Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oghmóracht. III.

Title
Oghmóracht. III.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

OGHMÓRACHT. - III.



Sa dara caibidil thuas, thugamar "réim teór-
annac" ar an bhfuirm úd (Cuinn, CONNI), ar
a nglaodhtar "geineamhnach" agus "deilbheach"
agus "geinide" agus "taoibhréim" isna
leabhraibh (féach an "Ghramadach Dhá-theangthach,"
l. 142). Is deacair teacht ar fhocal amháin
a d'oirfeadh do gach brígh dá ngabhann leis an
bhfuirm sin, acht cebhé brígh do bheadh innti, tá déanmhas amháin nó
éifeacht amháin ag leanamhain díobh uile. Sa bhfocal "clár," tá
an chiall chomh fóirleathan fairsing 's as féidir a bheith. Is ainm
"clár" do gach uile chlár. Acht anuair is "clár darach"
adeirimíd, ní'l an chiall chomh fóirleathan sin. Baineann an focal
sin "darach" cuid mhór den fhairsingeacht den fhocal eile.
Cuireann sé teóra leis, dá dhealughadh agus dá dheighilt óna lán
rudaí eile ar féidir "clár" do ghlaodhach orthu. Más "clár
Chuinn" adeirthear, tá brígh eile ag gabháil leis an dara focal.
An clár darach, is de dhair do rinneadh é, acht ní fhágann sin gur


L. 286


de Chonn do rinneadh clár Chuinn. 'Na dhiaidh sin, is ionann
déanmhas do "Chuinn" agus do "dharach", cuireann siad araon
ciall chumhang i n-ionad na céille do bhí fairsing fóirleathan
cheana. Ar an adhbhar sin do bhaisteamar "teórannach" ar an
bhfuirm seo i n-ionad gach ainme dá bhfuaramar cheana uirthi,
agus go bhfacthas dúinn nach dtugann éan ainm acu brígh nó
éifeacht na fuirme leis. Dá mbadh nach bhfuighmís acht ainm
amháin uirthi, níor mhaith linn a atharrach do cheapadh, agus gur
dóigh linn go gcinneann gnás ar gach fáth eile i gcúrsaidhe
cainnte. Acht ní'l 'fhios againn nárbh fheárr do nochtfadh
"dealuightheach" nó "deighilteach" rún na fuirme, agus fágam-
aoid sin faoi bhreith na n-éigeas.



CONNI MAQI MUCOI LUGUNI: Is den díochlaonadh
chéadna do na ceithre hainmneacha sin san Ogham-Ghaedhilg. Acht
tá dhá dhíochlaonadh sa nua-Ghaedhilg ag freagairt don dhíochlaonadh
sin. CONNI = Cuinn, agus MAQI = maic nó mic. Tá "I"
ag teacht i ndiaidh na consaine san Ogham-Ghaedhilg; d'imthigh "I"
agus d'fhág sí an chonsaine lom i ndeireadh an fhocail sa Leabhar-
Ghaedhilge.



MUCOI, LUGUNI, tá "I" ag teacht i ndiaidh guta acu
sin (mar fuirm athchomair is eadh LUGUNI i n-ionad
LUGUNII). Mar sin nuair d'imthigh "I", d'fhag sí ann an guta
bhí roimpi, agus dá mbeadh na focail sin ar cleachtadh againn
anois, is cinnte gur "moca" bheadh againn i n-ionad MUCOI,
agus "Luighne" nó "Lughna" i n-ionad LUGUNI. Do bheadh
"moca" agus "Lughna" againn chomh maith céadna i n-ionad
MUCOAS agus LUGUNIAS sa réim ainmneach. Sin
díochlaonadh ar leith sa Nua-Ghaedhilg, .i. ainmne agus guta ina
ndeireadh, agus gan atharrughadh chuma ortha sa réim
teórannach.



