Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle do Ghaedhlaibh.

Title
Comhairle do Ghaedhlaibh.
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Comhairle do Ghaedhlaibh.



ÚNA NÍ CHUALÁIN
do scríobh.



Deirtear gur a réir mar atá na daoine tá an náisiún. Má
tá na daoine múinte, foghlumtha, neamhspleádhach, is cinnte go
bhfuil an náisiún dá réir sin; agus is cinnte freisin nach
furusda náisiún den tsóirt seo a chlaoidhe ná a chur fá chois.



Má's fíor sin, is fíor gurab a réir mar bhéas sinne .i. daoine
na hÉireann, a bhéas an náisiún seo againn atámuid ag iarraidh
a athbheodhchaint agus a dhúiseacht as an tromshuan i n-a raibh sí.
Ní gábhadh a innseacht, mar tá fhios ag fearaibh Fáil air, cia an
chaoi bhí ar Éirinn nuair bhí a cuid daoine múinte, foghlumtha;
agus ní gábhadh a innseacht acht an oiread cia mar gheall air an
t-atharrughadh. Chualaidh mé, agus léigh mé leis, go bhfuil
"Atharrughadh Mór" eile ann anois. Má tá is maith an sgéal é,
acht lé go mbeidh an t-"Atharrughadh Mór" sin ann dá ríribh,
caithfimíd tosughadh ag an mbunchloich, agus an náisiún seo
againn a thógáil suas breagh, láidir, acmhuinneach, ní le seóiníní
ná le staigíní ná le spreallairíní, acht le fir agus le mnáibh
measardha, macánta, múinte, foghlumtha, neamhspleádhach.



Mar dubhairt mé, caithfimíd tosughadh ag an mbunchloich,
agus siad na páisdí an bhunchloich seo. Is ar aithreachaibh is mháith-
reachaibh na hÉireann agus n-a ndiaidh sin ar na hoidí sgoile a
luigheas an chuid is mó den obair seo. Tá faitchios orm go bhfuil go
leór den dream deireannach seo nach dtuigeann goidé
an dualgas atá ortha, acht leigfidh mé tharm é sin anois;
b'fhéidir go dtráchtfainn air uair éigin eile.



Is leis an athair agus an mháthair, acht go mórmhór an mháthair,
deaghshompla agus deaghbhéasa a theasbáint dá gcloinn; is cuma
céard fheicfidh siad nó chloisfidh siad taobh amuigh, is ar an rud
fheicfidh siad is a chloisfidh siad i dtigh a n-athar is a máthar
is feárr a chuimhneóchaidh siad. Tá an mháthair i n-aice na bpáisdí
ó thiocfaidh siad ar an saoghal nó go dtiocfaidh siad go haois dul
ar sgoil; siad na béasa is na tréithre bhéas aici-se bhéas aca-san,


L. 166


go mórmhór ag na páisdí mná. "céard a dhéanfadh mac an chait
acht luch a mharbhadh," agus céard a dheanfadh na páisdí acht an
rud a chonnaic siad a n-athair 'sa máthair a dhéanadh. Is ar na
buachaillíbh is cailíníbh Gaedhealacha seo a phós le déidheanaighe,
iad seo a bhéas ag pósadh go gairid, agus 'chaon bhliadhain
feasda le congnamh Dé atá féachaint i ndiaidh na hoibre seo.
Tá eagla orm nach bhfuil mórán maitheasa dhúinn i bheith ag
cainnt leis an dream meadhon-aosda. "Nuair a chríonnuigh-
eann an tslat is deacair í shníomh;" is dócha gurb iad na béasa
agus na tréithre atá aca go dtí seo, a bhéas aca go deireadh a
saoghail.



