Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tréigean na Teamhrach.

Title
Tréigean na Teamhrach.
Author(s)
Ó Luingsigh, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tréigean na Teamhrach.



MÍCHEÁL Ó LUINGSIGH do scríobh.



An Teamhair! Cá bhfuil an tÉireannach ná bíodhgann a chroidhe
ar chloisint an ainme sin do? Mar bhí an Teamhair comhachtach
lá. Ní raibh aon áit eile i nÉirinn a fhéadfadh dul suas is
anuas léi. B'í croidhe na hÉireann í. Mo léan! is beag é a
comhacht indiu. Is é ár ngnó cur síos a dhéanamh annso ar an
gcuma 'nar chaill sí an chomhacht san. Cé gur dubhrónach an
scéal é, b'fhéidir gur bh'fhearrde dhuinn é, machtnamh a dhéanamh
air.



Ar feadh cúig céad déag bliadhan, chomhnuigh Árd-Righthe na
hÉireann i dTeamhair. Ba dheacair áit ní b'oireamhnaighe fhághail
i gcómhair príomhchatharach na tíre. Is féidir radharc fhághail ó
mhullach Chnuic na Teamhrach ar gach cúige i nÉirinn; ar Ultaidh
thuaidh, ar Chonnachtaibh thiar, ar an dá Mhúmhain theas, agus ar
Laighnibh thoir. Bhí cúig bóithre ag teacht isteach go dtí an chathair,
ceann ó gach cúige.



Suas le míle bliadhan roim gein Chríost, do chruinnigh Ollamh
Fódla an chéad Fheis 'sa dTeamhair. Thagadh uaisle ó gach páirt
den tír chun na feise sin, agus ó aimsir an ríogh sin i leith, thagadh
an fheis le chéile gach treas bliadhain, chun dlighte a dhéanamh a
raghadh chun maitheasa na tíre ar fad. Bhí an Teamhair ag dul i
dtreise gach lá, agus bhí na daoine ag tabhairt urraime dhi.



I n-aimsir Chormaic Mhic Airt, ba mhór le rádh an Teamhair.
Bhí na scoileanna a b'fhearr i nÉirinn ann. Chuir an Rí so scoil-
eanna ar bun i gcomhair dlighe, agus litiridheachta agus cogaidh.
Bhí gach uile saghas ceárduidhe ag obair ann, idir gabha geal is
saor is siúinéir. Do shlachtuigh Cormac na dlighthe. Níor
bh'iongna mar sin, go raibh sonas is séan ar an dtír. Do ghéill
na daoine d'á bpríomhchathair, agus bhí rath ortha dá réir.



Ó aimsir Chormaic i leith, bhí urraim na ndaoine den Teamhair
ag dul i méid agus i neart. Bhíodar féin ag déanamh a ndlighte
dhóibh féin, agus ar a shon san, thugadar toradh ar an ndlighe.


L. 472


Annsan, nuair a tháinig Pádraig Naomhtha, agus nuair fhuair sé
cead ó'n Árd-Rígh, Laoghaire, an Creideamh Críostuighe a
theagasc, níor chur puinn daoine 'na choinnibh. Chuireadh na
dlighte fé scrúdughadh, agus má thárla go raibh aon pháirt díobh
nár aontuigh leis an gCreideamh, d'aistrigheadh an pháirt sin.
Annsan, bhí dlighte oireamhnacha ag Críostuidhthibh na hÉireann.



Do las an Creideamh i gcroidhtibh Gaedheal, agus do ghlac a
lán aca Uird bheannuighthe. Chuireadh Eaglaisidhe agus Mainis-
treacha ar bun, síos, suas, ar fuaid na tíre, agus do leath clú
léigheantachta agus naomhthachta na manach ar fuaid na dúthaighe,
agus a bhfad níos sia ó bhaile. Bhí dá chomhacht 'sa tír anois,
comhacht an Árd-Ríogh, ag riaghalughadh na tíre, agus comhacht na
hEaglaise, ag scaipeadh síothchána is caradais is deigh-thréithe i
measc na ndaoine.



