An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh.
S. T. Ó CEIT do scríbh.
CAIBIDIL A CUIG (ar leanamhaint).
"Mhaise, m'anam féin! tá sain féin insa scéal, is eagal 
liom; acht ar t'anam agus ná hinnis d'aonne é, a Chormaic.  Is 
ar a cómhairle nimhe thug mise isteach fé'n droichead indiu é, 
féachaint an bhfaighinn faill ar a fhágaint fé thóin phuill; acht, 
féach! nuair a bhí gach aon rud i gcóir a cómhairle agam, do 
ghlacas aithrighe agus truaighmhéile dhó, agus ní fhéadfainn a leig-
int síos." 
"Ó dhé! a léaspaire, acht céard é sin agat dá rádh?  Brighid 
bhocht, a bhitheamhnaigh, a chuimhneamh ar a leithéid!  Ní fuláir nó is 
ag éirighe ar mire atáir." 
"M'anam féin, mhaise! ní headh, a Dhiairmín; acht i ndáríribh 
agus ar iomlán céille dhom adeirim é." 
"Mo thruagh mé ag éisteacht leat, a lascaire.  Acht deamhan 
cos raghad go deó arís isteach i gcurrach leat - agus fanfair-se 
amuigh óm churrach-sa." 
"Éist, a Dhiarmaid - éist, a fhir!  Ní'l ó Mhathghamhain - nách 
dtig leat a thuigsint? - acht an mí-réidhteach so orainn a mharbh-
ughadh le paiste lascaireachta." 
"Is greannmhar an sórt lascaireachta é seo, go deimhin - ag 
cur bréige ar mhnaoi bhocht ná gortóghadh luch a bheadh ag ithe a 
cuid mine." 
"Mo ghraidhn chroidhe thú anois, a Dhiairmín, agus ná bí ag 
tiospáint do chod' éada dhúinn; mar ar ndóich tá a fhios ag an 
saoghal mór nár bh'fheárr léithi ao'rud 'ná uair do bháis." 
"Éist! - éist, a Mhathghamhain!  Tá tú ag déanamh an iomarca 
dhe.  Ná feiceann tú go bhfuil an duine bocht ar dearglasadh 
le feirg?" 
"Gurab amhlaidh aige é - croithfidh sé an fuacht dhé.  Chonnac-
thas dom go raibh an fuacht ag dul air, agus do bhaineas amach 
mar sin chun a leigheasta." 
"Abair 'Gora maith agat,' a Dhiarmaid.  Mo bhascadh saoghalta 
"Seo, a Dhiarmaid, fág annsain í.  Badh chóir go mbeadh 
seanaithne agat orm-sa, a bhuachaill.  Is suarach an mhaise dhúinn 
an t-eascáirdeas eadrainn, agus gan súil againn nách ar Neamh 
nó i gceachtar de sna háiteachaibh teó a bheimíd gan mhoill." 
"Sin agat, a bhuachaill.  B'aisteach an gníomh agam é gan 
beart ní ba laige 'ná soin la mhaitheamh dhuit tar éis ar dheinis 
orm ó chianaibh." 
Do chroith an bheirt lámh le chéile, agus - mar do-ghníd fíor-
Ghaedhil - do thiospáineadar, dá luaithe chum feirge iad, go rabh-
adar chómh iondamhail ar mhaitheamhnas a thabhiart agus a ghlacadh. 
I n-a suighe annsain i mbeárnain an bhaoghail, mar déarfainn, 
d'éirigh chúcha a misneach dúthchasach agus a ngnáth-chineáltas.  Dá 
mbadh le haon chineadh eile ar domhan iad is beag-chuid ghrinn ná 
magaidh bheadh ar tóir aca 'san áit thubaistigh a rabhadar ann.  Le 
n-a linn sin, d'éirigh leóithne fionnfhuar ag séideadh ar fhaid 
an droichid ó thaobh Na Húbán.  Ar dhul níos sia soir don ghaoith, 
níos dírighe ar a bhéal sain, do rug géim bhrónach Bhrighide agus 
chlainne Mathghamhna agus Chormaic chun cluasa an trír do bhain 
geit agus sceón asta. 
