Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beránger. (Ar leanamhaint.)

Title
Beránger. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Béranger.



(Ar leanamhaint.)



Saghas aislinge iseadh "Tréize à Table". Taisbeántar an Bás
don bhfile i bhfuirm maighdine áilne, agus labhraid le chéile. 'Sé
múineadh an amhráin seo 'ná nach fiú do dhuine eagal a bheith air
roimh an mbás. Chun a shaoradh a thagann sé is ní chun a dhaoradh.
An fhaid is beó dhúinn, tá sé chómh maith againn pléisiúr a bhaint
as an saoghal. Seo an chéad rann den amhrán úd:




Duine 's dáréag 'n-a suidhe chun bóird
Tar éis dom an salann do chaitheamh, mo bhrón!
'Seadh maiseadh, ní cabhar dom eagal ná sgannradh,
An bás, ní deamhan é ná spiorad le gruaim -
Má thiocfaidh sé amáireach, tagadh is fáilte,
Sidheóg fíor-áluinn 'seadh aingeal an tsuain;
Líon agus ól, a Shéamuis a stóir:
Má thiocfair, a bháis, beidh fáilte againn romhat.


L. 243


Do nocht an file a aigne 'n-a amhrántaibh. Seo cúpla bhéarsa,
agus éinne do léighfidh iad, tuigfidh sé gurab é an riocht riagh-
altais do b'fhearr leis an bhfile 'ná pobaltas nó chómhfhlaitheas:




Táim bréan fadó díobh is bréan fá dhó dhíobh,
Mar buidhean gan cheol 'seadh na ríghthe;
Déanfad pobaltas grádhmhar do lucht an chláir seo,
Seo iad do láthair mo dhlíghthe:
Ní bheidh aon cheannuidheacht acht ceannuidheacht fíon' ann,
Ní bheidh breitheamh dlighe acht beidh beirt bhreitheamh grinn ann,
Is ag caitheamh na fíona dúinn, ólfam don tSaoirse.



Olfaimíd sláinte an cómhfhlaithis ghrádhmhar,,
Go deó i n-aon láthair go mairimíd;
Acht is oth liom a rádh go mothuighim námha,
Ar a coisíníbh bána 'seadh aithním í:
'Sí Éilís an spéirbhean atá chughainn mar ríoghan,
Is ar dheiseacht ní féidir í shárughadh - Lísín,
Fáilte agus céad romhat, acht slán leis an Saoirse.




An tarna uair do cuireadh i gcarcair é, do thárla dhó a bheith
ann i n-aimsir an Charnabháil. B'shin rud do ghoill air go mór,
mar bhíonn a lán spórt ar siubhal i rith na haimsire sin, agus
fear a b'eadh Béránger gur thaithn leis lá aoibhinn chómh maith le
cách. Do scríobh sé dán ag agallamh an ríogh, agus ag cur i
n-iúl dó go mbainfidhe sásamh as. "Mes Jours Gras" is ainm
don dán so. Taisbeánann sé nár bh'fhéidir d'aicme an cheannais
é chur fé smacht. Seo giota den amhrán úd i nGaodhluinn:




Dia dhuit, a rígh, de bhárr do bhaoghail
Im' bhraghaid 'seadh chaithim lá na féile;
Nach nár leat mé gan ceol, gan fíon?
Acht díolfair as fá dhó, a rígh.



Gloiní 'n-a ndóid, fá éadach grinn,
Ag déanamh spóirt 'tá gaeil mo chroidhe,
Badh cheart me leó ag ól na bhfíon,
Acht díolfair as fá dhó, a rígh.




