sin .i. tiomáinim. "Áin" an
gníomh (.i. an té "aigheas" bíonn sé ag "áin"). Áin = * AG-NIS.
Mar sin "áirem" nó "áram" .i. áireamh, ó "ad-rími" .i.
áirmhigheann, áirmheann.
EÓIN MAC NÉILL.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11