Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



SAOTHAIR SUADHA!!!



SAOTHAR SUADHA: Aistidhe do léigheadh os comhair Dáin na hÉigse i gCorcaigh,
Meadhon Fhoghmhair, 1907. Raol a fhiacha: ó MHUINNTEAR GHOILL i mBaile
Átha Cliath.



Fáilte rómhat, a Shaothair Suadha! - fáilte rómhat is fiche. Táimíd le cúig
bliadhna agus ár súla i n-áirde againn féachaint cathain a sheolfaidhe thu i n-ár
dtreo. Cuimhin liom oidhche cois na Laoi tá a fhaid sin d'aimsir ó shoin ann is
breis. Cuimhin liom dáil mór éigse ag éisteacht go haireach le cómhairle
Ghruagaigh ghlé an Tobair, le sáir-bhriathraibh an tsár-Ghaedhil Seandún, le
"dán díreach" ó láimh an Laoidigh, is le laoithibh grínn ó Oisín, ó Thórna Éigeas
is - ó Chrom. "Maiseadh, maiseadh, mar soin!" Cuimhin liom coinfheascar
ceoidh agus saoithe cruinnighthe "ar imeall-bhórdaibh Locha Léin," agus is cuimhin
fós liom maidin samhraidh is na héigse céadna cromtha go humhal os cionn
uaighe Eoghain Ruaidh. Cuimhin liom, 'n-a theannta san, Cumann na hÉigse i
gceann a chéile le linn Móir-fheise na Mumhan i gCorcaigh anuraidh; agus, ó's
rud gur cuimhin, ní hiongnadh liom go bhfuiltear dod' chraoibhscaoileadh-se fé
dheireadh, a Shaothair Suadha.



A lucht léighte na Gaedhilge, tá luach raeleach de leabhar agaibh i Saothair
Suadha, má fuarthas riamh é. Tá aistidhe agus leoithe ann




Ó Fhiachra Éilgeach, ó Thórna Éigeas,
O Ghaol na nGaedheal, ó Dhomhnall Ua Laoghaire,
O Phúca an Iarthair, Oisín "Beranger",
Ribeárd binn Bhéldon, is Piaras Béaslaoi.




Gabhaim orm gur sár-laoithe tá ann ó Dhá Chích Danaan, agus gur ann atá
an aiste is binne dár léigheas riamh ó láimh an Athar Pádraig Ua Duinnín. Seo
mar chuirtear críoch le cómhairle an Athar Pádraig:


L. 377


"Gach calmshaoi do chanas laoi le fonn is ádhbhacht,
'S chuir anashúim i dteangain Ghaoidhil nár mhúch an bás,
Radadh síos dúinn aiste ghrinn gan dúire ar chlár,
Is gheobhaidh gradam síor ó reachtairíbh na Cúirte i dtráth."




Agus seo dhíbh roinnt de dhian-athchuinge an Dá Chíoch:




"A chlannaibh áigh, a bhláth na nGaedheal,
Ná scraidh láimh le Gráinne Mhaol,
Ná labhradh cách ar bárr a bhéil
Acht teanga ghlé ár móir-fhear."



Fear a chuireann suim i ngreann is eadh Dhá Chích Danaan. Ní fuláir nó gur
do mhaidrín Éamoinn Uí Néill a bhí sé ag tagairt an tan do chan



Ní gábhadh a rádh nach gnáthach saothar suadh gan beagán mallachtan ann.
Agus Riseárd Ua Foghladha ag cur síos ar fhilíbh Chorcaighe, de réir mar innis-
tear dúinn i mbolg an tSoláthair, dubhairt sé go raibh de mhí-ádh ar dhuine
éigin "Splínc" do thabhairt mar leas-ainm ar an bhfile Donnchadh Caoch
Ua Mathghamhna tráth. Seo mar thug Donnchadh freagra ar fhear casta an
asmhucháin:




"An té ná tuigfeadh dom' phúir,
Go mbuailidh an tiubaist air pleannc;
Is an té do ghoirfeadh dhíom "Splínc",
Ar Chríost nár fheicidh sé splannc."




Ní leigfidh an cumhangas dom a thuilleadh do rádh i dtaoibh an leabhráin seo,
Saothair Suadha. Na daoine gur mian leo "Cuaird Thórna ar Theamhair" agus
"Bréagán Oisín" agus na seoda eile do léigheamh, faidhgís an leabhrán: tá sé
le fagháil ar neamhnidh. Mór é mo mheas féin air; agus ni'l de easnamh air,
de réir mo thuairme, acht so: an chainnt bhinn a chulamair i láthair Chumainn na
hÉigse le beagán de bhliadhantaibh ó Ghruagach an Tobair is ó Sheán Ua Séaghdha
agus ó saoithibh cliste nach iad - is truagh gan san i dteannta na coda eile i
gcuma is go mbeadh lán-chúntas againn feasta ar imtheachtaibh na hÉigse ó'n
ló chuir an tAthair Pádraig mar athchuinge orainn i mBanba sean-obair na
suadh d'aithbheodhchaint. B'fhéidir go bhféadfaidhe so do leaghas ar ball.



