Lorg na nGaodhail i gCumbria, i dTuaischeart 
Shasana. 
Tá suas le dhá bhliadhain ó shin anois ó chuireas alt beag 
chugat ag tagairt ar mhalairt foclaibh eadair an Ghaedhilge agus 
sean-teanga na Lochlannach, agus seo tuilleadh beag seanchais 
a bhaineann leis an nídh céadna. 
Bhí cara dhom atá eólgach san Lochlannais tamall fada thíos 
i nInnis Tuile - an t-aon áit 'na bhfuil sí dá labhairt anois - ar 
thóir eólais dá chuid leabhraibh; is pictiúireacha a bhí i láimh aige. 
Ar filleadh dhó d'innis sé dhom go bhfuil corrfhocal fós 
i measg daoine na tuaithe nach bhfuil le fagháil ins na foclóirí, 
agus a mheas sé gur ón nGaedhilg iad.  So dhá cheann aca a 
d'fhan ann mo chuimhne. 
Slafak thugadar ar féar fada bog.  Is dócha nach bhfuil ann 
acht slamhac.  Slamhacán a bhíodh againne ar féar ná coirce 
a bhéadh slamhactha .i. n-a luighe ar an talamh le troimeacht. 
Agus Cradak - scút na scuaine páistí.  Is deacara lorg an 
fhocal so a chur, munab é creachtóg atá ann.  
Ina gcuid Saga, .i. finnsgéalta, tá a lán ainmneacha 
Gaodhalach ar na laochra, mar Dufthak, Keleker, Kiartan, 
Kiarval, Kormak, Melcorka - ainm mná, Nial, Oscar, Raforta, 
.i. ainmneacha, is follusach, a thugadar as Éirinn leótha. 
Acht i dtaobh mo scéil.  Mar dubhras cheana thánaic roinnt 
de na Lochlannaibh anall go Cumbria, sa 10adh aois .i. Cumber-
land agus Westmoreland anois - tír a bhí an tráth san i seilbh 
Tá an furmór de na hainmneacha on Lochlannais.  Cuid ón 
Bhreathnais, acht tá fuighleach mhór nach féidir ná gur ón Ghaedhilig 
iad, agus is taithneamhail a leanamhuint tríd an mhéid atharthughadh 
do rinneadh ortha le míle bliadhan. 
Tá baile beag i gCumberland - Aspatria anois.  In sna 
sean leabhraibh is Eas Pádraig atá air - ainm chomh Gaodhalach le 
Eas Aodh Ruaidh.  St. Bee's Head, ceanntíre árd i n-aice le 
Whitehaven; Barr Ruadh an sean ainm, mar gur chlocha gainimh 
ruadh atá i n-éadan na hailltreacha móra.  Tugann Wordsworth 
Baruth air ina chuid filidheachta.  Áit eile, Holme Cultram, 
ina raibh mainistir bhreagh, gur leagadh é nuair a rinneadh an 
slad ar an chuid eile.  Sháraigh sé ar lucht an tsean-eólais 
míniughadh fhagháil ar Chultram, acht níl amhras nach Coill Truim
(na tromán) atá ann. 
Áit a bhfuil Gilshaflin air - ar dearnadh mórán díospóireacht 
n-a thaobh.  Shíl a lán gur ón Lochlannais é mar gheall ar Gil na 
Gyl - focal atá aca ar alt cumhang domhain do gearrfadh tuile 
shléibhe sa talamh.  'Sé an t-ainm thug sean daoine na háite air 
Gilshaughlin, agus feicthear go ndeachaidh siad níos fuisge dhó 
ná na daoine léigheannta, mar ba Cill Seachlain an sean-ainm 
- ó Naomh Seachlan, Seachnall.  Ba hé an chiall a bhain easpog 
léigheannta áithrid as, ná A place for shovelling rubbish!  Níl 
gág ná gil ann, ná i bhfogas dó. 
Tá paráste i gCumberland a dtugthar Kirkbride air anois 
acht ba Chill Bhrighid Óig a bhí air ar dtús.  Faghthar é scríobhtha sa 
dómhadh aois déag, mar Kirk Brydok ag sliocht na Lochlannach, 
an tráth a rabh an t-athrughadh gha dhéanamh.  Kirk = cill, ag na 
Lochlannaigh.  Agus ba hamhlaidh le paráiste St. Bees.  Ba bhean 
naomh Begha as Éireann, a tháinic anall 's a chaith a saoghal ansa 
Tá mórán eile áiteacha a bhfuil "gil" leótha anois i leabaidh 
cill - mar tá: -
Gilcrux - níos sine, Gilcruz = Cill Chrois.
Gilgarron, = Cill Carthan.
Gilcoman, níos sine Gilcombon = Cill Camáin.
