Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh.

Title
An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh.
Author(s)
Ó Ceit, S. T.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh.



S. T. Ó CEIT do scríbh.



CAIBIDIL A hAON - OBAIR DOMHNAIGH.



"Seo, a Mhathghamhain, i n-ainm Dé, agus árduigh amach chum
sáile é."



"Féach a Chormaic, glac mo chómhairle agus ná bac le haon
churrachthóracht indiu; ní ait liom i n-aon-chor bheith ag cur
cathuighthe ar Dhia le hobair Domhnaigh."



"Mhaisidh, ní dhéanfainn dabhta dhíot, a Dhiairmín dhíomhaoin:
leisce atá ort i n-ionad cráibhtheachta, arú, agus má's toil le
Dia é nách féidir leis an bhás teacht dod' iarradh ar talamh chomh
maith le har muir."



"Ní ait liom, a Chormaic, obair Domhnaigh ar talamh ná
ar muir; agus cé go bhfuil an mhuir anois, mar fhéachann sí, chomh
ciúin le caoirigh agus chomh cothrom le leac-oidhre, badh gheárr ag
aistriughadh í. Nách cuimhin leat, a Mhathghamhain, an nós ar báthadh
Séamus Mac Giolla Bhríghde agus a bheirt dhearbhráthar? - go
dtugaidh Dia trócaire ar a n-anmannaibh!"



"Maran cuimhin le Mathghamhain é is cuimhin liom-sa go maith
é, a Dhiarmaid. Lá breágh brothallach gréine b'eadh é díreach mar
an lá indiu, agus ní raibh aon choinne ag aonne leis an dtubaiste
do theangmuigh leótha, nuair bualadh le guairdeán gaoithe a
gcurrach amuigh taobh thoir de sna Búrcaigh, chuir a bhéal fé, agus
do báthadh láithreach iad a dtriúr."



"Dhé, ara, mhaisidh, ná bídh araon 'gár mbodhradh le nbhur gcuid
sheanachaidheachta dícéillighe. "Ní bheathuighid briathra an bráthair,"
agus m'anam féin ní bheathóghaidh cainnt ná machtnamh ar aon rud
do thuit amach dá fhichid bliadhan ó shoin na páistí so agam-sa ná
agat-sa, a Chormaic. Is cuma le Diarmín, ní'l aige le beathughadh
acht é féin agus an bhean bheag. Ná feiceann sibh go bhfuil a bhfuil
de churrachaibh ar an chlochar imthighthe amach le leathuair a chloig,
agus gan treó ná caoi orainn-ne fós annso i n-a ndeoidh: bros-


L. 413


tuighidh oraibh i n-ainm Dé sula mbeidh an lá caithte againn. Sin é,
a Chormaic; téirigh-se, a Dhiarmaid, fé n-a dheireadh, óir is tusa
is lugha, go n-iomchuróiníd chum béil na mara é. Sin é; teann-
aidh oraibh anois agus seachain ná sciorradh aoinne agaibh."



"M'anam do Dhia, a Mhathghamhain, acht caithfimíd Diarmaid a
shleamhnughadh as an scéal; tá sé ag dul i laige agus i mbige
gach aon lá: níl aon bhrígh ná neart ag fanacht i n-aon-chor ann.
Ná feiceann tú an nós atá ualach an churraigh ag goilleadh
orainn. Go maithidh Dia dhuit, a Dhiarmaid, acht tá mo ghualann
briste agat."



"Cumaraighe ó Dhia chughainn acht 'sé an scéal céadna agam-
sa é, a Chormaic. Is amhlaidh atá an cladhaire ag éirghe ró-
reamhar; ní'l aon anál ag fanacht ann; tá sé meathta go béal
le blonaig. Go réidh, annsain, a Dhiarmaid! - dar ndóich ní gádh
dhom a bhagairt ort; dá mbeadh deireadh an domhain ag teacht
nó amar na mara ad' shlugadh is ar éigin a bainfidhe corruighe
asat. 'Sé mo thuairim-se ná go bhfuil an bhean bheag ag tabhairt
an iomarca bhiadhtála dhuit. Sin é: iompuigh ar a dhruim é anois
go socair ar eagla a phollta, mar bheadh daoine éicínt ag gol dá
mbáthfaidhe sinn."