Ar a shon nár aontuigh an file le gníomharthaibh Napóleon i
gcomhnuidhe, ní fheádfadh sé gan maoidheamh as an ngaisce do
dhein sé ar fuid na hEorpach. Seo rann nó dhó as amhrán do
cheap sé ar bhrat na Frainnce. Is léir ó sna rannaibh seo gur
mhór an maoidheamh dó eachtraí an airm fé stiúradh Napóleon.
Sean-shaighdiúir iseadh atá ag labairt 'san amhrán. Seo mar
labhrann sé:


L. 244


Seo mise 's mó chomrádaí 'n-ár suidhe,
Agus corn breágh fíon ar bórd aguinn,
Ag ól dúinn is ag seanchaidheacht,
Agus eachtraí na mbliadhan i n-allód aguinn
Mar annso im' bhothán,
'S ní ar crochadh atá
Sean-bhrat na dtrí ndath, 's nára fada an lá
Nó go mbeidh sé mar bhí sé fadó aguinn.



Do bhíomar ar feadh fiche bliadhan
Ag gluaiseacht gach tíorach go cródha fé,
Do bhaineamair cáin agus cíos
Agus ceannas de thíorthaibh na hEórpach fé;
Acht anois, mo chrádh!
Fém leabaidh atá
Sean-bhrat na dtrí ndath, is nára fada an lá
Nó go mbeidh sé mar bhí sé fadó aguinn.




Is dócha go dtagann an t-amhrán le dúthchais na náisiún
gCeilteach. Féach Beránger sa bhFrainnc, Riobárd Burns i
nAlbain, agus an Mórdhach aguinne i nÉirinn. Sin triúr ná fuil
a leithéid le fagháil i measc éigse Shacsan. Do bhí filí móra i
Sasana, acht ní raibh duine ortha riamh do chuir roimis féin filidh-
eacht a cheapadh i gcomhair an tsluaigh, mar a dhein an triúr so atá
luaidhte agam. Agus is fearr d'éirigh le Beránger mar fhile
'ná mar éirigh leis an mbeirt eile. Do theip ar an Mórdhach
toisc a chuid filidheachta a bheith scríobhtha i dteangain iasachta.
Dá mb'í an Ghaodhluinn a bhí mar theangain aige, b'fhéidir go sár-
óghadh sé Beránger féin. Acht toisc gur i mBéarla do scríobh
sé, níor bh'fhada go raibh sé ag braith ar mholadh an tSasanaigh chomh
maith le moladh na nGaodhal. Ní'l an Béarla chómh oireamhnach
d'amhrán agus atá an Ghaedhluinn. Ní fuirist focal binn d'aim-
siughadh i mBéarla, agus ní féidir amhrán do cheapadh gan
foclaibh binne. Dá bhrigh sin, is mó de bhinneas 'ná de chéill atá
le fagháil i n-amhrántaibh an Mhórdhaigh go minic. Ní mar sin do
Bheránger. Ní hamháin go bhfuil ciall le n-a ráidhtibh, acht tá
ionnta na bréithre is mó féidhm agus éifeacht. 'Sé an binneas
an rud is mó a thugaimíd fé ndeara i bhfilidheacht an Mhórdhaigh.
'Sé éifeacht a bhriathar an rud is mó a mholaimíd i bhfilidheacht
Bheránger. Is truagh ná raibh sé d'ádh ar an Mórdhach an Ghaodh-
luinn a bheith mar theangain aige. B'fhéidir annsan go bhfágfadh
a chuid filidheachta a rian ar shaoghal na tíre. Ar a shon nách
féidir san a rádh anois, caithfear an moladh so a thabhairt dó acht


L. 245


go háirighthe .i. go raibh grádh aige riamh dá thír dhúthchais, agus
gur dhein sé saothar mór ar son cheóil na hÉireann.