"Dia linn!" arsa Diarmaid, "sin deireadh linn!  Sin é 
caoineadh na marbh ar siubhal ón mhuir aníos chughainn." 
"Éist, a amadáinín, tú féin is do chuid pisreóga.  Ná clois-
eann tú gurab é sin guth brónach Bhríghide 'ot chaoineadh-sa, agus 
gol páistighe n-a fochair - na páistidhe seo againn-ne is dual?" 
"Ní le Diarmaid iad, is dócha, a Chormaic.  Acht tá sé cómh 
maith dhom mo chuid éadaigh do chur orm.  Is geárr uainn an 
chabhair anois, is dóich liom." 
"Maran toil Dé é, is baoghal liom ná saorfar orainn go 
deó," arsa Diarmaid.  "Bhí a fhios agam go dtiocsadh fearg 
Dé orainn mar gheall ar an obair Domhnaigh seo." 
"Éist, a chnádánaidhe - éist!  Nách agat a bhíonn an cnádán 
agus an cnádán!" 
"Leig dhó, a Mhathghamhain; tá saoghal breágh aige - is leisce 
leis scaramhaint leis.  Cloisir! - nách é sin glór na n-iascaraidhe 
ar bhéal an droichid?" 
"Dar liagh! acht is é.  Ní bháthfar Diarmaid an turas so; 
acht bíodh orm go mbeidh cúis ghearáin anois féin aige." 
"Chúis ghearáin agam, a Mhathghamhain!  Cad chuige ná beadh? 
Mé annso i gcoinne mo chómhairle féin agus i gcoinne dlighidh 
Dhé agus fé n-A dhíoghaltas, agus gan cúis ghearáin agam!  Ar 
ndóich, a Mhathghamhain, ní dáríribh atáir." 
"Mhaise, mhaise! agus nách mór an truagh an saoghal ag do 
léithéid?  Há! siúd isteach chughainn currach - currach Pheadair Uí 
Chonchubhair, mar thuigim." 
"M'anam le Dia! acht b'fheárr liom fanacht tamall beag 
eile annso 'ná a leithéid siúd a theacht dom shaoradh.  Dá olcas 
tusa chun an mhagaidh, is seacht measa é sin - cuireann sé an 
oiread sain faobhair leis." 
"Mhaise, tá a fhios ag Dia acht do chuirfá fearg ar dhuine 
acht éisteacht leat.  Cá feárr dhuit do shaoghal ná do mhaoin 
shaoghalta i n-aon chor, a chlamhsánuidhe?  Ná glacfá le greann is 
le aiteas uair éicínt?" 
"Och! annsain athá sibh bhar dtriúr, mar bheadh trí cinn de 
bhfeadallaibh tar éis béile scadán." 
"Mo chumha sinn anois!  Ní'l annsain acht a thosach," arsa 
Diarmaid. 
"Ara, a Dhiairmín, a shástóigín, ar ndóich ní hamhlaidh gur 
dhiúlt an currach ort mar ualach?  Bhí a fhios agam go maith go 
ndéanfadh sé é sin sa deireadh - d'airigh mé ag tormas le fada 
é, agus ghá rádh ná beadh sé fút níos sia." 
"Scuir anois, a Pheadair.  Féach! tá obair bhreágh thaith-
neamhach romhat.  Tóg an currach sain dúinn." 
"Tógfad go deimhin!  Ara, nách bog atá Cormac!  Cheap-
fadh duine gur le Diarmaid Beag an croiceann sain ort." 
"O! bhó! bhó! acht éist leis an gclabaire amdáin - nach 
sultmhar atá sé!  Badh dhóich le duine gur ar thalamh tirim 
atáimíd i n-ionad a bheith i n-ár suighe annso ar sceir chruaidh na 
cairrge fé taobh an droichid." 
