Oghmóracht. - IV.
Tá trí tréimhse i nGaedhilg na sean-ogham,
agus is féidir a n-aithint agus a ndeal-
ughadh le chéile do réir litrighthe na bhfuirm-
eann.
Cuiream i gcás an focal úd CUNAS
.i. con, sa' treas díochlaonadh. 1. CUNAS
an fhuirm is seanda atá le fagháil. 2.
CUNA an dara fuirm. Le himtheacht na haimsire, tháinig
atharrughadh ar an gcainnt, agus cailleadh gach S do bhí isna
smotánaibh i ndeireadh na bhfocal. 3. CON an tríomhadh fuirm.
Cailleadh an guta gairid sa treas tréimhse, gur fágadh lomnocht
mar déarfá cnámha an fhocail, agus is mar sin atá siad sa
nGaedhilg is seanda atá isna leabhraibh, agus is mar sin atá
siad fós i nGaedhilg na haimsire seo.
MAILIAS sa chéad tréimhse, MAILIA sa dara tréimhse,
MAILE sa treas tréimhse, "maíle" sa sean-Ghaedhilg, "maoile"
sa nua-Ghaedhilg. Sa réim teorannach dhóibh sin uile. MAILA
sa réim ainmneach ar dtús, "maél" sa sean-Ghaedhilg, "maol"
sa nua-Ghaedhilg. Focal ban-innsgne é seo, cé gur minic é
Is follus go bhfuil Gaedhilg na n-ogham sa treas tréimse ro-
chosmhail le sean-Ghaedhilg na leabhar. Acht níl comh-ionann ar
fad iad, mar tuigfear ón deismireacht so: (1) OLACUNAS
= (2) OLACUNA = (3) OLACON = (4) Olchon i nGaedhilg na
leabhar. Olchú dob' ainm do sheanathair Bhréanainn Cluana
Fearta.
Is furusa na trí tréimhse seo d'aithint an uair is AS is críoch
don fhocal sa chéad tréimhse, mar fuaramar san tríomhadh dío-
chlaonadh agus san chúigeadh díochlaonadh thuas romhainn.
Ní féidir acht dá thréimhse d'aithint isna díochlaontaibh eile do
réir an chrotha atá ar na litreachaibh deiridh, cé go dtig athar-
rughadh i gcorp na bhfocal go minic le caitheamh na haimsire, ní
nach iongnadh.
MAQI an fhuirm is seanda. Ní'l fuirm eile ar an bhfocal
so i nGaedhilg na n-ogham acht MAQ, nó MAC. Tuig go mbíonn
Q nó C caol sa bhfocal so, acht nach raibh caoi nó inntleacht
ag lucht na hoghmórachta ar a chaoile do chur i dtuigsin. Siad
na sgríbhneóirí nó lucht na leabhar do cheap an nós atá dhá
chleachtadh riamh ó shoin, ar tá "i" do sgríobhadh roimh gach
consaine atá caol i gcorp na bhfocal. Mar sin de, anuair is
MAC atá san ogham, ní léir dhúinn ón litriughadh cé acu "mac"
nó "maic" do bheadh sa gcainnt, acht is annamh nach féidir
linn fios 'fhagháil air sin ó choimhréir na cainnte.
MAQI sa chéad tréimhse, MAQI fós sa dara tréimhse, MAQ
nó MAC sa treas tréimhse, "maicc" sin i sean-Ghaedhilg na
leabhar, "meicc" ina dhiaidh sin, agus "mic" atá anois ann.
Is é is dóchaidhe linn gurab I fada bhí i ndeireadh an fhocail
sa chéad tréimhse, mar bhí sa Laidin (cuir i gcás puerī). Níor
bh'fhuláir giorrughadh do theacht sa nguta sin sul má dtéigheadh sé
i neimhní ar fad. Ar an adhbhar sin, ní baoghal a rádh gurab
I gairid do bhí ann 'sa dara tréimhse; acht ní'l éan chomhartha 'sa
litriughadh ar fhad ná ar ghar, ar chaol ná ar leathan, ar análughadh
ná ar a mhalairt.
