Bearta Cruadha.
FILIDHEACHT SHEAGHÁIN UÍ NEACHTAIN.
Líne 5: "Biaidh fidil ag caoince. Ní dóich liom gurab é an focal caoince,
.i. ceól, is ceart do bheith annso, acht ainm éin éigint. Is na líntíbh eile tugann
an file ionstruimint cheóil do gach éan-tsórt éin fé leith, agus is ait mara
gcuireann sé i n-iúil dhúinn mar an gcéadna cé aca éan go mbeidh an "fhidil"
seo aige. Ní heól dom conus tá an focal ar n-a leitriughadh i sna láimhscríbh-
innibh gur baineadh an t-amhrán so asta; acht, 'na dhiaidh sian, ní déarfainn nách
é an t-éan gur ghlaéidh Marbhán fad ó "caincinn" (nó caoincinn?) air an t-éan
go bhfuil Seán ag tagairt do annso. Féach "King and Hermit", i n-eagar ag
Kuno Meyer, lch. 18: "caincinn gestlach, drúi donn descclach." ("Cainncin,
the name of some singing bird" sin a bhfuil de mhíniughadh air ag Meyer.
Líne 440: "frae Séamas ba mhó," agus rl. "Fraéch Sheumais" atá ag Séamus
Ó hArgadáin san áit seo. "Frag Shéamuis" an ceart gan amhras. Éan fhocal
amháin "frag" agus an focal Bhreathnaise gwraig, .i. bean.
Líne 315: "A héadan bán 'na chlár gan fhéasgar"; "féasgar, separation,
hence evening," Lch. 34. Dhá fhocal trí n-a chéile annso: (feascor),
.i. tráthnóna, agus feascor, .i. dealughadh, scaradh. Focal do fríth ar iasacht
ón Laidin iseadh an chéad cheann aca so. Focal seannda neamh-choitcheanta an
tarna focal, agus bunadhas Gaedhilge leis de réir dheallraimh. Ní hé mo
thuairim-se go ndéanfaidh éan cheann den dá fhocal so an gnó annso, mar nách
féidir ciall mhaith a bhaint asta - ní áirighim gan an chéad siolla dhíobh a bheith
gearr mar ba dhual di. Dá gcuirinn chun buille fé thuairim a dhéanamh air,
déarfainn go mb'fhéidir gurab é "éan-scor" an focal do scríobh Seán féin.
Líne 102: "gan chandol"; l. 373, "fá chandol déara." Ionann candol
agus canntlamh, .i. brón. An focal a cuirtear mar Bhéarla air i ndeire an
leabhair ("strife"), ní oireann sé don scéal acht go h-olc, agus ní feas dom
éan ughdarthás leis seach is Foclóir Albanach Shaw.
T. Ó R.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11