Badh cheart dho 'chuile cailín a bheith ábalta ar chócáil sul mar
phósaidh sí; is mór an dul amugha a bhíos i ndiaiadh mná ar bith
nach bhfuil eólas aici ar an ealadhain seo. Badh cheart di, freisin,
a bheith 'n-ann fuadháil is deárnáil a dhéanamh go cliste. Ó phósas
bean, níl aon lá nach bhfuil greim fuadhála ag teastái uaithi, cé
b'í céard a rinne sí roimhe sin. Is mór agus is rí-mhór an náire
dho mhnaoi ar bith poll a bheith ar a stoca agus gan í 'n-ann é
dheárnáil; acht céard a déarfas mé léithi má bhíonn poll ar
stoca a fir, rud a bhéas? A leigfidh sí dhó an stoca sin a chur
ar a chois ó lá go lá gan greim a chur innti? Nach gcaithfidh sí
é, nuair nach bhfuil sí 'n-ann a dhéanta. B'fhéidir go dtairng-
eóchadh sí chun a chéile dhá thaobh an phoill, agus ar an gcuma seo
go ndúnfadh sí a bhéal ar feadh tamaill; acht is geárr é - is
geárr go mbeidh a chlab níos osgailte aríst 'ná bhí sé ariamh.
Caithfear anuas na stocaí sin agus caithfear sa gcarnaoiligh
iad, nó tabhairfear dho cheannuighe na gceirteach iad an chéad
uair eile ghabhas sé thart. Ceannóchar péire nuadh, agus geabhaidh
siad an bóthar céadna gan mórán achair. Dá mbeadh an bhean
sin ábalta ar dheárnáil a dhéanamh nuair tháinig an chéad phoillín
ar na stocaí sin, cé an fhaid eile sheasfadh siad thar mar sheas-
adar nuair ná raibh? 'Sé an cleas céadna é le 'chuile bhall eile
éadaigh: nuair thiocfas poll air, níl sí 'n-ann píosa ná paisde
a chur air. Ní chreidim féin ins an sean-fhocal sin, gur "Onór-
aighe poll ná píosa." Agus tá a shliocht uirthi féin is ar a líon-
tighe. Tá a sgiorta ar sileadh léi féin 'n-áit ar sgaoil cruinne
nó pléata ann. Bíonn glúine agus uillinneacha na ngasúr
amach tré n-a mbrístíníbh is a gcasóigíníbh, cheal nach bhfuil an


L. 167


bhean sin is máthair dóibh 'n-ann greim a chur ionnta, ná píosa
ná paisde a chur ortha. Ní bhacfaidh mé leis an athair, acht mo
thruagh fear ar bith a gheobhas a leithéid sin de mhnaoi! Is ar a
leithéidí seo a ghníos ceannuighe na gceirteach an saidhbhreas,
mar nach mbíonn an t-éadach leath-chaithte nuair fhághann siad
uatha é. Is oth liom a rádh go bhfuil corr-dhuine mar seo anonn
'sa 'nall ar fud na tíre. Ní thuigid cé na dualgais a thógaid
ortha féin nuair thógaid coiméad tighe ortha féin.



Acht sé mo chomhairle do 'chuile bhuachaill a bhfuil meas aige
air féin nó ar Éirinn gan aon chailín a phósadh acht an cailín a
bhéas cliste leis an tsnáthaid - nó maith go leór ar chaoi ar bith -
agus a bhéas ábalta ar chócáil. Ní feasach dhamh-sa dhá nídh ar bith
eile is riachtanaighe do bheantighe fios a bheith aici ortha 'ná an dá
nídh seo. Agus sé mo chomhairle go 'chuile chailín an dá nídh sin
fhoghluim, sul mar phósas sí. Badh cheart di mar an gcéadna
foghluim le nigheachán agus iarnáil a dhéanamh.



Badh cheart dho 'chuile chomhluadar a bheith n-a gcodladh i
n-am agus n-a suidhe i n-am; níl aon phurgóid níos feárr le
na gcongbháil i n-a sláinte 'ná a ndóthain codlata. Le go
bhféadfar sin a dhéanamh ní fuláir dho mhnaoi an tighe an suipéar
agus 'chaon rud eile a bheith i gcóir i n-am aici. Má tá ar fhear
an tighe dhul chum a chuid oibre go moch, bíodh a bhean n-a suidhe
roimhe, agus bíodh a chéadphroinn ullamh aici fá n-a chomhair nuair
tá seisean ullamh len' aghaidh; suidheadh sí fhéin i n-aoinfheacht
leis, is cuma í rud ithe nó gan ithe. Ní ceart d'aon mhnaoi
leigean dá fear a bhéilí fhagháil réidh dhó fhéin, muna bhfuil
sí tinn 's nach bhféadfadh sí é, agus í fhéin fhanacht n-a samhairle
n-a codladh.