Gilthrotan, níos sine Gilthrouton = Cill do Rodán.
Kilridding, níos sine, Is comhsamhail é seo le Cill Ruidáin,
ainm cille atá a bhfogus do Bhéál
Átha hAmhnais.
Killerwick - ainm aisteach é seo.  In san tríomhadh aois déag 
do scríobhadh é Kilverdiswic, acht insa Domesday Book faightear 
é scríobhtha Chilvertrevic, agus sé mo thuairim gurb é is ceart 
mar go bhfuil r agus s comhsamhail le chéile insan seanleabhar 
sin.  Acht céard é Chilvertrevic?  Sin í an cheist nár reidhtigh-
eadh fós.  Luaidhtear, insna IV. Maighistirí ar chill, nó áit ar 
an mBóinn dár bh'ainm dó - Feart Tír bhFeig, agus ceann eile 
ar bhruach Locha Mheasga - Cill Feart Fhearaibh bhFeic, agus is 
an-chosamhail i bhfuaim an dá ainm seo leis an ainm insa 
Domesday.  Muna bhfuil ceann aca mar bunadhas do Killerwick 
fágthar é mar sin. 
Kirksanton = Cill Sanctán.  Tá ceann eile i nOileán 
Mhanain agus bhíodh Cill Santán i 
dTamhlacht (Joyce). 
Kirk Cambak = Cill Cairn Beag (ná bach ansa mBreath-
nais) ba ainm eile, Caimín, .i. cam 
beag ar Naomh Finian.  Chaith sé tamall 
insa tír seo. 
Tá sraith d'fhoclaibh 'sa tír a thoisighean le Set nó Sat a rabh 
n-a n-adhbhar clampair le fada ag lucht an teang-eólais. 
Setmurthow, ní ba sine Saimurtha = Suidh Murtaigh.
Seatallen = Suidh Ailein.
Seatoller = Suidh Iolar, ainm fir, c.v. Arnside.
Setmabanning = Suidh Mo Benín, tugadh Setmabanwick 
ar so ní ba mhoille.  Bhí tighearna 'sa 10adh aois de'n ainm 
Mac Benoc, sgríobhthar arís é Ma Benoc - ar an nós Breathnach, 
agus is féidir gurab é is adhbhar leis an ainm. 
Closeburn, ainm baile bhig - thar teórann i nAlbain.  Deir 
an t-ollamh Lochlannach, Dr. John Stefanson, gur Cill Osbran 
é seo, acht níor chualas cé an t-ughdharás a bhí aige leis.  Luaidh-
eann an Céiteneach ar Naomh Osbrán timcheall an naomhadh aois. 
Feicthear gur chuir na Lochlannaigh mórán Crosana ar bun ar 
feadh a réim 'sa tír, mar go bhfuil cuid mhaith aca n-a seasamh 
fós.  Go deimhin tá macsamhail ceann na dhó le feiceál 'sa 
Museum i mBaile Átha Cliath.  Ní chosamhail iad ina gcuma le 
sean-chrosaibh na hÉireann, acht mar go bhfuil an greanadh céadna 
ortha - eadairfighte ar an nós Gaodhalach agus na rotha timcheall 
na ngéag.  Is furus thuigsint cár bhfuarthas ceard a ndéanta. 
Tá siad caol árd ag laghadughadh as a mbárr, agus sgríbhinn 
ar chuid aca 'sa teanga Lochlannais, insna litreacha a dtugthar 
Scandinavian Runes ortha sa mBéarla. 
Níl acht aon sgríbhinn amháin 'sa Ghaedhlig le fagháil ina 
measg .i. feartlaoidh atá ar shean chrois Beckermet, baile beag 
i gCumberland theas, cúpla míle isteach ón bhfairrge, i reilg 
Cill Naomh Brighide - cill Gallda anois.  Agus chuir an tsean-
chros sin níos mó aighneas eadair lucht an tseaneólais, ag 
iarraidh a léigheadh ná an t-iomlán den gcuid eile.  Síleadh go 
mba Gréigis, nó go mba seanShacsan, nó go mba sean-Bhreathnais 
é.  Cuireadh cóip de go coláiste chathair na Lochlannach, i ndóigh 
go mba Runes a bhí ann, acht níor bh'eadh.  Rinneadh cheithre 
aistriughadh air agus cuireadh i leabhraibh iad, gach leagan aca 
ní ba mheasa 'ná a chéile, agus níos fuide ón fhírinne.  'Sé an 
t-iongnadh is mó nár chuimhnigh ceachtar aca ar an Ghaedhlig, ná 
go dtí timcheall ar dheich mbliadhana ó shin, nuair a cuir mé 
Bhí an-spéis ag an duine seo i gcomhnuidhe insan Ghaedhilig 
acht ní rabh aon eólas aige uirthi an tráth sin, agus bhí áthas an 
domhain air ar chluinnsint gur thuig mise í.  Lá breagh samhraidh 
thug sé leis mé síos go Beckermet deich míle ar fhichid le féachaint 
ar an seanchrois.  Níl acht an chos 'na seasamh anois.  Tá an 
chuid uachtair imthighe leis na cianta agus líne de'n scríbhinn 
leis.  Tá an chloch chomh caithte cumailte le síon is le fearthainn 
na haimsire go bhfuil na litreacha go han-dofheicseana ar éadan 
na cloiche gairbhe. 