Nuair atá I i n-ionad II san ogham (mar tá sa bhfocal úd
LUGUNI), ní theagann éan atharrughad air, agus leanann sé
mar sin i nGaedhilg na leabhar go dtí an deichmhadh aois. 'Na
dhiaidh sin, teagann "e" go minic i n-ionad I ghairid i ndeireadh
na bhfocal, agus is "e" is gnáthach ann le linn na nua-Ghaedhilge.
I n-ionad MUCOI, tá MUCOE i n-ogham amháin. Is féidir
a thuigsin as sin go dtáinig giorrughadh san I le linn na n-ogham.
Faoi dheireadh, d'imthigh an guta sin ar fad, agus níor fágadh ann
acht MUCO. Rinne "moccu" dhe sin sa sean-Ghaedhilg, an
fhaid do mhair an focal sa gcainnt, go dtí bliadhain a 700 nó
tamall 'na diaidh. Annsin, nuair nach raibh acht cuimhne ar an
bhfocal so ag lucht leighinn, do shaoileadar go raibh gaol éigin
aige le "mac", agus do sgríobhadar "maccu" ina ionad. I
ndeireadh na dála, nuair do gheibhthí "moccu" nó "maccu" isna
sean-leabhraibh, ní thuigeadh na sgríbhneóirí i gceart é, agus
chuiridís "mac uí" i n-ionad "moccu". Acht ní hionann "mac
uí" agus "MUCOI" ar éan chuma. Dá mb'áil le hoghmóir sa
sean-aimsir "mac uí" do chiallughadh, ní'l amhras ar bith ann nach
MAQI AVI do bheadh san ogham aige.
I n-ionad LUGOS, ní theagann acht LUGO san oghmóracht,
"Logo" san sean-Ghaedhilg. "O" fada bhí san OS sin. Nuair
tháinig A i n-ionad AS, tháinig O (fada) i n-ionad OS. Ar an
adhbhar sin, tig linn a rádh gur LUGŌS a bhí ann sa chéad
tréimhse, agus LUGŌ sa dara tréimhse, agus LUGŎ sa treas
tréimhse ("Logo" <sa sean-Ghaedhilg agus "Logha" sa nua-
Ghaedhilg).
Cé go bhféadamaoid a rádh nach ionann seandacht do ghach
fuirm dá bhfeicimíd i nGaedhilg na n-ogham, acht gur follus
duinn cuid acu bheith níos seanda ná a chéile, ní fhágann sin gur
túisge do sgríobhadh nó do gearradh ar an liaig an focal is sine
cruth acu ná focal eile nach bhfuil chomh sean leis. Is minic nach
d'én tréimhse amháin do gach focal dá bhfeicimíd in-éan ogham
amháin. Is iomdha ogham i mbíonn focla den chéad tréimhse agus
focla den dara tréimhse le hais a chéile ann, agus is iomdha
ogham i mbíonn an dara tréimhse agus an treas tréimhse i bhfail
a chéile ann.
D'fhéadfaidhe a mheas go raibh atharrughadh ag teacht ar an
teangaidh le linn na n-ogham sin do sgríobhadh agus ní móide
Cad as mar sin a mbíonn tús-fhocla agus meadhón-focla
agus deódh-fhocla na hoghaim-Ghaedhilge measgtha suaithte trí n-a
chéile 'sna hoghmannaibh mar bhíonn siad go minic? Dream
léigheannta do réir léighinn a n-aimsire féin budh eadh na sean-
oghmóirí. Draoithe gan amhras budh eadh iad, óir is cinnte gur
leis na draoithibh do bhaineadh an uile léigheann agus foghlaim do
bhí i nÉirinn roimh aimsir na Críostaidheachta. Bhíodh sgoileanna
agus daltaidhe ar sgoil acu agus mar sin is cinnte go mbíodh
gach líne acu ag déanamh eólais ar an léigheann do fágadh i
ndiaidh an líne tháinig rómpa. Ní hó'n ngaoith, ámh, ná ó bhéal-
oideas na n-oidí amháin a fuaradar eólas ar oghmóracht, acht is
amhlaidh is mó do bhí an t-eólas sin le fagháil acu isna liagaibh
oghaim do bhí ann rómpa, agus "i dtámhlorgaibh na bhfileadh."