Tá díochlaonadh eile sa Nua-Ghaedhilg, agus an réim teóran-
nach ar n-a chumadh as consaine leathain nach bhfuil sa réim
ainmneach. Is deismireacht nó sompla air sin "Éire".
"Éireann" é sa réim teórannach. "Alba," r.t. "Alban". Rí
r.t. "ríogh". "Caora", r.t. "caorach". "Cara" r.t. "carad,"
agus rl. An áit i bhfuil consaine leathan mar sin sa réim teórannach,
do bhí an chonsaine chéadna ann san Ogham-Ghaedhilg agus -AS
ina diaidh. CUNAS = con. RIGAS = ríogh. CARADAS


L. 287


= carad. ALBIONAS = Alban. IVERIONAS =
Éireann. Tá an díochlaonadh céadna sa Laidin agus sa
nGréigis, acht an áit i bhfuil -AS i ndiaidh na consaine san
Ógham-Ghaedhilg, " - is" atá 'na diaidh sa Laidin agus " - os" sa
nGréigis. "Hiberionis" do sgríobhadh Pádraig féin tré Laidin
i n-ionad "Ibherionis" .i. Éireann. CUNAS san Ogham - Gh..,
agus "cunos" san nGréigis.



Is le linn na sean-ogham do cailleadh an smotán sin -AS.
Ar dtús do sgoith sé S. D'fhág sin CUNA i n-ionad CUNAS.
Annsin d'imthigh A, agus fágadh an chonsaine i ndeireadh an fhocail
mar tá sí anois, agus í leathan de dheasgaibh an ghuta leathain do
bhí lena hais uair .i. A.. Ní teóir ná tuairim an méid sin, acht
tá gach fuirm dhíóbh ar lorg a chéile le feicsin go follusach ar na
liagaibh oghaim.



Díochlaonadh eile san Nua-Ghaedhilg, .i. "-a" do chur leis an
ainm sa réim teórannach. "Cath," r.t. "catha". "Flaith," r.t.
"flatha." I n-ionad "-a" so na Nua-Ghaedhilge, is gnáthaighe
"-o" dhá sgríobhadh isna sgríbhnibh is ársaidhe. (Uaireannta, tar
éis dá chonsaine go mórmhór, tá "-a" anois againn san áit
i bhfuil "-e" isna sean-sgríbhnibh, acht ní bhaineann sin don
díochlaonadh dá bhfuilmíd ag tagairt faoi láthair).



An áit i bhfeicimíd "-a" sa réim teórannach anois, agus
"-o" ina ionad sin sa Sean-Ghaedhilg, is -OS do chímíd san
Ogham-Ghaedhilg. Deismireacht air sin Eochaidh .i. ainm fir,
"Eochadha" a réim teórannach sa Nua-Ghaedhilg, "Eochado" sa
Sean-Ghaedhilg, IVACATOS san Ogham-Ghaedhilg. "Lugh"
(Lámhfhada), r.t. (Sliabh) Logha; Logo sin sa Sean-Ghaedhilg;
LUGOS san Ogham-Ghaedhilge féin, acht níor sgoitheadh "O".



Cé an fáth ar mhair an "O" so i ndiaidh na n-ogham agus gur
cailleadh an "A" do bhí sa smotán úd "-AS"? Tá, gur O fada
do bhí sa smotán -OS, agus A gairid do bhí sa gceann eile. Do
cailleadh an guta gairid, agus do rinne guta gairid den ghuta
fada. Is le giorrughadh agus le lagughadh na bhfuamann a d'fhás
Gaedhilg na leabhar as Gaedhilg na n-ogham, acht amháin an guta
do bhíodh sa gcéad shiolla den fhocal, níor giorruigheadh é sin.


