Bearta Cruadha.
Ba cheart sean-aithne a bheith agam ar "Anglesborough", mar tá an baile
seo ins an paróiste 'n-ar rugadh agus 'n-ar tógadh mé .i. Paróiste "Choill
Bheithne", agus 'sé an ainm atá ag na sean-Ghaedhilgeóiríbh air, ná "Gleann na
gCreabhar" .i. "The Glen of the Woodcocks". Tá gleann ag rith tríd agus tá
an áit lán de choillte agus iad mór-timcheall air.
Tá sean-amhrán acu ann agus 'sé an líne deireannach atá i ngach aon rann
de ná - "I nGleann na gCreabhar tá siad go meidhreach". Ní fheadair mé
cathain nó cionnas a tháinig an ainm seo "Anglesborough" ar an áit sin, agus
níl fhios ag aoinne dos na sean-Ghaedilgeóiríbh air leis.
PÁDRAIG Ó CATHÁIN,
Baile an Mhistéalaigh.
CORRA GIOB III.
"CORRAIB IONGA".
Bhí sé seo againn i gCondae Muigheo le mo linn-sa, agus shíl mise gur
"corraib ghionga" a bhí ann - giunga (na gionga) = íochtar na colna (collect-
ively - mar so: Bhí an coinín 'n-a shuidhe ar a ghionga .i. 'n-a shuidhe suas.
Bíodh an focal corraib (ná coirb) againn mar a gceudna. Ba han-mhinic do
chualas é 'ghá rádh le garsún nochtuighthe a bheadh 'n-a sheasadh ar bhruach an uisge
a' dul a' snámh, a dhá láimh suas le na smig, a dhá uillinn le chéile ar aghaidh a
chliabhraigh go drugallach, "caith dhíot an corraib sin agus isteach leat i ndiaidh
do mhullaigh." Nach mheasfá go bhfuil gaol eicínt ag an dá fhocal so le
"corraib ionga."
Bhíodh focal eile againn nár chualas ó aon áit eile riamh .i. cúib. "Chuir sé
cúib ar fhéin" adéarfaidhe le duine a chuirfeadh a chúl leis an ghaoith,
fearthainn, agus rl., cruit air, agus a dhá ghualainn suas le na chluasaibh agus a
chába tiompuighthe suas. Níl fhios agam an fíor-Gaedhilg an focal so ná slang.
Bhíodh sé chomh coitcianta insa mBéarla aca a's bhí sé 'san Ghaedhilg.
SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.
Chugam-sa chuir Seaghán Ó Ruaidhrí an litir sin thuas, ag tagairt do'n dara
iarracht úd uaim ar "chorra giob".
B'fhéidir gur "corraib gionga" (corraib ionga) atá san abairt úd ó Thír
Chonaill. Is minice "gunga" ("gúnga" sa Mhumhain) i gcanamhaint ná
"gionga". Sin focal atá go flúirseach fóirleitheadamhail sa teangain, cé nár
bh'fhiú le "saoi" Fhoclóra Chumainn na Sgríbheann nGaedhilge é leigean sa
leabhar. Ní mó is Connachtachas é mar shaoil seisean, is dócha. Tá 'fhios agam-
sa go bhfuil sé lán-bheo sa Mhumhain agus i gCúigeadh Uladh mar an gcéadna. Do
chuir Muimhneach éigin san IRISLEABHAR é i bhfad ó shoin, agus é fá lán-mhíniughadh
aige, agus maidir leis an "bhFocla," tá an méid seo eoluis agam-sa air 'n-a
thaobh go hairithe: do sgríobh fear éigin ó Chontae Fhear Manach chum an
Árd-Rúnaidhe dhá rádh leis go mbíodh bó ag á athair go raibh "Gungaray" mar
ainm uirthi, agus bhí an duine seo ag toighdeadh fá'n ainm dá fhiosruighe dhe caidé
an chiall a bhí leis i n-éan-chor. Do fiafruigheadh dhiom-sa i ndeireadh na dála,
agus do samhluigheadh dam nách féadfaidhe é réidhteach acht amhail is dá mbadh
"Gunga Réidh" a bhí ann.
SEOSAMH LAOIDE.
A chailleach Ghubóg, cá bhfuil mo láir 's mo shearrach?
She replied:
A charbaid mhaola gan fiacal,
Is a theanga gharbh shalach
Gabh síos chuig an Triúch
Is gheóbhaidh tú do láir dhonn 's do shearrach.
An tAthair LABHRÁS Ó MATHGHAMHNA cct., ag tabhairt comhairle a leasa do
dhuine éigin:
A bhráthair chneasta 's a phreabaire léigheanta,
Ná cuireadh fearg an tsagairt ar strae thú;
Fuiling an mhasla, beir fada ar gach aon rud;
Sé deireadh gach púidhre a smúit do thréigean.
Ná tréig an tAifreann beannuighthe ar aon chor;
Ná tréig an phaidear d'aithris Mac Dé duit;
Tréig an peacadh, agus seachain na béithe;
Pós go tapaidh, 's beidh caradus Dé agat.
An tAthair LABHRÁS Ó MATHGHAMHNA cct., do dhuine dhe sna Breathnaigh, ag
iarraidh cead pasáiste do Mhicil chun móna tharraingt:
A Bhreathnaigh ghil an anma, 's a mharcaigh mhilis mhúinte,
Ná tagair liom-sa diúltadh, ní fiú brobh an cás;
Tá an teachtaire fé ghallasmacht go leanbach neamhchionntach,
Tá an ama agus an ughaim air go dúlaithe gach lá;
Níl pearsa aige, mar dhearcann tú, chum seasaimh le puinn bhrúide,
'S do thug airgead a chúl leis um ná dtabharfadh uaidh págh;
Scaoil treasna anoir gan aistear é chum tigh an reachtaire an cionntach,
'S beidh a phaidear leat go duthrachtach chun Úrmhic na ngrás.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11