Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anonn agus anall (ar leanamhaint)

Title
Anonn agus anall (ar leanamhaint)
Author(s)
Ua Conceannainn, Thomas,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Anonn agus anall
(ar leanamhaint)



Ó Thomas Ua Conceannainn



Go moch ar maidin Dia Luain, an tríomhadh lá déag
de Mhárta, d'fhág mé B'l'á'-cliath, agus síos liom go Tuaim.
Ag Baile an Ríogh bhí orm fuireacht ar feadh leath-
uaire an chluig, mar gheall go raibh an traen a thaganns
ó Thuaim go dtí an baile seo mall. Dubhairt mé liom
féin go gcaithfinn an leath-uair sin suas faoi an mbaile
a' caint leis na daoine faoi an teanga agus dhá bhfagháil
faoi réir faoi chomhair an am thiucfainn ar ais arís, mar
's fíor-ghairid aimsire go gcaithfear rud eicínt dhéanamh
do'n teanga san mbaile beag gallda seo, mar go
deimhin is géar atá sé a' tastáil.



Shiubhail mé liom suas go sáimh sochamhlach, agus isteach
liom ins an gcéad siopa casadh liom ina ndíoltar
páipéir nuaidheachta. Bheannuigh mé do bhean na bpáip-
éar i nGaedhilge. D'fhreagair sí mé ins an teanga
chéadna, acht thosuigh sí a' miogaireacht gháire, chomh maith
's le rádh go mbadh h-aisteach an duine mé agus an teanga
sin a labhairt.


L. 338


D'iarr mé an "Claidheamh Soluis" orra (uirri) le
cheannach, acht mo lean géar, níor chuala sí aon trácht
ar an gClaidheamh bocht riamh. D'iompuigh sí ar an
mBéarla annsin, a thaisbeáint dom, má b'fhíor dhi féin,
go raibh sise i n-ann an teanga sin a labhairt, agus nár
dhuine neamh-eólgasach a bhí innti chor ar bith, agus má cheap
mé sin, go raibh mé dul i mudha.



Choinnigh mé orm a' caint, moladh na teanga, agus is
gearr go dtáinig ceathrar agus cúigear agus seisear daoine
isteach, mhná go léir budh eadh iad. Bhí an chuid is mó
aca ag éisteacht leis an díospóireacht bhí eidir mé féin
agus bean an tighe, acht chuir aon duine amháin aca a ladar
san sgéal a' tabhairt congna dhom féin i n-aghaidh na
mban eile agus i bhfabhar na teangan.



An Béarla bhí dhá sioscadh ag na mná sin, go díreach
glan chuirfeadh sé fonn múisg ar dhuine. Ní raibh samhail
ar bith aige acht muca ag gnúsacht. Faoi dheireadh chon-
naic mé iad a' dearcadh ar a chéile agus chuala mé duine
aca a rádh faoi chogar, "Cuirfidh mé geall leat gur'b
é r'd atá ann Bible reader." "Airiú! bí do thost, a
bhean chroidhe," arsa duine eile: "Nár shíl mé féin gur
sagart bhí ann nuair tháinig mé isteach, agus sílim nach
bhfuil mé 'dul i mudha fós. Nach mó an chosamhlacht
sagairt atá air ná Jumperín salach?"



Chonnaic mé go raibh an áit 'na theine bhruithte agus go
mbeadh sgiorta gan ádh orm dá n-imtheochainn agus amach
liom nuair chraith mé lámh leis an gcailín deas a thóg
mo pháirt agus páirt na teangan i n-aghaidh clabógaidhe an
Bhéarla. Is fear mé 'bhfuil práinn mhór agam ar na
mná agus ar an adhbhar sin, dheamhan a maith liom aon cheó
a rádh 'na n-aghaidh, acht mar sin féin, caithfidh mé a
admháil nach bhfuighidh tú leithéide an chailín seo go
minic, fairíor.



Dá mbeadh mórán mar í, leis an misneach agus an spiorad
cheart ionnta, an spiorad a chuir iallach ar mná Luim-
nighe seasamh i mbearna an bhaoghail a' cuidiughadh le
n-a n-aithreacha agus le n-a ndearbhráithreacha i n-aghaidh
Ríogh Liam - dá mbeadh an tír-ghrádh céadna i mná
na huaire seo agus bhí ortha cothrom na míosa seo dhá
chéad agus naoi mbliadhna ó shoin, nuair a léimeadar san
mbearna agus sheasadar mar dhéanfadh mná mánla go
láidir seasmhach roimh saighdiúiribh Ríogh Liam, gan eagla
gan faitchíos, gan cuimhne ar aon rud ó neamh anuas
acht ar shaorsacht na hÉireann, a' bualadh agus a' greadadh
na ndiabhal ngallda, sgriosadóirí na tíre, le clocha, le
buidéil, le pícidhe, agus le gach uile shórt deise cosanta
a casadh ortha - dá mbeadh an fhíor-spioraid sin
ionnta a chuir faoi ndeara do mhná Cartágo a gcuid
gruaige tháinig anuas go dtí a gcuid íoscadaidhe
a ghearradh go dlúth le siosúr agus duail do dhéanamh
dhi le gaidh (.i. sreanga le haghaidh na mbogha), creid-se
mise ann nach mbeadh cúram Connradh na Gaedhilge
chur ar bun.



'S iad mná gach uile náisiúin múnlóiridhe na tíre
sin agus má bhíonn tír-ghrádh ionnta, ní'l baoghal báis ar
an tír sin, mairfidh sí go deó, go dtiucfaidh an díle
ar an domhan. Acht muna bhfuil ionnta acht cailíní
Domhnaigh, péacóga lán suas le huaibhreas, cloigne
cipíní, mná nach gcuimhnigheann agus nach smuainigheann
idir dhá cheann na bliadhna ar rud ar bith acht iad féin
a ghléas suas faoi éadach breágh, le go mbreathnóchaidh
siad taithneach i súilibh na bhfear - dubhán a chur ionnta
mar déarfá - ní'l sé a luighe le nádúr, adeirim, go
mbeadh i dtír de'n tsórt sin acht Seagháiníní agus
spriosáin, gan neart gan éirim, gan croidhe gan
misneach gan cnámh droma ná smior.



Baile an Ríogh nó Baile Átha Ríogh (B'l'á'n Ríogh)
= Athenry. fuireacht = fuireach; a thaganns = a
thagas nó a thig; múnlóir = moulder, shaper

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services