L. 288


Is cinnte go raibh dhá dhíochlaonadh ar leith uair sa díochlaonadh
so (-OS, -o, -a). Ceann acu, do bhí -IS sa réim ainmneach ann,
mar tá "flaith" ó VLADIS (féach go bhfuil Vladislas agus
Vladimir agus Vladivostock, agus rl., isna teangthachaibh Slábhánacha
- Vladivostock .i. ban-fhlaith an oirthir). Sa gceann eile bhí -US
sa réim ainmneach, mar tá "cath" ó CATUS (CATUVIRI .i.
Cathair, ainm fir).



Tá díochlaonadh eile ann, nó is dá dhíochlaonadh ó cheart agus
ó bhunadh atá ann, ina gcuirthear "-e" leis an ainm sa réim
teórannach, mar tá "inghean, inghine," agus "feis, feise." Is
"-e" bhí isna foclaibh seo, "inghine, feise," sa Sean-Ghaedhilg mar
tá anois ionntu. -IAS do bhí ionntu san Ogham-Ghaedhilg.
Cailleadh "-AS" acht áit ar bith i mbíodh A i ndiaidh I ghairid san
Ogham-Ghaedhilg, rinne "e" den I sin sa Sean-Ghaedhilg agus sa
Nua-Gaedhilg. Ar an adhbhar sin atá "e" isna foclaibh sin anois
i n-ionad -IAS. MATIAS = maithe (réim teórannach, aonarach,
bain-innsgne), ó MATIS = maith sa réim ainmneach. MAILIAS
= maoile, ó MAILA = maol.



Na hainme do gheibhmíd isna liagaibh oghaim, is sa réim
teórannach do gheibhmíd iad uile acht fíor-bheagán. Ar an adhbhar
sin, beidh dhá dtrian na hoghmórachta againn má éirigheann linn
eólas do dhéanamh ar dhá ní. An chéad ní dhíobh, na crotha ba
ghnáthach ar an réim teórannach san ogham, agus cóimhmeas do
dhéanamh idir na crothaibh sin agus na crotha do chin uatha ó shin
ale. An dara ní, an nós litrighthe ba ghnáthach sa ogham, agus
cóimhmeas do dhéanamh idir an litriughadh sin agus litriughadh na
sgríbheann nGaedhilge ó shin ale. Ní ó litriughadh na n-oghamh, ámh,
a d'fhás litriughadh na sgríbheann, acht is amhlaidh do cumadh as an
nua sgríbhneóracht na Gaedhilge le linn an chreidimh do theacht i
nÉirinn agus ina dhiaidh, ag déanamh aithrise ar litriughadh na
Laidne.



Tá fuirm amháin de réim theórannach san Ogham-Ghaedhilg nach
eól dúinn fuirm ag freagairt di i nGaedhilg na Leabhar, acht níl
acht a trí nó a ceathair d'ainmneachaibh a bhfuil an fhuirm sin
ionntu. -AIS atá i ndeireadh na bhfocal so sa réim teórannach,
agus níl a fhios nach -IAS do bheadh ann ó cheart, óir is ionann do
sgríobhfaidhe AI agus IA san ogham acht amháin nach dtiocfadh
dealughadh na bhfleasg san áit chéadna.


L. 289


AI = I IIIII
IA = IIIII I



Cuirfimíd síos anois go hathchomair an méid atá ráite
againn thuas i dtaobh díochlaonta na n-ainmneach.



An Chéad Díochlaonadh:
Conn = CONNAS: Cuinn = CONNI. Mac = MAQAS:
Mic (maic) = MAQI.



An Dara Díochlaonadh:



Ciara = QERAAS: Ciara = QERAI. Luighne = LUG-
UNIAS: Luighne = LUGUNI.



[Acht is Cérai nó Ciarai do sgríobhfaidhe sa Sean-Ghaedhilg i
n-ionad Ciara sa réim teórannach, agus Lugni i n-ionad Luighne.
Is follus nach bhfuil san dá dhíochlaonadh so thuas acht én
díochlaonadh amháin san Ogham-Ghaedhilg.]



