Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oghmóracht. VI.

Title
Oghmóracht. VI.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 525


Irisleabhar
na
Gaedhilge.



Iml. 18. 12. Mí na Nodlag, 1908. Uimh. 219.



Oghmóracht - VI.



COIMHMEAS NA gCONSAINÍ.



Consainí na n-ogham dhá gcur i gcoimhmeas
le consainí na leabhar, idir sean-litriughadh
agus nua-litriughadh, mar leanas:



Má's i dtús na bhfocal dóibh, is iad
na consainí céadna atá san oghmóracht agus
san sgríbhneóracht, acht amháin an áit i bhfuil
V san ogham gur F atá isna leabhraibh.



Ní'l comhartha ar bith ar análughadh na gconsainí san



oghmóracht. Is mar a chéile sgríobhthar gach consaine an uair thig
análughadh uirthi agus an uair nach dtig.



Na consainí i gcorp na bhfocal feasta. Cuimhnighthear go
maith annso ar aistí litrighthe na Sean-Gaedhilge (.i.



An Litriughadh An Fuaimniughadh.


L. 526


(Ní sgríobhthar gh, dh, bh, mh, i n-aon chor sa Sean-Ghaedhilg).



Cuirfimíd na cinn-litreacha Rómhánda (mar so - B, V, S)
i n-ionad litreach an oghaim.



B gan análughadh = p nó bb (S.G.) = b (N.G.).
CORBRI = Coirpri nó Coirbbri = Cairbre.



B análuighthe = b (S.G.) = bh.
COILABOTAS = Coelboth nó Coelbod = Caolbhadh.



D gan análughadh = t nó dd (S.G.) = d (N.G.).
DECEDAS = Dechet = Deichead.



D análuighthe = d (S.G.) = dh.
VEDUCURI = Fidchuiri = Fiodhchuire.



T. gan análughadh = tt (S.G.) = t (N.G.).
Ní'l deismireacht chinnte againn air sin.



T. análuighthe = th, th.
COSALOTI = Cosslóith = Cosluaith.



C. gan análughadh = cc (S.G.) = c (N.G.).
BROCI = Bruicc = Bruic.



C análuighthe = ch, ch.
CUNACENA = Conchenn = Coincheann.



Q gan análughadh = cc (S.G.) = c (N.G.).
MAQI = maicc = mic.



Q análuighthe = ch, ch.
VEQOANAI = Féchnai = Fiachna.



M gan análughadh = mm (S.G.) = m (N.G.).
Ní'l deismireacht chinnte againn air sin.



M análuighthe = m (S.G.) = mh.
COIMAGNI = Coemáin = Caomáin.



G gan análuighadh = c, gg (S.G.) = g (N.G.).
MAQI LIAG = Maicc Liac = Mic Liag.



G análuighthe = g (S.G.) = gh.
LUGUNI = Lugnai = Lughna.



Na leathghutaí anois .i. L, N, R. Ní thig análughadh orthu sin,
acht ar a shon sin gabhann dá bhrígh le gach ceann acu. Nuair is


L. 527


bhrígh lag atá leis an leathghuta, sgríobhthar tré litir amháin é sa
sgríbhneóracht .i. l, n, r, gealach, dona, caraid. Nuair is láidir
nó teann atá an leathghuta, bíonn eamhnadh nó dúbailt sa litir,
mar seo - ll, nn, rr, geallaim, donna, carraig. Tá an dá
bhrígh seo ag dul tré n-a chéile go mór i n-urlabhra na ndaoine
le tamall, acht maireann siad fós gan chumasg ar bith i mball-
aibh áirithe den Ghaedhealtacht.



Ní dhealuigheann an oghmóracht an leathghuta teann ón
leathghuta lag, acht chomh beag agus dealuigheann sí an consaine
análuighthe ón gconsaine iomláin.



L = l: OLACON = Olchon.
L = ll: DALAGNI = Dallán.
N = n, N = nn: CUNACENA = Conchenn = Concheann.
R = r: VIRI = fir.
R = rr: ní'l deismireacht againn air sin.



Bíonn eamhnadh nó dúbailt go minic i gconsainí an
oghaim, acht ní bhaineann sin le brígh na gconsainí mar chífear go
follus uair eile.



S = s nó ss (S.G.) = s (N.G.).
OINAGUSOS = Oingusso nó Oinguso = Aonghusa.



Is ionann brígh do "s" agus do "ss" sa Sean-Ghaedhilg.



NG (ina chonsaine aonair) = ng.



AMLONGATO = Amolngado = Amhalghadha.