"An é sin ag cainnt é? Cad atá dá rádh aige anois?"
"Och, a Pheadair, ná bac leis.  Táimíd go léir caillte ag 
an bhfuacht agus ag an bhfliuchán.  Glaéidh ar théid nó cuir 
tuairisc uirthi, mara bhfuil sí leat cheana, go ndéanfar iarracht 
éicínt ar an Eascoin do chur ar bhárr uisce." 
"M'anam fhéin, a Mhathghamhain, sin é an rud is ciallmhhaire 
agus is carthanaighe dhó.  Is suarach an mhaise d'aon Chríostaidhe 
"Mhaise, a thruagh Mhuire bhocht! - nach deas a chuireann sé dhe 
é!  M'anam do Dhia, mhaise, a Dhiairmín, a chuid, acht fanfair 
paiste eile ann, i dtreó go leaghfar tuilleadh den gheir ionnat 
chun an teasa a chongbháilt it choirpín chumasach, cé gur mór is 
olc liom fuireach ar na daoine duineamhla so it fhochair a bhfuil 
cúram mór ortha." 
"Ach! scuir anois, a Pheadair - scuir, scuir, agus leig dhó 
go dtabharfar iarracht ar an gcurrach." 
"B'fhéidir go mbeadh sé cómh maith, a Chormaic, a chara; agus, 
mar is ádhbharaighe sa tsaoghal chuige, do chaith Seanán Ó Gall-
chobhair an choróg téide seo chughainn ar bhualadh dhúinn isteach. 
Bíodh a fhios agaibh gur thánaig Seanán agus buidhean mhór bhrónach 
aniar ón Dúinín chun fóirthint oraibh: cionnus ar domhan a fuair 
sé fios na cruadhóige seo oraibh, ní fheadar, acht gur airigh sé 
feaduigheal, adeir sé, siúd is nár airigheamar-na í agus sinn-ne 
níos goire dhíbh." 
"Ó! d'airigheamar Brighid ag caoi ó chianaibh," arsa Diar-
maid, "agus mar bheadh clann Mhathghamhna agus Chormaic ag 
neartughadh léithi, agus bhí a fhios againn go maith go raibh tuill-
eadh ann." 
"Seo anois, a dhaoine, má tá fúibh an currach do shaoradh, bídh 
go tapa.  Tá an lán mara ag éirighe chughainn, agus, mara réidh-
teófar air gan mhoilll, réabfar i gcoinne na splinncidhe é, agus 
raghaidh sé go tóin oraibh.  A Sheáin, glaéidh rómhat annsain ar 
t'aghaidh, agus abair leis an gcurrach is giorra dhuit dul ar a 
chúl ar n-ais - nó an ceann is sia siar ar imeall béal an droichid 
- agus imtheacht timcheall go taobh na mara agus teacht isteach 
ós ár gcionn anonn go gcabharuighidh sé linn chun an churraigh a 
chur ar a dhruim." 
Do ghlaéidh Seán siar ar an gcurrach ba ghoire dhó; d'imthigh 
ar a chúlaibh fé chuan Na Húbán, agus do tharraing amach go 
ceann na rosa, agus do thánaig mar sin timcheall chun béil an 
droichid agus isteach i gcoinne Pheadair Uí Chonchubhair ar an 
gceann eile den churrach. 
Do chuir Peadar lúb ar an dtéid, agus do ghreamuigh ar ghob 
an churraigh é; do choinghibh ceann na tíre ina láimh féin, agus 
Do thairngeadar amach annsain, currach Dhiarmada agus an 
currach eile ag dul ar a ndeireadh agus currach Pheadair ar a 
ghob, ag gluaiseacht go socair i n-a ndiaidh - amach fé dhéin na 
mara, agus do rugadar aghaidh gan mhoill ar an mbaile.  Bhí 
Diarmaid ag gearán agus gá rádh go bhfuigheadh sé bás ón 
bhfliuchadh a fuair sé; agus maidir le Mathghamhain is le Cormac 
féin, ní raibh aon mhórfhonn magaidh ortha anois; agus do thairng-
eadar na currachthóirí eile i n-a ndiaidh chun Cuan an Dúinín. 