"M'anam féin acht tá an iomarca scóip chainnte ar fad
agat, a Mhathghamhain. Chonnacas daoine go minic mar thú, agus
bheadh a rian ortha - bainfidhe an scóp díobh."



"Ach! 'gcloisir an ceirtlín anois, nách saoitheamhail sásta
a labhrann sé! Corruigh, a Chromaic, amach chum sáile é, agus
maran toil Dé é is baoghal liom an fear sain."



"Ach! leig dhó, a Mhathghamhain. D'airigheas gur bhuail Bríghid
béim den scuaib air tráthnóna indé, agus is mór an t-iongnadh
ná raibh tórramh againn."



"Leanaidh air! leanaidh air! "Is mairg a labhrann go tréan,"
"adhbhar magaidh ag déanamh magaidh," agus "leanann an brón
an sult"."



"Go bhfóiridh Dia orainn, a Chormaic! Beidh brón orainn ar
ball, mara gcoscaidh Diarmaid sinn le hathchuinge. Seo, a
fheara, cuir cos ar bórd na hEascon, árduighidh na maidí rámha
ar a bputóga, glac greim lámha ortha, agus, ambasa, tabharaidh
gob an árthaigh fé dhéin na fairrge."



Amach leótha a triúr - duine aca brónach buaidheartha, agus




L. 414


an bheirt eile sáthach sona. Ní raibh an iomad chúram ag cur ar
Dhiarmaid Ó Briain, mar ní raibh aon chlann aige ná aon tsúil
aige leótha anois, óir bhí sé féin agus a bhean bheag Bríghid ag
druideamhaint chum aoise. Ní sin dálta na beirte eile: bhí
muirighin mhór ortha araon, agus is ar éigin d'fhéadfaidís fanacht
ón tsaothar sa Domhnach féin; agus, mar is gnáthach leis an óige
i gcomhnuidhe (agus, ar shon nách rabhadar ró-óg, bhíodar óg dá
gcur i gcomórtas le Diarmaid), bhíodar muinighneach asta féin.



"Is mairg a labhrann go tréan," ámh, mar adubhairt Diarmaid
ó cianaibh, agus 'neósaidh an aimsir gur fíor an rádh é.



CAIBIDIL A DHÓ - AN FHEADUIGHEAL.



Do bhuail an clog ceathair-cheárnach an buille a chloig ag láimh
chlé na háltóra i dTigh Phobail Chille Sheanáin, baile beag i
nIarthar an Chláir. Ní raibh buailte aige cúig nóimeant, nuair
chuir an tAthair Micheál deireadh leis an Aifreann, 'ghá rádh i
Laidin, "Imthighidh, tá an tAifreann réidh," agus gur ghabh an
cléireach, 'ghá fhreagradh, "A bhuidheachas le Dia". Chomh luath
díreach agus bhí Soiscéal Naomh Eoin agus an De Profundis
agus an Phaidir i ndiaidh Aifrinn léighte aige, d'éirigh na daoine
as a nglúnaibh go hobann agus amach leótha, gach n-aon ag
déanamh ar a thigh féin - cuid aca, ámh, le sort éigin dalladh-
mallóige ag tabhairt uilleann ar an dtábhairne, mar baile beag
cluthar cois mara is eadh Cill tSeanáin go bhfuil a lán de
thighthibh den chineál sin ann.