Má's beag mór an teach bíodh sé glan, cluthar. "Is fearr
teach beag is teann lóin, ná teach mór is ganntain bídh." Muna
bhfuil seomra ar leith le haghaidh ithe ann, ithtear ins an gcisdin-
each, níl aon áit níos teólaidhe 'ná í acht í bheith glan. Ná bhíodh
potaí ná nidhthe den tsórt sin caithte anonn is anall ar fuid an
urláir. Muna bhfuil seomra beag nó áit ar leith le haghaidh na
nidhthe seo a chur ann, is féidir áit bheag chúlráideach fhághail dóibh
ins an gcisdineach fhéin. Fáightear éadach crón-dhearg, nó dath
ar bith eile bhéas oireamhanach, agus déantar brat dhe a thiocfas
anuas ó bhárr a bhalla go hurlár; ná bíodh an brat sínte díreach


L. 168


mar bheadh clar ann, acht déantar fairsing go leór é gur féidir
cruinniughadh a bheith ann ar chaoi go dtuitfidh sé anuas go deas.
Is féidir rudaí eile a chrochadh ar an mballa taobh istigh den
bhrat seo; nó is féidir teilpeanna ádhmuid a chur trasna ann
agus rudaí a leagann ortha.



Ná bíodh aon dath ar bhord na cisdinighe, acht bíodh sí glan
sgiúrtha i gcomhnuidhe. Deirtear nár cheart d'éinne ithe den
chlár lom. B'fhéidir nár cheart, acht b'fheárr liom ithe céad uair
den chlár atá glan geal 'ná aon uair amháin den éadach cláir
atá salach bracach. Ní móide go n-eireóchaidh le bean tighe
éadach cláir glan a bheith aici i gcomhnuidhe, agus an áit a leig-
tear do pháisdí gan chiall ithe ag an mbord is geárr a sheasfas
éadach cláir glan. Mar sin de, badh cheart dho 'chuile bheantighe
a bhfuil páisdí aici éadach nó dhó den tsaghas sin ar nós mar-
mair a cheannach, agus ceann aca a leathadh ar an mbord uair
ar bith nach mbeidh an t-éadach lín fá réir aici. Má thugtar aire
bheag dhóibh seo is fada an lá a sheasfas ceann aca.



Nuair atá an béile thart agus na soighthigh leagtha suas, cuim-
lighthear éadach fliuch dhe. Cuimlighthear go cruaidh 'n-a dhiaidh sin
é le éadach tirm. Má déantar seo, ní iompóchaid sé buidhe go
luath. Is feárr é chasadh timcheall ar mhaide 'ná é fhilleadh, mar
sgoilteann sé leis an bhfilleadh. Má cuirtear ar mhaide é,
cuirtear taobh an éadaigh, no an taobh buinn os cionn, istigh leis
an maide. Déanfaidh cois seansguaibe ceart len' aghaidh seo,
acht ná bíodh aon cheó den sguaib léithi. Is cuma cia an ghloin-
eacht atá ar an gcuid eile de'n chisdineach, má tá an gráta
agus thart timcheall ar an teine is ar an teallach salach, tá
'chuile rud ag breathnughadh salach. Badh cheart, mar sin, an gráta
a chongbháil glan gléasta i gcomhnuidhe agus an teallach a chong-
bháil sguabtha.



Badh cheart dho 'chuile mhnaoi, nuair tá sí ag obair, naprún
breagh mór d'éadach garbh so-nighte a bheith uirthi, a chlúdóchas a
gúna thart thimcheall, agus péire muinchillí d'éadach do-shalaighthe
so-nighte a bheith uirthi os cionn na coda eile. Nuair bhéas a cuid
oibre déanta, ní'l aici acht iad so a chaitheamh dhi nó a tharraingt
dhi, agus ní'l aithne annsin uirthi go ndearna sí pioc oibre ar
feadh an lae, tá a cuid éadaigh chomh glan sin.


L. 169


Ní ceart d'aon mhnaoi, ná d'aon chailín acht chomh beag,
a seomra a fhágáil ar maidin gan a héadan a nighe agus
a gruaig a chíoradh. Ní gábhadh dhi a gruaig a dhéanamh suas go
galánta, dhéanfaidh sé dhí í chíoradh siar go deas agus í cheangal
thiar ar a cúl. Is beag bean nach dtéigheann a gruaig mar seo
go deas dhi. Fágtar an ghalántacht go Domhnach, agus go
uaireanta áirithe. Feicfidh tú cailíní, agus mná pósda chomh maith,
agus a ngruaig casta istigh i mbioráin mhóra aca ar feadh
an lae. Níor mhaith liom a rádh cia leis is cosamhail iad;
déarfaidís go mbeinn ró-chruaidh ortha.