I dtaobh is go raibh a lán do sna daoinibh 'na gCríostuidhthibh,
bhí trí Árd-Rí págánach i nÉirinn i ndiadh Laoghaire. San
bliadhain 539, ghlac Diarmuid Mac Cearbhaill árd-cheannas na
tíre. Críostuidhe a b'eadh Diarmuid. Fear géarchúiseach a
b'eadh é leis. Bhí eólas aige ar shaidhbhreas Inse Fáil;
ar a machairíbh míne; ar a sléibhtibh glasa; iad clúdaighthe
le crannaibh ó bhun go barr. Bhí fhios aige i dtaobh seas-
caireacht agus féarmhaireacht gleannta a ríoghachta, agus i
dtaobh a haibhne breaghtha, leathana, a bhí líonta d'éisc. Nár
dheas an féirín an t-oileán san d'aon eachtrannach a fhéadfadh é
bhaint amach le gliocas nó le lámh láidir? Agus ó bhí an mhuir
mór thímcheall air, cá bhfios don Árd-Rígh cathain a bhuailfeadh
bitheamhnaigh iasachta isteach cuan breagh éigin, thuaidh nó thoir nó
theas? Thuig Diarmuid an méid seo ar fad, agus chuir sé gnó
mór roimis amach. Bhí sé chun muinntire na hÉireann, idir
uasal agus íseal, a snaidhmeadh le chéile agus a dhlúthcheangailt,
i dtreo go n-oibreochad gach aoinne ar son na tíre. Bhí sé chun
NÁISIÚN a dhéanamh d'Éirinn.



Is deacair dúinne indiu, tuigsint i gceart cionnus mar bhí
an saoghal an uair sin. Ní raibh trácht ar bith i dtaobh aon chinn
de náisiúntaibh na hÉorpa. Ní rabhadar ann i n-aon chor. Bhí
daoine na Roinne sin deighilte ó n-a chéile, agus níor thuig
aoinne aca cad is náisiún ann. B'é an scéal céadna i nÉirinn
é, acht ní raibh muinntir na hÉireann chomh dona leis na daoinibh


L. 473


lasmuigh. Acht i dtaobh is go rabhadar ag géilleadh do dhlighe na
Teamhrach, bhí a lán easaontais eatortha. Bhí rí ar gach cúigeadh,
agus bhí righte agus flatha fé n-a mbun súd arís. Dá n-éireóchadh
éinnidh idir beirt fhlaith, nó idir beirt rígh cúigidh, do fhógróchaidís
cath ar a chéile, ba chuma leo cad a dhéanfadh an tÁrd-Rí nó
Éire. Dá raghadh an t-Árd-Rí chun duine aca a chur fé smacht,
b'fhéidir gurab amhlaidh a éireochadh rí éigin eile amach 'na choinnibh
féin.



Thug Diarmuid so fé ndeara, agus bhí fhios aige, dá dtárlóchadh
go mbuailfeadh aon dream iasachta chúcha, ná beidís i n-ann iad
féin a sheachaint, agus go mbuailfidhe fé chois iad. Thosnuigh sé
mar sin, ar na nGaedhealaibh a shnaidhmeadh le chéile.



Um an am so leis, bhí éirighe 'n-áirde ag teacht ar rightibh na
gcúige. Bhíodar ag cur suas dúnta móra, is 'ghá ndéanamh féin
chomh neamhspleadhach is bh'féidir leo. Bhí fhios ag Diarmuid, dá
leogfaí rith leo, gur gearr go mbeadh duine éigin aca, nó iad
go léir, ag iarraidh Árd Fhlaitheas na tíre a bhaint amach, gach
duine dhó fhéin. Nídh nách iongna, ní chun maitheasa na tíre a
raghadh clampar de'n tsort san. Dubhairt Diarmuid go gcuir-
feadh sé cosc leis an éirighe 'n-áirde seo.



Chuir sé fógra amach, agá órdughadh do sna rítghibh cead a
thabhairt dá theachtaire féin gabháil isteach 's amach i ngach dún sa
tír. Ní raibh aon rud bun os cionn 'san órdughadh so. Cad n-a
thaobh ná beadh cead ag teachtaire an Árdríogh gabháil timcheall
flaithis a mháighistir? Cá raibh an urraim ba cheart a thabhairt
don Árdrígh, nó an t-úmhlacht ba cheart a bheith ar ríghthibh na
gcúige dhó, dá n-eiteochfaí an t-órdughadh?