Táimid anois ag brath ar litridheacht do chumadh as Gaodh-
luinn. Ní rithfidh san linn mara ndéanfaimíd scrúdughadh ar an
litridheacht atá le fagháil cheana i dtíorthaibh iasachta. 'Sé an
litridheacht atá le fagháil cheana i dtíorthaibh iasachta. 'Sé an
litridheacht is mó atá i dtaithighe aguinn 'ná litridheacht Shasana.
Ní oireann an litridheacht soin i mórán slighte d'anam na
nGaodhal, agus ba mhór an dearmhad orainn í ghlacadh chughainn
mar shampla. Ní rithfeadh le héinne ceann de dhántaibh móra
Shasana d'aistriughadh go Gaedhluinn gan snas an Bhéarla a bheith
ar an gcainnt aige. Is comhgaraighe go mór an Fhraincis 'ná an
Béarla don Ghaedhluinn, agus is giorra gaol dúinn muintear na
Fraince 'ná muintear Shasana. An fhilidheacht is taithneamhaighe
linne .i. an t-amhrán, ní hí sin an fhilidheacht is oireamhnaighe don
Bhéarla. Má's maith linn, ar sin, an dúthchas do thabhairt linn,
is mó cabhair a gheobhmíd ón bhFraincis 'ná ón mBéarla. B'fhéidir
go ndéarfidh duine éigin gur leór mar shampla dúinn an fhilidh-
eacht atá aguinn cheana sa Ghaedhluinn. Ní leór. Is fada nár
cumadh aon fhilidheacht i nGaedhluinn go raibh aon bhaint aige le
saoghal na haimsire. An fhilidheacht atá 'á cheapadh anois, d'oir-
feadh sé, b'fhéidir, d'aimsir Eoghain Ruaidh, acht ní oireann don
aimsir fé láthair. Ní hionnan san is a rádh ná fuil a lán aguinn
le foghluim ó n-ár bhfilíbh féin. Acht tá a lán eile aguinn le
foghluim ó sna filíbh iasachta.



Éinne a mhothuigheann ann féin dúthchas an fhile, seo comhairle
dó. Má's maith leis an tír do chur fá chomaoin, déanadh sé mar
a dhein Beránger sa bhFrainnc, .i. seana-phuirt na tíre do
ghlacadh chuige, nuaphuirt oireamhnacha d'aimsiughadh má's fearr
leis é, agus amhráin a raghadh leó do cheapadh. 'Siad na hamhráin
atá uainn 'ná amhráin ag baint le cúrsaidhe an tsaoghail i
nÉirinn fé láthair, amhráin a chuirfidh an fhírinne n-a luighe orainn,
amhráin a thabhairfidh comhairle agus teagasc dúinn, amhráin a
chuirfidh i n-iúil dúinn an rud badh cheart dúinn a sheachaint agus
an rud badh cheart dúinn a leanamhaint, amhráin ag moladh an
mhaith agus ag cáineadh an uilc, amhráin a chuirfidh scannradh ar
ár náimhdibh agus a chuirfidh dóchas orainn féin. An file do
dhéanfaidh a leithéidí sin, ní mór dó croidhe cródha agus intinn
ghéar agus teanga chliste a bheith aige. Ní mór dó gan eagal a


L. 246


bheith air roimh an t-é is aoirde cáil sa tír, agus gan an fhírinne
do cheilt dá mb'ar mhaith le n-a mháthair féin é. Beidh an t-ádh
ar Éirinn an lá a thiocfadh sé. Nára fada go bhfeicfam 'n-ár
measc é.



Ag léigheamh dom amhráin d'amhránaibh Bheránger lá, do
thugas fé ndeara a lán ann do chuir ag smaoineamh mé. Do b'é
toradh mo smaointe 'ná gur chuireas roinnt ranna i gceann a
chéile, agus b'fhéidir nár mhiste dhom iad do léigheamh. Ná
ceapadh éinne gurab amhlaidh badh mhaith liom iad a chur i gcómh-
mheas le filidheacht Bheránger. Tá an oiread eatorra agua atá
idir cheól an londuibh agus feidín na spideóige. Seo iad na
ranna:




Ár son Éireann d'oibreochá - mo léan!
Geóbhthar go géar ort de chleith-ailpín,
Féach an Cumann ag gabháilt ar "Shinn Féin",
Is "Sinn Féin" ag gabháilt ar na Feisiríbh;
A dhuine, ní hiongnadh sinn tréith,
Ag gabháilt ar a chéile mar Fheisiríbh;
Féach! ar scilling -
'Seadh, ar leath-scilling
Do chuirfinn-se críoch leó go léir,
Ar réal do chuirfinn-se deire leó.



