Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile.

Title
Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann. Comhairle do oidíbh sgoile.
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann.



COMHAIRLE DO OIDÍBH SGOILE.



Cuimhneócha léightheóirí an IRISLEABHAR,
a léigh an aiste bheag sin a sgríobh
mé "Comhairle do Ghaedhealaibh," go
ndubhairt mé, ag tagairt dom don
dualgas atá ar thúismhightheóiribh agus
ar oidíbh sgoile i dtaobh na bpáisdí
atá fá na gcúram, go mb'fhéidir go
dtráchtfainn ar dhualgas na n-oidí
sgoile uair eicínt eile. Le cead an
fhir eagair is air sin is mian liom trácht an babhta seo.



Is mór agus is rí-mhór an dualgas a luigheas ar oidíbh sgoile.
Cia mhéad duine againn a thuigeas i gceart na dualgais atá ag
luighe orainn? Dá dtuigeadh sinn é mar is ceart sílim go
gcuirfeadh sé beagán sgáth orainn roimh an obair.



I ndiaidh na cléire siad na hoidí sgoile an dream eile is
riachtanaighe don phobal agus don náisiún; mar sin de, shílfeadh


L. 430


duine gurab iad togha agus rogha na bhfear agus na mban a
toghfaidhe agus a coingheóbhthaidhe le haghaidh na hoibre. Dá mbadh
fúinn féin a bheadh níl aon aimhreas nár bh'iad; acht an fhaid is
bheas sinn fá smacht an fhir thall, agus bheas seisean ag déanamh
riaghlacha dhúinn ní mar sílfear a bheas.



Támuid anois, mar déarfá, ag aithbheóchaint agus ag tógáil
náisiún nuadh ar luaithreamhán an tsean náisiúin. Níl Éireannach
i nÉirinn ná as Éirinn nach bhfuil sé 'n-a chumas lámh chonganta a
thabhairt leis an obair ar bhealach eicínt; acht sé mo bharamhail-se
(agus b'fhéidir baramhail cuid mhaith nach mé) nach bhfuil sé i
gcumas aon duine an oiread a dhéanamh leis an oide sgoile.
Céard is riachtanaighe a dhéanamh chum cabhrughadh leis an obair?
An teanga Ghaedhilge a fhóghluim agus a mhúnadh? Ní headh, acht
an teanga agus an spioraid Ghaedhealach a fhóghluim agus a
mhúnadh fighte fuaighte 'na chéile. Ná sgartar ó chéile iad. Tá
an duine a bhfuil an teanga Ghaedhilge aige agus nach bhfuil an
spioraid Ghaedhealach ann ar nós corp gan anam; tá sé fuar-
chroidheach, fuarfholach; níl ann mar déarfa acht a leath.



Acht cionnus is féidir an spioraid Ghaedhealach a fhagháil?
Foghluim grádh Dé ar dtús agus ní baoghal nach dtiocfa an
spioraid Ghaedhealach 'na dhiaidh sin. Ní chreidfinn ón saoghal an
té a bhfuil fíorghrádh Dé 'na chroidhe nach bhfuil fíorghrádh dá thír
agus dá theanga ann freisin.



Le go bhféadfa an t-oide sgoile fíorghrádh Dé agus fíor-
ghrádh tíre a chuir i gcroidhthibh agus i n-aignibh na bpáisdí atá
fá n-a chúram, caithfe na tréartha sin a bheith ag lonnradh go
soillseach agus go follusach ann fhéin. Caithfe sé bheith ar
nós sgatháin; ní ar feadh aon lá amháin ná aon tseachtmhain
amháin ná aon bhliadhain amháin, acht ar feadh a shaoghail; ón gcéad
lá a ghabhas sé ag múnadh sgoile go dtí an lá deireannach.
Obair mhór í sin, adeir tú. Is eadh. Mar dubhairt mé cheana
dá dtuigeadh sinn i gceart an obair agus an dualgas bheadh
roinnt sgáth orainn rómpa. Acht má's obair mhór í, is obair
onórach í. B'fheárr liom a bheith 'mo chinntsiocair le síol fíor-
ghrádh Dé agus tíre a chur go daingean i gcroidhe aon duine
amháin ná bheith 'mo chinntsiocair le míle sgoláire a dhéanamh!



Acht an té againn nach bhfuil an fíorghrádh seo ná an fíor-
spioraid seo ann cheana, cionnus is féidir linn iad fhagháil?