D'imthigh an teachtaire air, agus thárla go maith go dtáinig
go rítheach Chonnacht. Bhí an rí, Guaire, as baile, agus do leig-
eadh isteach an teachtaire; acht ar fhilleadh a-bhaile don rígh, agus
ar fhagháil an teachtaire istigh roimis, sháidh sé sleagh tríd, agus
do mhairbh ar an láthair sin é. B'in easonóir tabhartha don Árd-
rígh; b'in easonóir tabhartha d'Éirinn. Acht bhí Diarmuid chun
sásaimh fhagháil, d'réir dheallraimh.



Ar chloisint an scéil dhó, chuir sé gasra saighdiúirí láithreach
chun Guaire d'aimsiughadh, agus a thabhairt chuige go ndíolfadh sé
as a dhroch-bheairt. Rith Guaire len' anam go Lórrtha i dTiobrad
Árann, agus do chuir é féin fé chomairce Naoimh Ruadháin. Bhí


L. 474


eagla ar an naomh ná féadfadh sé féin é choimeád, agus sheol sé
anonn go Rígh na Breataine é. Acht, má dhein, chuir Diarmuid
teachtaireacht go Rígh na Breataine, 'ghá rádh leis, muna gcur-
faidhe Guaire thar n-ais, go ndíolfadh seisean as. Dhein an rí
rud ar Dhiarmuid, agus tháinig Guaire go Lórrtha arís, agus
cuireadh i bhfolach an turas so é.



Bhí nós ag manachaibh na hÉireann an uair sin - nós a cheap-
adar féin. B'é seo an nós: Éinne a raghadh fé chomairce
mhanaigh, nár cheart d'éinne eile aon chur isteach a dhéanamh air.
"Némhadh" .i. "talamh naomhtha," a ghlaoidhtí ar an áit mór-
timcheall na mainistreach. Níor thaithn an nós so i n-aon chor
leis na daoinibh, agus ní raibh Diarmuid chun ghéilleadh dho anois.
Chuaidh sé go Lórrtha, agus d'iarr go borb dána cá raibh Guaire.



"Ní fheadar, a Árdrí," arsa Ruadhán, "muna bhfuil sé féd'
chosaibh."



D'imthigh Diarmuid annsan; acht, ar mhachtnamh dho, d'fhill sé
arís; chuartaigh sé fén dtalamh, agus fuair sé Guaire, díreach
san áit i ndubhairt an naomh go raibh sé. Thóg sé leis é i n-aimh-
dheoin impidhe Ruadháin.



Lean Ruadhán agus trí céad manach an tÁrd-Rí. D'iarradar
air gan Guaire a chur chun báis, acht d'eitigh sé iad. Níor thugadh
aon toradh ar a gcuid gcainnte. Bhí an dlighe briste, agus bhí
Diarmuid chun sásaimh a bhaint de'n chuirptheach. Acht má bhí
Diarmuid i bfabhar an dlighe a chomhlíonad, bhí Ruadhán dána, mór-
chúiseach, agus thosnuigh sé ag mallachtughadh na Teamhrach.



Ghluais sé féin agus na manaigh mór-thimcheall na cathrach,
agus a gcloigíní ghá mbualadh aca. Chúireadar a mallacht ar
an áit, agus ar gach duine bhí 'na chomhnuidhe ann. Do leanadar
ar an mallachtughadh ar feadh roinnt laetheannta. Annsan do
bhailigheadar leo abhaile. Ní fheadar an raibh fhios ag Ruadhán ar
an díoghbháil a bhí déanta aige. Bí an Teamhair croidhe na tíre.
Is uaithi a ghluais brígh is fuinneamh na ndaoine, díreach mar a ]#
ghluaiseann an fhuil ó'n chroidhe trí féithibh an duine. Nuair a
chuireadh mallacht ar an dTeamhair, chuireadh sleagh trí chroidhe na
hÉireann, agus cé nár mhothuigh puinn an uair úd é, thosnuigh an
tír ar fheochadh láithreach.



(Ní chríoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services