Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oghmóracht. V.

Title
Oghmóracht. V.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 477


Oghmóracht - V.



Anois atá curtha síos againn ar gach atharrughadh
gnáthach dá dtig i ndeireadh na n-ainmneach.
Déantar coimhmeas don turus so idir corp
na bhfocal san oghmóracht agus san sgríbh-
neóracht.



Maireann céad-litir gach ainme gan athar-
rughadh, acht amháin go dtig F sa sgríbhneóracht i n-ionad V san
oghmóracht. Breathnuigh air seo: -



LUGUTI VELITAS.



LUGUTI i n-ionad LUGUTII sa réim teórannach, ó
LUGUTIAS sa réim ainmneach. LUGUTIAS = Lugte =
Luchte sa Sean-Ghaedhilg, Luchta sin sa Meadhón-Ghaedhilg agus
sa Nua-Ghaedhilg. Is iomdha Luchta sa seanchus. Eochaidh (nó
Eochu) mac Luchta ba rí Tuadhmhumhan i n-aimsir Chon Culainn
agus Chon Raoi.


L. 478


VELITAS = "filed" sa Sean-Ghaedhilg, "fileadh" sa
Nua-Gh. VELIS sin san réim ainmneach = fili (S.G.), file
(N.G.).



[ANME] LUGUTI VELITAS = ainm Luchti (nó Luchtai)
filed (S.G.)= ainm Luchta fileadh (N.G.). Sin é an céad fhile
Gaedhealach a bhfuil cur síos air ag muinntir a ré féin sa
nGaedhilg. Tá a lia agus a ogham le feicsin i n-áit darab ainm
an Chraig (Creag?), tuairim agus míle ó phort an bhóthair iarainn
ag Fearann Fuar, leath-bhealaigh idir Chill Áirne agus Tráigh Lí.
Cuireann VELITAS i gcuimhne dhúinn go raibh bainfhile nó ban-
draoi sa nGearmáin timcheall is 1800 bliadhain ó shoin, fuair clú
agus cáil le físidheacht agus fáistine ar fud na dtíortha agus
sa Róimh féin. Deirid na hughdair Laidne gurab é ainm do
bhí uirthi "Veleda". Is dócha go raibh gaol gairid aici le
"fileadhaibh" na hÉireann.




"Níor ghéilleas riamh do ráitibh
File fáidh nó draoi" -




adeir Piaras Mac Gearailt. B'ionann ceird dóibh sin a dtriúr
sa sean-aimsir. Ní raibh Éire féin gan bhan-draoithe. Tá lia
eile i reilg Cillín Cormaic i gconndae Chill Dara, ar a bhfuil
ogham nach dtráchtfar don chor so air, agus fairris an ogham tá
an méid seo gearrtha insna litreachaibh Rómhánda -



IVVERNREDRVVIDES.



Ní'l a fhios cé acu N nó R atá sa gcúigeadh litir. Is
iomdha iarracht a tugadh le leith-chéad bliadhain d'fhonn brígh
éigin do tharraing as na foclaibh sin. Rinneadh Laidean
agus Gréigis díobh. D'agair saoi áirithe go mba chineál
droch-Laidne bhí ionntu - go mba cheart go sgríobhfaidhe ann
"IV VERI DRUIDES" .i. "ceithre fíor-dhraoithe." Deir
Mac Alasdair, ar nós tuairime, gurab ionann DRVVIDES
le "mac Drui" - ó's rud é go gcialluigheann -IDES sa
nGréigis "mac" sa nGaedhilg. Ní dóigh linne gur ceart dúinn
dul thar an nGaedhilg féin den chéad iarracht go háirithe. Nach
féidir gur focal Gaedhilge "druides"? Ban-laoch is eadh
"laíches" agus ban-mhaighistir is eadh "maighistreas". Ionann
-es no -eas i nGaedhilg le -issa sa sean-teangaidh Chealtaigh.