L. 431


Léigheadh sinn stair na dtíre. Feicimid innte gurab iad na
daoine ba dhílse dho Dhia ba dhílse dhá dtír. Leanamuid "Lorg
na Laochra" sin; deinimid aithris ar a ndeágh dtréartha; acht
seachnaimid na nidhthe badh cinntsiocair leo-san gan saorsacht a
dtíre a bhaint amach; seachnaimid na nidhthe badh cinntsiocair
leis an tsaorsacht sin a chailleamhaint ó thús agus an námhaid a
thabhairt isteach in san dtír. Seachnaimid an tÉad agus an
tEasaontas.



Támuid-ne níos feárr as 'ná iad-san. Tá a ndeagh-shompla-
san againn-ne le leanamhaint; is léir dúinn céard a chlis
ortha-san gan an bhuaidh bheith aca; is féidir linn-ne na nidhthe
sin a sheachaint agus an bhuaidh bheith againn féin.



Mar sin de seachnaimid an t-éad agus an t-easaontas, an
fhallsacht agus an t-achrann.



Bíodh máthair chloinne sínte go tréith-lag ar leabadh a báis
agus bíodh a clann fré chéile timcheall uirthi. Iarradh an mháthair
sin ortha í thógáil, nó congnamh a thabhairt di éirghe go bhfuigheadh
sí a hanáil léithe níos feárr. An mbeadh aon duine de'n
chloinn sin, mac ná inghean, chomh mí-nádurtha, agus mar gheall
ar dhíospóireacht eicínt a bhí eatortha féin roimhe sin, 's go
ndiúltóchadh sé cabhrughadh leis an máthair sin? An mbeadh aon
duine aca chomh mínádúrtha, 's dá mbeadh an chuid eile ag dul
chum cabhrughadh léithi, go ndéanfadh sé a dhicheall ar iad a chosg,
agus go dtiúbhradh sé cead dá mháthair bás fhágháil níos túisge
ná leigfeadh sé d'aonduine cabhrughadh léithi mar gheall ar éad
beag a bheith aige leóbhtha? Nach amhlaidh badh chóir a mbeidís féin
ag treasgairt a chéile a choibhlint cia aca an chéad duine a bheadh
le n-a taobh, agus a coibhlint cia aca is mó a dhéanfadh chum
í thógáil ón mbás.



Tá ar máthair Éire bhocht sínte go tréith-lag faoi chuibhreach na
daorsachta. Tá sí ag síneadh a lámh chuig a clann ag iarraidh
ortha cabhrughadh agus cuidiughadh léithi chum í tharraint ón m'bas, -
an bás gránna sin atá i n-ánn di mura gcuidighid - an bás mí-
nádúrtha sin: an tAllmhurach dá sloigeadh isteach chuige féin mar
gheall ar fhallsacht a cloinne. A bhfuil aon duine dá cloinn, a
thuigeas sin, chomh spriúnlaithe, chomh truaillighthe, ná chomh cladh-
artha agus a ndiúltóchadh snaidhm den chuibhreach sin a sgaoileadh
nuair bheadh faill aige sin a dhéanamh? A bhfuil aon duine dá


L. 432


cloinn chomh fuarchroidhtheach ná chomh neamhshuimeamhail, agus gur
túisge d'fheicfidís an "Priachán Mór" dá sloigeadh ná chorróghai-
dís cois ná láimh le n-a sábháilt? Má tá aon duine de Chlainn
na hÉireann mar sin b'fheárr d'Éireann nach bhfaca sí riamh é!



I ndiaidh grádh Dé tig grádh ar dtíre; roimh grádh athar ná
máthar, deirbhshiúr ná dearbhráthar, céile ná páisde. Níl aon
ar treibh daoine dár chuir Dia ar an saoghal ariamh nár cheap sé tír
ar leith dhóibh, agus nár chuir sé grádh don tír sin i n-a gcroidhthibh.
Tá an grádh sin ar dtús mar an síol beag a cuirtear sa talamh;
mura bhfuighidh an síol beag sin teas agus fliuchán agus 'ch aon
nídh eile atá nádúrtha dhó loicfidh sé agus ní fhásfaidh sé. Ar an
nós céadna le síol an tírghrádh, mar a bhfuighidh sé teas agus
fliuchán an oideachais atá nádúrtha dhó, loicfidh sé agus ní
fhásfaidh sé acht oiread.