Lá breágh brothallach Samhraidh b'eadh é. Ní raibh néall sa
spéir. Is mar d'ionntuigheadar an pobal amach tré dhóirsibh
Tighe an Tighearna, agus mar do thaistealadar ar an sráid
chothrom ghléghreana ós a chomhair, agus le taobh na croise atá i
n-a seasamh innti leis na bliadhantaibh, agus mar do chromadar
go réidh ciúin deagh-mhúinte fé'n gheata mór agus an dá leath-
gheata (ceann ar gach taobh de) ag tabhairt flosca agus conganta
dhó, badh dhóich leat gur bh'amhlaidh do chuir na geataí sin agus an
chros eadar-mheadhónach eatortha agus an teampoll, an Tríonóid
agus ár Slánuightheoir i gcuimhne dhóibh go beó glan, bhí lasair
agus loinnir na ngrásta chomh mór sain ar a gcionnaighthibh, nó
gur bh'amhlaidh lean Dia dhóibh aniar go humhal ón "Domine non
sum dignus" go dtí n-a dheireadh, agus gur fágadh toradh na


L. 415


paidre sin ionnta. Daoine anamamhla so-mheanmanacha bhíodar
ag teacht amach dóibh, cíodh gur ghruamdha mhioscaiseamhail go leór
bhí cuid aca ar a ngabháil isteach.



Bhí grinneall agus taise san lá leis agus dath an Domhnaigh
ann, agus cia hé nách bhfeiceann de ghnáth gnaoi neámhdha naoidh-
eanda sa Domhnach? Ba dhóich liom-sa an lá sain ag féachaint
dom ar an spéir ghorm-ghlain agus ar an ghréin láin oll-
tsoillsigh ag spalpadh a ghaethe anuas ar talamh, ar muir, agus
ar daoine, gur macsamhail nó shamhaltán ar Dhia na Cruinne agus
abhlann na gréine i n-a láimh aige, an sagart an tan d'iompuigh
a aghaidh ar an phobal ag árdughadh na habhlainne coisreachta ós a
gcómhair agus 'ghá rádh le háidhbhéis agus urraim dual-adhartha:
"Domine non sum dignus," agus rl. Bhí an loinnear chéadna dom
dhóigh-se ón dá abhlainn agus do athruigheadar araon i gcroidhe an
lae sin, agus as sin go croidhe an phobail, an lasair do thaisteal
ó flaitheas ós árd agus ós íseal.



Ní raibh néall ar aghaidh ghlain na spéire, mar a bheadh sí ag cur
i n-umhail dúinn glaine a Cruthuightheóra. Acht ní mar sin do
aghaidh na ndaoine; bhí néall beag ag briseadh amach annso agus
annsúd ann - cómhartha go raibh an mhioscais istigh, agus dá
neartmhaire é an Dia do chruthuigh é agus A ghrásta, bhí croidhe an
duine níos cruaidhe 'ná É.



Do lean na daoine crábhdha ortha síos tríd an sráid agus
amach fé'n dtuaith. Do ionnsuigh a thuilleadh aca na tighthe ósta
- néallta an duine ag druideamhaint ar shléibhthe an chathuighthe go
n-iomad deór agus anachain.



Bhí fionnfhuaire ag éirghe ar an lá anois. Maidin drúchta a
bhí ann, agus do lean teasbhach agus brothal é ó éirghe do'n gréin
go dtí an eadarthrath. B'é a dhálta ag croidhthibh na ndaoine.
I n-indheoin an méid charadais a bhí sníomhtha eatortha féin agus a
dTighearna do leigeadar dá smaointe imtheacht ar nidhthibh an
tsaoghail.



Dá chruthughadh soin bhí ceathrar buachaillí ag siubhal go réidh
siléigeach timcheall míle amach ó'n mbaile, a gcasóga caithte dhíobh
agus ar iomchur fé n-a n-oscal aca chum go leigfeadh siad do'n
allus dul ar cheal, agus iad i gconntabhairt ag an sprúilleach
bóthair a bhí go trom tiugh i n-a luighe ann ó dhéine an teasa.
Bhíodar ag cainnt agus ag déanamh siamsa eatortha féin, ag cur


L. 416


síos ar an aimsir, ar nídhthibh a bhain leobhtha féin agus ar chailíní
áirithe; ar ghnótha agus ar bhroid an domhain agus ag baint
suaircis as gach aon rud. Ó Bhéal an Iomaire b'eadh iad agus
do sloinnigheadh iad an chéad lá mar leanas - Mícheál óg Ó
Connaill, Séamus, a dhearbhráthair, Seaghán Ó Coisdealbhaigh agus
Pádraic Ó Cadaill.