An Treas Díochlaonadh:



Gamhchu = GAMICUS: Gamhchon = GAMICUNAS.




[Ainm fir is eadh Gamhchu .i. cú geimhridh. Tá sé ar fagháil i
Leabhar Bhaile an Mhúta. Tá GAMICUNAS i n-ogham dá bhfuil
i leabhar R.A.S. Mhic Alasdair.]



An Ceathramhadh Díochlaonadh:



Eochaidh = IVACATIS: Eochadha = IVACATOS. Trianlugh =
TRENALUGUS: Trianlogha = TRANALUGOS.



[Eochado, Trénlogo, do gheobhfaidhe sa Sean-Ghaedhilg i
n-ionad Eochadha, Trianlogha sa réim teórannach. Ní féidir
linn IVACATIS do mhíniughadh, acht gurab ainm fir é.
TRENALUGUS ó TRENAS .i. tréan, agus LUGUS .i.
Lugh .i. dia do bhí ag Gaedhealaibh san aimsir gheintlidhe. Níor
ghnáthach leó ainm an dé seo do thabhairt ar dhuine dá gcloinn
gan focal éigin eile do tháthadh leis mar seo: Tréanlugh, Fionn-
lugh, Aodhlugh, Lughthréan, Lughthighearn, Lughcreth, Lughaidh. Na
Críostaidhthe fós i nÉirinn, ní thugaidís ainm naoimh ar mhac nó
ar inghin leo. Ní bheadh sé de dhánaidheacht acu Pádraig nó
Colum do bhaisteadh ar dhuine, acht ina ionad sin, is Maol


L. 290


Phádraig nó Giolla Pádraig nó Colmán nó Maol Choluim nó
Giolla Coluim do bheiridís air.]



An Cúigeadh Díochlaonadh:



Earc = ERCA: Eirce (Earca) = ERCIAS. Anbhlomaidh =
ANAVLAMATIS: Anbhlomaithe = ANAVLAMATIAS.



[Earc, Erc .i. ainm mná isna sean-leabhraibh. Erca nó
Ercae is mó do chímíd sa réim teórannach, de bhrígh go dteipeann
ar "-e" go minic caolughadh do thabhairt ar dhá chonsaine an
éinfheacht. Tá Erc ann fós mar ainm fir, agus Eirc sa réim
teórannach (= ERCI).



ANAVLAMATIS ó ANABLAS .i. anbhal .i. anmhór nó
an-láidir, agus MATIS .i. maith. Tá Anbhlomaidh (.i. ainm fir)
i Leabhar Bhaile an Mhúta, agus tá Anfolmithe i Leabhar Árda
Macha (litriughadh Sean-Ghaedhilge sin ar Anbholmaithe). Tá
ANAVLAMATIAS i leabhar Mhic Alasdair. -VLAS .i.
VALAS .i. validus nó valens .i. láidir, tréan.]



Ní hionann an t-eagar nó an t-ord do chuireamar ar na
díochlaontaibh seo leis an eagar is gnáthach do bheith orthu ag
lucht na ngramadach, acht ní dóigh linn go gcuirfidh sin ceist
ar mhacaibh léighinn ag a bhfuil gnáth-fhuirmeanna na ndíochlaonta
de mheabhair acu.



EÓIN MAC NÉILL.




Ní dheachaidh acht ceathrar le ceól
Ar bhainis Sheóin isteach,
'S ní lugha 'ná sé fir déag
Táinig de lucht téad amach.



Is maith an duine aga mbí muc,
Do bhíodar muca agam féin;
Is fearr an mhuc atá beó,
'S ní'l acht ceó sa mhic andé.



Dá mbeadh rósta ar bórd, is fíontaí ag cách,
Arán cróch go leór, nó fígidhe a sáith,
Ceann gach sóirt do nós mar líontaí clár,
Anois, dar leó, ní sógh gan snaoisín d'fhagháil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services