Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is fearr unsa

Title
Is fearr unsa
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 315


Is fearr unsa fortiúna 'ná púnt tuicsiona.



Is mór an pléisiúr le héinne é féin do mholadh anois is arís.



Ní'l iontódh saidhbhir gan duine muinnteardha, acht n'fheadraís cia hé sin go
mbír bocht.



Is fearr "tóg so" aon uair amháin 'ná "goir goir" go hoidhche.



Is baoth an t-uan a thoghann an mada ruadh mar oide faoisdine.



Níor bhochtnuigh an déirc éinne riamh.



Máighistir ró-chúramach séirbhiseach faillightheach.



Is ciúin é an dubhrón, cé gur árdbhrónach é an bhun-bhuairt.



Bíodh an cheist réasúnta agus beidh an freagra tuicsionach.



Is glan an ghánáil diúlthughadh do phléisiúr d'fhonn gabháil tar pian.



'Sé ár ndóchus bheith aosmhar agus ár n-eagla bheith críona.



Ná bíodh do sheol níos mó 'ná do bhád.



Níl éinne bhíonn sanntach - pé beag mór é a rachmas - ná caitheann a shaoghal
i ngábhtar.



Is tearc nídh is beacht: nach seargann le seandacht.
Téid ar gcúl gach nídh acht cóir: is úr gach sainnt ag seanmóir.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services