"'S gearán air," arsa Mícheál, "nách iongantach nár ionntuigh
sé é, nó ar a laighead nár dhein sé cocaí beaga dhé tráthnóna
indé."



"Dhé, ara mhaisidh nách cuma dhó; bainfidh sé corruighe as
indiu. Ní caillfear Cormac go deó de cheal oibre sa'
Domhnach," arsa Séamus.



"Dhé, maisidh, an cníopaire! cad atá dá bhárr aige? Ní
fheacaidheas gabháil ar n-aghaidh riamh ar a leithéid."



"Na bac sain anois, a Phádraic," arsa Seaghán, "is minic do
shábháladh féar maith sa' Domhnach, agus is iomdha beithidheach maith
folláin do chothuigh sé."



"'Seadh, a mhaiste, agus bollán leis," arsa Séamus. "Ní
dhéanfainn dabhta dhíot, a Sheagháin. Ná beadh cor-fhocal agat
ar chéill an airgid. Ní foláir nó tá gaol agat le Cormac."



"Ní'l sain, anois, acht gaol na héanlaithe le chéile: éan le
héan, mar do cruthuigheadh iad an chéad lá - gur cineál cleite
iad-sain agus gur cineál croiceann mise agus Cormac, fear
le fear, ag teacht ó n-ár gcéad sinsearaibh, Ádhamh agus Éabha,"
arsa Seaghán.



"M'anam féin, mhaisidh!" arsa Pádraic, "is baoghal liom go
bhfuil difir mhór idir an chroicinn seo ort-sa, a Sheagháin, agus an
cneas canncarach úd ar Chormac na gCaorach."



"Is cuma soin - caithfidh a leithéid bheith; acht, ar a shon san,
badh bhocht an saoghal againn é dá mbeidhmís ag braith ar dhaoine
mar Chormac cum é iomchur," arsa Mícheál.



"Éist! - éist!" arsa Pádraic. "Cér'd é sin? Ná clois-
eann sibh an fheaduigheal?"



"Ar mh'fhallaing! táthar ar chíor-tuathail ag sloinneadh
éicínt, is baoghal liom!"



"Muna bhfuil an pheidhre nó tuilleadh aca sain, a Sheagháin,"
arsa Mícheál; "ná cloiseann tú gurab ón bhfairrge leastuaidh
atá sé ag teacht?"


L. 417


"D'ár ndóich ní haon rud a theangmhóghadh leis na currach-
thóiríbh," arsa Séamus; tá an lá ró-chiúin chun conntabharta mar
é. Ní fuláir nó is beithidheach éicínt 'tá i dtrinnse ar mhuinntir
an Chorraigh."



"Ní headh, a Shéamais. Ná hairigheann tú an fhuaim uathbhásach
ag teacht fé mar do bheadh sí méaduighthe agus árduighthe tar
foghar na tuinne."



"Go réidh, a Mhichíl - tá an iomarca fuadair ort-sa chun
neithe aisteacha a chreideamhaint chun a bhfios bheith ar béal agat.
Fan leat go sroichimíd bárr an chnoic, agus is fearr a bheidh a
fhios againn annsoin."



"Dein do rogha rud, a Shéamuis, agus fan go maidin, má's
maith leat; acht geallaim gurab ón bhfairrge atá an fheaduigh-
eal sain ag teacht."



"Fan libh, anois! - stadaimís annso. Tá aghaidh na mara
amach rómhainn, agus má's ó na borlach 'tá fuaim an feaduigh-
eala aithneógha sinn é," arsa Seaghán.