L. 479


Saxonissa .i. bean tSasanach. Britonissa .i. bean Bhreathnach.
Char mhisde dhúinn a rádh gurab ionann Druuides nó Draoidheas
le ban-draoi? IVVENE dob' ainm di. Tá an dul céadna
ar na foclaibh sin IVVENE DRVVIDES agus an LUGITI
VELITAS, ar "Gobán Saor" agus ar "Pilib Ministéir". Is
fearr uaireannta míniughadh réidh-chúiseach ná míniughadh géar-
chúiseach. Má tá an ceart againn sa sgéal so, is iad an
dá fhocal úd an giota Gaedhilge is ársaidhe atá anois ar fagháil
isna litreachaibh Rómhánda, agus is é tásg na cloiche sin Cillín
Cormaic an tásg mná is seanda fágadh againn sa tír seo.
Ní heól dúinn oidhre ná aithghin ar ainm na mná sin sa nGaedhilg,
acht go raibh ainmneacha fíor-chosmhail leis ag an gcineadh Cealtach
sa Roinn Eórpa.



Na consainí atá i gcorp na bhfocal san ogham is iomdha athar-
rughadh ortha sa sgríbhneóracht. Uaireannta tháinig atharrughadh
air bhrígh na gconsainí féin - ghabhadar malairt fuama chucu.
Uaireannta eile, do mhair an bhrígh chéadna ionntu acht tháinig
atharrughadh ar an nós litrighthe.



Is dócha gurab iad na Críostaidhthe an céad dream do chleacht
na litreacha Rómhánda i nÉirinn. Is ó na litreachaibh sin a d'fhás
an aibghidir Ghaedhealach. Bhí Críostaidhthe i nÉirinn roimh aimsir
Phádraig. Do cuireadh Palladius go hÉirinn ón Róimh chum
go mbeadh sé ina easbog ag Gaedhealaibh a raibh creideamh Chríost
acu. Do bhí san aimsir sin an bunadh Gaedhealach go líonmhar
agus go leathan láidir ar an oirear thiar de Bhreatain, agus do
bhí trácht mór soir 's anoir idir Éirinn agus Breatain. Tá
geall re leith-chéid sean-ogham ar marthain fós sa tír thoir agus
an Ghaedhilg chéadna ionntu atá isna sean-oghmannaibh so againne.
An uair a d'fhéadadh an oghmóracht dul anonn agus dul i leathadh
chomh tréan sin fá tír thall, d'fhéadadh an Chríostaidheacht teacht
anall agus dul i méid sa tír i bhfus. An áit i dtiocfadh
an Chríostaidheacht, thiocfadh eólas ar an teangaidh Laidne, óir
badh í an Laidean teanga na hEaglaise sa Domhan Tiar.



Nuair a theagas teanga iasachta isteach i dtír ar bith, fásann
canamhain innti ó theangaidh dhúthchais na tíre, agus níor bh'fhuláir
mar sin go mbeadh canamhain Bhreathnach ar Laidin na mBreath-
nach. Acht ó thárla an Laidean 'na teangaidh liteardha ar fud an
Domhan Tiar, cebé cruth do chuir muinntir Bhreatan ar na


L. 480


fuamanna, níor mhór leó leanamhain don litriughadh ba ghnáthach
ar fud na dtíortha agus san Róimh féin. Bheadh litriughadh
Rómhánach acu agus fuaimniughadh Breathnach. Do bhainfidís brígh
ar leith leó féin as na litreachaibh Rómhánda, mar bhaineas an
tÉireannach brígh ar leith as litriughadh an Bhéarla Shasanaigh.
Nuair a thiocfadh an Chríostaidheacht agus an Laidean i gcuid-
eacht' a chéile ó Bhreatain go hÉirinn, bheadh an fuaimniughadh
Breathnach táithte go dlúth leis an litriughadh Rómhánach.