Mar sin b'fhurusa dhóibh bheith ag cur aithne ar nósaibh agus ar
chrothaibh cainnte nach raibh le n-a linn féin i mbéal an phobail.
Féach go bhfuil sean-Ghaedhilg agus meadhón-Ghaedhilg agus nua-
Ghaedhilg dhá suathadh trí n-a chéile agus cumasg dá dhéanamh dhíobh
ag na fearaibh léigheannta úd do sgríobh Annála na gCeithre
Máighistir agus Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, ní'l trí chéad
bliadhain fós ó shoin ann. Ba mhór an clú, dar leó, do shaoi nó
do sheanchaidhe ar bith, gach a raibh ar eólas aige de sheandacht na
teangadh d'fhoillsiughadh os árd mar sin don choitcheanntacht.
Agus thar gach ní eile, nach bhfeiceann an saoghal go mbaineann
dúil i sean-nósaibh le cuimhne agus le honóir na marbh?
Ar an adhbhar sin, ní hiontuigthe dhúinn gur comhaois do gach
ogham agus do na foclaibh atá sa n-ogham. Acht tig linn a rádh
go bhfuil an oghmóracht féin, mar cheird nó mar ealadhain, chomh
sean leis an bhfocal is seanda i n-éan ogham.
Seo cur síos athchomair ar thréimhsí díochlaonta na n-ogham:
AN CÉAD DÍOCHLAONADH.
1. MAQI (maqī?) 2. MAQI (maqĭ). 3. MAQ, MAC =
maicc, mic.
AN DARA DÍOCHLAONADH.
1. LUGUNI (ī = ii). 2. LUGUNI (ī?). 3. LUGUNI (ĭ)
= Lugni, Lugnai (Sean-Gh.), Luighne, Lughna (nua-Gh.).
AN TREAS DÍOCHLAONADH.
1. CUNAS. 2. CUNA. 3. CON = con.
AN CEATHRAMHADH DÍOCHLAONADH.
1. LUGOS (ō). 2. LUGO (ō). 3. LUGO (ŏ) = Logo
(S.G.) agus Logha (N.G.).
AN CÚIGEADH DÍOCHLAONADH.
1. ERCIAS. 2. ERCIA. ERCE, ERCA = Erce, Ercae
(S.G.), Earca (N.G.).
Mac Earca ba chomhainm do Mhuircheartach árd-rí Éireann
(mac Muireadhaigh mhic Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh) agus isé
mo bharamhail nach óna mháthair tugadh Mac Earca air, acht gurab
ainm draoidheamhail é, agus go mba bhain-dia ag na draoithibh
Earc nó Erc. Is iomdha MAQI ERCIAS isna liagaibh oghaim
mar ainm díleas ar dhuine agus gan ainm ar bith eile air acht é.
I gcosamhlacht Mac Earca mar ainm fir, tá Dar-Earca ann
mar ainm mná. Is ionann Dar Earca le "h-inghean Earca" -
sin inghean do cuireadh faoi chomairce na bain-dé sin Earc, má
thuigim-se an sgéal i gceart.
EÓIN MAC NÉILL.
Do pósadh le déadhnaighe Seón Mac Dáibhidh, an fear a bhíodh ag múineadh
Breathnaise dhúinn ar Scoil na SeanGhaedhilge i mbliadhna. Guidhmíd do sonus
is séan agus laetheanta geala, "neamh fé dheóidh agus ceólta Parrathais."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11