"Éist! - éist! Anois! - anois!" arsa Mícheál. "Nách i
nduaidh díreach ón ros atá sí ag gluaiseacht? Á! fé na Droichid
Nádúrtha, nó amuigh ar Na Núbáin, tá tionósc ar churrach éicint,
agus sin fear dá lucht rámhuighthe ag feaduighil ar chabhair."



"Och! go saoraidh Dia sinn!" arsa Séamus, "agus ná bí ag
cur scannraidh orainn; ní fheacaidih mé duine riamh mar thú
a fhéachann ar an dtaobh is measa de gach scéal. Ar a shon sain
agus eile is baoghal liom go bhfuil an fhírinne ghlan agat an
turas so, mar is adtuaidh díreach ó'n áit sin tá an fheaduigheal
ag teacht."



"'S má's eadh," arsa Seaghán, "nách dóigh leat gur luaithe
agus gur éascaidhe ar fad d'aireóghadh muinntear Dhúinín í ná
sinn-ne - 'siad is goire dhi, agus iad suidhte cois mara mar
atáid."



"Éist, a cheannracháin," arsa Micheál, "ná feiceann tú go
bhfuil glór na mara 'ga mbodhradh, go bhfuil dreach na haille ag
teacht i n-a coinne ortha, agus go bhfuil sí ag fuamnughadh tharsta
chughainn-ne ar an chnoc so tar a gceann anuas. Acht i n-ainm
Dé cad do bheir annso sinne ag bladharáil agus ag cainnt, agus
fir bhochta éicínt da mbáthadh, b'fhéidir. Cómh luath díreach agus
tabharfar fios do mhuinnitir Dhúinín 'sé is feárr dhóibh.


L. 418


"Téirigh-se féin, a Mhichíl agus tabhair fios dóibh ó táir cómh
cinnte sin de'n ghnó," arsa Seaghán.



"Déanfad," agus leis sin do ghluais tar claidh teórann an
bhóthair mar rachadh gearr-fhiadh, agus do rith ó thuaidh tar tor
agus thar faithche chómhthruim an chnuic gur shroich sé leirg agus
anuas leis annsin ar a leacain le fánaigh. Do chonnaic fear a
bhí i n-a sheasamh i ndoras i nDúinín ag déanamh ar an sráid-bhaile
é, agus do baineadh scannradh as, mar bhí a fhios aige go maith
gur rud éigin uathbhásach do chuir fear fásta féasógach mar é ag
rith ar a dhian-dícheall, acht cibé ba chion-tsiocair leis níor
bh'fhéidir leis bheith ar a thuairim. Ba mhaith an reathaidhe é Mícheál
leis, agus mar do bhrostuigh ar a chéim suas tríd an ghleann, ba
luath léir scolbánta an coisidhe d'fhéach sé do'n fhear leath-
scannraidhthe a bhí ag breathnughadh anuas air féachaint an meabh-
róghadh aon rud ar phráidhinn a ghnótha, nó an bhféadfadh sé ó
dheallramh a chionnaighthe greim fhághail ar a aitheantas. Níor
bh'fhada ar an suigheamh sain é, ámh, gur ghlaodhaidh go hárd borb-
cheanamhail amach air nuair a bhí sé ar tí a chéim reatha a mhaol-
ughadh mar do ghiorruigh an bóthar eatortha agus do chrom ar
shiubhal; is annsin do chuir sé aithne air.



"Ara, a Mhichíl," ar seisean, "i n-ainm Dé cad atá ort?"



"Oc! ní fheadar," arsa Mícheál, "tar amach annso agus
'neósa mé dhuit é." Tháinig an fear amach.



"An n-airigheann tú aon rud?"



"Ó Dhé, Dia Móir linn, a Mhichíl! agus cé r'd é sin?"



"'Bhfuil na currachthóirí amuigh," a Sheanáin?