B'é an t-oideachas mínádúrtha a fuair muinntir na hÉireann
le fada bliadhantaibh ba chinntsiocair le síol an tírghrádh a
loiceadh ina gcroidhthibh. Acht tá feabhas ar an oideachas sin anois
le tamall; tá níos mó teas ann, tá sé níos nádúrtha; agus
mura n-aithbheóghaidh sé an síol sin aríst i gcroidhthibh aos óg na
hÉireann beidh a lán den mhilleán ag luighe ar neamhshuimeamhlacht
agus cionnfailligheacht chuid mhaith de na hoidíbh sgoile.



Mar dubhairt mé babhta nó dhó cheana is mór an obair í obair
an oide sgoile. Is mor an obair léigheadh, sgríobhadh, áireamh
agus céad rud eile a chuideóchas leóbhtha le na mbeatha a shaoth-
rughadh a mhúnadh dho pháisdíbh. Sin í an chuid is lugha den obair;
sí an chuid is mó agus is deacra, acht an chuid is uaisle den
obair ceannsacht, macántas agus neamhspleádhchas a mhúnadh
dhóibh; deagh Ghaedhil agus fíor Éireannaigh a dhéanamh dhíobh.
Caithfear tosughadh ar an obair seo chomh maith leis an obair eile
an chéad lá a thiocfas an páisde ar sgoil, agus leanacht di 'ch uile
lá agus 'ch uile uair sa ló an fhaid is fhanas sé ar sgoil. Cionnus
is feárr dhó an obair seo a dhéanamh? An le léigheachtaibh nó le
óráideachaibh, nó le nidhthibh eile den tsóirt sin? Ní headh. Tá
siad sin go maith agus go rí-mhaith acht is fearr an sompla. Is
le sompla, agus mar déarfá anganfhios dóibh féin, is feárr iad
a mhúnadh dhóibh; is i ndiaidh an tsompla is feárr a bheas toradh.



Acht le go mbeidh an toradh sin seasmhach caithfe tú a bheith
do charaid ag na páisdíbh; caithfe tú a bheith, ar mhodh, mar iad


L. 433


féin; caithfe tú a bheith ar nós nach mbeidh sgáth ná eagla ag na
páisdíbh romhat acht amháin nuair dhéanfa siad an droch-bheart.
Caithfe tú a bheith chomh beag, chomh símplidhe leis an bpáisde is
óige ar an sgoil agat, agus chomh hárdinntinneach, chomh
meanmnach leis an ngasúr nó an cailín is sine.



Má tá fíorchara againn innseóchamuid rud dhó agus iarr-
famuid a bharamhail i dtosach ar aon duine eile beo. Is 'na chara
den tsórt seo is ceart don oide a bheith le na páisdíbh is ní in'
fhathach mór gránna 'sa mhaide 'na láimh aige le iad a sgannradh.
Is leis na páisdíbh é, is in a seirbhís atá sé, agus mar sin de
caithfe sé é féin agus a chuid trioblóidí a chuir ar leaththaoibh an
fhaid is bheas sé ós a gcomhair agus é féin a thabhairt suas dóibh;
éisteacht le n-a gcuid sgéalta beaga - agus nach aca a bhíos na
sgéalta! Is iongantach an rud aigne páisde nuair tá sí glan,
gléigeal, gan smál, gan sgamall! Is ag an oide atá an aigne
sin a threórughadh agus a mhúnlughadh (casadh) ins an mbealach
ceart; is ag an oide atá an aigne sin a dhéanamh Gaedhealach nó
Gallda; an Gaedheal óg sin a dhéanamh dílis dho Chaitlín Ní
Uallacháin nó n-a dhalta dho Sheaghán Buidhe. An iongnadh go
ndubhairt mé gurab iad togha agus rogha na bhfear agua na mban
badh cheart a bheith leis an obair?



Tá páisdí an-aireach áirdeallach, agus an-éasgaidh ar rud
a thabhairt fá deara - a bhfad níos éasgaidhe 'ná daoine fásda;
ar an ádhbhar sin tá ar an oide a bheith aireach áirdeallach air
féin agus gan nídh ar bith dhéanamh a laghdóchas ná a lotas
urraim na bpáisdí dhó, ná a gcion ná a meas air. Caithfidh sé
féin an rud atá sé a iarraidh a chuir i gcéill agus i dtuigsint
dóibh-sean a chleachtadh. Níl aon mhaitheas dó a rádh leo-san gur
ceart dóibh a léitheid seo nó siúd a dhéanamh agus é féin a dhul
agus a mhalairt a dhéanamh an chéad mhóiméad eile. Cuir i gcás
go ndeireann sé leóbhtha gur ceart dóibh Gaedhilge a labhairt
i gcomhnuidhe i n-am 's i dráth, i mbóthar 's i mbealach, nach ceart
dóibh sgáth ná eagla bheith ortha roimh éinne; mar gurb í a
dteanga féin í agus nach bhfuil aon tír a ngabha tú nach gcloisfe
tú a dteanga féin dá labhairt ag muinntir na tíre sin; ag
beag agus ag mór, ag ísiol 's ag uasal, ag óg 's ag críonna;
go bhfóghluimeann siad teangacha eile mar go bhfuil siad úsáid-
each dhóibh le n-a slighe bheatha a bhaint amach; acht gurab í a