SCEILG.



SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAD: Do tógadh as na láimhscríbhinnibh i leabhar-
lann mhóir an Cholláisde: Iar n-a nAithscríobhadh agus iar n-a gCur i
nEagar ag na Macaibh-léighinn do Chonnradh Chuilm Naomhtha. An Treas
Imleabhar. Áth Cliath: M. H. Gill agus a Mhac, Teor., Sráid Uí Chonaill.
2s. 6d.; tríd an bpost, 2s. 9d.



Is é seo an treas cuid de sna seanmóiríbh clúmhla chuir Connradh Chuilm
Naomhtha rompa a dtabhairt amach i gcló tá a trí nó a ceathair de bhliadhantaibh
ó shoin ann. Tá leabhar i n-aghaidh na bliadhna againn dá fhagháil uatha ó shoin,
agus ní'l deireadh leis an ndíoghluim fós. Seo mar adeirthear linn sa Remh-
rádh: "Adubhradh anuraidh libh, a léightheóirí, nach mbeadh le fagháil agaibh
acht aon imleabhar amháin eile de "Seanmóirí Muighe Nuadhad". Tá ocht seanmóirí
gan clóbhualadh againn fós, agus measamaid nár misde an obair do chríoch-
nughadh, ó thárla ár lámh innti, agus iad do bhailiughadh i gceann a chéile i leabhar
eile chomh luath agus is féidir. Ba mhaith linn gearr-chunntas ar na hughdaraibh
do chur i n-éinfheacht leo, acht chuige sin theastóchadh congnamh uainn ó aoinneach
do chur i n-éinfheacht leo, acht chuige sin theastóchadh congnamh uainn ó aoinneach
a bhfuil eolas aige ar a mbeathaidh nó ar a gcuid saothair. Beimid an-bhuidheach
ar son aon chabhair do-bhéarfar dúinn, dá laighead é."



Is maith linn go bhfuiltar ag cuimhneamh ar chunntus éigin a thabhairt ar
ughdaraibh na seanmóirí. Tá suil againn, leis, ná déanfar dearmad ar na


L. 378


fíor-Ghaedhlaibh a scríbh ar na cairtíbh i Muigh Nuadhad iad. De bhárr a saothair
súd tá againn indiu sa Ghaedhilg cnuasach de sheanmóintibh nach misde dhúinn
bheith mórdhálach asta. Fachtar cúinne do lucht an chnuasaigh i seódlainn na
n-ughdar. Cia déarfaidh ná tuillid siad ionad ann.



Is ionmholta go léir an fheidhm atá á chur rompa ag na hEagarthóiríbh, .i.
cunntus a thabhairt ar ughdaraibh na seanmóintí. Is baoghlach linn, ámh, nach ar
fóghnamh d'éireóghaidh soin leó mara gcabhróghfar leó, agus, ar an adhbhar-san,
tá súil againn go mbeidh toradh ar a nglór agus go ndéanfaidh gach duine a
dhicheall ar a son. Iad so go mbíonn a dtrácht ar leabharlannaibh ná deinidís
dearmad de Chonnradh Chuilm Naomhtha.



Dhá cheann déag de sheanmóintibh atá san treas imleabhar so. Ní gábhadh
dhúinn a moladh dhóibh seo go bhfuil scrúdughadh déanta aca ar an gcéad im-
leabhar agus ar an dara imleabhar. Ar aon dul atáid siad go léir, "ag síor
bhreith bárr na háille ó chéile."



Féach air seo. Giota 'seadh é a seanmóin ar "Aiseag Coda na Comharsan:



"A Chríostaidhthe, tugaimís fá ndeara amháin an buaireamh aigne do chuir-
eann sé ar mórán daoine na fiacha atá amuigh ortha go macánta dlistineach do
dhíol, ionnus gur geall báis leo scaramhain leis an airgead chum an mhuinntir
do thug airgead nó earraidhe dhóibh do shásamh. Ca méid focal, cá méid geall-
amhnacha bréagacha do-bheirid siad uatha, ar mhodh go gcrádhaid agus go gcéas-
aid a n-éilightheóirí, dá mealladh agus dá gcur ar cáirde ó lá go lá, agus fá
dheóidh, go séanaid a bhfiacha, agus go dtéid chum dlighe fós leó?"