"Táid, a Mhichíl, cad a dhéanfaimíd? Sin duine aca ag
feaduighil má táim beó! Acht nách iongantach do'n tsaoghal nár
airigheamar cheana í? ní aireóghthá pioc di sin taobh istigh de'n
tigh."



"Glór na mara agus an aill ag teacht i n-a coinne oraibh, is
dócha."



"'Seadh, go suidhte."



"Ó thuaidh fés Na Droicheadaibh atáid, is dóich liom," arsa
Mícheál. "Téirigh agus faigh téadracha agus glaoidh ar chongnamh,
agus téirighidh ó thuaidh go mbeidh a fhios agaibh cia aca an bhfuil
aon chontabhairt ortha annsúd nó nách fuil, nó cád é an cineál
cruadhóige é."


L. 419


Do rith Seanán isteach - Gallchobhair badh shloinneadh dhó - chum
tighe. Do rith teachtaire ón dtigh sin chum tighe eile, agus mar
sin dóibh go raibh tuairisc is scéala ag gach teaghlach sa sráid-
bhaile, agus a chomhlucht - nó a iarsma de chomhlucht, mar ní raibh
aon teach ann nách raibh cuid dá lín-tighe amuigh fé'n bhfairrge -
amuigh ar an sráid, cluas dá chur ortha, agus fuaim na fead-
uigheala do haireachtaint aca. Níor luaithe a fhios sin ar a
n-aigneadh aca 'ná gur éirigh gáir ghola agus bhróin ó gach
brollach - béicidh dian agus bualadh bas ó mháthair, ó dheirbhshiúr, ó
dhearbhráthair, nó ó athair, nó uatha go léir le chéile. Do shostuigh
corrdhuine foighneach a bhéal go stuamdha, agus do chuaidh ar lorg
téadracha, ag cur i n-umhail do sna fearaibh óga gur cheart dóibh
bheith ag imtheacht ó thuaidh chum ionaid na cinneamhna, féachaint
an mbeadh aon ghádh aca annsain le n-a gcongnamh, nó an bhféad-
faidís aon chabhair a thabhairt dóibh.



B'é Seanán Ó Gallchobhair an chéad duine do bhuail fén
bhóthar go dtí sna Droichid, coróg bhreágh theann de théadracha i
n-a láimh aige. Do lean sochraide mhór é sin - cailín óg dearg-
ghúnach cos-nochtuighthe annso, ag bualadh a bas agus a gruaig ag
sileadh leithi; fear comhnaois di i n-a deoidh aniar, sceón ar a
shúilibh, a bhéal ar leath-oscailt, agus a anál ag teacht go cruaidh;
mná nuadh-phósta, cailíní agus buachaillí leath-fásta ar a shálaibh
sain. D'fhanadar na sean-mhná agus na leanbhaidhe agus na
sean-fhir ag baile - na páistí agus na sean-mhná ag gol go
brónach, agus na fir aosta go gruamdha ag cur foighdhne ortha.



Tar éis do Mhícheál an scéal do mhaolughad dhóibh chomh maith
agus b'fhéidir leis, do iompuigh ar a sháil agus do thug aghaidh i
gcoinne an chnoic ar ais arís. Bhí an triúr eile ag siubhal suas
ar dhruim an chnoic go réidh socair dóibh féin, d'fhonn bun an
scéil d'fhagháil ó bhunadh an tsráidbhaile. Do theangmhuigh an
ceathrar annsain le chéile, agus do shuigheadar sa bhfionnfhuair-
eacht ar an leirg, ag dearcadh ó thuaidh ar an tsochraide ag eit-
eall leótha chum Na nDroichead, agus ag éisteacht le n-a ngártha
guil.



(Ní críoch).




An MANGAIRE SÚGACH cct. ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh aige:



Dearcaim le dúil cúilfhionn is meallaim maighdean,
An canna go húir diúgaim is dram le hintinn;
Gach drannaire dúr nach umhal dam bainim rinnce as,
'S an Mangaire Súgach, siúd mar caitheann a aimsir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services