L. 434


dteanga féin a labhrann siad eatorra cébí áit a mbeidh
siad ag baile nó as baile. Níl aimhreas ar bith nach dtuigeann
na páisdí gur fíor 'ch uile fhocal dá ndeireann sé, agus nach
bhfuil siad a déanamh rún daingean ina gcroidhthibh go labharógha
siad féin a dteanga féin feasda gan spleádhchas.



Acht ar ball buaileann an cigire isteach nó an sagart, nó
b'fhéidir duine uasal eicínt eile.



Labhrann an t-oide leis i mBéarla - mar b'fhéidir go gceap-
ann sé nach bhfuil aon Ghaedhilge aige.



Ní aon díoghbháil mhór an méid sin a dhéanamh, ná ní dheánfa
sé aon díoghbháil mhór acht oiread; acht teastuigheann ón oide
labhairt le cuid de na páisdíbh nó b'fhéidir leis an iomlán aca.
An i nGaedhilge labhrann sé leobhtha? Ní headh acht i mBéarla
agus sin é an rud a ghnídheann an díoghbháil agus sin é an áit
a bhfuil an dochar. An fhaid ná raibh aon duine láithreach acht an
t-oide agus na páisdí bhí Gaedhilge aige dá spreagadh leóbhtha,
acht chomh luath i nÉirinn is tháinig an strainséara isteach bhí sé
iontuighthe ar an mBéarla. An dtugann na páisdí fá deara
é sin? Tugann, agus sé gnás sin an oide is mó is cinntsiocair
leis an neamhshuim atá ag furmhór aos óg na sgoile sa nGaedhilg.
Tá an gnás sin níos measa agus níos díoghbhálaighe ná an gnás
a bhí ag na múinteóiríbh sgoile roimhe seo: nuair chuiridís pionós
nó thugaidís liúradh dho pháisde ar bith a chloisidís ag labhairt
Gaedhilge. Nuair bhí mise ag dul ar sgoil séard a deintí linn:
nuair thigeadh leath-uair an ghrinn agus leigtí amach sinn, chuirtí
duine ins 'ch uile rang ag faire ar an gcuid eile féachaint a
labhrfaidís aon fhocal Gaedhilge an fhaid's bheidís amuigh. B'fhánach
an obair í mar nach labhradh sinn aon fhocal eile acht Gaedhilge.
Ní chuimhnighim gur labhramar aon fhocal Béarla le chéile riamh
mar a mbeadh i n-ánn 's go mbeadh sinn ag aithris ar aon duine;
acht dá dtigeadh aon Bhéarlóir chum na sgoile chugainn badh ghearr
go mbeadh sé 'na Ghaedhilgeóir. Amannta d'innseadh an fear
faire ar dhuine eicínt é, dá mbeadh aon duine 'sa raing a mbeadh
aon cheo in' aghaidh aige, agus d'fhághadh sé sin greadadh ar na
bosaibh nó b'fhéidir ar na hasnachaibh, cé go mbíodh sinn uilig
comhchionntach. B'fhéidir gur cheart dom a innseacht go mbíodh
an fear faire seo balbh ar feadh na leathuaire; dá labhróghadh sé
is Gaedhilge a caithfeadh sé labhairt agus annsin bheadh eagla air
go ndéanfadh duine eicínt eile sgéala air féin.


L. 435


Le go gcuireadh an t-oide spioraid cheart fhíor Ghaedhealach
insna páisdí a bheas buan seasmach, nach mbeidh ar nós an drúcht
a thiormuigheann suas leis an gcéad sgail ghréine a bhuaileas é,
acht a bheas ar nós an duilleabhair a bhíos ag borradh agus ag fás
le 'ch uile sgail dá mbuailfidh é caithfidh sé féin a bheith 'na réalt
eolais aca; caithfidh sé féin an bóthar Gaedhealach a shiubhal rómpa
agus níl baoghal annsin nach leanfa siad-san é.



(Ní chríoc.)



ÚNA NÍ CHUALÁIN.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services