Táim anabhaodhach ar fad de Mhícheál Ó Conchubhair mar gheall ar an 
"mbarraghlach."  Ní coirce é, ní lóchán é; acht idir bheith eatartha.  Níor chualasa 
féin aon fhocal 'ná tiarma air i mBéarla.  Fiú na daoine atá gan Ghaedhilig, 
níl aca acht "barraghlach." 
Ceapaim féin gur "fígheallach" bun-phréamh an fhocail - "barr-fhúigh-
eallach."  Cad is dóigh leat-sa? 
BEIRT FHEAR.
A chara,  - Ceist agam ort.  Cuir i gcás gur bhuail duine chugham, agus gur 
chuireas chugham lón na hoidhche.  An mbeadh sé bun os cionn, ded' thuairm-se, 
a rádh mar seo: "Níor dhearmhad leis 'gan' gabháil chugham; níor bh'fhaillightheach 
dó 'gan' gabháil chugham; níor dhearmhad liom 'gan' lón na hoidhche chur 
chugham."  Ní is gach aon áit atá sé, mar abairt, agus féachann sé tuathallach.  
Ar thánaís treasna air i Gaedhilg i n-aon leabhar, agus cia an áit? 
F.F.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11