Níor bhfhéidir linn a ndéanamh amach ar dtúis.  Faoi dheireadh 
léigheas dhá focal n-a lár agus chuir sin misneach ionnainn mar 
d'aithin mé ar an ball go mba Ghaedhlig iad.  Ansoin sgar sé 
páipéar tanaidhe thridhamharcach ar éadan na sgríbhinne, agus lean 
sé na litreacha le na pheann luaidhe thríd an bpáipéir - gach ceann 
aca a bhfuil aon chuma ar bith ortha, agus tháinig siad amach go 
follasach ar an bpáipéar mar leanas: -
Tá an méid seo soiléir go 
leór acht tá an líne deiridh 
caillte acht an "cr" agus dó 
ná trí litreacha i lár na líne 
os a chionn.  Agus anois bain-
eadh gach léightheóir a chiall féin 
asta. 
'Sé mo bhaireamhail-sa - gur 
Mananach atá curtha faoi, mar 
gheall ar an ainm iuan an t-ainm atá ag an muinntir sin ar 
Sheán go dtí an lá indiu. 
Seo mar léigheas-sa é: -
Rinneadh le h-aghaidh (gné) 
Iuan 'ic Cairbre. 
Imthighe ag fós fé. 
Seilbh Íosa Críost. 
(F)óirsi a Chr(iost air), ag tabhairt buille faoi thuairm ar 
na litreacha atá scriosta amach.  Bhí mo chara comh sásta leis an 
obair a ndearnamar is dá mbadh ciste óir do fuair sé ag bun 
Agus anois b'fhéidir go sílfeadh duine go mbadh cóir do 
mhuinntir na tíre seo damh agus cáirdeachas a bheith aca leis na 
Gaodhail a mhúin 's a d'fhoillsigh an creideamh críostamhail dóbhtha 
ar dtúis, acht ní thig liom sin a rádh.  Tá siad mar na Sasanaigh 
eile, acht tá dhá tréith annta a bhfuil dath Gaodhalach ortha, agus 
nach gnáthach i n-áird ar bhith eile de Shasana, tá siad go fial 
flaitheamhlach ina dtighthibh féin leis an gcoimhightheach; agus 
aríst - cleachtar Brighid go coitchianta mar ainm mná, gnás 
nach cleachtar i n-aon áit eile ar fud an oileáin seo.  Agus ní 
iongnadh ar bith é 's a liacht Kilbride, Kirkbride, Bridekirk, 
St. Bride agus St. Bridget atá aca.  Tá Micheál le fagháil 
ann - go hannamh mar ainm baiste, acht níor casadh Pádraig 
orm ariamh, cidh go bhfuil Patrickson mar sloinneadh le fagháil, 
mar comhartha gur chleachtuigheadh an t-ainm san am ársa, agus 
níorbh' iongnadh é, mar go rabh meas is báidh ar an naoimh insna 
tuaithibh seo.  Taisbáintear sin leis na hainmneacha Patterdale - 
an sean ainm - St. Patrick's dale, Aspatria ar ar labhras cheana - 
Easpádraig.  Tá St. Patrick's Well, tobar naomhtha ann, agus áit 
eile Patrickeld, a bhfuil an chiall chéadna leis; Keld = tobar. 
Tá fuighleach sean cealla beaga ar an Mhuir Cam, cosmhail leis 
na sean cealla Gaodhlacha, a dtughthar St. Patrick's Old Church 
air anois, is atá ón ochtamhadh aois, do réir na seanchaidhthe. 
Shílfeadh duine nach tréigfeadh siad an t-ainm anois dá mbeadh 
aon eólas aca ar stair a dtíre agus a sinseir féin, rud nach 
bhfuil acht go hannamh. 
SEÁN UA RUAIDHRÍ.
Tagairt.
Breathnaigh Sraith Cluaithe, Britons of Struth Clyde.
Dunmail Raise.  Deirtear nach bhfuil san ainm seo, acht mar déarfá carn
Dhomhnaill; gur thruailligh léightheóir eicént é insan aistriughadh.
Cathair na Lochlannach, Copenhagen.
Thrí dhamharcach, transparent.
An Mhuir Cam, Morecambe Bay.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11