Is féidir linn tuairim do thabhairt i dtaobh beagáin den
chanamhain sin. Do na consainí atámaoid ag tagairt. Ní raibh
éan atharrughadh isna consainí tosaigh .i. i gconsaine ar bith i dtús
an fhocail. Ní raibh éan atharrughadh isna leathghutaí, L.N.R..
Tháinig atharrughadh fuama ar gach consaine eile nach mór .i. ar
na consainí ionanáluighthe, an uair is i lár an fhocail nó ina
dheireadh do bhí.



Brígh chonsaine amháin do bhí in gach consaine dhúbailte, sa
gcanamhain sin. I n-ionad "siccus" (.i. sic-cus) sa Laidin, is
"sicus" adeirthí sa gcanamhain.



An áit i raibh c, p, t sa Laidin, is g, b, d adeirthí sa gcana-
mhain. I n-ionad "pater", "Petrus", is "pader", "Pedrus",
do shontaoi sa gcanamhain. Sin trom i n-ionad éadtruim, na
consaine píobáin i n-ionad consaine béil. (An féidir béalóg
do thabhairt ar na consainí éadroma, c, p, t agus cúlóg ar na
consainí troma, g, b, d? An séideán anála a curtar faoi na
consainí éadroma, ní theagann sé acht ón mbéal amach. An
séideán a curtar faoi g, b, d theagann sé ó chúl na píbe amach
.i. ó ubhall na sgornaighe. Fágaim an cheist sin faoi 'n Dochtúir
Ó Dálaigh agus faoi lucht teagaisg na fuaimneórachta ar cheana).



An áit i raibh g, b, d, m, sa Laidin, is gh, bh, dh, mh do ghabhthaoi
sa gcanamhain. I n-ionad "numerus" sa Laidin, is "numherus"
aderthí sa gcanamhain. Rinneadar "cúlóg" análuighthe den
chúlóig iomláin (nó, den chúlóig bhunaidh). Bíodh a fhios ag an
léightheóir nach mar a chéile do ghabhthaoi gh agus dh sa sean-
aimsir, act go raibh fuaim ar leith ag dh, ba gheall leis
an bhfuaim ag th sa bhfocal "thou" mar chanas an Sasanach
é agus ní mar chanas an tÉireannach é, nó leis an bhfuaim
atá ag "dd" sa bhfocal sin Gwyddel ag an mBreathnach,
nó leis an bhfuaim atá "d" sa bhfocal sin "ciudad" nó "trinidad"


L. 481


ag an Spáinneach. Sa meadhón-Ghaedhilg is eadh tosuigheadh ag gh
agus dh do labhairt ar éan fhuaim amháin.



Is de dheasgaibh na canamhna sin, dár mbaramhail-ne, atá
litriughadh na sean-Ghaedhilge agus meadhón-Ghaedhilge chomh
aisteach neamh-choitcheannta agus tá. Nuair do ghlac lucht
léighinn na Gaedhilge leis na litreachaibh Rómhánda, is ó Bhreatain
a fuaradar iad agus ní hón Róimh, agus is é an fuaimniughadh
Breathnach do shamhluigheadhar leó agus ní hé an fuaimniughadh
Rómhánach.



Is dócha go ndeárna na tíortha Cealtacha go léir, an Fhrainnc
agus an Spáinn, chomh maith leis an mBreatain, an mhalairt
chéadna nó geall leis ar fhuamannaibh na Laidne. Ní dheárna an
Iodáil malairt acht ar bheagán acu. Dá chomhartha sin, na giotaí
úd sean-Ghaedhilge do sgríobhadh san Iodáil .i. "Gluaiseanna
Milan", tréigeann siad uaireannta gnáth-litriughadh na sean-
Ghaedhilge, agus litrigheann siad na focla Gaedhilge do réir
ceart-fhuamann na Laidne.