Tá an Giúdach ag éirighe go tréan,
Ag bailiughadh gach lae ár gcuid airgid
Má fhágann sé pinginn 'n-a dhéidh,
Seo fear glic de léim chughainn ó Albain -
Ní bheadh rath ar na circínibh féin
Mara mbeadh an fear géar so ó Albain.
Féach! ar scilling -
'Seadh, ar leath-scilling
Do chuirfinn-se críoch leó go léir,
Ar réal do chuirfinn-se deire leó.



Is maith linne cainnt atá baoth:
Briathar gan éifeacht 'seadh 's deise linn;
Cad deirir? "Tá breacadh an lae
Sa spéir chughainn!" Ar ndóich ní ar meisce sinn
Ag tagairt do bhreacadh an lae,
Badh dhóich leis an saoghal gur ar meisce sinn.
Féach! ar scilling -
'Seadh, ar leath-scilling
Do chuirfinn-se críoch leó go léir,
Ar réal do chuirfinn-se deire leó.


L. 247


Bíd ár gcábaí 'á gcaitheamh 'san aer,
Brat glas na hÉireann má fheicimíd;
Is le pil-a-liú scoltar an spéir,
"Éire go bráth!" má deirtear linn -
Fear-Ionaid an Ríogh bheadh 'n-a Ghaedhal,
Acht "Éire go bráth!" do leigint uaidh.
Féach! ar scilling -
'Seadh, ar leath-scilling
Do chuirfinn-se críoch leó go léir,
Ar réal do chuirfinn-se deire leó.



'Sí an Ghaedhluinn ár dteanga-na bhinn,
A samhail ar tír ní fheicimid -
Acht tá gráin ar "Din Dow" i Leath-Chuinn,
Is ní maith leis an Muimhneach Jane Jeffer bhocht;
A dhuine, ní hiongnadh sinn tréith,
Nuair nach maith leis an Muimhneach Jane Jeffer bhocht.
Féach! ar scilling -
'Seadh, ar leath-scilling
Do chuirfinn-se críoch leó go léir,
Ar réal do chuirfinn-se deire leo.



A dhuine, má's maith linn bheith saor,
Easaontas ní dhéanfaidh an obair dúinn;
Ar aon-intinn dá mbeadh gach n-aon,
An saoghal ní sheasóghadh i gcogadh linn -
'Seadh, ní bheimís tuirseach ná tréith,
Is ní sheasóghadh an saoghal i gcogadh linn;
Is ba ghairid, a dhuine,
Seán so na bpluca,
Go gcuirfimís críoch le n-a ré,
Dar muige! do chuirfimís deire leis.




Tá súil agam ná tógfar orm má léighim amhrán beag eile.
Beidh sibh réidh liom annsan. Tuigfidh gach éinne fáth an scéil
so:



A thighearnaí is a cháirde, is oraibh bhí ár ndóchas-na,
An fíor é an ráfla a chloisimíd gur dóchus libh
Teanga bhinn na hÉireann
Do sheachaint is do thréigeann?
A thighearnaí na páirte, ní deas a bheadh an sceól!



A thighearnaí is a cháirde, ní'l Gaedhluinn ag na sagartaibh,
Is daoine 'fagháil bháis is gan éin'ne thabharfadh aire dhíobh;
Lá Breithe an Bhrátha,
Nuair a bheimíd ar aon láthair,
A thighearnaí na páirte, ní deas a bheidh an sceól.


L. 248


A thighearnaí 's a cháirde, ná bacaidh leis an mBirellach seo -
Ní fíor a phlámás, is a theanga tá ró-mhilis:
Fuair sé cuireadh ón gColáiste,
Is do cuireadh roimis fáilte,
Is, a thighearnaí na páirte, ní deas é sin mar sceól.



A thighearnaí is a cháirde, seo comhairle bhur leasa dhíbh,
'Sná síltear gur ró-dhána mé bhúr seoladh is bhúr dteagasc, och!
Taobhuighidh leis na daoine,
Is don Ghaedhluinn bídhí dílis,
Is, a thighearnaí na páirte, is deas a bheidh an sceól!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services