Ar shroichint trágha annsain dóibh, b'iad chéad daoine do 
tháinig ar an dtráigh rómpa 'ná Mícheál óg Ó Conaill agus an 
triúr eile do rith anuas chúcha ó leirg an chnuic.  D'fhiafraigh 
Micheál den cheád churrach do tháinig ar an dtráigh cia air go 
raibh an chruadhóg amuigh.  Ní dubhairt Peadar focal acht a bhéal 
do dhúnadh, léim do thabhairt amach ar an gcaladh, agus a mhéar 
do chur ós a ghualainn siar, á chur i n-iúl gur ar an gcurrach ba 
ghoire dhó. 
"An currach contabhartach céadna," arsa Peadar.  "Tá sé' 
ag teacht isteach anois, agus é ag gearán agus ag tabhairt de 
ar an gcuma 'nar chuir an bheirt eile i gcoinne a thola é.  "Obair 
Domhnaigh, obair Domhnaigh," adeir sé; "deamhan a bhfeicfear 
díom-sa amuigh ar an bhfairrge aríst ar fhaid mo bheathadh sa 
Domhnach, pé rud a déanfaidh cúram nó muirighin aonne" - á chur 
sain i n-iúl do Chormac agus do Mhathghamhain." 
"Mhaise, m'anam féin! acht is dóich liom go bhfuil an ceart 
aige.  Ní fheaca mé aon toradh den rath riamh as obair Domh-
naigh," arsa Micheál. 
"Ó! ní maith an rud a bheith ag briseadh na saoire go suidhte, 
a Mhichíl; acht is 'mdhó dreas maith oibre do chonncas-sa féin 
déanta lá saoire." 
"Ar a shon sain, a Pheadair, má ba mhaith, níor mhithid.  Is olc 
an rud bheith ag teacht i n-aghaidh dlighidh Dé." 
"Cabhair Dé chughainn, a Mhichíl! acht is olc, is dócha; acht is 
minic na bíonn aon leigheas air." 
Le n-a linn sin, do scuaib currach Dhiarmada isteach chúcha.
"Mhaise, céad fáilte romhaibh a-bhaile, a fheara!" arsa 
Mícheál. 
"Go raibh seacht míle maith agat, a Mhichíl a chroidhe!" arsa 
Mathghamhain, "agus go neartuighidh Dia let ghuth! - mar d'airigh-
eas gur thusa an chéad fhear do fhógair ár gcás tré ghéire d'air-
eachtainte." 
"Mhaise, go neartuighidh Dia let ghuth fhéin, a Mhathghamhain! - 
mar, ós ag smaoineamh air é, 'sé is dóichighe gur tú do leigh an 
fhead uathbhásach úd tar tuinn adtuaidh chughainn." 
"Ní 'gá mhaoidheamh air é, acht is eadh," arsa Diarmaid, "agus 
go neartuighidh Dia libh araon!  Agus, ó táim ar an dtalamh 
tirim anois, go neartuighidh Dia liom-sa! agus ní bheidh aon chall 
agam níos sia le nbhur neart - go háirithe sa Domhnach." 
B'fhíor dhó, leis.  Níor dheaghaidh Diarmaid amach sa Domhnach 
ag currachthóracht ó shoin anuas, ná Mathghamhain, ná Cormac, ná 
lucht aon churraigh eile istigh i nDúinín.  Chuir contabhairt an lae 
sin eagla Dé ina gcroidhe, agus, cibé bocht no saidhbhir iad, tá a 
chuimhneamh fós go beó ina smaointibh, agus béidh an fhaid is bhéas 
Dúinín ann. 
(A chríoch annsoin.)
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11