Má's féidir a mhalairt de mhíniughadh a thabhairt ar litriughadh
na Sean-Ghaedhilge, ní fhacamar féin fós é. Sé an fáth a ndeach-
amar chomh domhain sa sgéal, an éagsamhlacht agus an deochar
atá idir litriugh na hOgham-Ghaedhilge ó thús go deireadh, agus
go mór-mhór san Ogham-Ghaedhilg is deireannaighe, agus litriughadh
na Sean-Ghaedhilge. Ní'l rian ar bith den chanamhain úd, má's
canamhain í, ar litriughadh na n-ogham. Ní bhfuaramar oiread is
focal san Ogham-Ghaedhilg a raibh c nó p nó t ann agus brígh g, b,
d ag gabháil leó. Is mó an chosamhlacht atá idir chonsainí na
hOgham-Ghaedhilge agus consainí na Nuadh-Ghaedhilge, ná tá idir
iad agus consainí na Sean-Ghaedhilge.



Cuir i gcás MAQUI DECEDAS, ainm fir atá go minic ar
na liagaibh. "MaccDechet" é sa Meadhón-Ghaedhilg, .i. "cc"
i n-ionad Q agus "t" i n-ionad D i gcorp na bhfocal. Ar
ághmharaighe an domhain, tá an t-ainm céadna ar fagháil againn
agus é sgríobhtha tré Laidin na mBreathnach - "Maccudecheti"
- "cc" i n-ionad Q agus "t" i n-ionad D, díreach mar tá siad
sa Meadhón-Ghaedhilg agus mar bheidís sa Sean-Ghaedhilg dá
mbeadh teangmháil againn leis an ainm sin sa Sean-Ghaedhilg. Acht
sa Nua-Ghaedhilg is "MacDeichead" do gheobhmaois .i. "c"
i n-ionad Q agus "d" i n-ionad D. Tá Loch Deichead ann,


L. 482


agus Sliabh Deichead agus Gleann Deichead, agus Uí Mhic
Deichead, agus Fir Deichead. Má bhí D i gcorp an fhocail sin i
n-aimsir na n-ogham agus má's "d" atá anois ann, is follus
gur "d" bhí ann do réir bríghe agus fuama i n-aimsir na Sean-
Ghaedhilge agus i n-aimsir na Meadhón-Ghaedhilge, agus nach raibh
riamh sa "t" úd acht nós nó aiste. Agus má gheibhmíd an aiste
chéadna sa Laidin Bhreathnaigh, agus má's ó Bhreatain a tháinig an
Chríostaidheacht agus an Laidneóracht go hÉirinn isteach ar dtús,
is follus nach ón oghmóracht a tarraingeadh litriughadh na sean-
Ghaedhilge, acht gur glacadh litreacha agus fuamanna i n-éin-
fheacht ó Laidneoirí Breatan. Sin dearbh maith, má theastuigheann
a leithéid uainn, go raibh gnás agus litriughadh na hoghmórachta
ar bun go daingean agus go socair seasmhach i nÉirinn nuair
tháinig an léigheann Críostaidhe sa tír ar dtús. Cé gur mhair an
oghmóracht i bhfad i nÉirinn le linn an chreidimh Chríostaidhe, níor
ghéill na hoghmóirí do'n nós nua sa litriughadh, agus na hoghmanna
atá sa mBreatain féin tá siad litrighthe ar an sean-nós. Ní
mór do dhuine cuimhniughadh go maith ar an dá nós sin má's mian
leis aithghin d'fhagháil i nGaedhilg na sean-leabhar ar ainm ar bith
san ogham.



AIMSEARA NA GAEDHILGE.