Seo giota eile as an tseanmóin chéadna:



"Innsim díbh le fírinne, a chomhluadair Chríostamhal, nach bhfuil col fá'n
spéir is mó atá i n-aghaidh slánughadh síoraidhe bhur n-anama 'ná an dócamhlacht
so bhíonn oraibh chum bhur bhfiaca do dhíol, agus cum leoirghníomh ceart do
dhéanamh leis an gcomhursain ins gach éan-choir dá ndearnabhar riamh air; mar
as é do dhéanann dúrchroidheach neamhmothuightheach sibh, mar as é do mhúchann
ionnaibh grása an Spioraid Naoimh, mar as é do chongbhann i bhfad amach sibh ó
chomhluadar milis Íosa Críost, agus, fá dheóidh, mar as é féin déanann sclábh-
uidhthe an diabhail díbh agus do stiúróchaidh gan chontabhairt sibh chum ifrinn na
bpian an fhaid is bheidh Dia n-a Dhia."



Do b'fhéidir dúinn giotaí taitneamhacha dá sórd-san a bhaint as gach leath-
anach sa leabhar so - agus tá suas le dhá chéad díobh ann. Má bhíonn flosc ort
chun a thuilleadh dá mhisleáin, a léightheóir, faigh an leabhar féin agus gheóbhair
do shásamh ann.



Tá an leabhar ar díol ag Muinntir Ghill, agus is féidir é fhagháil uatha ar
leathchoróinn, nó, tríd an bpost, ar leathréal 'n-a theannta-san. Muinntir an
Chlóchumainn a chuir i gcló é, agus ní gábhadh a ainnsint do léightheóiríbh an IRIS-
LEABHAIR cionnus a dheinid siad súd a gcuid oibre.



AN CÚPLA.



FIACHA MAC AODHA.



"Fiacha Mac Aodha Ua Broin. Pádraig Mac Aodha ("An Seabhach") do
scríobh. Raol a luach." - Leabhar nuadha eile chughainn. Mac léighinn i gColáisde
Muighe Nuadhat is eadh Pádraig, agus is tráthamhail mar rinne sé an leabhar so
a chur amach faoi láthair, nuair atá daoine áirithe ag éagcaoine agus ag clámh-
sán mar gheall ar chúrsaibh na Gaedhilge sa gColáisde seo. Acht ní amháin go
ndearnadh sé go tráthamhail é, acht rinne sé a chuid oibre go toghtha. Gaedhilge
ghlan liteardha atá ann, ag brúchtuíol le tír-ghrádh agus le grádh do na laoch-
raibh calma do throid ariamh ar son na tíre seo. Maille leis an aiste ag
baint le saoghal is beatha Fhiacha, tá foclóir beacht cruinn leis agus dánta ag
cur síos ar a shliocht agus ar a bhás féin. Mar adeir Pádraig Ó Domhnalláin
sa reamhrádh, obair a b'eadh í b'annsa le croidhe an sgríobhneóra, agus is mór
an chreideamhaint dó í, mar is ionmholta an iarracht a rinne sé le cunntas
beacht cruinn a thabhairt uaidh fá dhuine de na triathaibh b'ealadhanta agus ba
dílse d'ár tharraing claidheamh ariamh ar son na saoirseachta. Go mba fada
buan cuimhne do ghníomhartha, a Fhiacha, agus go rabhair mar réaltóig tríd an
gceó do'n ghlúin atá dá hoileamhaint ar son na hÉireann. Ba chóir dá mbeadh
díol maith ar an leabhar so, agus tá súil agam gur gearr go bhfeicimíd tuill-
eadh de shaothar an fhir óig seo.



L. Ó MONGÁIN.


L. 379


Tá feabhus mór ar "THE CASTLEKNOCK COLLEGE CHRONICLE"
an iarracht so. Is fada na feacamair páipéar ba Ghaedhlaighe ar gach cuma
iná é. Don chéad dul síos tá trí cinn d'aistíbh Gaedhilge ann. Scéilín ana-
dheas iseadh "Taidbhse an Chnuic" a scríbh Tomás Mac Aibhistín, garsún beag
sa colláiste. Tá "P. Ó C." ag cur síos ar Bhéal Átha an Ghaorthaigh is ar
Cholláiste na Mumhan. Má bhíonn gach duine i gColláiste na Mumhan chomh
dúthrachtach is chomh mór cion ar Éirinn is atá P. O C., cloisfar ó'n gColláiste
agus beidh Éire féin ag maoidheamh as. Tá aiste ann ar "Ár dTeanga" ó
Síomón Ua Donnabháin agus ní miste a rádh ná go bhfuil go gonta is go
slachtmhar.



I mbrollach an Chronicle seo tá tuairisc ar "The Battle of Castleknock",
sagas cluithche leathsmuigh a bhí aca sa colláiste i ndeireadh na Bealtaine. Do
deineadh an cluithche go seóidh ar fad, agus b'fhiú do dhuine a' tuairisc a thug-
ann an Chronicle air a léigheadh agus na pictiúirí atá ann d'fheicsint. Bheadh
cluithchí den tsórd so oireamhnach go maith i gcóir aeridheachta, agus rl. Is féidir
leabhrín an chluithche - agus an Chronicle leis - d'fhagháil ó Muinntir Gill i
mBaile Átha Cliath, agus táid araon go taitneamhach.



CÚRÍ MAC DAIRE.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services