Maidir le T agus D, agus iad análuighthe, tabhair dot' aire
gur minic th agus dh i n-ionad a chéile sa sgríbhneóracht. Sgríobhthar
"maith" agus "maid" (.i. maith), "bíth" agus "bíd" (.i. bíodh),
"cath" agus "cogad" (.i. cogadh .i. con-cath), agus c. Ar an adhbhar
sin bíodh súil agad gur "d" (dh) gheobhas tú go minic isna
leabhraibh an áit i bhfuil T san ogham, agus "th" nó "th" isna
leabhraibh i gcoinne D san ogham.



COILABOTAS = Coelboth nó Coelbod = Caolbhadh.



Is é an cás céadna é ag C agus G, agus iad análuighthe.



"Curaich" = "curaig."



RIGAS = ríg = ríogh, acht *ANMERIGAS = Anmerech =
Ainmireach. (Mar sin, isna sean-leabhraibh, Ruadrach Ó
Ruaidri, Artrach Ó Artri, Conrach Ó Conri, Lughmannrach Ó
Lughmannri, agus c.).


L. 528


V i gcorp an fhocail sa ogham, ní hén íde amháin a thig air i
nGaedhilg na leabhar.



* AVIAS = aue (S.G.) = ua, ó.
AVI = aui = uí nó í.
IVA- = eo:
IVACATOS = Eochado = Eochadha
BIVAIDONAS = *Beoadhon. * BIVAIDUS = Beoaid,
Beoidh.



* BIVAS = beó.



DOVINIAS = Duibne = Duibhne. Maireann V ina V sa
bhfocal so.



Tá an "forba" nó luighe an ghotha ar an siolla a bhfuil V ina
dhiaidh isna hainmneachaibh sin thuas. Ar an siolla tosaigh is eadh
thuiteas an forba de ghnáth.



Féacham anois caidé mar éirigheas do V nuair leanann sé
siolla gan forba air. Má bhíonn consaine ar gach taobh de, is
cinnte go dtéigheann V i neimhní ar fad:



RITAVECAS = Rethach = Reathach (mar adeirthear Uí
Reathach nó Ibh Reathach).



LUGUVECAS = Lughach (Mac Lughach .i. laoch do bhí sa
bhFéin).



CATUVIR[I] = Cathair nó Caithir (.i. ainm fir é sin .i
fear catha, cath-fhear).



Acht nuair nach bhfuil consaine na dhiaidh, féadann V bheith
buan sa leabhar-Ghaedhilg, más ionntaoibh andeismireacht so 'nar
ndiaidh:



Is é is dóichidhe ann go raibh dhá V san Ogham-Ghaedhilg .i.
V bunaidh, a tháing ó V sa nGaedhilg Chianda, agus V nua a
tháinig ó B sa nGaedhilg Chianda, agus gurab é an V nua sin atá
marthannach i riocht "b" nó "bh" i nGaedhilg na leabhar.
LUGUVE mar sin, fuirm dheireannach budh eadh é sin, agus
LUGUBIAS an fhuirm do bheadh ina ionad san Ogham-Ghaedhilg
ba sheanda. Ar chuma ar bith, is é teagasg na sanasóirí nach
maireann V cianda ina chonsaine i nGaedhilg na leabhar acht
amháin i tosach na bhfocal.



Taobh amuigh de V, is follus as an méid atá ráite againn
thuas, go leanann consainí na leabhar go riaghalta réim-dhíreach


L. 529


i ndiaidh consainí na n-ogham agus gur furusa dhúinn oidhre
'fhagháil i nGaedhilg na leabhar ar gach consaine do gheibhmíd san
Ogham-Ghaedhilg. Chífimíd go luath gur féidir linn gutaí na
n-ogham do shamhlughadh le gutaí na leabhar, agus mar sin de, mara
n-éirighe linn aithghin gach ainme dá bhfuighmíd san oghmóracht do
chur síos i litriughad na gnáth-Ghaedhilge, is é rud is cionntach
leis sin, nach bhfuil cuid de na sean-ainmneachaibh ar fagháil sna
leabhraibh, nó má táid ionntu, gur deacair do dhuine ar bith dul
ar a lorg i measg na mílte eile dhíobh atá ceilte orainn i
leabhraibh nár cuireadh riamh faoi chló agus i leabhraibh cló nár
cuireadh clár ceart i n-eagar dhóibh, agus na hainmneacha i
ndiaidh a chéile ann do réir na haibghidreach.



EÓIN MAC NÉILL.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services