I. An Ghaedhilg Chianda, ó dhealughadh na Gaedhilge le bun-
teangaidh na gCealtach n-iartharach go dtí aimsear na hOgham-
Ghaedhilge (A.D. 300?). Ní'l éan fhocal den Ghaedhilg Chianda ar
eólas anois, acht an méid ainmneach atá sgríobhtha tré Ghréigis
ag Ptolemaeus sa tuarasgbháil ar Éirinn do sgríobh sé fá'n
mbliadhain 150 A.D.. Agus gan amhras cuid de na hainmneachaibh
fuair na Rómhánaigh i n-iarthar Breatan agus i nAlbain, agus
atá sgríobhtha tré Laidin acu ina leabhraibh.



II. An Ogham-Ghaedhilge (A.D. 300? - A.D. 700?). D'fhoill-
sigheamar cheana go bhfuil deochar mór idir an chuid tosaigh agus
an chuid deiridh de Ghaedhilg na haimsire sin. Is beag atá idir
an chuid deiridh dhi agus Gaedhilg na sean-leabhar, taobh amuigh
den litriughadh. Is beag fós atá idir an chuid tosaigh dhi agus an
leagan do bhí ar an teangaidh Chealtaigh i n-iarthar na hEórpa go
dtí tuairim is dá chéad bliadhain d'aois Chríost. Acht tá dhá thréith
go háirithe ar an teangaidh chianda nach bhfuil ar an Ogham-Ghaedhilg.


L. 483


(1.) An áit i bhfuil S amháin idir dhá ghuta i gcorp an fhocail san
teangaidh chianda, ní mhaireann an S sin i nGaedhilg na leabhar
agus ní mó mhaireann sí san Ogham-Ghaedhilg, ná ní heol S aonair
i gcorp focail ar bith san Ogham-Ghaedhilg nach bhfuil sí i gcorp an
fhocail chéadna i nGaedhilg na leabhar, má's rud é go bhfuil fagháil
ar an bhfocal sin isna leabhraibh. (2). An áit i bhfuil NT i bhfocal
ar bith sa teangaidh chianda, is D atá ina ionad san Ogham-
Ghaedhilg, agus an áit i bhfuil NC sa teangaidh chianda, G atá ina
ionad sin san Ogham-Ghaedhilge. DECEDAS san Ogham =
decentos sa nGaedhilg chianda = decentis sa Laidin, agus ba
chomhainm é sin, do réir cosamhlachta, do dhia éigin geintlidhe ag
sean-Ghaedhealaibh. Is dócha gurab í ciall an fhocail sin "an té
atá deagh-chumtha nó deagh-thréitheach." MAQUI DECEDAS .i.
Mac Deichead .i. mac do cuireadh ar chomairce an dé sin.



III. An tSean-Ghaedhilg (A.D. 600? - 1000).
IV. An Mheadhon-Ghaedhilg (1000 - 1500).
V. An Nua-Ghaedhilg.



EÓIN MAC NÉILL.




Mo chroidhe-se mo phiopa, do thairgeann réim
Ó dhaoine bhíonn críona agus caithte le haos;
Nuair shuidhim cois na grísce agus deargaim é,
Bíodhgann mo chroidhe istigh le haiteas n-a thaobh.




Is fuirist leis an Neamhfhonn leathscéal d'fhagháil.




An fear láidir nuair is maith leis é,
Agus an fear lag nuair fhéadfa sé.




PÁDRAIG Ó CRUADHLAOICH cct.
Ag fáiltiughadh roimh "Thórna".



Dé bheatha dom dháil, a sháirfhir ciallmhair ghlic
Do chuirfadh an dán i dtábhacht i gciall 's i gcion;
Buinne den ál do b'fhearr am gliadh do chur
Agus curadh na mbárd gan fál, go hIarthar Luirc.



Freagra "THÓRNA"



Go mairir-se slán, a ghrádh 's a ghliadhaire an tsuilt,
Fé mhaise is fé bhláth, i sáimheacht fé iadh do nid,
I dtaitheach 's i dtábhacht gach lá go mianair dul;
Sin earradh do b'fhearr 'ná an Dáimh i dtriall oraibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services