Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Móta Glas.

Title
An Móta Glas.
Author(s)
Ó Súilleabháin, Donnchadh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Móta Glas.



DONNCHADH Ó SÚILLEABHÁIN, ro chan.



Cois leasa seadh thógas bórd go beacht
Um neóin roim threascairt gréine
Gan beatha dhom shróin ná coróinn im ghlaic
Ná cóir ar bha le haereacht:
Seadh do theangmhaig im threó bean chórach dheas
Ar an móta glas n-a haonar,
Gur bhinne a guth beóil ná nótaí an "bhand",
Ná an ceól do spreag Orphéus.



Ba chamarsach ómrach snódhghlan daithte
Bórrchas crathach néamhrach,
'Na bhrataibh go feór léi ag tómhas an tailimh
A hórfholth dlathach dréimreach;
Mar an lomra thóg an leómhan ó Chalcios
Do thug póg le searc do Mhédea,
Agus go ndéanfadh ar neóin di clóca ceathach
Ó choróinn go barra a caol-throigh.



Ar a haghtha gan bhéim ba néata mala,
Agus a déad mar bhanna an chléirigh;
Bhí luisne na gcaor ag pléidhe is ag caismirt
Trí ghné 'na leacain mhaorgain;
Bhí a ramhar-rosc claon mar bhraon ar sheamar.
I ngaorthadh ar bhreacadh an lae anoir;
An dairtire caoch n-a héadan leachta,
D'fhúig réix sa ghalar éagtha.



Ar a leathan-ucht réidh mar dhéis na mara
Ag raobadh ar charraig ghléineach;
Agus ar shleasaibh a cléibh ba néata mama
Bhí gné na heala ar chaol-shruth;


L. 162


Bhí a seanga-chorp séimh mar aon-chur sneachtaidh
Ná béaradh teas na gréine air,
Nár chneasaigh le haon neach d'réir mar bhrathaim
Saor ar pheachadh dhéanamh.



Do thairgeadh go néata léasa tailimh,
Laochra i n-arm gléasta,
Na marcaigh le caol-fhuip ag téigheadh na gcapall,
Fé n-a mbeannaibh tréin-phuic;
Na beachaigh is a saothar, is créithre meala,
Géaga is ealaí is faolchoin,
Luingeas go dléineach fé n-a n-anairt,
Agus téada ar uarpaibh caola.



Is blasta do ghéanadh saothar greanta
Béir do cheapadh ar éadach;
An t-abhall do pléidheadar béithe an cheana
Agus géaga ar chrannaibh réalta;
Cathair na Trae idir cé agus falla,
Agus Foénics aibidh aosta;
An fharaige théadmhar chraosach gharbh
Agus a héisc ar bhrataibh daora.



Aitchimíd féin den gcéad-bhean t'ainm:
Nó an éinne dhar bhaist an chléir thu?
Nó an tusa agum Déirdre, céile an dragain,
Do shaothruigh Feargus claon leis;
Tréis filleadh ar a gaolthaibh go hÉamhain Macha
Is léi do cailleadh laochra;
Nó an bhean choinghibh Actéan go haér na maidne
Ar séirse ghá tharac i gcraobhchaibh?



An tusa agum Bláthnaid scáinneach leabhair,
Rug bárr na gaisce i gcéin léi,
Agus do choinghibh Mac Dáire go sámh na leabaidh
Go ndeárnthas feabhal cléibh air;
Nó an fhinne-bhean d'fhás gan cháim 'na greach
Ar a ngáirtear Polexéma,
Agus gur cuireadh chun báis 'na sháil léi fear
Ins an áit nar dhearg shaobhar air.



"An tu an bladaire beóil do sheól a ndeas
Ar chóstaí isteach go hÉirinn,
Ar sheachaint Mhic Dreóin de chló n-a chat,
Níor dhóich gur thaitn an scéimh leis;
Cé gur cailleadh insan chomhrac na slóighthe fear
Ba mhór ag flaith na féinne,
Is gur sheasaimh gan ghleó an té chomhraic Dailc
Agus fear de neartaibh Éimhir.