Nuair éireóchas na páisdí nightear a n-éadain is a lámha agus
cíorthar a ngruaig (déanfaidh an chuid is sine don chuid is óige
é), agus ná leigtear ag ithe iad le lámhaibh smeartha agus leath a
gcuid éadaigh ortha. Chomh luath is bhéas siad i n-ann a dhéanamh
is ceart iachall a chur ortha, a mbróga a ghlanadh 'chuile oidhche
agus iad a leagan i leathtaobh i n-a n-áit féin. Nuair thiocfas
siad isteach ón sgoil, leagaidís a leabhra i n-a n-áit féin; ná
leigtear dhóibh iad-san ná a málaí a chaitheamh annseo ná annsúd.
Bíodh áit le haghaidh 'chuile rud, agus bíodh 'chuile rud in'
áit féin. Nighidís a lámha sul mar shuidheas siad ag an mbord;
múintear dhóibh le altughadh roimh a mbéilíbh agus buidheachas
a thabhairt n-a dhiaidh. Nuair iarrfar aon cheo ortha, nó nuair
déarfar leo aon cheó a dhéanamh, abarthar "má's é do thoil é."
Nuair gheobhthar aon cheó uatha, nó nuair dhéanfaidh siad aon cheó,
abarthar "go raibh maith agat". Múintear do na páisdí leis an
rud céadna a rádh, le na chéile, le na n-athair nó a máthair nó
le duine ar bith eile. Is mar seo a chleachtfaidh siad a bheith
múinte agus an rud a chleachtfaidh siad n-a n-óige níl baoghal
go ndéanfaidh siad dearmad air nuair fhásas siad suas.



Nuair déarfar leó aon nídh a dhéanamh ná glactar "déanfad
ar ball" ná "fan go fóill" uatha, acht cuirtear dá dhéanamh
láithreach iad. Ní ceart don mháthair bheith a rádh "fan go
dtiocfaidh t'athair annseo," ná "fan go dtiocfaidh seo ná siúd."
Smachtuigheadh sí fhéin iad agus ná bíodh sí ag bagairt aon duine
ortha. Níl sí acht ag milleadh na bpáisdí ar a lán dicheall, mar
nuair thiocfas an t-athair ní innseochaidh sí aon nídh dhó; agus
tuigeann na páisdí sin go rí-mhaith, ar chaoi nuair thiocfas
cruadhas beag ionnta nach n-iompóchaidh siad ar a gcois dá


L. 170


máthair. Is le iachall a chur ortha rud a dhéanamh chomh luath
is déarfar leo é a múinfear dhóibh lé bheith umhal, éasgaidh,
oibliogáideach.



Má bhíonn milseáin aca, roinnidís le chéile iad, agus roinn-
idís le páisdíbh eile, freisin. Is mar seo a múinfear dóibh le
bheith fial, flaitheamhail, agus cóir. Má theastuigheann uatha a
dhul isteach i seomra a bhfuil daoine ann, múintear dóibh le
bualadh ag an doras, an doras a dhúnadh 'n-a ndiaidh nuair ghabh-
aid isteach agus aríst nuair ghabhaid amach. Badh cheart dho
pháisdí, agus do dhaoine fásda chomh maith, a mbróga a ghlanadh ag
an doras ar theacht isteach den tsráid dóibh, agus gan an sal-
achar a bhéas ortha a thabhairt isteach ar fuid an tighe.



Má gealltar aon rud do pháisdí, nó má gealltar iad a
thabhairt i n-aon áit, cóimhlíontar na geallamhna sin leó. Má
fheiceann páisdí daoine fásda neamhshuimeamhail i dtaoibh cóimh-
líonadh a ngeallamhna, ní chuirfidh siad fhéin aon tsuim i ngeall-
amhna a bhriseadh le páisdíbh eile, nó le na chéile. Greamóchaidh
an gnás sin díobh, agus, nuair fhásfaidh siad suas, ní bheidh aon
mhuinighin le cur i n-a bhfocal.



Chomh luath is bhéas páisdí i n-ann a dhéanamh, cuirtear ag
déanamh oibreacha beaga iad, agus múintear dhóibh le 'chaon nídh
a dhéanamh go maith agus go cneasda. Múintear an sean-fhocal
dóibh, "An rud is fiú a dhéanamh chor ar bith, is fiú é dhéanamh go
maith." Féachtar ar an obair nuair bhéas sí déanta ach, agus,
má rinneadar a ndícheall, moltar iad, agus beidh a dhá oiread
fonn ortha dhá dhéanamh an chéad uair eile. "Mol an óige is
tiocfaidh sí."



