Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Toirneach

Title
An Toirneach
Author(s)
An Fáinne Fionn,
Pen Name
An Fáinne Fionn
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Toirneach



Cia go bhfuil go aigneadh aige agus bhí na chomhnaidhe
'sa gcathair so, nach gcuimhneochaidh go fóill ar an
gcoimh-measgar fíochmhar do briseadh os cionn Baile-
átha-cliath aréir, Lughnas' a cúig. Bhí mise amuigh ar
uair a naoi de chlog agus 'san aird bu dheas anoir,
'seadh chonnac preab-sholus an tinntrigh 'san spéir.
Ní raibh aon fhoghar le cloistin amh, óir ba ro-fhada
uaim an t-ionad as ar léimnigh an tinntreach amach
an tan sin; óir is amhlaidh bidheann comhrac ag an
dtorann leis an aer ina móirthimcheall, go nach leig-
thear dhó dul i bhfad gan cosg. Acht ní mar sin leis
an splainceach; is séimhe éadruime an dúil í go mór
'ná an t-aer thionnlacas an fhoghar agus ní bacthar
comh mór leis, gur faide agus gur luaithe ghluaiseas
gan toirmeasg. 'Sin í an chúis leis go bhfeicthear an
solus níos luaithe ná mar cluintear an torann, gidh
tionnsgnuigheann an bheart acu 'san nóimint gcéadna.
Áirimhthear go ngluaiseann foghar 1,125 troighthe i
nóimint d'aimsir. Mar sin, má chídhtear an splannc
a h-aon, a dó nó a trí de thaiteógaibh sul má cloistear
an breismeach, is cinnte go bhfuil an pléasg 'gá
dheanamh a h-aon, a dó nó a trí 1,125 troighthe i gcéin
uait.



Dála an toirnigh agus an splaincigh bhí ann aréir -
thosnuigh an toirneach do chloistin céim ar céim, gá
chur a n-umhail duit gur ag druidim leat a bhí síad.
Bhí an spás d'aimsir eidir gach lasadh agus an breisim
'na dhíaidh níos giorra agus gach breisim leis níos
airde so-chloiste gach feacht, gur ba dhóigh fa dheireadh
go raibh an spéir 'gá briseadh agus ag tuitim anuas
ar do cheann. Ba mhionca na splainc anois 'na mar
bhíodar ar túis, gur leanadar a chéile go tiugh, agus
gur bhúirigh an toirneach ag crathadh na caithreach le gach
pléasg.



Thárla go raibh eagla agus sgannradh comh-mór sin
ar dhaoinibh áirithe, gur fholuigheadar iad féin i gclúidibh
agus i gcúinnibh a dtighthe, amhlaidh as budh inneall dóibh
sin, agus ní dheachadar mór-chuid díobh i leabaidh nó a'
chodladh go maidin. Daoine gan céill iad; oir, ní
ghabhann an caor bac air bith, má's toil Dé aoinne
d'aimsiughadh.



Is dóigh le n-a lán daoine gurab é an toirneach
mhilleas, agus is é an toirneach dá réir sin a chuireas
an sgannradh ortha-san; acht ní dhéanann an toirneach
dochar ar bith acht an oiread a déantar le fothram
ghunna 'gá lámhach; 'sé an piléar a dhéanas an díoghbháil


L. 358


is é an caor nó an saighead .i. an tinntreach lámhuigh-
thear amach as an gunna mhór atá dhá chumadh ar nós
éigin thuas 'san aer le ndéantar an urchóid agus an
milleán go léir.



Ní nimhneach go mór an tinntreach bhí ann a réir, oir
ba é sin an saghas neamh-urchóideach é, .i. an teine
ghealáin a bhí 'gá lasadh ann go sunnrach. Aon chéacht
amháin budh chóir do dhaoinibh d'fhoghlaim 'nuair chídheann
siad an teine sin, nó chluineann siad an toirneach, go
bhfuil Dia ann; go bhfuil a gcinneamhain ina lámhaibh
agus go bhfuil cumhachta aige ortha go mbudh féidir
leis an rud is áil leis féin a dhéanamh sin. Moladh go
deo leis.



AN FÁINNE FIONN
Baile Átha Cliath,
Lughnasadh 6, 1899

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services