L. 163


"Bhíos sealad ar stró sarar phósas bean,
Níor dhóth gur gar dhom aos mé;
Tigheadh beathuisce ar bórd agus pórtar seal,
Chun go n-ólfam fleadh nách braon de;
Bíom sealad ghá ól mar 'thóist' gan tart,
Mar a shnó-so is gean le Gaedhlaibh,
Is go gcloisimíd ceólta ag Bónapart
Ar chóstaí ag 'band' lá gréine."



D'fhreagair an óigh me go deórach lag,
Do b'eól di a ceasnaí léigheadh dhomh:
"Sí mh'ainm-si Fodhla feóchta chaithte
Bhrónach chathach chéasta;
Gurab é Gaige na mBó agus a fhorsaí chreach me,
Do stróic mo chneas gan éadach;
Olibhir crón agus Seóirse dearg,
Do chaith coróinn mo mharcaigh Ghaedhlaigh."



"Cé mheathluigh mo shnó agus mo chló len' ais
'S gur leónadar bearta an tsaoghail mé,
Cá bhfios nách fóirfinn fós tú, a bhean,
Tá ad' dheol ag seana-mhéirdrigh;
Má mhairim-se beó, do-gheóbhaidh tú brat
Nách clóicín bratach bréide,
Ach scearfanna sróill agus ór 'ná chreasaibh,
Agus coróinn le malairt chéile.



"Dá sciúrdadh an trúip de chiumhas an Daingin,
Is iongantach mar a léimfinn;
Ba radharc insan dúthaigh búir dhá dtreascairt
Agus púirt ar lasadh i n-aonfheacht.
Dar go deimhin, táid siúd ar a gcúrsa ag teacht,
Le congnamh ceart an Aon-Mhic,
Is doimhin do chumha gan fonn, a bhean,
Go dtídh prionnsa an airm Ghaedhlaigh.



"Ba mhian liom búir do rúscadh ó thalamh,
Sliocht Lútair is Chailbhin chraosaigh;
Iarraim chúcha congnamh Pheadair
Ghá mbrughadh agus an tAthair Naomhtha;
Gur thrialluigh chugham-sa blúire dh'aisling
Do dhúisigh ó gheas mo néill mé;
Agus i mbliadhain a cúig go súgach seascair
Go ndiúgfaidh Clanna Gaedheal puins."




TAGRA.



Cuirim annso ag triall ort dán dá bhfuaras tá a trí nó ceathair de bhliadh-
naibh ó choin ann. Ó Dhonchadh Mac Cártha (Donchadh na Beárnan) do fuaras é.
Chuadhas féinig agus Peadar Ó hAnnracháin ag triall air, agus sgríobhmair in


L. 164


éinfheacht uaidh é, acht níor chuimhnigheamair riamh ó choin ar na scríbhinní do chur
i gcompráid le chéile.



Sclábhuidhe a b'eadh Donnchadh Ó Súilleabháin. Do chomhnuigh sé ar Leathan-
Ucht láimh le Drom Dhá Liag. Ní raibh aon tabhairt suas air, acht bhí féith na
filidheachta ann. Dubhairt sé féin uair:




"Do gheobhainn an chraobh i ngnó na hÉigs'
Dá mb'eól dam léigheadh nó scríobhadh ar bun."



'Sé cunntas a fuaras i dtaobh an amhráin seo 'ná gur bhuail triúr filidhe
umá chéile insan Scibirín Domhnach éigin. Triúr Donnchadh a bhí ionnta -
Donnchadh Ó Súilleabháin, Donchadh Ó Briain, Donchadh Ó Seachnusaigh. Dheineadar
ceapadh go dtiocfaidís i bhfochair a chéile coigthigheas agus an lá san 'san tigh
chéadna, agus go mbeadh dán ceapaithe ag gach éinne aca. Do dheineadar amh-
laidh. Thánadar i bhfochair a chéile, agus a dhéantús féin aiges gach n-aon aca.
"An Móta Glas" do bhí aige Donnchadh Ó Súilleabháin.