An chéad uair a dhéanas páisdí rud ar bith nach bhfuil ceart,
nó an chéad uair a gheóbhthar amach ag innseacht bhréag iad, ní
ceart iad a bhualadh, acht abarthar leó nach ceart a leithéid sin
a dhéanamh. Curtar i dtuigsint dóibh nach ceart bréag a inn-
seacht i n-aon chor, acht gur cheart dóibh a bheith misneamhail fear-
amhail, agus an fhírinne a rádh i gcomhnuidhe. Nuair bheidh siad
cionntach admháil go rabhadar as bealach agus buaidh bhreith ar a
námhaid. Acht má bhuailtear iad, beidh siad sgannraithe, agus
ní leigfidh an sgannradh dhóibh admháil go raibh siad cionntach.
Déarfaidh siad nach iad a rinne é. Innseochaidh siad bréag, agus
nuair tosuighthear ar na bréaga ní'l fhios cá stadfar. Mar sin,


L. 171


labhartar go réidh cneasda leó an chéad uair; acht má leanaid
don droch-ghnás 'n-a dhiaidh sin, ná spáráiltear an tslat ortha.



Tá daoine ann nach gcuireann aon tsuim ann má innsigheann
páisde bréag, nó má ghoideann sé nídh, déaraid nach bhfuil ciall
aige. Is minic a chloiseas tú duine a rádh: "Ó! ní'l aon mhaith
dhom leis nó go dtiocfaidh ciall dó!" Is mór atá na daoine
seo ag dul amugha; má tá na droch-bhéasa foghlumtha aige nó
aici, is doiligh a rádh go dtiocfaidh ciall choidhche dhóibh ar an
mbealach sin.



Is i n-am atá an tsrian lé cuir leis an droch-bhéas má's
bréaga nó goid é. Chualamar go léir (nó an té nár chualadh is
dócha gur léigh sé é) i dtaoibh an fhir a bhain bárr na cluaise dá
mháthair agus é ag dul dhá chrochadh mar gheall ar ghaduidheacht.
Nuair bhí sé n-a ghasúr óg ag dul ar sgoil ghoid sé leabhar lá.
Nuair tháinig sé a-bhaile 'sbáin sé dá mháthair é; acht i n-ionad
ise a rádh leis ná raibh sé ceart nídh ar bith a ghoid, is amhlaidh a
mhol sí é as ucht a dhéanta. Ghoid sé rud agus rud eile nó go
rugas air fá dheireadh, agus go raibh sé le na bheatha a chríoch-
nughadh ar an gcroich. An lá a raibh sé ag dul dá chrochadh bhí a
mháthair láithreach i measg an tsluaigh. Chonnaic seisean í, agus
d'iarr sé cead ar na hoifigíbh bhí timcheall air cúpla focal a
chur i gcluais a mháthar. Fuair sé sin. Chrom sé anuas le
labhairt i n-a cluais, mar shíl 'chuile dhuine, acht i n-ionad labhairt
is amhlaidh gheárr sé bárr na cluaise dhi le na fhiaclaibh. Fiaf-
ruigheadh dhe cé an fáth a bhí aige le n-a léitheid sin de chleas a
dhéanamh. D'innis sé dhóibh a sgeul, "Acht," ar seisean, "dá
gcuireadh mo mháthair cosg orm-sa an chéad lá ar ghoid mé an
leabhar ní annseo bheinn indiu." Badh cheart dúinn cuimhneamh
gur "i n-a srutháiníní beaga thosuigheas na haibhneacha móra."



Ní ceart don athair ná don mháthair labhairt go goirgeach,
drochmhúinte le chéile os comhair na bpáisdí; ná ní ceart
focla gránna, gáirseamhla labhairt os a gcomhair. Go deimhin
ní ceart focla den tsórt seo a labhairt aon am. Ní ceart
dóibh acht an oiread a bheith ag sáruigheacht ar a chéile os a
gcomhair. Is dócha go bhfuil an ceart ag duine eicint aca, acht
bíodh ciall ag duine eicint aca freisin. Tá sáruigheacht agus
díospóireacht den tsórt seo idir dhaoinibh badh chóir a bheith aon-
tuigthe, ag milleadh a lán fá'n tír seo. Síleann 'chaon duine


L. 172


gurab aige féin atá an ceart agus ní ghéillfidh ceachtar aca.
"Sáruigh an rud uair nó dhó, is mara dtagaid leat tarr leó."



Má tá sé i n-ann do Ghaedhil aon leas a dhéanamh dá dtír
dhúthchais is lé bheith aontuighthe, carthannach le chéile é.



(Ní críoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services