Ní thuigim an chéad líne dhe. B'fhéidir nách ceart "bórd go beacht" i n-éan-
chor.



"Beatha dhom shróin" nó "beatha na srón" = snaois.



Maorgam = maordha. Dléiseach = gléineach; greach = dreach. Cf. fé na géin
("Scríobh Liath an Earaigh").



Mac Dróin = Mac Treóin. Dailc = Tailc.



"Nó an bhean choinghibh Achtéan," agus c.. Is baoghlach go bhfuilid siad so as a
slighe.



Feabhal = feall.



MICHEÁL Ó CUILEANÁIN.



[Timcheall deich mbliadhna fichead ó choin do bhí ar aimsir age Pádraig Ó
Riagáin, i bparóiste Bhaile na Móna, i n-aice Mhalla, fear ó cheanntair na
Scibhiríneach. Bhí anachuid amhráin aige siúd, agus ba ghnáth le Pádraig bheith ag
scríobhadh na Gaedhilge. I measc neithe eile as an gceanntair thiar do fuair
annso gach malairt ráidhteachais dá bhfaghaim idir a scríbhinn súd agus
saothar Mhichíl Uí Chuileanáin:



Líne 3. Beatha na srón. 4. Comhaireamh ba. 7. Gur bhlasta a guth. 13. A
Calcas. 15. 'S do dheineadh ar neóin. 18. Caol mar bhanna. 20. Tre aol n-a
l. tséimh ghluin. 23. Héadan leathan. 25. A leathan-ucht réidh mar ghéim na
mara. 28. I ngné na heala. 33. Tairngeann néata ll. 38-40 agus 46-48
malartuighid ionad. 40. Ar bharcaibh caola. 41. Is gasda … saothar blasta.
49. "Anois fionnaim, a ghéitlean déidmhion t'ainm. 54. Léi do leagadh. 55. Nó
an tu chuireadh A. le haer. 56. Ar s. dhá shracadh. 58. Thug ráib na g. 61. Cháim
n-a treach. 62. N-a ngáiltear P. 67. Do sheachaint Mhic Treóin de chló na gcat.
68. A scéimh libh. 69. Cé threascair sa Ch. slóighte. 71. Chun gur sheasaimh …
Tailc. 72. Ar feódh le neart a bhéimeann. 73-80. Tagann an cheathramha so i
ndiaidh l. a 96. 73. Do luigheas sealad chun spóirt sular ph. 74. 'S is dóigh
gur gearr dhom é. 75. P. ceart. 76. Go dtógam fleadh. 77. De dhruim
charthannacht ólaidh toast. 78. Ó's nós é is gean. 79. Go gcloisinn-se ceól ag
B. 80. I gcóstaí searc-mhic Gréine. 81. An óigh go d. 88. An mharcaigh gh.
89. Cé atharruigh mo shnódh 's mo ghlór. 90. 'S gur leónuigh. 93. Má mhairim
go fóill do-gheobhair-se. 95. Ór n-a ghasaibh. 97. Dá sceinneadh trúip.
99. Búir dá ngreadadh. 102. I gcongnamh d'fhear an tsaothair. 103. 'S is d.
i gcumha. 106. Brúscar Chailbhin. 110. Do mhúscail as mo néall mé.
111. Gur i mbliadhain … do dhiúgfaid. - TÓRNA.]



De réir dheallraimh atá opineón na tuiscine, acht tá an t-oipineón céadna
ag an amadán - ní shoinseálann sé choidhche.



Is misneach a bhuadhann cogadh is ní arm ná úirlis.



Is deacair do mhála follamh seasamh ar a bhonn.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services